7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/186


Airteagal 318

(sean-Airteagal 275 CCE)

Cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle gach bliain cuntais na bliana airgeadais roimhe sin maidir leis an mbuiséad a chur i ngníomh. Cuirfidh an Coimisiún chucu freisin ráiteas airgeadais ar shócmhainní agus dhliteanais an Aontais.

Tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil meastóireachta ar riocht airgeadais an Aontais do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle arna bunú ar na torthaí atá gnóthaithe go háirithe i ndáil leis na sonraí arna dtabhairt ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle de bhun Airteagal 319.