7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/105


Airteagal 133

Gan dochar d'inniúlachtaí an Bhainc Cheannais Eorpaigh, bunóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, na bearta is gá chun an euro a úsáid mar airgeadra aonair. Glacfar na bearta sin tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach.