European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/3092

3.5.2024

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.11213 — BP / EQUINOR / NET ZERO NORTH SEA STORAGE JV)

Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(C/2024/3092)

1.   

An 16 Aibreán 2024, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

BP CCUS UK NEP Limited (‘BP CCUS’, an Ríocht Aontaithe), faoi rialú BP p.l.c (‘bp’, an Ríocht Aontaithe), agus

Equinor Low Carbon UK Limited (‘Equinor Low Carbon’, an Ríocht Aontaithe), faoi rialú Equinor ASA (‘Equinor’, an Iorua).

Gheobhaidh BP CCUS agus Equinor Low Carbon rialú comhpháirteach, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc, ar Net Zero North Sea Storage Limited (‘NZNSS’, an Ríocht Aontaithe), atá faoi úinéireacht iomlán BP CCUS faoi láthair.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna in Net Zero North Sea Storage Holdings Limited (‘Holdco’), cuideachta a cruthaíodh as an nua chun 100 % den leas cothromais in NZNSS a fháil.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is fochuideachta de chuid bp é BP CCUS, ar grúpa domhanda é atá gníomhach i soláthar ola, gáis nádúrtha, peitriliam agus táirgí peitriceimiceacha, agus fuinnimh mhalartaigh,

Is fochuideachta de chuid Equinor é Equinor Low Carbon, ar cuideachta idirnáisiúnta í atá gníomhach ar fud shlabhra luacha na hidreacarbón, agus i bhfoirmeacha eile fuinnimh, lena n-áirítear fuinneamh in-athnuaite agus tuaslagáin ísealcharbóin.

3.   

Is iad na gníomhaíochtaí gnó a bheidh ag NZNSS córas iompair agus stórála a fhorbairt, a thógáil, a mhaoiniú agus a oibriú chun CO2 arna ghiniúint ag astaírí carbóin a iompar agus a stóráil go buan ar fud réigiúin thionsclaíocha Teesside agus Humber in Oirthuaisceart na Ríochta Aontaithe.

4.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le cóireáil shimplithe le haghaidh comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

5.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.11213 – BP / EQUINOR / NET ZERO NORTH SEA STORAGE JV

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)   IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).

(2)   OJ C 160, 5.5.2023, lch. 1.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3092/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)