12006E/TXT

Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (Leagan comhdhlúite) - Téacs an Chonartha

Official Journal C 321 E , 29/12/2006 P. 0037 - 0186
Official Journal C 325 , 24/12/2002 P. 0033 - Consolidated version
Official Journal C 340 , 10/11/1997 P. 0173 - Consolidated version


LEAGAN COMHDHLÚITE

AN CHONARTHA

AG BUNÚ AN CHOMHPHOBAIL EORPAIGH

CLÁR

TÉACS AN CHONARTHA

Brollach …

Cuid a hAon — Prionsabail …

Cuid a Dó — Saoránacht an Aontais …

Cuid a Trí — Beartais an Chomhphobail …

TEIDEAL I — Saorghluaiseacht earraí …

Caibidil 1 — An tAontas Custaim …

Caibidil 2 — Srianta cainníochtúla idir na Ballstáit a thoirmeasc …

TEIDEAL II — An talmhaíocht …

TEIDEAL III — Saorghluaiseacht daoine, seirbhísí agus caipitil …

Caibidil 1 — Oibrithe …

Caibidil 2 — Ceart bunaíochta …

Caibidil 3 — Seirbhísí …

Caibidil 4 — Caipiteal agus íocaíochtaí …

TEIDEAL IV — Víosaí, tearmann, inimirce agus beartais eile a bhaineann le saorghluaiseacht daoine …

TEIDEAL V — Iompar …

TEIDEAL VI — Comhrialacha maidir le hiomaíocht, le cánachas agus le comhfhogasú reachtaíochta …

Caibidil 1 — Rialacha iomaíochta …

Roinn 1 — Rialacha a bhaineann le gnóthais …

Roinn 2 — Cabhracha ó Stáit …

Caibidil 2 — Forálacha cánachais …

Caibidil 3 — Dlíthe a chomhfhogasú …

TEIDEAL VII — Beartas eacnamaíoch agus airgeadaíochta …

Caibidil 1 — Beartas eacnamaíoch …

Caibidil 2 — Beartas airgeadaíochta …

Caibidil 3 — Forálacha institiúideacha …

Caibidil 4 — Forálacha idirthréimhseacha …

TEIDEAL VIII — Fostaíocht …

TEIDEAL IX — Comhbheartas tráchtála …

TEIDEAL X — Comhar custaim …

TEIDEAL XI — Beartas sóisialta, oideachas, gairmoiliúint agus an óige …

Caibidil 1 — Forálacha sóisialta …

Caibidil 2 — Ciste Sóisialta na hEorpa …

Caibidil 3 — Oideachas, gairmoiliúint agus an óige …

TEIDEAL XII — Cultúr …

TEIDEAL XIII — Sláinte phoiblí …

TEIDEAL XIV — Cosaint an tomhaltóra …

TEIDEAL XV — Gréasáin thraseorpacha …

TEIDEAL XVI — Tionscal …

TEIDEAL XVII — Comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta …

TEIDEAL XVIII — Taighde agus forbairt theicneolaíoch …

TEIDEAL XIX — Comhshaol …

TEIDEAL XX — Comhar um fhorbairt …

TEIDEAL XXI — Comhar eacnamaíoch arigeadais agus teicniúl le tríú tíortha …

Cuid a Ceathair — Tíortha agus críocha thar lear a chomhlachú …

Cuid a Cúig — Institiúidí an Chomhphobail …

TEIDEAL I — Forálacha ag rialú na n-institiúidí …

Caibidil 1 — Na hinstitiúidí …

Roinn 1 — Parlaimint na hEorpa …

Roinn 2 — An Chomhairle …

Roinn 3 — An Coimisiún …

Roinn 4 — An Chúirt Bhreithiúnais …

Roinn 5 — An Chúirt Iniúchóirí …

Caibidil 2 — Forálacha is coiteann d'institiúidí éagsúla …

Caibidil 3 — An Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta …

Caibidil 4 — Coiste na Réigiú …

Caibidil 5 — An Banc Eorpach Infheistíochta …

TEIDEAL II — Forálacha airgeadais …

Cuid a Sé — Forálacha ginearálta agus críochnaitheacha …

Forálacha críochnaitheacha …

Iarscríbhinn I — Liosta dá dtagraítear in Airteagal 32 den Chonradh …

Iarscríbhinn II — Tíortha agus críocha thar lear lena mbaineann forálacha Chuid a Ceathair den Chonradh seo …

PRÓTACAIL

CLÁR

A. Prótacal atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach

— Prótacal (Uimh. 1) maidir le hAirteagal 17 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (1997)

B. Prótacail atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ag bunú an Chomphobail Eorpaigh

— Prótacal (Uimh. 2) ag lánpháirtiú acquis Schengen i gcreat an Aontais Eorpaigh (1997)

— Prótacal (Uimh. 3) maidir le gnéithe áirithe d'Airteagal 14 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh a chur i bhfeidhm ar an Ríocht Aontaithe agus ar Éirinn (1997)

— Prótacal (Uimh. 4) maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann (1997)

— Prótacal (Uimh. 5) maidir le seasamh na Danmhairge (1997)

C. Prótacail atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach

— Prótacal (Uimh. 6) ar Reacht na Cúirte Breithiúnais (2001)

— Prótacal (Uimh. 7) atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis na Conarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach (1992)

— Prótacal (Uimh. 8) maidir le suímh institiúidí na gComhphobal Eorpach, suímh eagras agus ranna áirithe de chuid na gComhphobal Eorpach agus suíomh Europol a shocrú (1997)

— Prótacal (Uimh. 9) maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach (1997)

— Prótacal (Uimh. 10) maidir le méadú an Aontais Eorpaigh (2001)

D. Prótacail atá i gceangal leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh

— Prótacal (Uimh. 11) ar Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (1957)

— Prótacal (Uimh. 12) ar an Iodáil (1957)

— Prótacal (Uimh. 13) ar earraí de thionscnamh tíortha áirithe a thig ó na tíortha sin agus a fhaigheann cóir speisialta arna n-allmhairiú isteach i gceann de na Ballstáit (1957)

— Prótacal (Uimh. 14) maidir le hallmhairiú isteach sa Chomhphobal Eorpach ar tháirgí peitriliam arna scagadh in Aintillí na hÍsiltíre (1962)

— Prótacal (Uimh. 15) ar shocruithe speisialta don Ghraonlainn (1985)

— Prótacal (Uimh. 16) maidir le maoin a fháil sa Danmhairg (1992)

— Prótacal (Uimh. 17) maidir le hAirteagal 141 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (1992)

— Prótacal (Uimh. 18) maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Bhainc Cheannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh (1992)

— Prótacal (Uimh. 19) maidir le Reacht na hInstitiúide Eorpaí Airgeadaíochta (1992)

— Prótacal (Uimh. 20) maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach (1992)

— Prótacal (Uimh. 21) maidir leis na critéir um chóineasú dá dtagraítear in Airteagal 121 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (1992)

— Prótacal (Uimh. 22) maidir leis an Danmhairg (1992)

— Prótacal (Uimh. 23) maidir leis an bPortaingéil (1992)

— Prótacal (Uimh. 24) maidir leis an trasdul chuig an tríú céim den Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (1992)

— Prótacal (Uimh. 25) maidir le forálacha áirithe a bhaineann le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (1992)

— Prótacal (Uimh. 26) maidir le forálacha áirithe a bhaineann leis an Danmhairg (1992)

— Prótacal (Uimh. 27) maidir leis an bhFrainc (1992)

— Prótacal (Uimh. 28) maidir le comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta (1992)

— Prótacal (Uimh. 29) maidir le tearmann do náisiúnaigh de chuid Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (1997)

— Prótacal (Uimh. 30) maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm (1997)

— Prótacal (Uimh. 31) maidir le caidreamh eachtrach na mBallstát i dtaca le teorainneacha seachtracha a thrasnú (1997)

— Prótacal (Uimh. 32) maidir leis an gcóras craolacháin phoiblí sna Ballstáit (1997)

— Prótacal (Uimh. 33) maidir le cosaint agus leas ainmhithe (1997)

— Prótacal (Uimh. 34) maidir leis na hiarmhairtí airgeadais toisc Conradh CEGC a dhul in éag agus leis an gCiste Taighde um Ghual agus Cruach (2001)

— Prótacal (Uimh. 35) maidir le hAirteagal 67 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (2001)

E. Prótacal atá i gceangal leis na Conarthaí ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach

— Prótacal (Uimh. 36) ar phribhléidí agus díolúintí na gComhphobal Eorpach (1965)

TÁ A SHOILSE RÍ NA mBEILGEACH, UACHTARÁN PHOBLACHT CHÓNAIDHME NA GEARMÁINE, UACHTARÁN PHOBLACHT NA FRAINCE, UACHTARÁN PHOBLACHT NA hIODÁILE, A MÓRGACHT RÍOGA ARD-BHANDIÚC LUCSAMBURG, A SOILSE BANRÍON NA hÍSILTÍRE, [1],

AR A BHEITH DE RÚN DAINGEAN ACU na fothaí a leagan síos d'aontas buandlúite idir pobail na hEorpa,

AR A BHEITH BEARTAITHE ACU ascnamh eacnamaíoch agus sóisialta a dtíortha a áirithiú le comhghníomhaíocht chun na bacainní a dhíchur atá ag deighilt na hEorpa,

Á DHEARBHÚ é a bheith de chuspóir bunúsach lena n-iarrachtaí dálaí maireachtála agus oibre a bpobal a shíorchur chun feabhais,

Á AITHINT DÓIBH go bhfuil gá, d'fhonn bacainní atá ann a aschur, le gníomhaíocht chomhbheartaithe chun forleathnú seasta, trádáil chothromúil agus iomaíocht chóir a urrú,

ÓS É A MIANGAS aontacht a ngeilleagar a neartú agus a bhforbairt chomhchuí a áirithiú trí laghdú a thabhairt ar na difríochtaí idir na réigiúin éagsúla agus ar mhallréim na réigiún nach bhfuil bail ar fónamh orthu,

ÓS MIAN LEO, de thoradh comhbheartais tráchtála, cuidiú chun srianta leis an trádáil idirnáisiúnta a dhíothú go comhleanúnach,

LE hINTINN an dlúthpháirtíocht a dhaingniú a chónaisceann an Eoraip agus na tíortha thar lear agus d'fhonn forbairt ar a rathúnas a áirithiú de réir phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe,

AR A BHEITH BEARTAITHE ACU tríd an gcomhthiomsú sin ar a n-acmhainní an tsíocháin agus an tsaoirse a chaomhnú agus a neartú agus á ghairm dóibh ar na pobail eile san Eoraip a pháirtíonn a mbarrshamhail luí isteach lena n-iarrachtaí,

AR A BHEITH DE RÚN DAINGEAN ACU forbairt an fheasa ar an leibhéal is airde i measc a bpobail a chur ar aghaidh trí rochtain fhorleathan a bheith ann ar oideachas agus tríd an bhfios sin a thabhairt suas chun dáta go leanúnach,

TAR ÉIS CINNEADH ar CHOMHPHOBAL EORPACH a chur ar bun agus chun na críche sin tar éis na daoine seo a leanas a cheapadh mar Lánchumhachtaigh:

(liosta na lánchumhachtach gan atáirgeadh)

NOCH A RINNE, tar éis dóibh a lánchumhachtaí, agus iad i bhfoirm cheart chuí, a thabhairt ar aird dá chéile, comhaontú mar a leanas.

CUID A hAON

PRIONSABAIL

Airteagal 1

Leis an gConradh seo, bunaíonn na hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA eatarthu féin COMHPHOBAL EORPACH.

Airteagal 2

Beidh de chúram ar an gComhphobal, trí chómhargadh agus aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta a bhunú agus trí na comhbheartais nó na comhghníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4 a chur chun feidhme, dlús a chur ar fud an Chomhphobail le forbairt chomhchuí chothromúil inbhuanaithe ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha, le hardleibhéal fostaíochta agus slándála sóisialta, le comhionannas idir fir agus mná, le fás inbhuanaithe neamhbhoilscitheach, le mórchumas iomaíochta agus mórchóineasú san fheidhmiú eacnamaíoch, le hardleibhéal cosanta don chomhshaol agus le hardleibhéal feabhsaithe ar a cháilíocht, le hardú ar an gcaighdeán maireachtála agus ar an mianach saoil, le comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta agus le dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit.

Airteagal 3

1. Chun na gcríoch atá luaite in Airteagal 2, cuimseoidh gníomhaíocht an Chomhphobail, faoi na coinníollacha agus de réir an tráthchláir dá bhforáiltear sa Chonradh seo:

(a) dleachtanna custaim agus srianta cainníochtúla ar allmhairiú agus onnmhairiú earraí, agus gach beart eile comhéifeachta, a thoirmeasc idir na Ballstáit;

(b) comhbheartas tráchtála;

(c) margadh inmheánach arb é is príomhghné ann constaicí in aghaidh saorghluaiseachta earraí, daoine, seirbhísí agus caipitil a dhíothú idir na Ballstáit;

(d) bearta maidir le hiontráil agus le gluaiseacht daoine mar a fhoráiltear i dTeideal IV;

(e) comhbheartas i réimsí na talmhaíochta agus an iascaigh;

(f) comhbheartas i réimse an iompair;

(g) córas a áiritheoidh nach saobhtar an iomaíocht sa mhargadh inmheánach;

(h) dlíthe na mBallstát a chomhfhogasú a mhéad is gá d'oibriú an chómhargaidh;

(i) comhordú ar bheartais fostaíochta na mBallstát a chur ar aghaidh d'fhonn a n-éifeachtúlacht a fheabhsú trí straitéis chomhordaithe don fhostaíocht a fhorbairt;

(j) beartas sa réimse sóisialta lena n-áirítear Ciste Sóisialta na hEorpa;

(k) an comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta a neartú;

(l) beartas i réimse an chomhshaoil;

(m) cumas iomaíochta tionscal Comhphobail a neartú;

(n) an taighde agus an fhorbairt theicneolaíoch a chur ar aghaidh;

(o) bunú agus forbairt gréasán traseorpach a chothú;

(p) rannchuidiú le hardleibhéal cosanta sláinte a bhaint amach;

(q) rannchuidiú le hoideachas agus le hoiliúint de chaighdeán a chur ar fáil agus le borradh chultúir na mBallstát;

(r) beartas i réimse an chomhair um fhorbairt;

(s) na tíortha agus na críocha thar lear a chomhlachú d'fhonn trádáil a mhéadú agus forbairt eacnamaíoch agus shóisialta a chur ar aghaidh i gcomhar le chéile;

(t) rannchuidiú le cosaint an tomhaltóra a neartú;

(u) bearta i réimsí an fhuinnimh, na cosanta sibhialta agus na turasóireachta.

2. Sna gníomhaíochtaí uile dá dtagraítear san Airteagal seo, beidh sé d'aidhm ag an gComhphobal neamhionannais idir fir agus mná a dhíchur agus comhionannas eatarthu a chur ar aghaidh.

Airteagal 4

1. Chun na gcríoch atá luaite in Airteagal 2, cuimseoidh gníomhaíochtaí na mBallstát agus an Chomhphobail, faoi na coinníollacha agus de réir an tráthchláir dá bhforáiltear sa Chonradh seo, beartas eacnamaíoch a ghlacadh atá fothaithe ar chomhordú dlúth idir beartais eacnamaíocha na mBallstát, ar an margadh inmheánach agus ar shainiú comhchuspóirí agus a sheoltar i gcomhréir le prionsabal geilleagair mhargaidh oscailte le saoriomaíocht.

2. Go comhthreomhar leis sin, agus faoi na coinníollacha agus de réir an tráthchláir dá bhforáiltear sa Chonradh seo, cuimseoidh na gníomhaíochtaí sin rátaí malairte a shocrú go neamh-inchúlghairthe as a dtiocfaidh tionscnamh airgeadra aonair, an tECU, beartas aonair airgeadaíochta agus beartas aonair rátaí malairte a shainiú agus a sheoladh arb é is cuspóir príomhúil leo araon cobhsaíocht phraghsanna a choimeád ar bun agus, gan dochar don chuspóir sin, tacú leis na beartais eacnamaíocha ghinearálta sa Chomhphobal, i gcomhréir le prionsabal geilleagair mhargaidh oscailte le saoriomaíocht.

3. Béarfaidh gníomhaíochtaí sin na mBallstát agus an Chomhphobail go ndéanfar na treoirphrionsabail seo a leanas a urramú: praghsanna cobhsaí, airgeadas poiblí fónta agus dálaí airgeadaíochta fónta agus comhardú inbhuanaithe íocaíochtaí.

Airteagal 5

Gníomhóidh an Comhphobal faoi theorainn na gcumhachtaí a thugtar dó sa Chonradh seo agus na gcuspóirí a shanntar dó ann.

I réimsí nach dtig faoina inniúlacht eisiach, ní ghníomhóidh an Comhphobal, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, ach amháin mura féidir agus a mhéad nach féidir cuspóirí na gníomhaíochta arna beartú a ghnóthú go leordhóthanach ar leibhéal na mBallstát agus gur féidir, dá bhrí sin, de bharr fhairsinge agus iarmhairtí na gníomhaíochta arna beartú, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Chomhphobail.

Ní rachaidh aon ghníomhaíocht de chuid an Chomhphobail thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí an Chonartha seo a bhaint amach.

Airteagal 6

Ní foláir ceanglais chosaint an chomhshaoil a lánpháirtiú i sainiú agus i gcur chun feidhme bheartais agus ghníomhaíochtaí an Chomhphobail dá dtagraítear in Airteagal 3, go háirithe d'fhonn forbairt inbhuanaithe a chur ar aghaidh.

Airteagal 7

1. Na cúraimí a chuirtear ar an gComhphobal, beidh siad le cur i gcrích ag na hinstitiúidí seo a leanas:

- PARLAIMINT NA hEORPA,

- COMHAIRLE,

- COIMISIÚN,

- CÚIRT BHREITHIÚNAIS,

- CÚIRT INIÚCHÓIRÍ.

Gníomhóidh gach institiúid acu faoi theorainn na gcumhachtaí a thugtar di sa Chonradh seo.

2. Beidh de chúnamh ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus Coiste na Réigiún ag gníomhú i gcáil chomhairleach dóibh.

Airteagal 8

Bunófar Córas Eorpach Bainc Cheannais (dá ngairtear "CEBC" anseo feasta) agus Banc Ceannais Eorpach (dá ngairtear "BCE" anseo feasta) i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha síos sa Chonradh seo; gníomhóidh siad faoi theorainn na gcumhachtaí a thugtar dóibh sa Chonradh seo agus i Reacht CEBC agus BCE (dá ngairtear "Reacht CEBC" anseo feasta) atá i gceangal leis.

Airteagal 9

Bunófar leis seo Banc Eorpach Infheistíochta a ghníomhóidh faoi theorainn na gcumhachtaí a thugtar dó sa Chonradh seo agus sa Reacht atá i gceangal leis.

Airteagal 10

Déanfaidh na Ballstáit gach beart, ginearálta nó leithleach, is cuí chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a thig den Chonradh seo nó de dhroim gníomhaíochta a rinne institiúidí an Chomhphobail. Éascóidh siad don Chomhphobal comhall a chúraimí.

Staonfaidh siad ó aon bheart a d'fhéadfadh gnóthú chuspóirí an Chonartha seo a chur i gcontúirt.

Airteagal 11

1. Déanfaidh Ballstáit a bhfuil sé ar intinn acu comhar feabhsaithe a bhunú eatarthu féin i gceann de na réimsí dá dtagraítear sa Chonradh seo iarraidh a dhíriú chuig an gCoimisiún a fhéadfaidh togra chuige sin a thíolacadh don Chomhairle. Mura ndéanfaidh an Coimisiún togra a thíolacadh, cuirfidh sé na Ballstáit i dtrácht ar an eolas faoi na cúiseanna nár thíolaic sé togra.

2. Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, an t-údarú chun an comhar feabhsaithe a bhunú dá dtagraítear i mír 1 a dheonú, agus Airteagal 43 go 45 den Chonradh ar an Aontas Eorpach á gcomhlíonadh. Nuair a bhaineann comhar feabhsaithe le réimse atá folaithe ag an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh seo, beidh gá le haontú Pharlaimint na hEorpa.

Féadfaidh comhalta den Chomhairle a iarraidh go ndéanfar an t-ábhar a chur faoi bhráid na Comhairle Eorpaí. Ar an ábhar sin a bheith ardaithe, féadfaidh an Chomhairle gníomhú i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo.

3. Beidh na gníomhartha agus na cinntí is gá chun gníomhaíochtaí comhair fheabhsaithe a chur chun feidhme faoi réir fhorálacha ábhartha uile an Chonartha seo, mura bhforáiltear a mhalairt san Airteagal seo agus in Airteagail 43 go 45 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

Airteagal 11a

Aon Bhallstát ar mian leis bheith rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 11, cuirfidh sé a intinn in iúl don Chomhairle agus don Choimisiún agus tabharfaidh an Coimisiún tuairim don Chomhairle laistigh de thrí mhí ó dháta an fhógra sin a fháil. Laistigh de cheithre mhí ó dháta an fhógra a fháil, glacfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis agus maidir le cibé socruithe sonracha a mheasfaidh sé a bheith riachtanach.

Airteagal 12

Laistigh de raon feidhme an Chonartha seo, agus gan dochar d'aon fhorálacha speisialta ann, toirmiscfear aon idirdhealú de bhíthin náisiúntachta.

Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251, rialacha a ghlacadh chun idirdhealú den sórt sin a thoirmeasc.

Airteagal 13

1. Gan dochar d'fhorálacha eile an Chonartha seo agus laistigh de theorainneacha na gcumhachtaí a thugann an Comhphobal di, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, gníomhaíocht iomchuí a ghlacadh chun idirdhealú a chomhrac atá bunaithe ar ghnéas, tionscnamh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó claonadh gnéasach.

2. De mhaolú ar mhír 1, nuair a ghlacfaidh an Chomhairle bearta dreasachta Comhphobail, amach ó aon chomhchuibhiú ar dhlíthe agus rialacháin na mBallstát, chun tacú le gníomhaíocht arna déanamh ag na Ballstáit chun rannchuidiú le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear i mír 1, gníomhóidh sí i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 251.

Airteagal 14

1. Glacfaidh an Comhphobal na bearta is gá chun margadh inmheánach a bhunú i rith tréimhse a mbeidh deireadh léi ar an 31 Nollaig 1992, i gcomhréir le forálacha an Airteagail seo, Airteagail 15, 26, 47(2), 49, 80, 93 agus 95 agus gan dochar d'fhorálacha eile an Chonartha seo.

2. Is é rud a bheidh sa mhargadh inmheánach spás gan teorainneacha inmheánacha ina n-áiritheofar saorghluaiseacht earraí, daoine, seirbhísí agus caipitil de réir fhorálacha an Chonartha seo.

3. Saineoidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, na treoirlínte agus na coinníollacha is gá chun ascnamh cothromúil a áirithiú i ngach ceann de na hearnálacha lena mbaineann.

Airteagal 15

Nuair a bheidh tograí á n-ullmhú aige d'fhonn na haidhmeanna dá dtagraítear in Airteagal 14 a bhaint amach, tabharfaidh an Coimisiún aird ar a mbeidh le déanamh i rith tréimhse tionscnaimh an mhargaidh inmheánaigh ag geilleagair áirithe nach bhfuil ar aon chéim maidir lena bhforbairt agus féadfaidh sé forálacha iomchuí a mholadh.

Más maoluithe iad na forálacha sin, ní foláir dóibh bheith sealadach agus gan feidhmiú an chómhargaidh a shuaitheadh ach a laghad is féidir.

Airteagal 16

Gan dochar d'Airteagail 73, 86 agus 87, agus ag féachaint do thábhacht na seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta i measc luachanna comhpháirteacha an Aontais maille leis an ról atá acu i gcomhtháthú sóisialta agus críochach an Aontais a chur ar aghaidh, féachfaidh an Comhphobal agus na Ballstáit chuige, gach ceann díobh laistigh dá chumhachtaí faoi seach agus laistigh de raon feidhme an Chonartha seo, go n-oibreoidh seirbhísí den sórt sin ar bhonn prionsabal agus coinníollacha a chumasaíonn dóibh a gcúraimí a chomhall.

CUID A DÓ

SAORÁNACHT AN AONTAIS

Airteagal 17

1. Tionscnaítear leis seo saoránacht den Aontas. Is saoránach den Aontas é gach duine a bhfuil náisiúntacht Bhallstáit aige. Comhlánóidh saoránacht an Aontais an tsaoránacht náisiúnta agus ní ghabhfaidh sí a hionad.

2. Beidh ag saoránaigh an Aontais na cearta a thugtar sa Chonradh seo agus beidh siad faoi réir na ndualgas dá bhforáiltear ann.

Airteagal 18

1. Beidh an ceart ag gach saoránach den Aontas gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát, faoi réir na dteorainneacha agus na gcoinníollacha dá bhforáiltear sa Chonradh seo agus sna forálacha arna nglacadh lena chur chun feidhme.

2. Más cosúil gur gá gníomh ón gComhphobal chun an cuspóir sin a bhaint amach agus nach bhfuil na cumhachtaí is gá tugtha sa Chonradh seo, féadfaidh an Chomhairle forálacha a ghlacadh d'fhonn feidhmiú na gceart dá dtagraítear i mír 1 a éascú. Gníomhóidh an Chomhairle i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251.

3. Níl feidhm ag mír 2 maidir le pasanna, cártaí aitheantais, ceadanna cónaithe nó le haon doiciméad dá samhail, nó le forálacha a bhaineann le slándáil shóisialta nó cosaint shóisialta.

Airteagal 19

1. Beidh ag gach saoránach den Aontas a bhfuil cónaí air i mBallstát nach náisiúnach de é an ceart chun vótála agus chun bheith ina iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha sa Bhallstát ina bhfuil cónaí air, faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh an Stáit sin. Feidhmeofar an ceart sin faoi réir rialacha mionsonraithe arna nglacadh ag an gComhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa; féadfaidh na rialacha mionsonraithe sin maoluithe a fhoráil nuair a dhlíonn fadhbanna is sonrach do Bhallstát é.

2. Gan dochar d'fhorálacha Airteagal 190(4) agus do na forálacha arna nglacadh lena chur chun feidhme, beidh ag gach saoránach den Aontas a bhfuil cónaí air i mBallstát nach náisiúnach de é an ceart chun vótála agus chun bheith ina iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa sa Bhallstát ina bhfuil cónaí air, faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh an Stáit sin. Feidhmeofar an ceart sin faoi réir rialacha mionsonraithe arna nglacadh ag an gComhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa; féadfaidh na rialacha mionsonraithe sin maoluithe a fhoráil nuair a dhlíonn fadhbanna is sonrach do Bhallstát é.

Airteagal 20

Tairbheoidh gach saoránach den Aontas ar chríoch tríú tír nach bhfuil ionadaíocht inti ag an mBallstát ar náisiúnach de é de chosaint ó údaráis taidhleoireachta agus consalacha aon Bhallstáit faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh an Stáit sin. Déanfaidh na Ballstáit eatarthu féin na rialacha is gá a bhunú agus rachaidh siad i mbun na caibidlíochta idirnáisiúnta is gá chun an chosaint sin a áirithiú.

Airteagal 21

Beidh ceart achainí ag gach saoránach den Aontas os comhair Pharlaimint na hEorpa i gcomhréir le forálacha Airteagal 194.

Féadfaidh gach saoránach den Aontas dul ar iontaoibh an Ombudsman arna bhunú i gcomhréir le forálacha Airteagal 195.

Féadfaidh gach saoránach den Aontas scríobh chuig aon cheann de na hinstitiúidí nó comhlachtaí dá dtagraítear san Airteagal seo nó in Airteagal 7 i gceann de na teangacha atá luaite in Airteagal 314 agus freagra a fháil uaidh sa teanga chéanna.

Airteagal 22

Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta gach trí bliana, ar chur chun feidhme fhorálacha na Coda seo. Cuirfidh an tuarascáil sin forbairt an Aontais san áireamh.

Féadfaidh an Chomhairle, ar an mbonn sin agus gan dochar d'fhorálacha eile an Chonartha seo, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, forálacha a ghlacadh chun na cearta dá bhforáiltear sa Chuid seo a chomhlánú, agus molfaidh sí na forálacha sin do na Ballstáit lena nglacadh i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

CUID A TRÍ

BEARTAIS AN CHOMHPHOBAIL

TEIDEAL I

SAORGHLUAISEACHT EARRAÍ

Airteagal 23

1. Beidh an Chomhphobal bunaithe ar aontas custaim a bhainfidh leis an trádáil go léir in earraí, agus a bhéarfaidh go dtoirmiscfear idir na Ballstáit dleachtanna custaim ar allmhairí agus onnmhairí agus gach muirear comhéifeachta, agus go nglacfar le comhtharaif chustaim ina gcaidreamh le tríú tíortha.

2. Bainfidh forálacha Airteagal 25 agus Chaibidil 2 den Teideal seo le táirgí de thionscnamh na mBallstát agus le táirgí ó thríú tíortha atá ar saorchúrsaíocht sna Ballstáit.

Airteagal 24

Measfar táirgí ó thríú tír a bheith i saorchúrsaíocht ar Bhallstát má comhlíonadh foirmiúlachtaí an allmhairithe agus gur toibhíodh sa Bhallstát sin aon dleachtanna custaim nó muirir chomhéifeachta is iníoctha agus murar thairbhigh siad d'aisíoc iomlán nó páirteach ar na dleachtanna nó na muirir sin.

CAIBIDIL 1

AN tAONTAS CUSTAIM

Airteagal 25

Toirmiscfear dleachtanna custaim ar allmhairí agus onnmhairí agus muirir chomhéifeachta idir na Ballstáit. Beidh an toirmeasc sin infheidhme freisin ar dhleachtanna custaim de chineál fioscach.

Airteagal 26

Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, dleachtanna na Comhtharaife Custaim a shocrú.

Airteagal 27

Chun na cúraimí a chuirtear air faoin gCaibidil seo a chomhlíonadh, beidh mar stiúir ag an gCoimisiún:

(a) a riachtanaí atá sé an trádáil idir na Ballstáit agus tríú tíortha a chur chun cinn;

(b) forbairtí i gcoinníollacha iomaíochta laistigh den Chomhphobal sa mhéid go dtugann siad feabhsú ar chumas iomaíochta gnóthas;

(c) riachtanais an Chomhphobail maidir le soláthar amhábhar agus earraí leathchríochnaithe; i ndáil leis sin de féachfaidh an Coimisiún chuige nach saobhfar coinníollacha iomaíochta idir na Ballstáit i gcás earraí críochnaithe;

(d) a riachtanaí atá sé suaitheadh tromchúiseach i ngeilleagair na mBallstát a sheachaint agus a áirithiú go dtiocfaidh forbairt réasúnach faoin táirgeadh agus forleathnú ar úsáid earraí sa Chomhphobal.

CAIBIDIL 2

SRIANTA CAINNÍOCHTÚLA IDIR NA BALLSTÁIT A THOIRMEASC

Airteagal 28

Toirmiscfear idir na Ballstáit srianta cainníochtúla ar allmhairí agus gach beart comhéifeachta.

Airteagal 29

Toirmiscfear idir na Ballstáit srianta cainníochtúla ar onnmhairí agus gach beart comhéifeachta.

Airteagal 30

Ní fhágann forálacha Airteagail 28 agus 29 go mbeidh bac ar thoirmisc nó srianta le hallmhairí nó onnmhairí nó earraí faoi bhealach, más gá a leithéid ar mhaithe leis an moráltacht phoiblí, leis an mbeartas poiblí nó le slándáil an phobail; chun sláinte agus saol daoine nó ainmhithe nó plandaí a chosaint; chun seoda náisúnta atá luachmhar ó thaobh na healaíne, na staire nó na seandálaíochta a chosaint; nó chun maoin tionscail agus tráchtála a chosaint. Ach ní cead áis a bhaint as na toirmisc ná na srianta sin le haghaidh idirdhealú treallach ná chun srianadh faoi cheilt a dhéanamh ar an trádáil idir Ballstáit.

Airteagal 31

1. Déanfaidh na Ballstáit coigeartú ar aon Státmhonaplachtaí de chineál tráchtálach chun a áirithiú nach mbeidh aon idirdhealú ann idir náisiúnaigh de na Ballstáit maidir leis na coinníollacha faoina bhfaightear earraí agus faoina gcuirtear ar an margadh iad.

Bainfidh forálacha an Airteagail seo le haon chomhlacht trína ndéanann Ballstát, de jure nó de facto, maoirsiú nó cinneadh nó ábhar tionchair a oibriú, go díreach nó go hindíreach, ar allmhairí nó onnmhairí idir na Ballstáit. Bainfidh na forálacha sin mar an gcéanna le monaplachtaí a tarmligeadh ón Stát.

2. Staonfaidh na Ballstáit ó aon bheart nua a thabhairt isteach atá bunoscionn leis na prionsabail atá leagtha síos i mír 1 nó a chuireann srian le scóip na nAirteagal a bhaineann le dleachtanna custaim agus srianta cainníochtúla a thoirmeasc idir na Ballstáit.

3. Má bhíonn ag Stát-mhonaplacht de chineál tráchtálach rialacha a ceapadh chun gur fusa táirgí talmhaíochta a dhiúscairt nó an fáltas is fearr a ghnóthú astu, ní mór féachaint chuige, le linn rialacha an Airteagail seo a chur chun feidhme, go mbeidh a chomhionann sin de choimirce ann d'fhostaíocht na dtáirgeoirí a bheidh i gceist agus dá gcaighdeán maireachtála.

TEIDEAL II

AN TALMHAÍOCHT

Airteagal 32

1. Sroichfidh an cómhargadh chun na talmhaíochta agus chun na trádála i dtáirgí talmhaíochta. Ciallaíonn "táirgí talmhaíochta" torthaí na talún, na tógála stoic agus na hiascaireachta, agus táirgí próiseála céadchéime a bhaineann go díreach leis na torthaí sin.

2. Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt in Airteagail 33 go 38, bainfidh na rialacha atá leagtha síos do bhunú an chómhargaidh le táirgí talmhaíochta.

3. Tá liosta in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh seo de na táirgí lena mbaineann forálacha Airteagail 33 go 38.

4. I dteannta an cómhargadh do tháirgí talmhaíochta a oibriú agus a fhorbairt ní foláir comhbheartas talmhaíochta a bhunú.

Airteagal 33

1. Is iad aidhmeanna an chomhbheartais talmhaíochta:

(a) táirgiúlacht na talmhaíochta a mhéadú trí ascnamh teicniúil a chur chun cinn agus trína áirithiú go ndéanfar forbairt réasúnach ar tháirgeadh na talmhaíochta agus go n-úsáidfear mar is fearr is féidir na tosca táirgthe, go háirithe na hoibrithe;

(b) mar sin, caighdeán cóir maireachtála a áirithiú don lucht talmhaíochta, go háirithe trí thuilleamh gach duine dá mbíonn ag gabháil don talmhaíocht a mhéadú;

(c) margaí a chobhsú;

(d) a chinntiú go mbíonn soláthairtí ar fáil;

(e) a áirithiú go mbíonn soláthairtí á bhfáil ar phraghsanna réasúnta ag tomhaltóirí.

2. Ar an gcomhbheartas talmhaíochta agus na modhanna speisialta chun a fheidhmithe a bheith á n-oibriú amach, cuirfear na nithe seo a leanas san áireamh:

(a) gníomhaíocht shainghnéitheach na talmhaíochta, mar gheall ar ghréasán sóisialta na talmhaíochta agus na difríochtaí sa ghréasán sin, agus na difríochtaí nádúrtha, ó réigiún talmhaíochta go chéile;

(b) a riachtanaí atá sé na coigeartuithe is cuí a dhéanamh céim ar chéim;

(c) an talmhaíocht sna Ballstáit a bheith ina hearnáil atá dlúth-tháite leis an ngeilleagar ina iomláine.

Airteagal 34

1. Chun na haidhmeanna atá leagtha amach in Airteagal 33 a ghnóthú, bunófar comheagraíocht mhargaí talmhaíochta.

Is i bhfoirm acu seo a leanas, de réir an táirge áirithe, a bheidh an eagraíocht sin:

(a) comhrialacha iomaíochta;

(b) comhordú éigeantach ar na heagraíochtaí náisiúnta margaíochta;

(c) eagraíocht Eorpach margaíochta.

2. An chomheagraíocht a bhunófar de réir mhír 1, féadfaidh sí na bearta uile a chuimsiú is gá chun na haidhmeanna a ghnóthú atá leagtha amach in Airteagal 33, go háirithe rialú praghsanna, cabhracha chun na táirgí éagsúla a tháirgeadh agus a chur ar an margadh, córais chun táirgí a stóráil agus a thabhairt anonn agus comhshásra chun allmhairí nó onnmhairí a chobhsú.

Beidh ar an gcomheagraíocht cloí le gnóthú na n-aidhmeanna atá leagtha amach in Airteagal 33, agus gan idirdhealú ar bith a dhéanamh idir táirgeoirí nó tomhaltóirí sa Chomhphobal.

Bunófar aon chombheartas praghsanna ar chomhchaighdeáin agus ar chómhodhanna ríomhaireachta.

3. Chun a chumasú don chomheagraíocht dá dtagraítear i mír 1 a haidhmeanna a ghnóthú, féadfar ciste nó cistí um threoraíocht agus ráthaíocht talmhaíochta a bhunú.

Airteagal 35

Chun go bhféadfar na haidhmeanna atá leagtha amach in Airteagal 33 a ghnóthú, féadfar socrú a dhéanamh faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta do bhearta mar iad seo:

(a) comhordú éifeachtach ar iarrachtaí i réimsí na gairmoiliúna, an taighde, agus leathadh eolais ar an talmhaíocht; chuige sin, is féidir tionscadail nó institiúidí a mhaoiniú i gcomhar;

(b) comhbhearta chun úsáid táirgí áirithe a chur chun cinn.

Airteagal 36

Maidir le táirgeadh agus trádáil táirgí talmhaíochta, ní bheidh feidhm ag forálacha na Caibidle a bhaineann le rialacha iomaíochta ach amháin a mhéad a chinnfidh an Chomhairle, faoi chuimsiú Airteagal 37(2) agus (3) agus de réir an nós imeachta atá leagtha síos ansin, agus na haidhmeanna atá leagtha amach in Airteagal 33 a chur san áireamh.

Féadfaidh an Chomhairle, go háirithe, deonú cabhrach a údarú:

(a) chun fiontair a chosaint atá faoi chis mar gheall ar dhálaí struchtúracha nó nádúrtha;

(b) faoi chuimsiú clár forbraíochta don eacnamaíocht.

Airteagal 37

1. Chun na treoirlínte do chomhbheartas talmhaíochta a léiriú, déanfaidh an Coimisiún, a luaithe a thiocfaidh an Conradh seo i bhfeidhm, comhdháil de na Ballstáit a chomóradh, d'fhonn a mbeartais talmhaíochta a chóimheas, go háirithe trí chuntas a sholáthar ar a n-acmhainní agus a riachtanais.

2. Tar éis obair na comhdhála dá bhforáiltear i mír 1 a thabhairt dá aire, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus laistigh de dhá bhliain ón gConradh seo a theacht i bhfeidhm, tograí a thíolacadh chun an comhbheartas talmhaíochta a leagan amach agus a chur i ngníomh, lena n-áirítear ceann de na foirmeacha comheagraíochta dá bhforáiltear in Airteagal 34(1) a chur in ionad na n-eagraíochtaí náisiúnta, agus chun na bearta a shonraítear sa Teideal seo a chur i ngníomh.

Sna tograí sin cuirfear san áireamh idirthuilleamaíocht na gcúrsaí talmhaíochta atá luaite sa Teideal seo.

Déanfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, rialacháin a cheapadh, treoracha a eisiúint, nó cinntí a ghlacadh gan dochar d'aon mholtaí is féidir léi a thabhairt freisin.

3. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe agus de réir mhír 1, an chomheagraíocht dá bhforáiltear in Airteagal 34(1) a chur in ionad na n-eagraíochtaí náisiúnta margaíochta, más rud é:

(a) go dtairgeann an chomheagraíocht do na Ballstáit atá ina choinne sin, agus a bhfuil eagraíocht dá gcuid féin acu don táirgeadh áirithe, a chomhionann sin de ráthú um fhostaíocht agus caighdeán maireachtála na dtáirgeoirí a bheidh i gceist, ag féachaint do na hoiriúnuithe is indéanta agus don speisialtóireacht is gá le himeacht aimsire;

(b) go n-áirithíonn an eagraíocht sin dálaí trádála sa Chomhphobal mar atá i margadh náisiúnta.

4. Má bhíonn comheagraíocht d'amhábhair áirithe bunaithe sula mbeidh comheagraíocht ann do na táirgí próiseáilte a fhreagraíonn dóibh, féadfar na hamhábhair a úsáidtear do tháirgí próiseáilte atá le honnmhairiú go tríú tíortha a allmhairiú ó lasmuigh den Chomhphobal.

Airteagal 38

Nuair a dhéantar i mBallstát táirge a thabhairt faoi eagraíocht náisiúnta margaíochta nó faoi rialacha inmheánacha comhéifeachta a imríonn ar staid iomaíochta a shamhail de tháirgeadh i mBallstát eile, cuirfidh na Ballstáit muirear frithchúitimh ar an táirge sin, arna allmhairiú ón mBallstát ina bhfuil an eagraíocht nó na rialacha sin, mura rud é go gcuireann an Stát sin muirear cúiteach chun feidhme ar onnmhairí.

Socróidh an Coimisiún méid na muirear sin ar an leibhéal is gá chun an chothromaíocht a shlánú; féadfaidh sé freisin bearta eile a údarú a gcinnfidh sé a gcoinníollacha agus a sonraí.

TEIDEAL III

SAORGHLUAISEACHT DAOINE, SEIRBHÍSÍ AGUS CAIPITIL

CAIBIDIL 1

OIBRITHE

Airteagal 39

1. Áiritheofar saoirse ghluaiseachta d'oibrithe laistigh den Chomhphobal.

2. Bhéarfaidh an tsaoirse ghluaiseachta sin go ndíothófar aon idirdhealú de bhíthin a náisiúntachta idir oibrithe na mBallstát maidir le fostaíocht, le luach saothair agus le coinníollacha eile oibre.

3. Gabhfaidh léi, faoi réir teorainneacha a bhfuil call leo ar mhaithe leis an mbeartas poiblí, leis an tslándáil phoiblí nó leis an tsláinte phoiblí, an ceart:

(a) chun glacadh le fostaíocht a tairgeadh iarbhír;

(b) leis an aidhm sin, chun gluaiseacht faoi shaoirse laistigh de chríoch na mBallstát;

(c) chun fanacht i mBallstát le bheith ag gabháil d'fhostaíocht ann de réir na bhforálacha reachtaíochta nó rialúcháin nó riaracháin a bhaineann le fostaíocht náisiúnaigh an Stáit sin;

(d) chun fuireach i gcríoch Bhallstáit tar éis bheith ar fostú sa Stát sin, faoi réir coinníollacha a chorprófar i rialacháin feidhmiúcháin a ullmhóidh an Coimisiún.

4. Ní bhainfidh forálacha an Airteagail seo le fostaíocht sa tseirbhís phoiblí.

Airteagal 40

Glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, trí bhíthin treoracha nó rialachán, na bearta is gá chun saoirse ghluaiseachta d'oibrithe, mar atá sé sainithe in Airteagal 39, a thabhairt i gcrích, go háirithe:

(a) trí chomhoibriú dlúth a áirithiú idir na seirbhísí náisiúnta fostaíochta;

(b) trí dhíothú a dhéanamh ar na gnásanna agus na cleachtais riaracháin sin agus na tréimhsí cáiliúcháin sin maidir le bheith i dteideal fostaíochta atá ar fáil, cibé acu ó reachtaíocht náisiúnta nó ó chomhaontuithe a bhí déanta idir na Ballstáit a thig siad, a mbeadh a gcoimeád ar bun ina chonstaic ar shaorghluaiseacht oibrithe;

(c) trí dhíothú a dhéanamh ar na tréimhsí cáiliúcháin agus na srianta eile sin go léir, dá bhforáiltear faoi reachtaíocht náisiúnta nó faoi chomhaontuithe a bhí déanta idir na Ballstáit, a chuireann ar oibrithe ó Bhallstáit eile coinníollacha maidir le saor-rogha fostaíochta nach gcuirtear ar oibrithe an Stáit atá i gceist;

(d) trí shásra iomchuí a chur ar bun chun tairiscintí fostaíochta agus iarratais ar fhostaíocht a thabhairt i dteagmháil le chéile agus chun go n-éascófar cothromaíocht idir soláthar agus éileamh ar mhargadh na fostaíochta d'fhonn go seachnófar aon dochar mór don chaighdeán maireachtála agus don leibhéal fostaíochta sna réigiúin agus sna tionscail éagsúla.

Airteagal 41

Taobhóidh na Ballstáit, faoi chuimsiú cláir chomhpháirtigh, le hoibrithe óga a mhalartú le chéile.

Airteagal 42

Glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251, cibé bearta i réimse na slándála sóisialta is gá chun saoirse ghluaiseachta a sholáthar d'oibrithe; chuige sin, déanfaidh sí socruithe chun a áirithiú do na hoibrithe imirceacha agus dá gcleithiúnaithe:

(a) go gcomhshuimeofar, d'fhonn an ceart chun sochair a fháil agus a choinneáil agus méid an tsochair a ríomh, na tréimhsí uile a chuirtear san áireamh faoi dhlíthe na dtíortha éagsúla;

(b) go n-íocfar sochair le daoine a chónaíonn ar chríocha na mBallstát.

Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil i gcaitheamh an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251.

CAIBIDIL 2

CEART BUNAÍOCHTA

Airteagal 43

Faoi chuimsiú na bhforálacha atá leagtha amach thíos, toirmiscfear srianta ar shaoirse bhunaíochta náisiúnaigh de chuid Ballstáit i gcríoch Bhallstáit eile. Bainfidh an toirmeasc sin freisin le srianta ar ghníomhaireachtaí, brainsí nó fochuideachtaí a chur ar bun ag náisiúnaigh d'aon Bhallstát atá bunaithe i gcríoch aon Bhallstáit.

Folóidh saoirse bhunaíochta an ceart chun gabháil le gníomhaíochtaí agus iad a shaothrú mar oibrithe ar a gconlán féin, chun gnóthais a chur ar bun agus a bhainistí, go háirithe cuideachtaí nó gnólachtaí de réir bhrí Airteagal 48, an dara mír, faoi na coinníollacha atá leagtha síos dá náisiúnaigh féin le dlí na tíre ina bhfuil suíomh na bunaíochta sin, faoi réir fhorálacha na Caibidle a bhaineann le caipiteal.

Airteagal 44

1. Chun an tsaoirse bhunaíochta a bhaint amach i gcás gníomhaíochta áirithe, gníomhóidh an Chomhairle trí bhíthin treoracha, ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

2. Déanfaidh an Chomhairle agus an Coimisiún na dualgais a thitfidh orthu faoi na forálacha roimhe seo a chomhlíonadh, go háirithe:

(a) trí fhreastal i dtosach báire, de ghnáth, do ghníomhaíochtaí ina ndéanann an tsaoirse bhunaíochta fóntas ar leith d'fhorbairt na táirgeachta agus na trádála;

(b) trí comhoibriú dlúth idir na húdaráis inniúla sna Ballstáit a áirithiú ionas go gcinnteofar an cor áirithe sa Chomhphobal atá ar na gníomhaíochtaí éagsúla atá i gceist;

(c) trí dhíothú na ngnásanna agus na gcleachtas riaracháin sin, cibé acu ó reachtaíocht náisiúnta nó ó chomhaontuithe a bhí déanta idir na Ballstáit a thig siad, a mbeadh a gcoimeád ar bun ina chonstaic ar shaoirse bhunaíochta;

(d) trína áirithiú go bhféadfaidh oibrithe ó Bhallstát amháin atá ar fostú i gcríoch Bhallstáit eile fanacht sa chríoch sin chun gabháil le gníomhaíochtaí ann mar oibrithe ar a gconlán féin, má shásaíonn siad na coinníollacha ba ghá dóibh a shásamh dá mba ag an am a bhí siad ar intinn gabháil leis na gníomhaíochtaí sin a thiocfaidís isteach sa Stát sin;

(e) trína chumasú do náisiúnach Ballstáit amháin talamh agus foirgnimh a fháil agus a úsáid a bhfuil a suíomh i gcríoch Bhallstáit eile, chomh fada is nach bhfuil sin contrártha do na prionsabail atá leagtha síos in Airteagal 33(2);

(f) trí dhíothú comhleanúnach a dhéanamh ar shrianta le saoirse bhunaíochta i ngach brainse gníomhaíochta a bheidh faoi bhreithniú, i gcás na gcoinníollacha maidir le gníomhaireachtaí, brainsí nó fochuideachtaí a chur ar bun i gcríoch Bhallstáit agus i gcás na gcoinníollacha a bhaineann le pearsanra de chuid na príomhbhunaíochta a dhul isteach i bpoist bhainistíochta nó maoirseachta sna gníomhaireachtaí, sna brainsí nó sna fochuideachtaí sin;

(g) trí chomhordú a dhéanamh, a mhéad is gá sin, ar na coimircí a éilíonn Ballstáit ar chuideachtaí nó gnólachtaí de réir bhrí an dara mír d’Airteagal 48, ionas go gcosnófar leasanna comhaltaí agus daoine eile, d'fhonn na coimircí sin a chomhionannú ar fud an Chomhphobail;

(h) trína dheimhniú dóibh féin nach saobhfar na coinníollacha bunaíochta trí chabhracha ó Bhallstáit.

Airteagal 45

Ní bhainfidh forálacha na Caibidle seo, i gcás aon Bhallstáit áirithe, le gníomhaíochtaí a bhfuil baint acu sa Stát sin, fiú go hócáideach, le hoibriú údaráis oifigiúil.

Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, a rialú nach mbainfidh forálacha na Caibidle seo le gníomhaíochtaí áirithe.

Airteagal 46

1. Ní rachaidh forálacha na Caibidle seo, agus bearta dá mbun, chun dochair d'infheidhmeacht forálacha reachtaíochta nó rialúcháin nó riaracháin lena bhforáiltear cóir speisialta do náisiúnaigh choigríche ar mhaithe leis an mbeartas poiblí, leis an tslándáil phoiblí nó leis an tsláinte phoiblí.

2. Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251, treoracha a eisiúint chun na forálacha réamhluaite a chomhordú.

Airteagal 47

1. Chun gur fusa do dhaoine gabháil le gníomhaíochtaí agus iad a shaothrú mar dhaoine féinfhostaithe, déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251, treoracha a ghlacadh chun dioplómaí, teastais agus cruthúnais eile ar cháilíochtaí foirmiúla a aithint go frithpháirteach.

2. Chun na críche céanna, déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251, treoracha a eisiúint chun comhordú a thabhairt ar na forálacha reachtaíochta nó rialúcháin nó riaracháin i mBallstáit i dtaobh gabháil le gníomhaíochtaí agus iad a shaothrú mar dhaoine féinfhostaithe. Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil i gcaitheamh an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251, cinneadh maidir le treoracha ar gá, chun iad a chur chun feidhme i mBallstát amháin ar a laghad, leasú a dhéanamh ar na prionsabail reachtaíochta atá ann cheana a bhaineann le córas rialú na ngairmeacha maidir le hoiliúint agus le coinníollacha rochtana do dhaoine nádúrtha. I gcásanna eile, gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe.

3. I gcás ghairm na míochaine agus gairmeacha gaolmhara agus ghairm na cógaisíochta, beidh an díothú comhleanúnach ar shrianta ag brath ar chomhordú coinníollacha a gcleachta sin sna Ballstáit éagsúla.

Airteagal 48

Cuideachtaí nó gnólachtaí a foirmíodh de réir dlí Ballstáit agus a bhfuil a n-oifig chláraithe, a riarachán lárnach nó a bpríomháit ghnó acu sa Chomhphobal, déileálfar leo, chun críocha na Caibidle seo, ar an gcuma chéanna le daoine nádúrtha is náisiúnaigh de Bhallstáit.

Ciallaíonn "cuideachtaí nó gnólachtaí" cuideachtaí nó gnólachtaí a bunaíodh faoin dlí sibhialta nó faoin dlí tráchtála, lena n-áirítear comharchumainn, agus daoine dlítheanacha eile a rialaítear le dlí poiblí nó le dlí príobháideach, cé is moite díobh siúd atá neamhbhrabúsmhar.

CAIBIDIL 3

SEIRBHÍSÍ

Airteagal 49

Faoi chuimsiú na bhforálacha atá leagtha amach thíos, déanfar srianta ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar sa Chomhphobal a thoirmeasc i gcás náisiúnaigh de chuid Ballstáit atá bunaithe i Stát den Chomhphobal seachas Stát an duine dá bhfuil na seirbhísí ceaptha.

Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, forálacha na Caibidle seo a chur chun sochair do náisiúnaigh ó thríú tír a thugann seirbhísí agus atá bunaithe sa Chomhphobal.

Airteagal 50

Measfar gur "seirbhísí" de réir bhrí an Chonartha seo seirbhísí a thugtar de ghnáth ar luach saothair, sa mhéid nach bhfuil siad faoi réir na bhforálacha a bhaineann le saorghluaiseacht earraí, caipitil agus daoine.

Áireofar go háirithe gur "seirbhísí":

(a) gníomhaíochtaí de chineál tionsclaíoch;

(b) gníomhaíochtaí de chineál tráchtálach;

(c) gníomhaíochtaí aos ceirde;

(d) gníomhaíochtaí aos gairme.

Gan dochar d'fhorálacha na Caibidle a bhaineann leis an gceart bunaíochta, féadfaidh soláthróir seirbhíse, chun go bhféadfaidh sé an tseirbhís a sholáthar, a ghníomhaíocht a shaothrú go sealadach sa Stát ina soláthraítear an tseirbhís, faoi choinníollacha mar a chuireann an Stát sin ar a náisiúnaigh féin.

Airteagal 51

1. Beidh an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar i réim an iompair faoi rialú fhorálacha an Teidil a bhaineann le hiompar.

2. Déanfar an léirscaoileadh ar sheirbhísí baincéireachta agus árachais a bhaineann le gluaiseachtaí caipitil i gcomhréim leis an léirscaoileadh ar ghluaiseacht chaipitil.

Airteagal 52

1. Chun léirscaoileadh seirbhíse áirithe a ghnóthú, déanfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Parlaimint na hEorpa, treoracha a eisiúint, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe.

2. Maidir leis na treoracha dá dtagraítear i mír 1, tabharfar tosaíocht de ghnáth do na seirbhísí sin a bhfuil éifeacht acu go díreach ar chostais táirgthe nó a gcuidíonn a léirscaoileadh le trádáil in earraí a chur chun cinn.

Airteagal 53

Dearbhaíonn na Ballstáit a bhfonnmhaireacht chun seirbhísí a léirscaoileadh thar mar is gá de réir na dtreoracha a eiseofar de bhun Airteagal 52(1), má bhíonn a staid eacnamaíoch i gcoitinne agus bail na hearnála áirithe dá ngeilleagar á cheadú sin.

Chuige sin, cuirfidh an Coimisiún moltaí faoi bhráid na mBallstát a bheidh i gceist.

Airteagal 54

Fad a bheidh srianta ar shaoirse chun seirbhísí a sholáthar gan díothú, cuirfidh gach Ballstát na srianta sin chun feidhme gan idirdhealú de bhíthin náisiúntachta ná áite cónaithe ar gach duine a sholáthraíonn seirbhísí de réir bhrí na chéad mhíre d’Airteagal 49.

Airteagal 55

Bainfidh forálacha Airteagail 45 go 48 leis na hábhair a rialaítear leis an gCaibidil seo.

CAIBIDIL 4

CAIPITEAL AGUS ÍOCAÍOCHTAÍ

Airteagal 56

1. Faoi chuimsiú na bhforálacha atá leagtha amach sa Chaibidil seo, toirmiscfear na srianta uile ar ghluaiseacht chaipitil idir na Ballstáit agus idir na Ballstáit agus tríú tíortha.

2. Faoi chuimsiú na bhforálacha atá leagtha amach sa Chaibidil seo, toirmiscfear na srianta uile ar íocaíochtaí idir na Ballstáit agus idir na Ballstáit agus tríú tíortha.

Airteagal 57 [2]

1. Beidh forálacha Airteagal 56 gan dochar do chur chun feidhme i leith tríú tíortha srianta atá ann ar an 31 Nollaig 1993 faoin dlí náisiúnta nó Comhphobail arna ghlacadh i ndáil le gluaiseacht chaipitil chuig tríú tíortha nó uathu a bhaineann le hinfheistíocht dhíreach, lena n-áirítear infheistíocht in eastát réadach, le bunaíocht, le soláthar seirbhísí airgeadais nó le hurrúis a ligean isteach ar mhargaí caipitil. I ndáil le srianta atá ann faoin dlí náisiúnta san Eastóin agus san Ungáir, is é an dáta ábhartha an 31 Nollaig 1999.

2. Agus í ag iarraidh cuspóir na saorghluaiseachta caipitil a bhaint amach idir na Ballstáit agus tríú tíortha a mhéad is féidir agus gan dochar do Chaibidlí eile an Chonartha seo, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, bearta a ghlacadh ar ghluaiseacht chaipitil chuig tríú tíortha nó uathu a bhaineann le hinfheistíocht dhíreach, lena n-áirítear infheistíocht in eastát réadach, le bunaíocht, le soláthar seirbhísí airgeadais nó le hurrúis a ligean isteach ar mhargaí caipitil. Ní foláir a bheith d'aon toil maidir le bearta faoin mír seo atá in ionannas le céim siar i ndlí an Chomhphobail i dtaca le léirscaoileadh gluaiseachta caipitil chuig tríú tíortha nó uathu.

Airteagal 58

1. Beidh forálacha Airteagal 56 gan dochar do cheart Ballstát:

(a) forálacha ábhartha a ndlí cánach a chur chun feidhme a idirdhealaíonn idir cáiníocóirí nach bhfuil sa chor céanna maidir lena n-áit chónaithe nó maidir leis an áit ina bhfuil a gcuid caipitil infheistithe;

(b) gach beart fíor-riachtanach a ghlacadh chun sáruithe ar an dlí náisiúnta agus ar rialacháin náisiúnta a chosc, go háirithe i réimse an chánachais agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí airgeadais, nó nósanna imeachta a leagan síos maidir le dearbhuithe um ghluaiseachtaí caipitil chun críoch faisnéise riarthaí nó staidrimh, nó bearta a ghlacadh a dhlitear ar fhorais an bheartais phoiblí nó na slándála poiblí.

2. Beidh forálacha na Caibidle seo gan dochar d'infheidhmeacht na srianta ar an gceart bunaíochta atá ag luí leis an gConradh seo.

3. Ní fhéadfar áis a bhaint as na bearta ná na nósanna imeachta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 le haghaidh idirdhealú treallach ná chun srianadh faoi cheilt a dhéanamh ar shaorghluaiseacht chaipitil agus íocaíochtaí mar atá sé sainithe in Airteagal 56.

Airteagal 59

Má bhíonn, in imthosca eisceachtúla, gluaiseachtaí caipitil chuig tríú tíortha nó uathu ina gcúis, nó ag bagairt bheith ina gcúis, le deacrachtaí tromchúiseacha d'oibriú an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le BCE, bearta coimirce a ghlacadh i leith tríú tíortha go feadh tréimhse nach mó ná sé mhí, má tá fíorghá le bearta den sórt sin.

Airteagal 60

1. Má mheastar, sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 301, gur gá gníomhaíocht Chomhphobail, féadfaidh an Chomhairle, i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 301, na bearta práinneacha is gá a ghlacadh ar an ngluaiseacht chaipitil agus ar íocaíochtaí maidir leis na tríú tíortha i dtrácht.

2. Gan dochar d'Airteagal 297 agus fad nach bhfuil bearta glactha ag an gComhairle de bhun mhír 1, féadfaidh Ballstát, ar chúiseanna tromchúiseacha polaitiúla agus ar fhorais phráinne, bearta aontaobhacha a ghlacadh i leith tríú tír i ndáil le gluaiseachtaí caipitil agus le híocaíochtaí. Cuirfear an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi bhearta den sórt sin faoi dháta a dteacht i bhfeidhm ar a dhéanaí.

Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, a chinneadh go mbeidh ar an mBallstát i dtrácht bearta den sórt sin a leasú nó a dhíothú. Cuirfidh Uachtarán na Comhairle Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi aon chinneadh den sórt sin arna ghlacadh ag an gComhairle.

TEIDEAL IV

VÍOSAÍ, TEARMANN, INIMIRCE AGUS BEARTAIS EILE A BHAINEANN LE SAORGHLUAISEACHT DAOINE

Airteagal 61

D'fhonn limistéar saoirse, slándála agus ceartais a bhunú go comhleanúnach, glacfaidh an Chomhairle na bearta seo a leanas:

(a) laistigh de thréimhse cúig bliana tar éis do Chonradh Amstardam teacht i bhfeidhm, bearta arb é is aidhm dóibh saorghluaiseacht daoine a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 14, i dteannta le bearta tionlacain a bhaineann go díreach leo maidir le rialuithe ar theorainneacha seachtracha, tearmann agus inimirce, i gcomhréir le forálacha phointí (2) agus (3) d'Airteagal 62 agus phointí (1)(a) agus (2)(a) d'Airteagal 63, agus bearta chun coirpeacht a chosc agus a chomhrac i gcomhréir le forálacha phointe (e) d'Airteagal 31 den Chonradh ar an Aontas Eorpach;

(b) bearta eile i réimsí an tearmainn agus na hinimirce agus bearta eile maidir le cearta náisiúnach tríú tíortha a choimirciú, i gcomhréir le forálacha Airteagal 63;

(c) bearta i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair shibhialta mar a fhoráiltear in Airteagal 65;

(d) bearta iomchuí chun comhar riarthach, mar a fhoráiltear in Airteagal 66, a chothú agus a neartú;

(e) bearta eile i réimse an chomhair phóilíneachta agus bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla arb é is aidhm dóibh ardleibhéal slándála a áirithiú trí choirpeacht a chosc agus a chomhrac laistigh den Aontas i gcomhréir le forálacha an Chonartha ar an Aontas Eorpach.

Airteagal 62

Laistigh de thréimhse cúig bliana tar éis do Chonradh Amstardam teacht i bhfeidhm, glacfaidh an Chomhairle na bearta seo a leanas, ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 67:

1. bearta d'fhonn a áirithiú, i gcomhlíonadh Airteagal 14, nach mbeidh aon rialú ar dhaoine, bíodh siad ina saoránaigh den Aontas nó ina náisiúnaigh de thríú tíortha, ar thrasnú teorainneacha inmheánacha dóibh;

2. bearta maidir le teorainneacha seachtracha na mBallstát a thrasnú a bhunóidh:

(a) caighdeáin agus nósanna imeachta a leanfaidh na Ballstáit agus seiceálacha á ndéanamh acu ar dhaoine ag teorainneacha den sórt sin;

(b) rialacha maidir le víosaí le haghaidh fanachta bheartaithe nach mó ná trí mhí, lena n-áirítear:

(i) liosta na dtríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus liosta na dtríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh saor ón gceanglas sin;

(ii) na nósanna imeachta agus na coinníollacha maidir le Ballstáit d'eisiúint víosaí;

(iii) formáid chomhionann do víosaí;

(iv) rialacha maidir le víosa chomhionann;

3. bearta ag leagan amach na gcoinníollacha faoina mbeidh saoirse taistil ag náisiúnaigh tríú tíortha ar chríoch na mBallstát le linn tréimhse nach mó ná trí mhí.

Airteagal 63

Laistigh de thréimhse cúig bliana tar éis do Chonradh Amstardam teacht i bhfeidhm, glacfaidh an Chomhairle na bearta seo a leanas, ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 67:

1. bearta maidir le tearmann, i gcomhréir le Coinbhinsiún na Ginéive an 28 Iúil 1951 agus Prótacal an 31 Eanáir 1967 maidir le stádas dídeanaithe agus conarthaí ábhartha eile, sna réimsí seo a leanas:

(a) critéir agus sásraí chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach as iarratas ar thearmann arna thíolacadh ag náisiúnach tríú tír i gceann de na Ballstáit a scrúdú,

(b) caighdeáin íosta maidir le glacadh iarratasóirí ar thearmann i mBallstáit,

(c) caighdeáin íosta maidir le cáiliú náisiúnach tríú tíortha mar dhídeanaithe,

(d) caighdeáin íosta maidir le nósanna imeachta i mBallstáit chun stádas dídeanaí a bhronnadh nó a aistarraingt;

2. bearta maidir le dídeanaithe agus daoine easáitithe sna réimsí seo a leanas:

(a) caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt do dhaoine easáitithe ó thríú tíortha nach féidir leo filleadh ar a dtír thionscnaimh agus do dhaoine a bhfuil gá acu ar dhóigh eile le cosaint idirnáisiúnta,

(b) cothromaíocht iarrachta idir na Ballstáit a chur ar aghaidh maidir le dídeanaithe agus daoine easáitithe a ghlacadh agus iarmhairtí an ghlactha sin a iompar;

3. bearta maidir le beartas inimirce sna réimsí seo a leanas:

(a) coinníollacha iontrála agus cónaithe agus caighdeáin do nósanna imeachta maidir le Ballstáit d'eisiúint víosaí fadtéarmacha agus ceadanna cónaithe, lena n-áirítear iad sin a eisítear chun críche athaontú teaghlach,

(b) inimirce neamhdhlíthiúil agus cónaí neamhdhlíthiúil, lena n-áirítear cónaitheoirí neamhdhlíthiúla a aisdúichiú;

4. bearta a shainíonn na cearta agus na coinníollacha faoina bhféadfaidh náisiúnaigh tríú tíortha a bhfuil cónaí orthu go dlíthiúil i mBallstát cónaí i mBallstáit eile.

Ní chuirfidh na bearta arna nglacadh ag an gComhairle de bhun phointí (3) agus (4) cosc ar aon Bhallstát forálacha náisiúnta atá ag luí leis an gConradh seo agus le comhaontuithe idirnáisiúnta a choimeád ar bun ná a thabhairt isteach sna réimsí i dtrácht.

Ní bheidh na bearta a ghlacfar de bhun phointí (2)(b), (3)(a) agus (4) faoi réir na tréimhse cúig bliana dá dtagraítear anseo thuas.

Airteagal 64

1. Ní dhéanfaidh an Teideal seo difear d'fheidhmiú na bhfreagrachtaí atá ar na Ballstáit maidir leis an ord poiblí a chaomhnú agus slándáil inmheánach a choimirciú.

2. I gcás Ballstát nó Ballstáit a bheith i láthair staid éigeandála arb é a príomhthréith plódú tobann náisiúnach tríú tíortha agus gan dochar do mhír 1, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, bearta sealadacha a ghlacadh nach mó a ré ná sé mhí ar mhaithe leis na Ballstáit i dtrácht.

Airteagal 65

Na bearta i réimse an chomhair bhreithiúnaigh sna hábhair shibhialta sin a bhfuil impleachtaí trasteorann acu a bheidh le glacadh i gcomhréir le hAirteagal 67 agus a mhéad is gá d'oibriú rianúil an mhargaidh inmheánaigh, cuimseoidh siad:

(a) feabhsú agus simpliú a dhéanamh:

- ar an gcóras chun doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil trasna teorainneacha;

- ar chomhar le linn fianaise a ghlacadh;

- ar aitheantas agus forghníomhú breitheanna i gcásanna sibhialta agus tráchtála, lena n-áirítear breitheanna i gcásanna seachbhreithiúnacha;

(b) comhchuibheas na rialacha is infheidhme sna Ballstáit maidir le heasaontas dlí agus dlínse a chur ar aghaidh;

(c) constaicí ar dhea-oibriú imeachtaí sibhialta a dhíchur, más gá trí chomhchuibheas na rialacha maidir leis an nós imeachta sibhialta is infheidhme sna Ballstáit a chur ar aghaidh.

Airteagal 66

Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 67, na bearta a ghlacadh is gá chun comhar a áirithiú idir na ranna ábhartha de riaracháin na mBallstát sna réimsí a thig faoin Teideal seo, agus idir na ranna sin agus an Coimisiún.

Airteagal 67

1. Le linn idirthréimhse cúig bliana tar éis do Chonradh Amstardam teacht i bhfeidhm, gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún nó ar thionscnamh Ballstáit agus tar éis di dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

2. I ndiaidh na tréimhse cúig bliana sin:

- gníomhóidh an Chomhairle ar thograí ón gCoimisiún; scrúdóidh an Coimisiún aon iarraidh ó Bhallstát go dtíolacfadh sé togra don Chomhairle;

- déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, cinneadh a ghlacadh chun a fhoráil go mbeidh na réimsí uile a thig faoin Teideal seo nó roinnt díobh faoi rialú an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 agus chun na forálacha a bhaineann le cumhachtaí na Cúirte Breithiúnais a oiriúnú.

3. De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, déanfaidh an Chomhairle na bearta dá dtagraítear i bpointe (2)(b) (i) agus (iii) d'Airteagal 62 a ghlacadh, amhail ó theacht i bhfeidhm Chonradh Amstardam, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

4. De mhaolú ar mhír 2, déanfaidh an Chomhairle na bearta dá dtagraítear i bpointe (2)(b) (ii) agus (iv) d'Airteagal 62 a ghlacadh, i ndiaidh tréimhse cúig bliana tar éis do Chonradh Amstardam teacht i bhfeidhm, ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251.

5. De mhaolú ar mhír 1, glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251:

- na bearta dá bhforáiltear i bpointe (1) agus i bpointe (2)(a) d'Airteagal 63 ar chuntar go mbeidh an Chomhairle tar éis reachtaíocht Chomhphobail ag sainiú na gcomhrialacha agus na mbunphrionsabal a rialaíonn na ceisteanna sin a ghlacadh roimh ré i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo;

- na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 65, amach ó ghnéithe a bhaineann leis an dlí teaghlaigh.

Airteagal 68

1. Beidh feidhm ag Airteagal 234 maidir leis an Teideal seo sna himthosca agus faoi na coinníollacha seo a leanas: nuair a thabharfar ceist ar aird a bhaineann le léiriú an Teidil seo nó le bailíocht nó léiriú gníomhartha de chuid institiúidí an Chomhphobail arna mbunú ar an Teideal seo i gcás atá ar feitheamh os comhair cúirte nó binse de chuid Ballstáit agus nach bhfuil leigheas breithiúnach faoin dlí náisiúnta in aghaidh bhreitheanna na cúirte nó an bhinse sin, féadfaidh an chúirt nó an binse sin, má mheasann sí nó sé gur gá breith maidir leis an gceist sin ionas go bhféadfaidh sí nó sé breithiúnas a thabhairt, a iarraidh ar an gCúirt Bhreithiúnais réamhrialú a thabhairt ar an gceist sin.

2. Ar aon chuma, ní bheidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais chun rialú ar aon bheart nó aon chinneadh arna ghlacadh de bhun phointe (1) d'Airteagal 62 maidir leis an ord poiblí a chaomhnú agus slándáil inmheánach a choimirciú.

3. Féadfaidh an Chomhairle, an Coimisiún nó Ballstát a iarraidh ar an gCúirt Bhreithiúnais rialú a thabhairt ar cheist maidir le léiriú an Teidil seo nó gníomhartha de chuid institiúidí an Chomhphobail arna mbunú ar an Teideal seo. An rialú arna thabhairt ag an gCúirt Bhreithiúnais mar fhreagra ar iarraidh den sórt sin, ní bheidh feidhm aige maidir le breithiúnais de chuid chúirteanna nó bhinsí na mBallstát atá tagtha chun bheith ina res judicata.

Airteagal 69

Beidh cur i bhfeidhm an Teidil seo faoi réir fhorálacha an Phrótacail maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann agus an Phrótacail maidir le seasamh na Danmhairge agus gan dochar don Phrótacal maidir le gnéithe áirithe d'Airteagal 14 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh a chur i bhfeidhm ar an Ríocht Aontaithe agus ar Éirinn.

TEIDEAL V

IOMPAR

Airteagal 70

Déanfaidh na Ballstáit aidhmeanna an Chonartha seo a shaothrú, i gcúrsaí lena mbaineann an Teideal seo, faoi chuimsiú comhbheartais iompair.

Airteagal 71

1. D'fhonn Airteagal 70 a chur chun feidhme agus ag cur sainghnéithe an iompair san áireamh, leagfaidh an Chomhairle síos, ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 215 agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Coiste na Réigiún:

(a) comhrialacha is infheidhme maidir le hiompar idirnáisiúnta go críoch Bhallstáit nó uaithi nó ag gabháil trí chríoch Bhallstáit amháin nó níos mó;

(b) na coinníollacha faoina bhféadfaidh carraeirí nach bhfuil cónaí orthu ann seirbhísí iompair a oibriú laistigh de Bhallstát;

(c) na bearta ar mhaithe le feabhas a thabhairt ar shábháilteacht an iompair;

(d) aon fhorálacha eile is fóinteach.

2. De mhaolú ar an nós imeachta dá bhforáiltear i mír 1, i gcás ina bhféadfaidh cur chun feidhme na bhforálacha maidir le prionsabail an chórais rialúcháin don iompar éifeacht thromchúiseach a bheith aige ar an gcaighdeán maireachtála agus ar an bhfostaíocht i limistéir áirithe agus ar oibriú saoráidí iompair, leagfaidh an Chomhairle síos iad, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta. Á leagan amach di, cuirfidh an Chomhairle san áireamh an riachtanas atá le hoiriúnú don fhorbairt eacnamaíoch a thiocfaidh den chómhargadh a bhunú.

Airteagal 72

Go dtí go mbeidh na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 71(1) leagtha síos, ní fhéadfaidh aon Bhallstát, gan fhormheas d'aon toil ón gComhairle, cuid is lú fabhar, ina n-éifeacht dhíreach ná indíreach ar charraeirí Ballstát eile i gcomparáid le carraeirí is náisiúnaigh dá chuid féin, a thabhairt sna forálacha éagsúla a bhaineann leis an ábhar ar an 1 Eanáir 1958 nó, i gcás Stát aontach, ar dháta a n-aontachais.

Airteagal 73

Luífidh cabhracha leis an gConradh seo má fhreastalaíonn siad don riachtanas atá ann le comhordú an iompair nó má fhreagraíonn siad don aisíocaíocht as oibleagáidí áirithe a chomhlíonadh is gné dhílis de choincheap na seirbhíse poiblí.

Airteagal 74

Aon bheart a ghlacfar faoi chuimsiú an Chonartha maidir le rátaí agus coinníollacha iompair, cuirfear san áireamh iontu imthosca eacnamaíocha na gcarraeirí.

Airteagal 75

1. Díothófar, i gcás iompair sa Chomhphobal, aon idirdhealú trína ndéanann carraeirí rátaí difriúla a bhaint amach agus coinníollacha difriúla a fhorchur as na hearraí céanna a iompar ar na hidirbhealaí iompair céanna mar gheall ar thír thionscnaimh nó ar thír chinn scríbe na n-earraí áirithe.

2. Ní choiscfidh mír 1 den Airteagal seo an Chomhairle ó bhearta eile a ghlacadh de bhun Airteagal 71(1).

3. Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, rialacha a leagan síos chun forálacha mhír 1 a chur i ngníomh.

Féadfaidh an Chomhairle, go háirithe, na forálacha a leagan síos is gá chun a chumasú d'institiúidí an Chomhphobail a thabhairt go gcomhlíonfar an riail atá leagtha síos i mír 1 agus a áirithiú go mbeidh a tairbhe iomlán ag úsáidirí.

4. Déanfaidh an Coimisiún, uaidh féin nó ar iarratas ó Bhallstát, scrúdú ar aon chásanna idirdhealaithe a thig faoi mhír 1 agus, tar éis dul i gcomhairle le haon Bhallstát lena mbaineann, glacfaidh sé cibé cinntí is gá faoi chuimsiú na rialacha a leagadh síos de réir fhorálacha mhír 3.

Airteagal 76

1. Toirmiscfear ar Bhallstát rátaí agus coinníollacha, a bhfuil tacaíocht nó cosaint ar bith ag roinnt leo ar mhaithe le gnóthas nó tionscal áirithe amháin nó níos mó, a fhorchur i leith gníomhaíochtaí iompair sa Chomhphobal, mura mbeidh sin údaraithe ag an gCoimisiún.

2. Déanfaidh an Coimisiún, uaidh féin nó ar iarratas ó Bhallstát, scrúdú ar na rátaí agus na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, á chur san áireamh go háirithe, ar thaobh amháin, a bhfuil riachtanach do bheartas eacnamaíoch réigiúnach iomchuí, gánna limistéar tearcfhorbartha agus fadhbanna limistéar a bhfuil imthosca polaitiúla ag cur as dóibh go mór agus, ar an taobh eile, éifeachtaí na rátaí agus na gcoinníollacha sin ar an iomaíocht idir na modhanna éagsúla iompair.

Tar éis dul i gcomhairle le gach Ballstát lena mbaineann, glacfaidh an Coimisiún cibé cinntí is gá.

3. Ní bhainfidh an toirmeasc dá bhforáiltear i mír 1 le taraifí a socraíodh faoi chomhair iomaíochta.

Airteagal 77

Na muirir nó na dleachtanna a éileoidh carraeir as imeallchríocha a thrasnú, i dteannta na rátaí iompair, ní ghabhfaidh siad thar leibhéal réasúnta, ar na costais a tabhaíodh iarbhír sa trasnú sin a chur san áireamh.

Féachfaidh na Ballstáit leis na costais sin a laghdú go comhleanúnach.

Féadfaidh an Coimisiún moltaí a chur faoi bhráid na mBallstát maidir leis an Airteagal seo a chur chun feidhme.

Airteagal 78

Ní bheidh forálacha an Teidil seo ina gconstaic ar fheidhmiú beart a ghlactar i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine, sa mhéid gur gá na bearta sin mar chúiteamh sna míbhuntáistí eacnamaíocha a thug deighilt na Gearmáine ar an ngeilleagar i limistéir áirithe de Phoblacht na Cónaidhme a mbaineann an deighilt sin leo.

Airteagal 79

Cuirfear coiste comhairleach, de shaineolaithe arna n-ainmniú ag Rialtais na mBallstát, ag gabháil leis an gCoimisiún. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an gCoiste, aon uair is fóinteach leis é, i dtaobh cúrsaí iompair gan dochar do chumhachtaí an Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta.

Airteagal 80

1. Bainfidh forálacha an Teidil seo le hiompar d'iarnród, de bhóthar agus d'uiscebhealach intíre.

2. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, a chinneadh cé acu is féidir, cá mhéad is féidir, agus conas is féidir, forálacha iomchuí a leagan síos do mhuiriompar agus d'aeriompar.

Beidh feidhm ag forálacha nós imeachta Airteagal 71.

TEIDEAL VI

COMHRIALACHA MAIDIR LE hIOMAÍOCHT, LE CÁNACHAS AGUS LE COMHFHOGASÚ REACHTAÍOCHTA

CAIBIDIL 1

RIALACHA IOMAÍOCHTA

ROINN 1

RIALACHA A BHAINEANN LE GNÓTHAIS

Airteagal 81

1. Toirmisctear na cleachtais seo a leanas mar chleachtais nach luíonn leis an gcómhargadh: gach comhaontú idir gnóthais, gach cinneadh ag comhlachais ghnóthas agus gach cleachtas comhbheartaithe a d'fhéadfadh dul i gcion ar an trádáil idir Ballstáit agus arb é a gcuspóir nó a n-éifeacht iomaíocht sa chómhargadh a chosc, a shrianadh nó a shaobhadh, agus go háirithe iad siúd trína ndéantar:

(a) praghsanna ceannaithe nó díolta nó aon choinníollacha eile trádála a shocrú, go díreach nó go hindíreach;

(b) táirgeadh, margaí, forbairt theicniúil, nó infheistiú a theorannú nó a rialú;

(c) margaí nó foinsí soláthair a pháirtiú;

(d) coinníollacha neamhionanna a chur chun feidhme ar idirbhearta comhionanna le páirtithe eile trádála sa dóigh go gcuirtear faoi mhíbhuntáiste iad san iomaíocht;

(e) chun go gcuirfear conarthaí i gcrích, é a chur de choinníoll go nglacfaidh na páirtithe eile le hoibleagáidí forlíontacha nach bhfuil baint ar bith acu, óna nádúr ná ó ghnás na tráchtála, le hábhar na gconarthaí sin.

2. Aon chomhaontuithe nó cinntí a thoirmiscfear de bhun an Airteagail seo, beidh siad ar neamhní dá dhroim sin.

3. Féadfar, áfach, a dhearbhú nach mbainfidh forálacha mhír 1:

- le haon chomhaontú nó le haon chineál comhaontuithe idir gnóthais;

- le haon chinneadh nó le haon chineál cinntí ag comhlachais ghnóthas;

- le haon chleachtas comhbheartaithe nó le haon chineál cleachtas comhbheartaithe,

a chuidíonn le feabhas a thabhairt ar tháirgeadh nó dáileadh earraí nó leis an ascnamh teicniúil nó eacnamaíoch a chur chun cinn, agus cion cothrom den tairbhe uaidh sin a ligean le tomhaltóirí, agus:

(a) nach gcuireann ar na gnóthais atá i gceist srianta nach bhfuil fíor-riachtanach chun na haidhmeanna sin a ghnóthú;

(b) nach dtugann do na gnóthais sin breith ar iomaíocht a dhíchur i gcás cuid mhór de na táirgí atá i gceist.

Airteagal 82

Déanfar aon mhí-úsáid ag gnóthas nó gnóthais ag a bhfuil ceannasacht sa chómhargadh nó i gcuid mhór de a thoirmeasc mar ní nach luíonn leis an gcómhargadh sa mhéid gurbh fhéidir éifeacht a bheith aici ar thrádáil idir Ballstáit.

D'fhéadfadh sé go háirithe gurb é a bheadh sa mhí-úsáid sin:

(a) praghsanna míchóra ceannaithe nó díolta nó coinníollacha míchóra eile trádála a fhorchur, go díreach nó go hindíreach;

(b) an táirgeadh, na margaí nó an fhorbairt theicniúil a theorannú chun dochair do thomhaltóirí;

(c) coinníollacha neamhionanna a chur chun feidhme ar idirbhearta comhionanna le páirtithe eile trádála sa dóigh go gcuirtear faoi mhíbhuntáiste san iomaíocht iad;

(d) chun go dtabharfar conarthaí i gcrích, é a chur de choinníoll go nglacfaidh na páirtithe eile le hoibleagáidí forlíontacha nach bhfuil baint ar bith acu, óna nádúr ná ó ghnás na tráchtála, le hábhar na gconarthaí sin.

Airteagal 83

1. Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, na rialacháin nó treoracha is iomchuí a leagan síos chun éifeacht a thabhairt do na prionsabail atá leagtha amach in Airteagail 81 agus 82.

2. Na rialacháin nó na treoracha dá dtagraítear i mír 1, ceapfar iad go háirithe:

(a) chun a áirithiú go ngéillfear do na toirmisc atá leagtha síos in Airteagal 81(1) agus in Airteagal 82, trí fhíneálacha agus tráthíocaíochtaí pionósacha a fhoráil ina leith;

(b) chun rialacháin mhionchruinne a leagan síos i dtaobh Airteagal 81(3) a chur chun feidhme, á chur san áireamh a riachtanaí atá sé, ar thaobh amháin, maoirsiú éifeachtach a áirithiú agus, ar an taobh eile, an riarachán a shimpliú chomh fada riamh agus is féidir;

(c) chun sainiú a dhéanamh, más gá, i gcás bhrainsí éagsúla an gheilleagair ar raon na bhforálacha atá in Airteagail 81 agus 82;

(d) chun feidhmeanna an Choimisiúin agus na Cúirte Breithiúnais, faoi seach, a shainiú maidir leis na forálacha atá leagtha síos sa mhír seo a chur chun feidhme;

(e) chun an gaol a chinneadh atá idir dlíthe náisiúnta agus na forálacha atá sa Roinn seo nó a glacadh de bhun an Airteagail seo.

Airteagal 84

Go dtí go dtiocfaidh na forálacha a glacadh de bhun Airteagal 83 i bhfeidhm, bhéarfaidh údaráis na mBallstát rialú, de réir dlí a dtíre agus fhorálacha Airteagal 81, go háirithe mír 3, agus fhorálacha Airteagal 82, ar inghlacthacht chomhaontuithe, cinntí agus cleachtas comhbheartaithe agus ar mhí-úsáid cheannasachta sa chómhargadh.

Airteagal 85

1. Gan dochar d'Airteagal 84, féachfaidh an Coimisiún chuige go gcuirfear chun feidhme na prionsabail atá leagtha síos in Airteagail 81 agus 82. Ar iarratas a fháil ó Bhallstát, nó uaidh féin, agus i gcomhar le húdaráis inniúla na mBallstát, a thabharfaidh a gcabhair dó, scrúdóidh an Coimisiún cásanna ina bhfuil amhras gur sáraíodh na prionsabail thuasluaite. Má fhaigheann sé gur tharla sárú, molfaidh sé bearta iomchuí chun deireadh a chur leis.

2. Mura gcuirtear deireadh leis an sárú, déanfaidh an Coimisiún an sárú sin ar na prionsabail a thaifeadadh i gcinneadh réasúnaithe. Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh a fhoilsiú agus a údarú do Bhallstáit na bearta is gá a dhéanamh chun an scéal a leigheas, agus saineoidh sé coinníollacha agus sonraí na mbeart sin.

Airteagal 86

1. I gcás na ngnóthas poiblí agus na ngnóthas dá dtugann na Ballstáit cearta speisialta nó cearta eisiacha, ní achtóidh na Ballstáit, ná ní choinneoidh siad i bhfeidhm, aon bheart atá bunoscionn le rialacha an Chonartha seo, go háirithe na rialacha dá bhforáiltear in Airteagal 12 agus in Airteagail 81 go 89.

2. Gnóthais arb é a gcúram seirbhísí a oibriú is seirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne nó seirbhísí de chineál monaplachta fioscaí, beidh siad faoi réir rialacha an Chonartha seo, go háirithe na rialacha iomaíochta, chomh fada is nach dtiocfaidh de na rialacha sin a chur chun feidhme bac ar chomhlíonadh, ó dhlí nó ó ghníomh, an chúraim áirithe a ceapadh dóibh. Caithfear gan cur as d'fhorbairt na trádála go feadh méid ba dhochar do leasanna an Chomhphobail.

3. Féachfaidh an Coimisiún chuige go gcuirfear forálacha an Airteagail seo chun feidhme agus, nuair is gá sin, eiseoidh sé treoracha nó cinntí iomchuí chun na mBallstát.

ROINN 2

CABHRACHA Ó STÁIT

Airteagal 87

1. Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt sa Chonradh seo, aon chabhair a thabharfaidh Ballstát nó a thabharfar trí bhíthin acmhainní Stáit i bhfoirm ar bith, agus a bhéarfaidh nó is baolach a bhéarfadh saobhadh ar iomaíocht trí thaobhú le gnóthais áirithe nó le táirgeadh earraí áirithe, ní luífidh sí leis an gcómhargadh sa mhéid go dtéann sí i gcion ar an trádáil idir Ballstáit.

2. Beidh cabhair dá leithéid seo a leanas ag luí leis an gcómhargadh:

(a) cabhair de chineál comhdhaonnach do thomhaltóirí aonair, ar choinníoll go dtugtar an chabhair sin gan idirdhealú maidir le tionscnamh na dtáirgí áirithe;

(b) cabhair chun damáiste a shlánú a tharla de dheasca tubaistí nádúrtha nó tarlachtaintí neamhchoitianta eile;

(c) cabhair do gheilleagar limistéar áirithe de Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine ar chuir deighilt na Gearmáine as dóibh, sa mhéid gur gá an chabhair sin mar chúiteamh sna míbhuntáistí eacnamaíocha a tháinig den deighilt sin.

3. Is inmheasta cabhair dá leithéid seo a leanas a bheith ag luí leis an gcómhargadh:

(a) cabhair chun forbairt eacnamaíoch a thabhairt ar limistéir ina bhfuil an caighdeán maireachtála thar a bheith íseal nó ina bhfuil mórchuid tearcfhostaíochta;

(b) cabhair chun cuidiú le tionscadal tábhachtach ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne a chur i gcrích nó chun suaitheadh tromchúiseach i ngeilleagar Ballstáit a leigheas;

(c) cabhair chun forbairt ghníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe nó limistéar eacnamaíoch áirithe a éascú, nuair nach n-athraíonn an chabhair sin dálaí trádála an oiread go mbeadh dochar ann don leas coiteann;

(d) cabhair chun cultúr agus caomhnú na hoidhreachta a chur ar aghaidh nuair nach gcuireann sí isteach ar dhálaí trádála agus iomaíochta sa Chomhphobal go feadh méid atá bunoscionn leis an leas comhchoiteann.

(e) cabhair de cibé cineálacha eile a shonrófar le cinneadh ón gComhairle ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún.

Airteagal 88

1. Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, na córais chabhrach go léir sna Stáit sin a choimeád faoi bhreithniú i gcónaí. Molfaidh sé do na Stáit sin aon bhearta iomchuí is gá chun an cómhargadh a fhorbairt go comhleanúnach nó chun a fheidhmithe.

2. Más rud é, tar éis fógra a thabhairt do na páirtithe lena mbaineann a mbarúlacha a chur isteach, go bhfaighidh an Coimisiún go bhfuil cabhair a thug Stát nó a tugadh trí bhíthin acmhainní Stáit gan bheith ag luí leis an gcómhargadh ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 87, nó go bhfuil an chabhair sin á mí-úsáid, cinnfidh sé go ndlíonn an Stát sin an chabhair sin a dhíothú nó a athrú laistigh de thréimhse a chinnfidh an Coimisiún.

Mura gcomhlíonfaidh an Stát áirithe an cinneadh sin laistigh den tréimhse ordaithe, féadfaidh an Coimisiún nó aon Stát leasmhar eile, de mhaolú ar fhorálacha Airteagail 226 agus 227, an t-ábhar a thabhairt faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais go díreach.

Féadfaidh an Chomhairle, ar iarratas ó Bhallstát, ag gníomhú di d'aon toil, a chinneadh go measfar cabhair atá á tabhairt nó le tabhairt ag an Stát sin a bheith ag luí leis an gcómhargadh, de mhaolú ar fhorálacha Airteagal 87 nó ar na rialacháin dá bhforáiltear in Airteagal 89, má fhágann imthosca eisceachtúla gur cinneadh cóir é sin. Más rud é maidir leis an gcabhair sin, go bhfuil an Coimisiún tar éis an nós imeachta dá bhforáiltear sa chéad fhomhír den mhír sin a thionscnamh cheana féin, beidh d'éifeacht ag an iarratas chun na Comhairle ón Stát atá i gceist go bhfionrófar an nós imeachta sin go dtí gur feasach cad é dearcadh na Comhairle.

Más rud é, áfach, nach mbeidh a dearcadh curtha in iúl ag an gComhairle laistigh de thrí mhí ó rinneadh an t-iarratas sin, tabharfaidh an Coimisiún a chinneadh ar an gcás.

3. Cuirfear i bhfios don Choimisiún, in am trátha ionas go bhféadfaidh sé a bharúlacha a thabhairt, aon phleananna chun cabhair a thabhairt nó a athrú. Má mheasann sé go bhfuil aon phlean den sórt sin gan bheith ag luí leis an gcómhargadh, ag féachaint d'Airteagal 87, tionscnóidh sé, gan mhoill, an nós imeachta dá bhforáiltear i mír 2. Ní chuirfidh an Ballstát áirithe na bearta atá ceaptha aige in éifeacht go dtí go bhfaighfear cinneadh críochnaitheach de thoradh an nós imeachta sin.

Airteagal 89

Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, aon rialacháin fóinteach a dhéanamh chun Airteagail 87 agus 88 a chur chun feidhme, agus féadfaidh sí go háirithe na coinníollacha ina mbeidh Airteagal 83(3) infheidhme a chinneadh mar aon leis na cineálacha cabhrach atá eiscthe ón nós imeachta seo.

CAIBIDIL 2

FORÁLACHA CÁNACHAIS

Airteagal 90

Ní fhorchuirfidh aon Bhallstát, go díreach ná go hindíreach, ar tháirgí Ballstát eile aon chánachas inmheánach de shaghas ar bith de bhreis ar a bhforchuirtear go díreach nó go hindíreach ar a samhail dá tháirgí náisiúnta féin.

Fairis sin, ní fhorchuirfidh aon Bhallstát ar tháirgí Ballstát eile aon chánachas inmheánach de shaghas a thabharfaidh cosaint indíreach do tháirgí eile.

Airteagal 91

I gcás earraí a onnmhairítear go críoch aon Bhallstáit, ní bheidh aon aisíocaíocht ar chánachas inmheánach níos mó ná an cánachas inmheánach a forchuireadh orthu, go díreach nó go hindíreach.

Airteagal 92

I gcás muirear seachas cánacha láimhdeachais, dleachtanna máil agus cineálacha eile cánachais indírigh, ní cead maithiúnais ná aisíocaíochtaí i leith onnmhairí go Ballstáit eile a dheonú ná ní cead muirir frithchúitimh i leith allmhairí ó Bhallstáit a fhorchur mura mbeidh na bearta a mheabhraítear formheasta roimh ré go ceann tréimhse teoranta ag an gComhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún.

Airteagal 93

Glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, na forálacha maidir le comhchuibhiú reachtaíochta a bhaineann le cánacha láimhdeachais, dleachtanna máil agus cineálacha eile cánachais indírigh a mhéad is gá an comhchuibhiú sin chun bunú agus oibriú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú laistigh den tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 14.

CAIBIDIL 3

DLÍTHE A CHOMHFHOGASÚ

Airteagal 94

Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, treoracha a ghlacadh le haghaidh chomhfhogasú fhorálacha reachtaíochta nó rialúcháin nó riaracháin na mBallstát a dhéanann difear go díreach do bhunú nó d'oibriú an chómhargaidh.

Airteagal 95

1. De mhaolú ar Airteagal 94 agus ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt sa Chonradh seo, beidh na forálacha seo a leanas infheidhme d'fhonn na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 14 a bhaint amach. Glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, na bearta maidir le comhfhogasú na bhforálacha reachtaíochta nó rialúcháin nó riaracháin atá ceaptha sna Ballstáit chun an margadh inmheánach a bhunú agus a oibriú.

2. Ní bheidh mír 1 infheidhme i leith forálacha fioscacha, forálacha maidir le saorghluaiseacht daoine ná forálacha maidir le cearta agus leas fostaithe.

3. Is ar ardleibhéal cosanta a bheidh tograí an Choimisiúin dá bhforáiltear i mír 1 maidir le sláinte, sábháilteacht, cosaint an chomhshaoil agus cosaint an tomhaltóra bunaithe, agus aon fhorbairt nua atá bunaithe ar fhíorais eolaíocha á cur san áireamh ach go háirithe. Faoi chuimsiú a gcumhachtaí faoi seach, féachfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle freisin leis an gcuspóir sin a bhaint amach.

4. Más rud é, tar éis don Chomhairle nó don Choimisiún beart comhchuibhithe a ghlacadh, go measann Ballstát gur gá forálacha náisiúnta a choimeád ar bun de bharr riachtanais thábhachtacha dá dtagraítear in Airteagal 30 nó a bhaineann le cosaint an chomhshaoil nó na timpeallachta oibre, cuirfidh sé na forálacha sin, maille leis na forais atá lena gcoimeád ar bun, in iúl don Choimisiún.

5. Thairis sin, gan dochar do mhír 4, más rud é, tar éis don Chomhairle nó don Choimisiún beart comhchuibhithe a ghlacadh, go measann Ballstát gur gá forálacha náisiúnta a thabhairt isteach atá bunaithe ar fhianaise eolaíoch nua maidir le cosaint an chomhshaoil nó na timpeallachta oibre de bharr fadhb a bhaineann go leithleach leis an mBallstát sin agus a thagann chun cinn tar éis don bheart comhchuibhithe a bheith glactha, cuirfidh sé na forálacha arna mbeartú, maille leis na forais atá lena dtabhairt isteach, in iúl don Choimisiún.

6. Laistigh de shé mhí ó na fógraí dá dtagraítear i míreanna 4 agus 5 a fháil, déanfaidh an Coimisiún na forálacha náisiúnta i gceist a fhormheas nó a dhiúltú tar éis dó a fhíorú an bhfuil nó nach bhfuil áis á baint astu le haghaidh idirdhealú treallach nó chun srianadh faoi cheilt a dhéanamh ar an trádáil idir Ballstáit agus an bhfuil nó nach bhfuil siad ina gconstaic d'fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

Mura ndéanfaidh an Coimisiún cinneadh laistigh den tréimhse sin, measfar go bhfuil na forálacha náisiúnta dá dtagraítear i míreanna 4 agus 5 formheasta.

Nuair atá call leis sin mar gheall ar chastacht an ábhair agus in éagmais contúirte do shláinte an duine, féadfaidh an Coimisiún a chur in iúl don Bhallstát i dtrácht go bhféadfar an tréimhse dá dtagraítear sa mhír seo a fhadú go ceann tréimhse eile suas go sé mhí.

7. Nuair a údaraítear do Bhallstát, de bhun mhír 6, forálacha náisiúnta a choimeád ar bun nó a thabhairt isteach de mhaolú ar bheart comhchuibhithe, scrúdóidh an Coimisiún láithreach an cóir oiriúnú ar an mbeart sin a mholadh.

8. Nuair a ardaíonn Ballstát fadhb shonrach sláinte poiblí i réimse a bhí ina ábhar roimhe sin do bhearta comhchuibhithe, tabharfaidh sé ar aird don Choimisiún í agus scrúdóidh an Coimisiún láithreach an cóir bearta iomchuí a mholadh don Chomhairle.

9. De mhaolú ar an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagail 226 agus 227, féadfaidh an Coimisiún nó Ballstát ar bith an t-ábhar a thabhairt díreach os comhair na Cúirte Breithiúnais má mheasann sé go bhfuil Ballstát eile ag baint mí-úsáide as na cumhachtaí dá bhforáiltear san Airteagal seo.

10. Beidh sna bearta comhchuibhithe dá dtagraítear anseo thuas, i ngach cás is iomchuí, clásal cosanta lena n-údarófar do na Ballstáit, ar cheann amháin nó níos mó de na cúiseanna neamheacnamaíocha dá dtagraítear in Airteagal 30, bearta sealadacha a ghlacadh faoi réir nós imeachta rialaithe Comhphobail.

Airteagal 96

Má fhaigheann an Coimisiún go bhfuil difríocht idir na forálacha reachtaíochta nó rialúcháin nó riaracháin i mBallstáit atá ag saobhadh na gcoinníollacha iomaíochta sa chómhargadh agus gur gá an saobhadh dá dheasca sin a dhíchur, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit atá i gceist.

Mura dtiocfaidh as an dáil chomhairle sin comhaontú trína ndíchuirfear an saobhadh áirithe, déanfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, na treoracha is gá a eisiúint. Féadfaidh an Coimisiún agus an Chomhairle aon bhearta iomchuí eile a dhéanamh a bhforáiltear dóibh sa Chonradh seo.

Airteagal 97

1. Má bhíonn cúis ann chun a cheapadh gur baolach saobhadh de réir bhrí Airteagal 96 a theacht as foráil reachtaíochta nó rialúcháin nó riaracháin a ghlacadh nó a leasú, rachaidh Ballstát i gcomhairle leis an gCoimisiún má theastaíonn uaidh dul ar aghaidh leis an bhforáil sin a ghlacadh nó a leasú. Tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit, molfaidh an Coimisiún do na Stáit lena mbaineann cibé bearta is iomchuí chun an saobhadh sin a sheachaint.

2. Mura gcomhlíonfaidh an Stát a dteastaíonn uaidh forálacha dá chuid féin a thabhairt isteach nó a leasú an moladh a thug an Coimisiún dó, ní iarrfar, de bhun Airteagal 96, ar na Ballstáit eile a bhforálacha féin a leasú chun an saobhadh sin a dhíchur. Má bhíonn an Ballstát a thug neamhaird ar mholadh an Choimisiúin ina chúis le saobhadh a rachaidh chun dochair dó féin amháin, ní bheidh feidhm le forálacha Airteagal 96.

TEIDEAL VII

BEARTAS EACNAMAÍOCH AGUS AIRGEADAÍOCHTA

CAIBIDIL 1

BEARTAS EACNAMAÍOCH

Airteagal 98

Seolfaidh na Ballstáit a mbeartais eacnamaíocha d'fhonn rannchuidiú le gnóthú chuspóirí an Chomhphobail, mar atá siad sainithe in Airteagal 2, agus faoi chuimsiú na mór-threoirlínte dá dtagraítear in Airteagal 99(2). Gníomhóidh na Ballstáit agus an Comhphobal i gcomhréir le prionsabal geilleagair mhargaidh oscailte le saoriomaíocht ar mhaithe le cionroinnt éifeachtach acmhainní agus ag comhlíonadh na bprionsabal atá leagtha amach in Airteagal 4.

Airteagal 99

1. Measfaidh na Ballstáit gur ábhar leasa choitinn a mbeartais eacnamaíocha agus déanfaidh siad comhordú orthu i dtionól na Comhairle, i gcomhréir le forálacha Airteagal 98.

2. Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar mholadh ón gCoimisiún, dréacht a fhoirmiú de mhór-threoirlínte bheartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Chomhphobail agus déanfaidh sí tuarascáil ar a machnamh don Chomhairle Eorpach.

Déanfaidh an Chomhairle Eorpach, ag gníomhú di ar bhonn na tuarascála sin ón gComhairle, conclúid a phlé ar mhór-threoirlínte bheartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Chomhphobail.

Ar bhonn na conclúide sin, glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, moladh a shocróidh na mór-threoirlínte sin. Cuirfidh an Chomhairle Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoina moladh.

3. D'fhonn comhordú níos dlúithe ar na beartais eacnamaíocha agus cóineasú marthanach ar fheidhmiú eacnamaíoch na mBallstát a áirithiú, déanfaidh an Chomhairle, ar bhonn tuarascálacha a chuirfidh an Coimisiún faoina bráid, faireachán ar fhorbairt eacnamaíoch i ngach ceann de na Ballstáit agus sa Chomhphobal agus ar chomhchuibheas na mbeartas eacnamaíoch leis na mór-threoirlínte dá dtagraítear i mír 2 agus measúnú foriomlán go tráthrialta.

Chun críocha an fhaireacháin iltaobhaigh sin, cuirfidh na Ballstáit faisnéis chuig an gCoimisiún ar bhearta tábhachtacha arna nglacadh acu i réimse a mbeartais eacnamaíoch agus pé faisnéis eile a mheasann siad is gá.

4. Má shuitear, faoi chuimsiú an nós imeachta dá dtagraítear i mír 3, nach bhfuil beartais eacnamaíocha Ballstáit comhchuí leis na mór-threoirlínte dá dtagraítear i mír 2 nó gur dóigh dóibh oibriú rianúil an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta a chur i gcontúirt, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar mholadh ón gCoimisiún, na moltaí is gá a dhíriú chuig an mBallstát i dtrácht. Féadfaidh an Chomhairle a chinneadh, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, a moltaí a phoibliú.

Déanfaidh Uachtarán na Comhairle agus an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa ar thorthaí an fhaireacháin iltaobhaigh. Féadfar a iarraidh ar Uachtarán na Comhairle láithriú os comhair choiste inniúil Pharlaimint na hEorpa má bhíonn a moltaí poiblithe ag an gComhairle.

5. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 252, rialacha mionsonraithe a ghlacadh don nós imeachta faireacháin iltaobhaigh dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 den Airteagal seo.

Airteagal 100

1. Gan dochar d'aon nósanna imeachta eile dá bhforáiltear sa Chonradh seo, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, na bearta is iomchuí don chor eacnamaíoch a chinneadh, go háirithe má tharlaíonn géardheacrachtaí maidir le soláthar táirgí áirithe.

2. I gcás Ballstát a bheith i ndeacrachtaí nó géardheacrachtaí a bheith ag dianbhagairt air de bhun tubaistí nádúrtha nó tarluithe eisceachtúla nach bhfuil neart aige orthu, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, cabhair airgeadais Chomhphobail a dheonú faoi choinníollacha áirithe don Bhallstát i dtrácht. Cuirfidh Uachtarán na Comhairle Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoin gcinneadh a glacadh.

Airteagal 101

1. Toirmiscfear ar BCE agus ar bhainc cheannais na mBallstát (dá ngairtear "bainc cheannais náisiúnta" anseo feasta) saoráidí rótharraingtí nó aon saoráid chreidmheasa de shaghas ar bith eile a thabhairt i bhfabhar institiúidí nó comhlachtaí Comhphobail, Rialtais Láir, údarás réigiúnach nó áitiúil nó údarás poiblí eile, comhlachtaí eile arna rialú ag an dlí poiblí nó gnóthas poiblí sna Ballstáit, agus toirmiscfear freisin ar BCE nó ar bhainc cheannais náisiúnta ionstraimí fiachais a cheannach go díreach uathu.

2. Ní bheidh forálacha mhír 1 infheidhme ar institiúidí creidmheasa ar úinéireacht phoiblí ar a gcuirfidh bainc cheannais náisiúnta agus BCE, i gcomhthéacs soláthar cúlchistí ó bhainc cheannais, an chóir chéanna a chuirtear ar institiúidí creidmheasa príobháideacha.

Airteagal 102

1. Toirmiscfear aon bheart, nach bhfuil bunaithe ar dhálaí stuamachta, a thugann rochtain phribhléideach d'institiúidí nó comhlachtaí Comhphobail, do Rialtais Láir, d'údaráis réigiúnacha nó áitiúla nó d'údaráis phoiblí eile, do chomhlachtaí eile arna rialú faoin dlí poiblí nó do ghnóthais phoiblí sna Ballstáit ar institiúidí airgeadais.

2. Déanfaidh an Chomhairle, roimh an 1 Eanáir 1994, ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 252, sainmhínithe a shonrú maidir le cur chun feidhme an toirmisc dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 103

1. Ceangaltais Rialtais Láir, údarás réigiúnach nó áitiúil nó údarás poiblí eile, comhlachtaí eile arna rialú faoin dlí poiblí nó gnóthas poiblí de chuid aon Bhallstáit, ní bheidh an Comhphobal faoi dhliteanas ina leith ná ní ghabhfaidh sé air féin iad, gan dochar do ráthaíochtaí airgeadais frithpháirteacha ar mhaithe le comhghnóthú tionscadail shonraigh. Ceangaltais Rialtais Láir, údarás réigiúnach nó áitiúil nó údarás poiblí eile, comhlachtaí eile arna rialú faoin dlí poiblí nó gnóthas poiblí de chuid Ballstáit eile, ní bheidh Ballstát faoi dhliteanas ina leith, ná ní ghabhfaidh sé air féin iad, gan dochar do ráthaíochtaí airgeadais frithpháirteacha ar mhaithe le comhghnóthú tionscadail shonraigh.

2. Féadfaidh an Chomhairle, más gá, ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 252, sainmhínithe a shonrú maidir le cur chun feidhme na dtoirmeasc dá dtagraítear in Airteagal 101 agus san Airteagal seo.

Airteagal 104

1. Seachnóidh na Ballstáit easnaimh rialtais iomarcacha.

2. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar fhorbairt an choir bhuiséadaigh agus ar stoc an fhiachais rialtais sna Ballstáit d'fhonn ollearráidí a shainaithint. Scrúdóidh sé ach go háirithe comhlíonadh smachta bhuiséadaigh ar bhonn an dá chritéar seo a leanas:

(a) an dtéann an cóimheas idir an t-easnamh rialtais pleanáilte nó iarbhír agus an olltáirgeacht intíre thar luach tagartha,

- mura bhfuil an cóimheas tar éis ísliú go suntasach leanúnach agus mura bhfuil sé tar éis leibhéal a shroicheadh atá gar don luach tagartha;

- nó, ina mhalairt de chás, mura bhfuil an farasbarr thar an luach tagartha eisceachtúil agus sealadach amháin agus mura bhfanann an cóimheas gar don luach tagartha;

(b) an dtéann an cóimheas idir an fiachas rialtais agus an olltáirgeacht intíre thar luach tagartha, mura bhfuil an cóimheas ag laghdú a dhóthain agus ag druidim ar luas sásúil leis an luach tagartha.

Sonraítear na luachanna tagartha sa Phrótacal maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach atá i gceangal leis an gConradh seo.

3. Mura ndéanann Ballstát na ceanglais faoi cheann amháin de na critéir sin nó faoin dá cheann a chomhall, ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil. Cuirfear san áireamh freisin i dtuarascáil an Choimisiúin an dtéann an t-easnamh rialtais thar chaiteachas infheistíochta rialtais maille le gach toisc ábhartha eile lena n-áirítear cor eacnamaíoch agus buiséadach meántéarmach an Bhallstáit.

Féadfaidh an Coimisiún tuarascáil a ullmhú freisin má tá sé den tuairim, d'ainneoin chomhall na gceanglas faoi na critéir, go bhfuil baol easnaimh iomarcaigh ann i mBallstát.

4. Foirmeoidh an Coiste dá bhforáiltear in Airteagal 114 tuairim ar thuarascáil an Choimisiúin.

5. Má mheasann an Coimisiún go bhfuil easnamh iomarcach nó baol easnaimh iomarcaigh ann i mBallstát, déanfaidh sé tuairim a dhíriú chuig an gComhairle.

6. Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar mholadh ón gCoimisiún agus tar éis aon bharúlacha a chur san áireamh is mian leis an mBallstát i dtrácht a chur faoina bráid, a chinneadh tar éis measúnú foriomlán an bhfuil easnamh iomarcach ann.

7. Má chinntear de réir mhír 6 go bhfuil easnamh iomarcach ann, déanfaidh an Chomhairle moltaí a dhíriú chuig an mBallstát i dtrácht chun deireadh a chur leis an gcor sin laistigh de thréimhse a thugtar. Faoi réir fhorálacha mhír 8, ní dhéanfar na moltaí sin a phoibliú.

8. Má shuíonn an Chomhairle nach bhfuil aon ghníomhaíocht éifeachtach déanta mar fhreagra ar a moltaí laistigh den tréimhse fhorordaithe, féadfaidh sí a moltaí a phoibliú.

9. Má leanann Ballstát de bheith ag mainneachtain na moltaí ón gComhairle a chur i ngníomh, féadfaidh an Chomhairle a chinneadh foláireamh a thabhairt don Bhallstát bearta a ghlacadh laistigh de thréimhse shonraithe chun an laghdú easnaimh a bhaint amach a mheasann an Chomhairle a bheith riachtanach chun an cor a leigheas.

Féadfaidh an Chomhairle, i gcás den sórt sin, a iarraidh ar an mBallstát i dtrácht tuarascálacha a chur chuici de réir tráthchláir shonraigh chun iarrachtaí coigeartaithe an Bhallstáit sin a scrúdú.

10. Ní fhéadfar na cearta chun caingne a thionscnamh, dá bhforáiltear in Airteagail 226 agus 227, a fheidhmiú faoi chuimsiú mhíreanna 1 go 9 den Airteagal seo.

11. Fad nach gcomhlíonann Ballstát cinneadh arna ghlacadh i gcomhréir le mír 9, féadfaidh an Chomhairle a chinneadh beart nó bearta de na cinn seo a leanas a chur chun feidhme nó, de réir mar a bheidh, a threisiú:

- a cheangal ar an mBallstát i dtrácht tuilleadh faisnéise, a shonróidh an Chomhairle, a fhoilsiú sula n-eiseoidh sé bannaí agus urrúis;

- a iarraidh ar an mBanc Eorpach Infheistíochta a bheartas a athbhreithniú maidir le hiasachtaí a thabhairt don Bhallstát i dtrácht;

- a cheangal ar an mBallstát i dtrácht taisce neamhúsmhar de mhéid iomchuí a dhéanamh leis an gComhphobal go dtí go measfaidh an Chomhairle go bhfuil an t-easnamh iomarcach ceartaithe;

- fíneálacha iomchuí a ghearradh.

Cuirfidh Uachtarán na Comhairle Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi na cinntí a glacadh.

12. Déanfaidh an Chomhairle cuid de na cinntí nó na cinntí uile dá dtagraítear i míreanna 6 go 9 agus 11 a aisghairm a mhéad atá an t-easnamh iomarcach sa Bhallstát i dtrácht ceartaithe, dar léi. Má tá moltaí poiblí déanta ag an gComhairle roimhe sin, déanfaidh sí, a luaithe a aisghairfear an cinneadh faoi mhír 8, ráiteas poiblí nach bhfuil easnamh iomarcach ann a thuilleadh sa Bhallstát i dtrácht.

13. Agus na cinntí ón gComhairle dá dtagraítear i míreanna 7 go 9, 11 agus 12 á nglacadh aici, gníomhóidh an Chomhairle ar mholadh ón gCoimisiún trí thromlach dhá thrian de vótaí a comhaltaí arna n-ualú i gcomhréir le hAirteagal 205(2) agus seachas vótaí ionadaí an Bhallstáit i dtrácht.

14. Tá a thuilleadh forálacha maidir le cur chun feidhme an nós imeachta atá tuairiscithe san Airteagal seo leagtha amach sa Phrótacal maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach atá i gceangal leis an gConradh seo.

Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus le BCE, na forálacha iomchuí a ghlacadh a chuirfear in ionad an Phrótacail sin.

Faoi réir fhorálacha eile na míre seo, déanfaidh an Chomhairle roimh an 1 Eanáir 1994, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, rialacha mionsonraithe agus sainmhínithe a leagan síos chun forálacha an Phrótacail sin a chur chun feidhme.

CAIBIDIL 2

BEARTAS AIRGEADAÍOCHTA

Airteagal 105

1. Beidh de chuspóir príomhúil ag CEBC cobhsaíocht phraghsanna a choimeád ar bun. Gan dochar do chuspóir na cobhsaíochta praghsanna, tacóidh CEBC leis na beartais ghinearálta eacnamaíocha sa Chomhphobal d'fhonn rannchuidiú le gnóthú chuspóirí an Chomhphobail mar atá siad leagtha síos in Airteagal 2. Gníomhóidh CEBC i gcomhréir le prionsabal geilleagair mhargaidh oscailte le saoriomaíocht ar mhaithe le cionroinnt éifeachtach acmhainní agus na prionsabail atá leagtha amach in Airteagal 4 á n-urramú aige.

2. Is iad na bunchúraimí a chuirfear i gcrích trí CEBC:

- beartas airgeadaíochta an Chomhphobail a shainiú agus a chur chun feidhme;

- oibríochtaí um malairt eachtrach is comhchuí le forálacha Airteagal 111 a sheoladh;

- cúlchistí oifigiúla eachtracha na mBallstát a shealbhú agus a bhainisteoireacht;

- oibriú rianúil córais íocaíochtaí a chur ar aghaidh.

3. Beidh an tríú fleasc de mhír 2 gan dochar do Rialtais Bhallstát iarmhéideanna oibre malairte eachtraí a shealbhú agus a bhainisteoireacht.

4. I dtaca le BCE:

- rachfar i gcomhairle leis maidir le haon ghníomh Comhphobail arna bheartú laistigh dá réimsí inniúlachta;

- rachaidh údaráis náisiúnta i gcomhairle leis maidir le haon dréachtfhoráil reachtaíochta laistigh dá réimsí inniúlachta, ach faoi na teorainneacha agus na coinníollacha atá leagtha amach ag an gComhairle i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 107(6).

Féadfaidh BCE tuairimí ar ábhair laistigh dá réimsí inniúlachta a chur faoi bhráid na n-institiúidí nó na gcomhlachtaí Comhphobail iomchuí nó faoi bhráid na n-údarás náisiúnta.

5. Rannchuideoidh CEBC le seoladh rianúil beartas arna saothrú ag na húdaráis inniúla a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus le cobhsaíocht an chórais airgeadais.

6. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le BCE agus tar éis do Pharlaimint na hEorpa aontú, cúraimí sonracha a chur ar BCE i leith beartas a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais eile seachas gnóthais árachais.

Airteagal 106

1. Beidh ag BCE an ceart eisiach chun eisiúint nótaí bainc laistigh den Chomhphobal a údarú. Féadfaidh BCE agus na bainc cheannais náisiúnta nótaí bainc den sórt sin a eisiúint. Is ag na nótaí bainc arna n-eisiúint ag BCE agus ag na bainc cheannais náisiúnta, agus ag nótaí bainc den sórt sin amháin, a bheidh an stádas dlíthairisceana laistigh den Chomhphobal.

2. Féadfaidh na Ballstáit monaí a eisiúint faoi réir ceadú ó BCE maidir le méid na heisiúna. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 252 agus tar éis dul i gcomhairle le BCE, bearta a ghlacadh chun ainmníochtaí agus sonraíochtaí teicniúla na monaí go léir le haghaidh cúrsaíochta a chomhchuibhiú a mhéad is gá chun a gcúrsaíocht réidh laistigh den Chomhphobal a cheadú.

Airteagal 107

1. Comhdhéanfar CEBC de BCE agus de na bainc cheannais náisiúnta.

2. Beidh pearsantacht dhlítheanach ag BCE.

3. Is iad comhlachtaí cinnteoireachta BCE, arb iad an Chomhairle Rialaithe agus an Bord Feidhmiúcháin, a rialóidh CEBC.

4. Tá Reacht CEBC agus BCE leagtha síos i bPrótacal atá i gceangal leis an gConradh seo.

5. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar mholadh ó BCE agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún nó ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le BCE, Airteagail 5.1, 5.2, 5.3, 17, 18, 19.1, 22, 23, 24, 26, 32.2, 32.3, 32.4, 32.6, 33.1(a) agus 36 de Reacht CEBC a leasú. I gceachtar den dá chás is gá do Pharlaimint na hEorpa aontú.

6. Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus le BCE nó ar mholadh ó BCE agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoimisiún, na forálacha dá dtagraítear in Airteagail 4, 5.4, 19.2, 20, 28.1, 29.2, 30.4 agus 34.3 de Reacht CEBC a ghlacadh.

Airteagal 108

I bhfeidhmiú na gcumhachtaí agus i gcomhlíonadh na gcúraimí agus na ndualgas a chuirtear orthu sa Chonradh seo agus i Reacht CEBC, ní fhéadfaidh BCE, banc ceannais Ballstáit ná aon chomhalta dá gcomhlachtaí cinnteoireachta teagaisc a iarraidh ná a ghlacadh ó institiúidí ná comhlachtaí Comhphobail, ó aon Rialtas Ballstáit ná ó aon chomhlacht eile. Gabhfaidh institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail maille le Rialtais na mBallstát orthu féin an prionsabal sin a urramú agus gan a iarraidh tionchar a oibriú ar chomhaltaí chomhlachtaí cinnteoireachta BCE nó na mbanc ceannais náisiúnta i gcomhlíonadh a gcúraimí.

Airteagal 109

Áiritheoidh gach Ballstát, roimh dháta CEBC a bhunú ar a dhéanaí, go bhfuil a chuid reachtaíochta náisiúnta, lena n-áirítear Reachtanna a bhainc cheannais náisiúnta, ag luí leis an gConradh seo agus le Reacht CEBC.

Airteagal 110

1. D'fhonn na cúraimí a chuirtear de chúram ar CEBC a chomhlíonadh, déanfaidh BCE i gcomhréir le forálacha an Chonartha seo agus faoi na coinníollacha atá leagtha síos i Reacht CEBC:

- rialacháin a dhéanamh a mhéad is gá chun na cúraimí atá sainithe sa chéad fhleasc d'Airteagal 3.1, in Airteagail 19.1, 22 nó 25.2 de Reacht CEBC a chur chun feidhme agus i gcásanna a leagfar síos i ngníomhartha na Comhairle dá dtagraítear in Airteagal 107(6);

- cinntí a ghlacadh is gá chun na cúraimí a chuirtear de chúram ar CEBC faoin gConradh seo agus faoi Reacht CEBC a chomhlíonadh;

- moltaí agus tuairimí a thabhairt.

2. Beidh feidhm ghinearálta ag rialachán. Beidh sé ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Ní bheidh aon bhrí cheangailteach le moltaí ná le tuairimí.

Beidh cinneadh ina cheangal go huile agus go hiomlán orthu siúd a ndíreofar chucu é.

Beidh Airteagail 253, 254 agus 256 infheidhme ar rialacháin agus ar chinntí arna nglacadh ag BCE.

Féadfaidh BCE a chinneadh a chinntí, a mholtaí agus a thuairimí a fhoilsiú.

3. Faoi na teorainneacha agus faoi na coinníollacha arna nglacadh ag an gComhairle faoin nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 107(6), beidh BCE i dteideal fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur ar ghnóthais mura gcomhlíonfar na hoibleagáidí faoina rialacháin agus faoina chinntí.

Airteagal 111

1. De mhaolú ar Airteagal 300, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar mholadh ó BCE nó ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le BCE d'fhonn teacht ar comhthoil is comhchuí leis an gcuspóir cobhsaíochta praghsanna, tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, i gcomhréir le nósanna imeachta shocruithe mhír 3, comhaontuithe foirmiúla a thabhairt i gcrích ar chóras rátaí malairte don ECU i ndáil le hairgeadraí neamhchomhphobail. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar mholadh ó BCE nó ón gCoimisiún, agus tar éis dul i gcomhairle le BCE d'fhonn teacht ar comhthoil is comhchuí leis an gcuspóir cobhsaíochta praghsanna, rátaí lárnacha an ECU a ghlacadh, a choigeartú agus a thréigean laistigh den chóras rátaí malairte. Cuirfidh Uachtarán na Comhairle Parlaimint na hEorpa ar an eolas maidir le glacadh, coigeartú nó tréigean rátaí lárnacha an ECU.

2. In éagmais córais rátaí malairte i ndáil le hairgeadra neamhchomhphobail amháin nó níos mó dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar mholadh ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le BCE nó ag gníomhú di ar thogra ó BCE, treoshuímh ghinearálta le haghaidh beartas rátaí malairte a fhoirmiú i ndáil leis na hairgeadraí sin. Beidh na treoshuímh ghinearálta sin gan dochar do chuspóir príomhúil CEBC.i. cobhsaíocht phraghsanna a choimeád ar bun.

3. De mhaolú ar Airteagal 300, más gá comhaontuithe a bhaineann le cúrsaí airgeadaíochta nó cúrsaí córais mhalairte eachtraí a chaibidil ag an gComhphobal le Stát amháin nó níos mó nó le heagraíocht idirnáisiúnta amháin nó níos mó, déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar mholadh ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le BCE, na socruithe do chaibidlíocht agus do thabhairt i gcrích na gcomhaontuithe sin a chinneadh. Áiritheoidh na socruithe sin go gcuireann an Comhphobal friotal ar sheasamh aonair. Beidh an Coimisiún comhlachaithe go hiomlán leis an gcaibidlíocht sin.

Beidh comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích i gcomhréir leis an mír seo ina gceangal ar institiúidí an Chomhphobail, ar BCE agus ar na Ballstáit.

4. Faoi réir mhír 1, déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le BCE, seasamh an Chomhphobail ar an leibhéal idirnáisiúnta maidir le saincheisteanna a bhfuil tábhacht speisialta ag roinnt leo i leith an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta agus ionadaíocht an Chomhphobail a chinneadh, agus í ag urramú chionroinnt na gcumhachtaí atá leagtha síos in Airteagail 99 agus 105.

5. Gan dochar d'inniúlacht Chomhphobail agus do chomhaontuithe Comhphobail maidir leis an Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta, féadfaidh na Ballstáit dul i mbun caibidlíochta i gcomhlachtaí idirnáisiúnta agus comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích.

CAIBIDIL 3

FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA

Airteagal 112

1. Beidh ar Chomhairle Rialaithe BCE comhaltaí Bhord Feidhmiúcháin BCE agus Gobharnóirí na mbanc ceannais náisiúnta.

2. (a) Beidh ar Bhord Feidhmiúcháin BCE an tUachtarán, an Leasuachtarán agus ceithre chomhalta eile.

(b) Déanfaidh Rialtais na mBallstát de thoil a chéile ar leibhéal na gCeannairí Stáit nó Rialtais, ar mholadh ón gComhairle tar éis di dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus le Comhairle Rialaithe BCE, Uachtarán, Leasuachtarán agus comhaltaí eile an Bhord Feidhmiúcháin a cheapadh as measc daoine a bhfuil gradam agus taithí ghairmiúil aitheanta acu i réimsí airgeadaíochta nó baincéireachta.

Ocht mbliana a bheidh ina dtéarma oifige agus ní fhéadfar é a athnuachan.

Ní féidir a bheith ina gcomhaltaí den Bhord Feidhmiúcháin ach amháin náisiúnaigh de na Ballstáit.

Airteagal 113

1. Féadfaidh Uachtarán na Comhairle agus comhalta den Choimisiún bheith rannpháirteach, gan ceart vótála, i gcruinnithe Chomhairle Rialaithe BCE.

Féadfaidh Uachtarán na Comhairle tairiscint plé a chur faoi bhráid Chomhairle Rialaithe BCE.

2. Iarrfar ar Uachtarán BCE bheith rannpháirteach i gcruinnithe na Comhairle nuair a bheidh ceisteanna a bhaineann le cuspóirí agus le cúraimí CEBC á bplé ag an gComhairle.

3. Díreoidh BCE tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí CEBC agus ar bheartas airgeadaíochta na bliana roimhe sin agus na bliana reatha chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún, agus chuig an gComhairle Eorpach freisin. Tíolacfaidh Uachtarán BCE an tuarascáil sin don Chomhairle agus do Pharlaimint na hEorpa; féadfaidh Parlaimint na hEorpa díospóireacht ghinearálta a chur ar siúl ar an mbonn sin.

Féadfaidh na coistí inniúla de chuid Pharlaimint na hEorpa Uachtarán BCE agus comhaltaí eile an Bhord Feidhmiúcháin a éisteacht arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa nó don Uachtarán agus do na comhaltaí ar a dtionscnamh féin.

Airteagal 114

1. Chun comhordú bheartais na mBallstát a chur ar aghaidh a mhéad is gá ar mhaithe le hoibriú an mhargaidh inmheánaigh, bunaítear leis seo Coiste Airgeadaíochta le stádas comhairleach.

Beidh de chúram air:

- cor airgeadaíochta agus airgeadais na mBallstát agus an Chomhphobail agus córas ginearálta íocaíochtaí na mBallstát a choimeád faoi léirmheas agus tuarascáil a dhéanamh go tráthrialta don Chomhairle agus don Choimisiún ar an ábhar sin;

- tuairimí a thabhairt, arna iarraidh sin don Chomhairle nó don Choimisiún nó ar a thionscnamh féin, le cur faoi bhráid na n-institiúidí sin;

- gan dochar d'Airteagal 207, rannchuidiú le hullmhú obair na Comhairle dá dtagraítear in Airteagail 59, 60, 99(2), (3), (4) agus (5), 100, 102, 103, 104, 116(2), 117(6), 119, 120, 121(2) agus 122(1);

- an cor a scrúdú, ar a laghad uair sa bhliain, maidir le gluaiseacht chaipitil agus saoirse íocaíochtaí, mar a leanann siad ó chur chun feidhme an Chonartha seo agus beart arna nglacadh ag an gComhairle; folóidh an scrúdú gach beart a bhaineann le gluaiseachtaí caipitil agus le híocaíochtaí; déanfaidh an Coiste tuarascáil don Choimisiún agus don Chomhairle ar thoradh an scrúdaithe sin.

Ceapfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún faoi seach dhá chomhalta den Choiste Airgeadaíochta.

2. Ag tús an tríú céim, cuirfear Coiste Eacnamaíoch agus Airgeadais ar bun. Díscaoilfear an Coiste Airgeadaíochta dá bhforáiltear i mír 1.

Beidh sé de chúram ar an gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais:

- tuairimí a thabhairt, arna iarraidh sin don Chomhairle nó don Choimisiún nó ar a thionscnamh féin, le cur faoi bhráid na n-institiúidí sin;

- cor eacnamaíoch agus airgeadais na mBallstát agus an Chomhphobail a choimeád faoi léirmheas agus tuarascáil a dhéanamh go tráthrialta don Chomhairle agus don Choimisiún, go háirithe ar an gcaidreamh airgeadais le tríú tíortha agus le hinstitiúidí idirnáisiúnta;

- gan dochar d'Airteagal 207, rannchuidiú le hullmhú obair na Comhairle dá dtagraítear in Airteagail 59, 60, 99(2), (3), (4) agus (5), 100, 102, 103, 104, 105(6), 106(2), 107(5) agus (6), 111, 119, 120(2) agus (3), 122(2), 123(4) agus (5) agus na cúraimí comhairleacha agus ullmhúcháin arna sannadh ag an gComhairle dó a chur i gcrích;

- an cor a scrúdú, ar a laghad uair sa bhliain, maidir le gluaiseacht chaipitil agus saoirse íocaíochtaí, mar a leanann siad ó chur chun feidhme an Chonartha seo agus beart arna nglacadh ag an gComhairle; folóidh an scrúdú gach beart a bhaineann le gluaiseachtaí caipitil agus le híocaíochtaí; déanfaidh an Coiste tuarascáil don Choimisiún agus don Chomhairle ar thoradh an scrúdaithe sin.

Ceapfaidh na Ballstáit, an Coimisiún agus BCE faoi seach dhá chomhalta ar a mhéad den Choiste.

3. Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le BCE agus leis an gCoiste dá dtagraítear san Airteagal seo, forálacha mionsonraithe maidir le comhdhéanamh an Choiste Eacnamaíoch agus Airgeadais a leagan síos. Cuirfidh Uachtarán na Comhairle Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi chinneadh den sórt sin.

4. De bhreis ar na cúraimí atá leagtha amach i mír 2, má tá agus fad atá Ballstáit go maolú dá dtagraítear in Airteagail 122 agus 123 ann, coimeádfaidh an Coiste cor airgeadaíochta agus airgeadais maille le córas ginearálta íocaíochtaí na mBallstát sin faoi léirmheas agus déanfaidh sé tuarascáil go tráthrialta don Chomhairle agus don Choimisiún ar an ábhar sin.

Airteagal 115

Féadfaidh an Chomhairle nó Ballstát, i gcúrsaí faoi raon feidhme Airteagail 99(4), 104 seachas mír 14, 111, 121, 122 agus 123(4) agus (5), iarraidh ar an gCoimisiún moladh nó togra a dhéanamh, mar is iomchuí. Scrúdóidh an Coimisiún an iarraidh sin agus cuirfidh sé a chonclúidí faoi bhráid na Comhairle gan mhoill.

CAIBIDIL 4

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA

Airteagal 116

1. Tosóidh an dara céim chun an t-aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta a ghnóthú ar an 1 Eanáir 1994.

2. Roimh an dáta sin,

(a) déanfaidh gach Ballstát:

- na bearta iomchuí a ghlacadh más gá chun na toirmisc atá leagtha síos in Airteagal 56 agus in Airteagail 101 agus 102(1) a chomhlíonadh;

- d'fhonn an measúnú dá bhforáiltear i mír (b) gur féidir cláir ilbhliantúla a ghlacadh, más gá, chun an cóineasú marthanach is gá do ghnóthú an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta a áirithiú, go háirithe maidir le cobhsaíocht phraghsanna agus le hairgeadas poiblí fónta;

(b) déanfaidh an Chomhairle, ar bhonn tuarascáil ón gCoimisiún, an dul chun cinn a bheidh déanta maidir le cóineasú eacnamaíoch agus airgeadaíochta, go háirithe maidir le cobhsaíocht phraghsanna agus le hairgeadas poiblí fónta, a mheasúnú maille leis an dul chun cinn a bheidh déanta maidir le cur chun feidhme na reachtaíochta Comhphobail a bhaineann leis an margadh aonair.

3. Beidh forálacha Airteagail 101, 102(1), 103(1) agus 104, seachas míreanna 1, 9, 11 agus 14, infheidhme ó thús an dara céim.

Beidh forálacha Airteagail 100(2), 104(1), (9) agus (11), 105, 106, 108, 111, 112, 113 agus 114(2) agus (4) infheidhme ó thús an tríú céim.

4. Sa dara céim, féachfaidh Ballstáit le heasnaimh rialtais iomarcacha a sheachaint.

5. Le linn an dara céim, déanfaidh gach Ballstát, mar is iomchuí, tús a chur leis an bpróiseas as a dtiocfaidh neamhspleáchas a bhainc cheannais, i gcomhréir le forálacha Airteagal 109.

Airteagal 117

1. Ag tús an dara céim, bunófar Institiúid Eorpach Airgeadaíochta (dá ngairtear "IEA" anseo feasta) agus rachaidh sí i mbun a dualgas; beidh aici pearsantacht dhlítheanach agus déanfaidh Comhairle ar a mbeidh Uachtarán agus Gobharnóirí na mbanc ceannais náisiúnta, arb é duine amháin acu sin an Leasuachtarán, í a stiúradh agus a bhainisteoireacht.

Déanfaidh Rialtais na mBallstát de thoil a chéile ar leibhéal na gCeannairí Stáit nó Rialtais, ar mholadh ó Chomhairle IEA agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle, an tUachtarán a cheapadh. Roghnófar an tUachtarán as measc daoine a bhfuil gradam agus taithí ghairmiúil aitheanta acu i réimsí airgeadaíochta nó baincéireachta. Ní féidir a bheith ina Uachtarán ar IEA ach náisiúnach de chuid Ballstáit. Ceapfaidh Comhairle IEA an Leasuachtarán.

Tá Reacht IEA leagtha síos i bPrótacal atá i gceangal leis an gConradh seo.

2. Déanfaidh IEA:

- an comhar idir na bainc cheannais náisiúnta a neartú;

- comhordú bheartais airgeadaíochta na mBallstát a neartú ar mhaithe le cobhsaíocht phraghsanna a áirithiú;

- faireachán a dhéanamh ar oibriú an Chórais Eorpaigh Airgeadaíochta;

- comhairliúcháin a chur ar siúl maidir le saincheisteanna a thig faoi inniúlacht na mbanc ceannais náisiúnta agus a dhéanann difear do chobhsaíocht institiúidí agus margaí airgeadais;

- cúraimí an Chiste Eorpaigh um Chomhar Airgeadaíochta, a dhíscaoilfear, a ghabháil chuici féin; tá rialacha mionsonraithe an díscaoilte leagtha síos i Reacht IEA;

- úsáid an ECU a éascú, agus a fhorbairt a mhaoirsiú, lena n-áirítear oibriú rianúil chóras imréitigh an ECU.

3. Ar mhaithe le hullmhú an tríú céim, déanfaidh IEA:

- na hionstraimí agus na nósanna imeachta a ullmhú is gá do bheartas aonair airgeadaíochta a chur i gcrích sa tríú céim;

- comhchuibhiú a chur ar aghaidh, más gá, ar na rialacha agus ar na cleachtais a rialaíonn bailiú, tiomsú agus dáileadh staidrimh sna raonta laistigh dá réimse inniúlachta;

- na rialacha a ullmhú le haghaidh oibríochtaí atá le gabháil ar láimh ag na bainc cheannais náisiúnta faoi chuimsiú CEBC;

- éifeachtúlacht íocaíochtaí trasteorann a chur ar aghaidh;

- ullmhúchán teicniúil nótaí bainc ECU a mhaoirsiú.

Sonróidh IEA ar an 31 Nollaig 1996 ar a dhéanaí an creat rialúcháin, eagrúcháin agus loighistiúil is gá do CEBC chun a chúraimí sa tríú céim a chomhlíonadh. Cuirfear an creat sin faoi bhráid chinneadh BCE ar dháta a bhunaithe.

4. Féadfaidh IEA, ag gníomhú di trí thromlach dhá thrian de chomhaltaí a Comhairle:

- tuairimí nó moltaí a fhoirmiú ar threoshuíomh foriomlán beartas airgeadaíochta agus beartas um rátaí malairte maille le bearta gaolmhara a thugtar isteach i ngach Ballstát;

- tuairimí nó moltaí a chur faoi bhráid Rialtas agus na Comhairle ar bheartais ar dóigh dóibh difear a dhéanamh do chor airgeadaíochta inmheánach nó seachtrach an Chomhphobail agus go háirithe d'oibriú an Chórais Eorpaigh Airgeadaíochta;

- moltaí a dhéanamh d'údaráis airgeadaíochta na mBallstát maidir le seoladh a mbeartais airgeadaíochta.

5. Féadfaidh IEA, ag gníomhú di d'aon toil, a chinneadh a tuairimí agus a moltaí a fhoilsiú.

6. Rachaidh an Chomhairle i gcomhairle le IEA maidir le haon ghníomh Comhphobail arna bheartú laistigh dá réimse inniúlachta.

Faoi na teorainneacha agus faoi na coinníollacha arna leagan amach ag an gComhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus le IEA, rachaidh údaráis na mBallstát i gcomhairle le IEA freisin ar aon dréachtfhoráil reachtaíochta laistigh dá réimse inniúlachta.

7. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus le IEA, cúraimí eile a chur ar IEA d'fhonn an tríú céim a ullmhú.

8. Nuair a fhoráiltear sa Chonradh seo ról comhairleach a bheith ag BCE sa dara céim, tuigfear gur ag tagairt do IEA roimh BCE a bhunú atá tagairtí do BCE.

9. Le linn an dara céim, tuigfear gur ag tagairt do IEA atá an téarma "BCE" a úsáidtear in Airteagail 230, 232, 233, 234, 237 agus 288.

Airteagal 118

Ní athrófar comhdhéanamh airgeadra bhascaed an ECU.

Ó thús an tríú céim, socrófar luach an ECU go neamh-inchúlghairthe i gcomhréir le hAirteagal 123(4).

Airteagal 119

1. I gcás Ballstát a bheith i ndeacrachtaí, nó deacrachtaí a bheith ag dianbhagairt air, maidir lena chomhardú íocaíochtaí mar thoradh ar éagothromaíocht fhoriomlán sa chomhardú sin nó mar thoradh ar an saghas airgeadra atá ar láimh aige, agus nuair is dóigh go háirithe do na deacrachtaí sin oibriú an chómhargaidh nó cur chun feidhme comhleanúnach an chomhbheartais tráchtála a chur i gcontúirt, déanfaidh an Coimisiún imscrúdú láithreach ar riocht an Stáit i gceist agus ar an ngníomh a bheidh déanta ag an Stát sin nó a fhéadfaidh sé a dhéanamh i gcomhréir le forálacha an Chonartha seo, agus úsáid á baint aige as gach meán atá ar láimh aige. Sonróidh an Coimisiún na bearta a mholann sé don Stát i dtrácht lena nglacadh.

Mura leor gníomh an Bhallstáit agus na bearta arna moladh ag an gCoimisiún chun na deacrachtaí atá tagtha chun cinn nó atá ag bagairt a shárú, molfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 114, don Chomhairle cabhair fhrithpháirteach a dheonú maille leis na modhanna iomchuí chuige sin.

Cuirfidh an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas go tráthrialta ar an gcor agus ar aon athrú ann.

2. Deonóidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, cúnamh frithpháirteach den sórt sin; glacfaidh sí treoracha nó cinntí ag leagan síos coinníollacha agus mionsonraí do chabhair den sórt sin a fhéadfaidh a bheith mar seo a leanas:

(a) triall comhbheartaithe chuig aon eagraíocht idirnáisiúnta eile, nó laistigh di, a bhféadfaidh Ballstát dul ar a hiontaoibh;

(b) bearta is gá chun sraonadh trádála a sheachaint nuair a dhéanann an Stát a bhfuil deacrachtaí aige srianta cainníochtúla i leith tríú tíortha a choimeád ar bun nó a thabhairt isteach athuair;

(c) Ballstáit eile creidmheasanna teoranta a dheonú, faoi réir a gcomhaontaithe.

3. Mura ndeonaíonn an Chomhairle an chabhair fhrithpháirteach a mholann an Coimisiún nó mura leor an cúnamh frithpháirteach a dheonaítear agus na bearta a dhéantar, údaróidh an Coimisiún don Stát a bhfuil deacrachtaí aige bearta coimirce a ghlacadh agus socróidh an Coimisiún coinníollacha agus rialacha mionsonraithe na mbeart sin.

Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, údarú den sórt sin a chúlghairm agus coinníollacha agus mionsonraí den sórt sin a athrú.

4. Faoi réir Airteagal 122(6), ní bheidh an tAirteagal seo infheidhme a thuilleadh ó thús an tríú céim.

Airteagal 120

1. Nuair a tharlaíonn géarchéim thobann i gcomhardú na n-íocaíochtaí agus nach nglactar cinneadh de réir bhrí Airteagal 119(2) láithreach, féadfaidh an Ballstát i dtrácht na bearta cosanta is gá a ghlacadh mar réamhchúram. Ní foláir do bhearta den sórt sin an suaitheadh is lú is féidir a dhéanamh in oibriú an chómhargaidh agus gan a raon a bheith níos leithne ná mar is fíorghá chun na deacrachtaí tobanna atá tagtha chun cinn a leigheas.

2. Cuirfear an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas i dtaobh bearta cosanta den sórt sin tráth a dteacht i bhfeidhm ar a dhéanaí. Féadfaidh an Coimisiún a mholadh don Chomhairle cabhair a dheonú de réir Airteagal 119.

3. Tar éis don Choimisiún a thuairim a thabhairt, agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 114, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, a chinneadh go ndéanfaidh an Stát i dtrácht na bearta cosanta dá dtagraítear thuas a leasú, a fhionraí nó a dhíothú.

4. Faoi réir Airteagal 122(6), ní bheidh an tAirteagal seo infheidhme a thuilleadh ó thús an tríú céim.

Airteagal 121

1. Déanfaidh an Coimisiún agus IEA tuarascáil don Chomhairle ar dhul chun cinn na mBallstát i gcomhall a n-oibleagáidí maidir le gnóthú an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta. Cuimseoidh na tuarascálacha sin scrúdú an bhfuil reachtaíocht náisiúnta gach Ballstáit, lena n-áirítear Reachtanna a bhainc cheannais náisiúnta, ag luí le hAirteagail 108 agus 109 agus le Reacht CEBC. Scrúdóidh na tuarascálacha freisin gnóthú mórchóineasú inbhuanaithe faoi threoir chomhall na gcritéar seo a leanas ag gach Ballstát:

- gnóthú ardleibhéal cobhsaíochta praghsanna; beidh sé sin follasach ó ráta boilscithe atá gar do ráta na dtrí Bhallstát, ar a mhéad, is feidhmiúla maidir le cobhsaíocht phraghsanna;

- inbhuaine an riochta airgeadais rialtais; beidh sé sin follasach óir beidh riocht buiséadach rialtais gnóthaithe aige gan easnamh is iomarcach mar atá arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 104(6);

- urramú na ngnáthlamhálacha luaineachta dá bhforáiltear le meicníocht rátaí malairte an Chórais Eorpaigh Airgeadaíochta, ar feadh dhá bhliain ar a laghad, gan díluacháil in aghaidh airgeadra aon Bhallstáit eile;

- marthanacht an chóineasaithe a bheidh gnóthaithe ag an mBallstát agus a rannpháirtíochta i meicníocht rátaí malairte an Chórais Eorpaigh Airgeadaíochta á brath i leibhéil fhadtéarmacha rátaí úis.

Déantar na ceithre chritéar atá luaite sa mhír seo agus na tréimhsí ábhartha ar lena linn atá siad le hurramú a fhorbairt a thuilleadh i bPrótacal atá i gceangal leis an gConradh seo. Tabharfaidh tuarascálacha an Choimisiúin agus IEA aird freisin ar fhorbairt an ECU, ar thorthaí imeascadh na margaí, ar riocht agus ar fhorbairt chomhardú na n-íocaíochtaí ar cuntas reatha, agus ar scrúdú ar fhorbairt i gcostais aonad saothair agus ar innéacsanna praghsanna eile.

2. Ar bhonn na dtuarascálacha sin, déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar mholadh ón gCoimisiún, measúnú:

- i gcás gach Ballstáit, an gcomhallann sé na coinníollacha is gá chun airgeadra aonair a ghlacadh;

- an gcomhallann tromlach na mBallstát na coinníollacha is gá chun airgeadra aonair a ghlacadh;

agus a conclúidí a mholadh don Chomhairle, ag teacht le chéile di i dtionól na gCeannairí Stáit nó Rialtais. Rachfar i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus díreoidh sí a tuairim chuig an gComhairle, ag teacht le chéile di i dtionól na gCeannairí Stáit nó Rialtais.

3. Agus aird chuí á tabhairt ar na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 agus do thuairim Pharlaimint na hEorpa dá dtagraítear i mír 2, déanfaidh an Chomhairle, ag teacht le chéile di i dtionól na gCeannairí Stáit nó Rialtais, tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 1996, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe:

- cinneadh, ar bhonn na moltaí ón gComhairle dá dtagraítear i mír 2, an gcomhallann tromlach na mBallstát na coinníollacha is gá chun airgeadra aonair a ghlacadh,

- cinneadh ar a iomchuí atá go dtrasrachadh an Comhphobal chuig an tríú céim,

agus más iomchuí,

- an dáta a shocrú le haghaidh thús an tríú céim.

4. Mura mbeidh an dáta le haghaidh thús an tríú céim socraithe roimh dheireadh 1997, tosóidh an tríú céim ar an 1 Eanáir 1999. Déanfaidh an Chomhairle, roimh an 1 Iúil 1998, ag teacht le chéile di i dtionól na gCeannairí Stáit nó Rialtais, tar éis an nós imeachta dá bhforáiltear i míreanna 1 agus 2 a athdhéanamh, seachas an dara fleasc de mhír 2, agus aird á tabhairt ar na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 agus ar thuairim Pharlaimint na hEorpa, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, agus ar bhonn na moltaí ón gComhairle dá dtagraítear i mír 2, a dhaingniú cé hiad na Ballstáit a chomhallann na coinníollacha is gá chun airgeadra aonair a ghlacadh.

Airteagal 122

1. Má tá an cinneadh glactha an dáta a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 121(3), cinnfidh an Chomhairle, ar bhonn moltaí ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 121(2), ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar mholadh ón gCoimisiún, an mbeidh maolú mar atá sé sainithe i mír 3 den Airteagal seo ag aon Bhallstát, agus más amhlaidh a bheidh, cé acu. Tagrófar do na Ballstáit sin sa Chonradh seo mar "Ballstáit go maolú".

Má tá sé daingnithe ag an gComhairle cé hiad na Ballstáit a chomhallann na coinníollacha is gá chun airgeadra aonair a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 121(4), beidh maolú mar atá sé sainithe i mír 3 den Airteagal seo ag na Ballstáit sin nach gcomhallann na coinníollacha. Tagrófar do na Ballstáit sin sa Chonradh seo mar "Ballstáit go maolú".

2. Déanfaidh an Coimisiún agus BCE tuarascáil don Chomhairle i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 121(1) ar a laghad uair amháin gach dara bliain nó arna iarraidh sin do Bhallstát go maolú. Tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus tar éis plé sa Chomhairle, ag teacht le chéile di i dtionól na gCeannairí Stáit nó Rialtais, cinnfidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, cé hiad na Ballstáit go maolú a chomhallann na coinníollacha is gá ar bhonn na gcritéar atá leagtha amach in Airteagal 121(1) agus aisghairfidh sí maoluithe na mBallstát i dtrácht.

3. Béarfaidh maolú dá dtagraítear i mír 1 nach mbeidh na hAirteagail seo a leanas infheidhme ar an mBallstát i dtrácht: Airteagail 104(9) agus (11), 105(1), (2), (3) agus (5), 106, 110, 111 agus 112(2)(b). Tá eisiamh Ballstát den sórt sin agus a mbainc cheannais náisiúnta ó na cearta agus na hoibleagáidí laistigh de CEBC leagtha síos i gCaibidil IX de Reacht CEBC.

4. In Airteagail 105(1), (2) agus (3), 106, 110, 111 agus 112(2)(b), tuigfear gur "Ballstáit gan mhaolú""Ballstáit".

5. Déanfar cearta vótála na mBallstát go maolú a fhionraí i gcomhair na gcinntí ón gComhairle dá dtagraítear sna hAirteagail den Chonradh seo atá luaite i mír 3. Sa chás sin, de mhaolú ar Airteagail 205 agus 250(1), saineofar tromlach cáilithe mar dhá thrian vótaí ionadaithe do na Ballstát gan mhaolú arna n-ualú i gcomhréir le hAirteagal 205(2) agus beidh gá le haontoilíocht na mBallstát sin le haghaidh gníomh ar gá aontoilíocht dó.

6. Leanfaidh forálacha Airteagail 119 agus 120 de bheith infheidhme ar Bhallstát go maolú.

Airteagal 123

1. Láithreach tar éis an cinneadh a ghlacadh maidir le dáta thús an tríú céim i gcomhréir le hAirteagal 121(3) nó, de réir mar a bheidh, láithreach tar éis an 1 Iúil 1998:

- glacfaidh an Chomhairle na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 107(6);

- ceapfaidh Rialtais na mBallstát gan mhaolú, i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha amach in Airteagal 50 de Reacht CEBC, Uachtarán, Leasuachtarán agus comhaltaí eile Bhord Feidhmiúcháin BCE. Má tá Ballstáit go maolú ann, féadfar gur lú líon chomhaltaí an Bhord Feidhmiúcháin ná mar a fhoráiltear in Airteagal 11.1 de Reacht CEBC, ach gan bheith níos lú ná ceathrar in imthosca ar bith.

A luaithe a cheapfar an Bord Feidhmiúcháin, bunófar CEBC agus BCE agus ullmhóidh siad i gcomhair a n-oibriúcháin iomláin mar atá sé tuairiscithe sa Chonradh seo agus i Reacht CEBC. Tosóidh lánfheidhmiú a gcuid cumhachtaí ón gcéad lá den tríú céim.

2. A luaithe a bhunófar BCE, gabhfaidh sé chuige féin, más gá, cúraimí IEA. Scaoilfear IEA chun leachtú ar BCE a bhunú; tá na rialacha mionsonraithe um leachtú leagtha síos i Reacht IEA.

3. Má tá agus fad atá Ballstáit go maolú ann, agus gan dochar d'Airteagal 107(3) den Chonradh seo, cuirfear Comhairle Ghinearálta BCE atá luaite in Airteagal 45 de Reacht CEBC ar bun mar thríú comhlacht cinnteoireachta BCE.

4. Ar dháta tosaithe an tríú céim, glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil na mBallstát gan mhaolú, ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le BCE, na rátaí comhshó ar a mbeidh a gcuid airgeadraí socraithe go neamh-inchúlghairthe agus an ráta socraithe go neamh-inchúlghairthe ar a gcuirfear an tECU in ionad na n-airgeadraí sin, agus tiocfaidh an tECU chun bheith ina airgeadra dílis ó cheart. Ní dhéanfaidh an beart sin ann féin modhnú ar luach eachtrach an ECU. Glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe na mBallstát sin ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le BCE, na bearta eile is gá chun an tECU a thabhairt isteach go sciobtha mar airgeadra aonair na mBallstát sin. Beidh feidhm ag an dara habairt d'Airteagal 122(5).

5. Má chinntear, de réir an nós imeachta atá leagtha amach in Airteagal 122(2), maolú a aisghairm, déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil na mBallstát gan mhaolú agus an Bhallstáit i dtrácht, ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le BCE, an ráta a ghlacadh ar a gcuirfear an tECU in ionad airgeadra an Bhallstáit i dtrácht, agus na bearta eile a ghlacadh is gá chun an tECU a thabhairt isteach mar an t-airgeadra aonair sa Bhallstát i dtrácht.

Airteagal 124

1. Déanfaidh gach Ballstát, go dtí tús an tríú céim, a bheartas rátaí malairte a bhreithniú mar ábhar leasa choitinn. Lena linn sin, cuirfidh na Ballstáit san áireamh taithí an chomhair faoi chuimsiú an Chórais Eorpaigh Airgeadaíochta (CEA) agus taithí fhorbairt an ECU agus na cumhachtaí láithreacha á n-urramú acu.

2. Amhail ó thús an tríú céim agus fad atá maolú ag Ballstát, beidh na forálacha thuasluaite infheidhme de réir analaí ar bheartas ráta malairte an Bhallstáit sin.

TEIDEAL VIII

FOSTAÍOCHT

Airteagal 125

Saothróidh na Ballstáit agus an Comhphobal i gcomhréir leis an Teideal seo chun straitéis chomhordaithe don fhostaíocht a fhorbairt agus go háirithe chun fórsa saothair sciliúil oilte solúbtha agus margaí fostaíochta atá oscailte don athrú eacnamaíoch a chur ar aghaidh d'fhonn na cuspóirí a ghnóthú atá sainithe in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus in Airteagal 2 den Chonradh seo.

Airteagal 126

1. Rannchuideoidh na Ballstáit, trína mbeartais fostaíochta, le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 125 ar dhóigh is comhchuí le mórthreoirlínte bheartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Chomhphobail arna nglacadh de bhun Airteagal 99(2).

2. Measfaidh na Ballstáit, ag féachaint do chleachtais náisiúnta a bhaineann le freagrachtaí na gcomhpháirtithe sóisialta, gur ábhar comhleasa fostaíocht a chur ar aghaidh agus déanfaidh siad comhordú ar a ngníomhaíocht ina leith i dtionól na Comhairle, i gcomhréir le forálacha Airteagal 128.

Airteagal 127

1. Rannchuideoidh an Comhphobal le hardleibhéal fostaíochta tríd an gcomhar idir Ballstáit a chothú agus trí thacú lena ngníomhaíocht agus, más gá, tríd an ngníomhaíocht sin a chomhlánú. Lena linn sin, déanfar inniúlachtaí na mBallstát a urramú.

2. Tabharfar aird ar chuspóir an ardleibhéil fostaíochta i bhfoirmiú agus i gcur chun feidhme bheartais an Chomhphobail.

Airteagal 128

1. Breithneoidh an Chomhairle Eorpach gach bliain staid na fostaíochta sa Chomhphobal agus glacfaidh sí conclúidí ar an ábhar sin ar bhonn tuarascála comhpháirtí bliantúla ón gComhairle agus ón gCoimisiún.

2. Ar bhonn chonclúidí na Comhairle Eorpaí, déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, le Coiste na Réigiún agus leis an gCoiste Fostaíochta dá dtagraítear in Airteagal 130, treoirlínte a tharraingt suas gach bliain a chuirfidh na Ballstáit san áireamh ina mbeartais fostaíochta. Beidh na treoirlínte sin comhchuí leis na mórthreoirlínte arna nglacadh de bhun Airteagal 99(2).

3. Cuirfidh gach Ballstát tuarascáil bhliantúil ar fáil don Chomhairle agus don Choimisiún maidir leis na príomhbhearta arna nglacadh chun a bheartas fostaíochta a chur chun feidhme i bhfianaise na dtreoirlínte don fhostaíocht dá dtagraítear i mír 2.

4. Gach bliain, déanfaidh an Chomhairle, ar bhonn na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 3 agus tar éis di dearcadh an Choiste Fostaíochta a fháil, scrúdú ar chur chun feidhme bheartais fostaíochta na mBallstát i bhfianaise na dtreoirlínte don fhostaíocht. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar mholadh ón gCoimisiún, moltaí a dhéanamh chuig Ballstáit má mheasann sí gurb iomchuí sin i bhfianaise an scrúdaithe sin.

5. Ar bhonn thorthaí an scrúdaithe sin, déanfaidh an Chomhairle agus an Coimisiún tuarascáil chomhpháirteach bhliantúil a chur faoi bhráid na Comhairle Eorpaí maidir le staid na fostaíochta sa Chomhphobal agus cur chun feidhme na dtreoirlínte don fhostaíocht.

Airteagal 129

Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Coiste na Réigiún, bearta dreasachta a ghlacadh atá ceaptha chun comhar a chothú idir Ballstáit agus chun tacú lena ngníomhaíocht i réimse na fostaíochta trí thionscnaimh arb é is aidhm dóibh malairtí faisnéise agus dea-chleachtais a fhorbairt, trí anailís chomparáideach agus comhairle a sholáthar mar aon le cur chuige nuálaíoch a chur ar aghaidh agus an taithí a mheas, go háirithe trí leas a bhaint as treoirthionscadail.

Ní chuimseoidh na bearta sin comhchuibhiú ar dhlíthe agus rialacháin na mBallstát.

Airteagal 130

Bunóidh an Chomhairle, tar éis di dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, Coiste Fostaíochta le stádas comhairleach chun comhordú idir na Ballstáit maidir le beartais fostaíochta agus mhargadh an tsaothair a chur ar aghaidh. Is iad cúraimí an Choiste:

- faireachán a dhéanamh ar staid na fostaíochta agus ar na beartais fostaíochta sna Ballstáit agus sa Chomhphobal;

- gan dochar d'Airteagal 207, tuairimí a fhoirmiú, arna iarraidh sin don Chomhairle nó don Choimisiún nó ar a thionscnamh féin, agus rannchuidiú le hullmhú imeachtaí na Comhairle dá dtagraítear in Airteagal 128.

Agus a shainordú á chomhall aige, rachaidh an Coiste i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta.

Ceapfaidh gach Ballstát dhá chomhalta den Choiste agus ceapfaidh an Coimisiún dhá chomhalta den Choiste.

TEIDEAL IX

COMHBHEARTAS TRÁCHTÁLA

Airteagal 131

Trí aontas custaim a bhunú eatarthu féin, tá d'aidhm ag na Ballstáit cuidiú, ar mhaithe leis an leas coiteann, le forbairt chomhchuí ar thráchtáil an domhain, le díothú comhleanúnach srianta ar an trádáil idirnáisiúnta agus le hísliú bacainní custaim.

Sa chomhbheartas tráchtála cuirfear san áireamh an dea-éifeacht ab fhéidir a bheith le díothú dleachtanna custaim idir na Ballstáit ar mhéadú cumas iomaíochta gnóthas sna Stáit sin.

Airteagal 132

1. Gan dochar d'oibleagáidí a ghabh na Ballstáit orthu féin faoi chuimsiú eagraíochtaí idirnáisiúnta eile, déanfaidh siad na córais faoina dtugtar cúnamh don onnmhairiú go tríú tíortha a chomhchuibhiú go comhleanúnach oiread agus is gá chun a áirithiú nach saobhfar an iomaíocht idir gnóthais an Chomhphobail.

Ar thogra ón gCoimisiún, déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, aon treoracha a eisiúint is gá chuige sin.

2. Ní bhainfidh na forálacha roimhe seo le haisíoc i leith dleachtanna custaim nó muirear comhéifeachta ná le haisíoc cánachais indírigh, lena n-áirítear cánacha láimhdeachais, dleachtanna máil agus cánacha indíreacha eile mar a lamháiltear i gcás earraí a onnmhairiú ó Bhallstát go tríú tír, sa mhéid nach ngabhann an t-aisíoc sin thar an méid a forchuireadh, go díreach nó go hindíreach, ar na táirgí a onnmhairíodh.

Airteagal 133

1. Fothófar an comhbheartas tráchtála ar phrionsabail chomhionanna, go háirithe maidir le hathruithe ar rátaí taraifí, le comhaontuithe um tharaifí agus trádáil a thabhairt i gcrích, le comhionannas a ghnóthú i mbearta léirscaoilte, le beartas onnmhairiúcháin agus le bearta chun trádáil a chosaint amhail bearta a ghlacfar i gcás dumpála nó fóirdheontas.

2. Cuirfidh an Coimisiún tograí faoi bhráid na Comhairle chun an comhbheartas tráchtála a chur chun feidhme.

3. Nuair is gá comhaontuithe le Stát amháin nó níos mó nó le heagraíocht idirnáisiúnta amháin nó níos mó a chaibidil, cuirfidh an Coimisiún moltaí faoi bhráid na Comhairle, agus údaróidh an Chomhairle don Choimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht is gá. Beidh an Chomhairle agus an Coimisiún freagrach as a áirithiú go bhfuil na comhaontuithe arna gcaibidil ag luí le beartais inmheánacha agus rialacha inmheánacha an Chomhphobail.

Seolfaidh an Coimisiún an chaibidlíocht sin i gcomhairle le coiste speisialta arna cheapadh ag an gComhairle chun bheith de chúnamh ag an gCoimisiún sa chúram sin, agus faoi chuimsiú na dtreoracha a fhéadfaidh an Chomhairle a dhíriú chuige. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil don choiste speisialta go tráthrialta faoi dhul chun cinn na caibidlíochta.

Beidh na forálacha ábhartha d'Airteagal 300 infheidhme.

4. I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar di san Airteagal seo, gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe.

5. Beidh feidhm ag míreanna 1 go 4 freisin maidir le comhaontuithe a bhaineann le réimsí na trádála i seirbhísí agus gnéithe tráchtála den mhaoin intleachtúil a chaibidil agus a thabhairt i gcrích, a mhéad nach bhfuil na comhaontuithe sin folaithe sna míreanna sin agus gan dochar do mhír 6.

De mhaolú ar mhír 4, gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil agus comhaontú i gceann de na réimsí dá dtagraítear sa chéad fhomhír á chaibidil agus á thabhairt i gcrích aici nuair atá sa chomhaontú sin forálacha ar gá aontoilíocht a bheith leo chun rialacha inmheánacha a ghlacadh nó nuair a bhaineann sé le réimse nach bhfuil an Comhphobal tar éis na cumhachtaí a thugtar dó sa Chonradh seo a fheidhmiú fós ann trí rialacha inmheánacha a ghlacadh.

Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil i dtaca le comhaontú cothrománach a chaibidil agus a thabhairt i gcrích a mhéad a bhaineann sé freisin le hábhair dá dtagraítear san fhomhír sin roimhe seo nó sa dara fomhír de mhír 6.

Ní dhéanfaidh an mhír seo difear do cheart na mBallstát comhaontuithe a choimeád ar bun agus a thabhairt i gcrích le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta sa mhéid go gcomhlíonann comhaontuithe den sórt sin dlí an Chomhphobail agus comhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha eile.

6. Ní fhéadfaidh an Chomhairle comhaontú a thabhairt i gcrích má tá ann forálacha a rachadh thar chumhachtaí inmheánacha an Chomhphobail, go háirithe forálacha as a dtig comhchuibhiú ar dhlíthe nó rialacháin na mBallstát i réimse ina n-eisiatar comhchuibhiú den sórt sin leis an gConradh seo.

I ndáil leis sin, de mhaolú ar an gcéad fhomhír de mhír 5, tiocfaidh comhaontuithe a bhaineann le trádáil i seirbhísí cultúrtha agus closamhairc, i seirbhísí oideachais agus i seirbhísí sóisialta agus sláinte daonna laistigh den inniúlacht arna roinnt idir an Comhphobal agus a chuid Ballstát. Uime sin, fara cinneadh Comhphobail arna ghlacadh i gcomhréir le forálacha ábhartha Airteagal 300, is gá comhaontú na mBallstát de thoil a chéile a bheith le comhaontuithe den sórt sin a chaibidil. Déanfaidh an Comhphobal agus na Ballstáit comhaontuithe arna gcaibidil amhlaidh a thabhairt i gcrích go comhpháirteach.

Leanfaidh caibidlíocht agus tabhairt i gcrích comhaontuithe idirnáisiúnta i réimse an iompair de bheith faoi rialú ag forálacha Theideal V agus Airteagal 300.

7. Gan dochar don chéad fhomhír de mhír 6, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, cur i bhfeidhm mhíreanna 1 go 4 a chur i mbaint le caibidlíocht agus comhaontuithe idirnáisiúnta maidir le maoin intleachtúil a mhéad nach bhfuil siad folaithe ag mír 5.

Airteagal 134

Chun a áirithiú nach gcuirfidh sraonadh trádála bac ar chur i gcrích beart i dtaca le beartas tráchtála a ghlacfaidh aon Bhallstát i gcomhréir leis an gConradh seo, nó i gcás deacrachtaí eacnamaíocha a theacht i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit mar gheall ar dhifríochtaí idir na bearta sin, molfaidh an Coimisiún na modhanna don chomhar is gá idir na Ballstáit eile. Dá éagmais sin, údaróidh an Coimisiún do na Ballstáit na bearta cosanta is gá a ghlacadh, agus socróidh sé coinníollacha agus rialacha mionsonraithe na mbeart sin.

I gcás práinne, iarrfaidh na Ballstáit údarú ar an gCoimisiún, a ghníomhóidh a luaithe is féidir, chun na bearta is gá a ghlacadh iad féin agus cuirfidh na Ballstáit i dtrácht na bearta in iúl do na Ballstáit eile. Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh tráth ar bith go ndlíonn na Ballstáit i dtrácht na bearta sin a leasú nó a dhíothú.

I roghnú na mbeart sin, tabharfar tosaíocht do na bearta is lú a thabharfaidh suaitheadh ar oibriú an chómhargaidh.

TEIDEAL X

COMHAR CUSTAIM

Airteagal 135

Laistigh de raon feidhme an Chonartha seo, glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251, bearta chun comhar custaim idir na Ballstáit agus idir na Ballstáit agus an Coimisiún a neartú. Ní bhainfidh na bearta sin le dlí coiriúil náisiúnta a chur i bhfeidhm ná le riar náisiúnta an cheartais.

TEIDEAL XI

BEARTAS SÓISIALTA, OIDEACHAS, GAIRMOILIÚINT AGUS AN ÓIGE

CAIBIDIL 1

FORÁLACHA SÓISIALTA

Airteagal 136

Beidh de chuspóirí ag an gComhphobal agus ag na Ballstáit, agus aird á tabhairt acu ar chearta sóisialta bunúsacha amhail iad sin atá leagtha amach i gCairt Shóisialta na hEorpa arna síniú in Torino ar an 18 Deireadh Fómhair 1961 agus i gCairt Chomhphobail 1989 um chearta sóisialta bunúsacha le haghaidh oibrithe, dlús a chur le fostaíocht, le dálaí feabhsaithe maireachtála agus oibre, chun go bhféadfar iad a chomhchuibhiú agus an feabhsú á choimeád ar bun, le cosaint chuí shóisialta, leis an agallamh idir na comhpháirtithe sóisialta, le hacmhainní daonna a fhorbairt ar mhaithe le hardleibhéal marthanach fostaíochta agus leis an eisiamh a chomhrac.

Chun na críche sin, cuirfidh an Comhphobal agus na Ballstáit gníomhaíochtaí chun feidhme a chuirfidh san áireamh éagsúlacht na gcleachtas náisiúnta, go háirithe i réimse an chaidrimh chonarthaigh, agus an riachtanas cumas iomaíochta gheilleagar an Chomhphobail a choimeád ar bun.

Creideann siad go leanfaidh forbairt den sórt sin ní amháin as feidhmiú an chómhargaidh a chuirfidh ar aghaidh comhchuibhiú na gcóras sóisialta, ach freisin as na nósanna imeachta dá bhforáiltear sa Chonradh seo agus as comhfhogasú na bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin.

Airteagal 137

1. D'fhonn cuspóirí Airteagal 136 a ghnóthú, tacóidh an Comhphobal le gníomhaíochtaí na mBallstát agus comhlánóidh sé iad sna réimsí seo a leanas:

(a) an timpeallacht oibre go háirithe a fheabhsú d'fhonn sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint;

(b) dálaí oibre;

(c) slándáil shóisialta agus cosaint shóisialta oibrithe;

(d) cosaint oibrithe i gcás fhoirceannadh a gconartha oibre;

(e) oibrithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo;

(f) ionadú agus comhchosaint leasanna oibrithe agus fostóirí, lena n-áirítear comhchinneadh, faoi réir mhír 5;

(g) dálaí fostaíochta náisiúnach tríú tíortha ina gcónaí go dlíthiúil ar chríoch an Chomhphobail;

(h) lánpháirtiú daoine atá arna n-eisiamh ó mhargadh an tsaothair, gan dochar d'Airteagal 150;

(i) comhionannas idir fir agus mná ar mhargadh an tsaothair agus cóir chomhionann san obair;

(j) an t-eisiamh sóisialta a chomhrac;

(k) córais chosanta sóisialta a nuachóiriú, gan dochar do phointe (c).

2. Chun na críche sin, féadfaidh an Chomhairle:

(a) bearta a ghlacadh atá ceaptha chun comhar idir na Ballstáit a chothú trí thionscnaimh arb é is aidhm dóibh eolas a fheabhsú, malairtí faisnéise agus dea-chleachtais a fhorbairt, cur chuige nuálaíoch a chur ar aghaidh agus an taithí a mheas, amach ó aon chomhchuibhiú ar dhlíthe agus rialacháin na mBallstát;

(b) trí bhíthin treoracha, ceanglais íosta a chuirfear chun feidhme de réir a chéile a ghlacadh sna réimsí dá dtagraítear i bpointí (a) go (i) de mhír 1, ag féachaint do na dálaí agus do na rialacha teicniúla i ngach ceann de na Ballstáit. Staonfar sna treoracha sin ó shrianta riarthacha, airgeadais agus dlíthiúla a fhorchur a bheadh ina mbac ar bhunú nó ar fhorbairt gnóthas beag agus meánmhéide.

Gníomhóidh an Chomhairle i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Coiste na Réigiún, ach amháin sna réimsí dá dtagraítear i bpointí (c), (d) agus (g) de mhír 1 den Airteagal seo ina ngníomhóidh an Chomhairle d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis na Coistí sin. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d’aontoil ar thogra ón gCoimisiún, tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, a chinneadh an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 a dhéanamh infheidhme maidir le pointí (d), (f) agus (g) de mhír 1 den Airteagal seo.

3. Féadfaidh Ballstát cur chun feidhme na dtreoracha arna nglacadh de bhun mhír 2 a chur ar iontaoibh na gcomhpháirtithe sóisialta, arna iarraidh sin go comhpháirteach dóibh.

Sa chás sin, áiritheoidh sé go bhfuil, ar dháta nach déanaí ná an dáta nach mór treoir a thrasuí i gcomhréir le hAirteagal 249, na bearta is gá tugtha isteach trí chomhaontú ag na comhpháirtithe sóisialta, agus an Ballstát i dtrácht faoi cheangal gach beart is gá a ghlacadh chun a chumasú dó tráth ar bith a bheith in inmhe na torthaí arna bhforchur leis an treoir sin a áirithiú.

4. Forálacha arna nglacadh de bhun an Airteagail seo:

- ní dhéanfaidh siad difear do cheart na mBallstát prionsabail bhunúsacha a gcóras slándála sóisialta a shainiú agus caithfidh siad gan mórdhifear a dhéanamh do chothromaíocht airgeadais na gcóras sin;

- ní choiscfidh siad ar Bhallstát bearta cosanta níos déine atá ag luí leis an gConradh seo a choimeád ar bun ná a thabhairt isteach.

5. Ní bheidh feidhm ag forálacha an Airteagail seo maidir le pá, leis an gceart comhlachais, leis an gceart dul ar stailc ná leis an gceart frithdhúnadh a fhorchur.

Airteagal 138

1. Beidh sé de chúram ar an gCoimisiún comhairliúchán idir na comhpháirtithe sóisialta a chur ar aghaidh ar leibhéal an Chomhphobail agus glacfaidh sé aon bheart ábhartha chun an t-agallamh eatarthu a éascú trína áirithiú go dtugtar tacaíocht chothromúil do na páirtithe.

2. Chuige sin, sula dtíolacfaidh sé tograí i réimse an bheartais shóisialta, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta ar threo ionchasach gníomhaíochta Comhphobail.

3. Má mheasann an Coimisiún, tar éis an chomhairliúcháin sin, go bhfuil gníomhaíocht Chomhphobail inmhianaithe, rachaidh sé i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta ar inneachar an togra arna bheartú. Díreoidh na comhpháirtithe sóisialta tuairim, nó moladh más iomchuí, chuig an gCoimisiún.

4. Tráth comhairliúcháin den sórt sin, féadfaidh na comhpháirtithe sóisialta a chur i bhfios don Choimisiún gur mian leo an próiseas dá bhforáiltear in Airteagal 139 a thionscnamh. Ní mhairfidh ré an nós imeachta níos mó ná naoi mí mura gcinnfidh na comhpháirtithe sóisialta i dtrácht agus an Coimisiún i gcomhpháirt í a fhadú.

Airteagal 139

1. Más é sin is toil leis na comhpháirtithe sóisialta, féadfaidh caidreamh conarthach, lena n-áirítear comhaontuithe, a bheith mar thoradh ar an agallamh eatarthu ar leibhéal an Chomhphobail.

2. Is i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na cleachtais is cuí do na comhpháirtithe sóisialta agus do na Ballstáit nó, in ábhair a thig faoi Airteagal 137, trí chinneadh ón gComhairle ar thogra ón gCoimisiún, arna iarraidh sin i gcomhpháirt do na páirtithe sínitheacha, a chuirfear chun feidhme na comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích ar leibhéal an Chomhphobail.

Gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe ach amháin nuair atá foráil amháin nó níos mó sa chomhaontú i dtrácht a bhaineann le ceann de na réimsí inar gá aontoilíocht de bhun Airteagal 137(2). Sa chás sin gníomhóidh sí d'aon toil.

Airteagal 140

Chun cuspóirí Airteagal 136 a ghnóthú agus gan dochar d'fhorálacha eile an Chonartha seo, cothóidh an Coimisiún comhar idir na Ballstáit agus déanfaidh sé comhordú a ngníomhaíochta a éascú i réimsí uile an bheartais shóisialta faoin gcaibidil seo, go háirithe i gcúrsaí a bhaineann leis na nithe seo:

- fostaíocht;

- dlí an tsaothair agus dálaí oibre;

- gairmoiliúint bhunchéime agus ardchéime;

- slándáil shóisialta;

- tionóiscí agus galair cheirde a chosc;

- sláinteachas ceirde;

- an ceart chun dul i gcomhlachas, agus cómhargáil idir fostóirí agus oibrithe.

Chun na críche sin, gníomhóidh an Coimisiún i ndlúth-thadhall leis na Ballstáit trí staidéir a dhéanamh, tuairimí a thabhairt agus comhairliúcháin a shocrú i dtaobh fadhbanna a thagann chun cinn ar leibhéal náisiúnta agus fadhbanna is ábhar cúraim d'eagraíochtaí idirnáisiúnta.

Sula dtabharfaidh an Coimisiún na tuairimí dá bhforáiltear san Airteagal seo, rachaidh sé i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

Airteagal 141

1. Áiritheoidh gach Ballstát cur chun feidhme an phrionsabail go bhfuil pá comhionann as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach ag dul d'oibrithe fireanna agus d'oibrithe baineanna.

2. Chun críche an Airteagail seo, ciallaíonn "pá" an gnáthphá nó an gnáth-thuarastal bunaidh nó íosta maille le haon chomaoin eile, in airgead nó i gcomhchineál, a fhaigheann an t-oibrí, go díreach nó go hindíreach, óna fhostóir as ucht a fhostaíochta.

Ciallaíonn "pá comhionann gan idirdhealú bunaithe ar ghnéas":

(a) go ndéantar an pá as an obair chéanna ar thascrátaí a ríomh ar bhonn an aonaid tomhais chéanna;

(b) i gcás obair de réir amrátaí gurb é an pá céanna a íoctar as an jab céanna.

3. Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, bearta a ghlacadh d'fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm prionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí beatha, lena n-áirítear prionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach.

4. D'fhonn comhionannas iomlán iarbhír idir fir agus mná a áirithiú i saol na hoibre, ní chuirfidh prionsabal na córa comhionainne cosc ar aon Bhallstát bearta a choimeád ar bun nó a ghlacadh lena ndéantar foráil maidir le buntáistí sonracha chun gur fusa don ghnéas tearcionadaithe gabháil le gairm bheatha nó chun míbhuntáistí i slite beatha gairmiúla a chosc nó a chúiteamh.

Airteagal 142

Féachfaidh na Ballstáit leis an gcoibhéis atá ann idir scéimeanna saoire le pá a choimeád mar atá.

Airteagal 143

Tarraingeoidh an Coimisiún suas tuarascáil gach bliain ar an dul chun cinn atá déanta i ngnóthú chuspóirí Airteagal 136, lena n-áirítear staid dhéimeagrafach an Chomhphobail. Díreoidh sé an tuarascáil sin chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa a iarraidh ar an gCoimisiún tuarascálacha a tharraingt suas i dtaobh fadhbanna sonracha a bhaineann leis an staid shóisialta.

Airteagal 144

Bunóidh an Chomhairle, tar éis di dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, Coiste um Chosaint Shóisialta le stádas comhairleach chun comhordú idir na Ballstáit agus leis an gCoimisiún maidir le cosaint shóisialta a chur ar aghaidh. Is iad cúraimí an Choiste:

- faireachán a dhéanamh ar an staid shóisialta agus ar forbairt beartas cosanta sóisialta sna Ballstáit agus sa Chomhphobal;

- malairtí faisnéise, taithí agus dea-chleachtais a chur ar aghaidh idir na Ballstáit agus leis an gCoimisiún;

- gan dochar d’Airteagal 207, tuarascálacha a ullmhú nó tuairimí a fhoirmiú nó gníomhaíochtaí eile a dhéanamh laistigh de réimsí a inniúlachta, arna iarraidh sin don Chomhairle nó don Choimisiún nó ar a thionscnamh féin.

Agus a shainordú á chomhall aige, bunóidh an Coiste tadhaill iomchuí leis na comhpháirtithe sóisialta.

Ceapfaidh gach Ballstát dhá chomhalta den Choiste agus ceapfaidh an Coimisiún dhá chomhalta den Choiste.

Airteagal 145

Cuirfidh an Coimisiún isteach ina thuarascáil bhliantúil do Pharlaimint na hEorpa caibidil ar leith ar fhorbairtí sóisialta sa Chomhphobal.

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa a iarraidh ar an gCoimisiún tuarascálacha a tharraingt suas i dtaobh aon fhadhbanna áirithe a bhaineann le dálaí sóisialta.

CAIBIDIL 2

CISTE SÓISIALTA NA hEORPA

Airteagal 146

Chun go bhfeabhsófar na deiseanna ar fhostaíocht d'oibrithe sa mhargadh inmheánach agus chun go rannchuideofar amhlaidh leis an gcaighdeán maireachtála a ardú, cuirtear Ciste Sóisialta na hEorpa ar bun i gcomhréir leis na forálacha atá leagtha amach thíos, arb é is aidhm dó fostú d'oibrithe a éascú agus méadú a thabhairt ar a soghluaisteacht gheografach agus ghairmiúil laistigh den Chomhphobal agus oiriúnú d'athruithe tionsclaíocha agus d'athruithe sna córais táirgeachta a éascú go háirithe trí bhíthin na gairmoiliúna agus na hathghairmoiliúna.

Airteagal 147

Is é an Coimisiún a riarfaidh an Ciste.

Sa chúram sin gheobhaidh an Coimisiún cuidiú ó Choiste a mbeidh comhalta den Choimisiún i gceannas air agus arb iad a bheidh air ionadaithe ó rialtais agus ó cheardchumainn agus ó eagraíochtaí fostóirí.

Airteagal 148

Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Coiste na Réigiún, na cinntí cur chun feidhme a bhaineann le Ciste Sóisialta na hEorpa a ghlacadh.

CAIBIDIL 3

OIDEACHAS, GAIRMOILIÚINT AGUS AN ÓIGE

Airteagal 149

1. Rannchuideoidh an Comhphobal le hoideachas de chaighdeán a fhorbairt tríd an gcomhar idir Ballstáit a chothú agus, más gá, trí thacú lena ngníomhaíocht agus í a fhorlíonadh, agus freagracht na mBallstát i leith inneachar an teagaisc agus eagrúchán an chórais oideachais agus a n-éagsúlacht chultúrtha agus teanga á hurramú aige.

2. Is é is aidhm do ghníomhaíocht an Chomhphobail:

- éirim Eorpach an oideachais a fhorbairt go háirithe trí theangacha na mBallstát a theagasc agus a leathadh;

- taobhú le soghluaisteacht mhac léinn agus múinteoirí, lena n-áirítear aitheantas acadúil dioplómaí agus tréimhsí staidéir;

- comhar a chur ar aghaidh idir bunaíochtaí oideachais;

- malartuithe faisnéise agus taithí a fhorbairt ar shaincheisteanna is coiteann do chórais oideachais na mBallstát;

- taobhú le forbairt comhaiseag idir daoine óga agus idir teagascóirí sochoideachasúla;

- forbairt an chianoideachais a chothú.

3. Taobhóidh an Comhphobal agus na Ballstáit leis an gcomhar le tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta is inniúil maidir le hoideachas, agus go háirithe le Comhairle na hEorpa.

4. Chun rannchuidiú le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear san Airteagal seo, déanfaidh an Chomhairle:

- ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Coiste na Réigiún, gníomhaíochtaí dreasachta a ghlacadh, amach ó aon chomhchuibhiú ar dhlíthe agus rialúcháin na mBallstát;

- ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, moltaí a ghlacadh.

Airteagal 150

1. Cuirfidh an Comhphobal beartas gairmoiliúna chun feidhme a thacóidh le gníomhaíochtaí na mBallstát agus a fhorlíonfaidh iad, agus freagracht na mBallstát i leith inneachar agus eagrúchán na gairmoiliúna á hurramú aige.

2. Is é is aidhm do ghníomhaíocht an Chomhphobail:

- oiriúnú d'athruithe tionsclaíocha a éascú, go háirithe trí bhíthin na hoiliúna agus na hathghairmoiliúna;

- an ghairmoiliúint tosaigh agus leanúnach a fheabhsú chun an t-imeascadh agus an t-athimeascadh gairmiúil ar mhargadh an tsaothair a éascú;

- rochtain ar an ngairmoiliúint a éascú agus taobhú le soghluaisteacht oidí agus daoine faoi oiliúint, go háirithe daoine óga;

- comhar i réimse na hoiliúna a spreagadh idir bunaíochtaí oideachais agus oiliúna agus gnóthais;

- malartuithe faisnéise agus taithí a fhorbairt ar shaincheisteanna is coiteann do chórais oiliúna na mBallstát.

3. Taobhóidh an Comhphobal agus na Ballstáit leis an gcomhar le tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta is inniúil maidir le gairmoiliúint.

4. Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Coiste na Réigiún, bearta a ghlacadh chun rannchuidiú leis na cuspóirí dá dtagraítear san Airteagal seo a ghnóthú, gan aon chomhchuibhiú ar dhlíthe agus rialacháin na mBallstát.

TEIDEAL XII

CULTÚR

Airteagal 151

1. Rannchuideoidh an Comhphobal le borradh chultúir na mBallstát, ag urramú a n-éagsúlacht náisiúnta agus réigiúnach agus ag tabhairt na comhoidhreachta cultúrtha chun suntais dó.

2. Is é is aidhm do ghníomhaíocht an Chomhphobail comhar idir Ballstáit a chothú agus, más gá, tacú lena ngníomhaíocht agus í a fhorlíonadh sna réimsí seo a leanas:

- feabhsú ar eolas agus ar leathadh chultúr agus stair na bpobal Eorpach;

- caomhnú agus coimirciú na hoidhreachta cultúrtha de thábhacht Eorpach;

- comhaisig neamhthráchtála i réimse an chultúir;

- cruthú ealaíonta agus liteartha, go fiú in earnáil an chlosamhairc.

3. Taobhóidh an Comhphobal agus na Ballstát leis an gcomhar le tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta is inniúil i réimse an chultúir agus go háirithe le Comhairle na hEorpa.

4. Tabharfaidh an Comhphobal aird ar ghnéithe cultúrtha ina ghníomhaíocht faoi fhorálacha eile an Chonartha seo, go háirithe d’fhonn éagsúlacht a chuid cultúr a urramú agus a chur ar aghaidh.

5. Chun rannchuidiú le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear san Airteagal seo, déanfaidh an Chomhairle:

- ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 agus tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún, gníomhaíochtaí dreasachta a ghlacadh, amach ó aon chomhchuibhiú ar dhlíthe agus rialúcháin na mBallstát. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil i gcaitheamh na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251;

- ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún, moltaí a ghlacadh.

TEIDEAL XIII

SLÁINTE PHOIBLÍ

Airteagal 152

1. Déanfar ardleibhéal cosanta le haghaidh sláinte an duine a áirithiú i sainiú agus i gcur chun feidhme bheartais agus ghníomhaíochtaí uile an Chomhphobail.

Bainfidh gníomhaíocht an Chomhphobail, a chomhlánóidh beartais náisiúnta, leis an tsláinte phoiblí a fheabhsú, le tinnis agus galair an duine a chosc agus le foinsí contúirte do shláinte an duine a sheachaint. Folóidh gníomhaíocht den saghas sin an comhrac in aghaidh na móraicídí trí thaighde a chur ar aghaidh ar na cúiseanna atá leo agus ar mhodhanna a seolta agus a gcoiscthe, maille le faisnéis agus oideachas sláinte.

Comhlánóidh an Comhphobal gníomhaíocht na mBallstát chun damáiste don tsláinte a thig ó dhrugaí a laghdú, lena n-áirítear faisnéis agus cosc.

2. Cothóidh an Comhphobal comhar idir na Ballstáit sna réimsí dá dtagraítear san Airteagal seo agus, más gá, tacóidh sé lena ngníomhaíocht.

Déanfaidh na Ballstáit comhordú eatarthu féin, i gcuibhreann leis an gCoimisiún, ar a mbeartais agus ar a gcláir sna réimsí dá dtagraítear i mír 1. Féadfaidh an Coimisiún, i ndlúth-thadhall leis na Ballstáit, aon tionscnamh is fóinteach a ghlacadh chun an comhordú sin a chur ar aghaidh.

3. Taobhóidh an Comhphobal agus na Ballstáit le comhar le tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla i réimse na sláinte poiblí.

4. Rannchuideoidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Coiste na Réigiún, le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear san Airteagal seo, trí na bearta seo a leanas a ghlacadh:

(a) bearta ag leagan síos ardchaighdeán cáilíochta agus sábháilteachta d'orgáin agus substaintí de bhunús daonna, d'fhuil agus do dhíorthaigh fola; ní chuirfidh na bearta sin cosc ar aon Bhallstát bearta cosanta níos déine a choimeád ar bun ná a thabhairt isteach;

(b) de mhaolú ar Airteagal 37, bearta i réimsí na tréidliachta agus na fíteasláintíochta a bhfuil sé mar chuspóir díreach acu an tsláinte phoiblí a chosaint;

(c) bearta dreasachta a bheidh ceaptha chun sláinte an duine a chosaint agus a fheabhsú, gan aon chomhchuibhiú ar dhlíthe agus rialacháin na mBallstát.

Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, moltaí a ghlacadh freisin chun na gcríoch atá leagtha amach san Airteagal seo.

5. Déanfaidh gníomhaíocht an Chomhphobail i réimse na sláinte poiblí lánurraim a thabhairt do fhreagrachtaí na mBallstát maidir le seirbhísí sláinte agus cúram liachta a eagrú agus a sholáthar. Ach go háirithe, ní dhéanfaidh na bearta dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 4 difear d'fhorálacha náisiúnta maidir le deonú nó úsáid mhíochaine orgán agus fola.

TEIDEAL XIV

COSAINT AN TOMHALTÓRA

Airteagal 153

1. Chun leasanna na dtomhaltóirí a chur ar aghaidh agus chun ardleibhéal cosanta don tomhaltóir a áirithiú, rannchuideoidh an Chomhairle le sláinte, sábháilteacht agus leasanna eacnamaíocha na dtomhaltóirí a chosaint, maille lena gceart a chur ar aghaidh chun faisnéise agus oideachais agus chun iad féin a eagrú ar mhaithe lena leasanna a choimirciú.

2. Tabharfar aird ar cheanglais maidir le cosaint an tomhaltóra i sainiú agus i gcur chun feidhme bheartais agus ghníomhaíochtaí eile an Chomhphobail.

3. Rannchuideoidh an Comhphobal leis na cuspóirí dá dtagraítear i mír 1 a ghnóthú:

(a) trí bhearta arna nglacadh de bhun Airteagal 95 faoi chuimsiú chomhlánú an mhargaidh inmheánaigh;

(b) trí bhearta a thacaíonn leis an mbeartas arna shaothrú ag na Ballstáit, a fhorlíonann é agus a dhéanann faireachán air.

4. Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, na bearta dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 3 a ghlacadh.

5. Ní chuirfidh bearta arna nglacadh de bhun mhír 4 cosc ar aon Bhallstát bearta cosanta níos déine a choimeád ar bun ná a thabhairt isteach. Ní mór do bhearta den sórt sin a bheith ag luí leis an gConradh seo. Cuirfear in iúl don Choimisiún iad.

TEIDEAL XV

GRÉASÁIN THRASEORPACHA

Airteagal 154

1. D'fhonn rannchuidiú le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagail 14 agus 158 agus d'fhonn cumasú do shaoránaigh an Aontais, d'oibreoirí eacnamaíocha agus do phobail réigiúnacha agus áitiúla tairbhiú go hiomlán de na buntáistí a chinfidh ó limistéar gan teorainneacha inmheánacha a chur ar bun, rannchuideoidh an Comhphobal le gréasáin thraseorpacha a bhunú agus a fhorbairt in earnálacha bhonneagair an iompair, na teileachumarsáide agus an fhuinnimh.

2. Faoi chuimsiú córas margaí a bheidh ar oscailt agus iomaíoch, beidh sé d'aidhm ag gníomhaíocht an Chomhphobail taobhú le hidirnascadh agus le hidirinoibritheacht na ngréasán náisiúnta agus le rochtain ar na gréasáin sin. Tabharfaidh sí aird go háirithe ar a riachtanaí atá sé na réigiúin oileánacha, talamhiata agus forimeallacha a cheangal le réigiúin láir an Chomhphobail.

Airteagal 155

1. D'fhonn na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 154 a ghnóthú:

- bunóidh an Comhphobal sraith treoirlínte a fholaíonn cuspóirí, tosaíochtaí agus imlínte na ngníomhaíochtaí arna mbeartú i réimse na ngréasán traseorpach; sonróidh na treoirlínte sin tionscadail leasa choitinn;

- cuirfidh an Comhphobal chun feidhme gach gníomhaíocht a mheastar is gá chun idirinoibritheacht na ngréasán a áirithiú, go háirithe i réimse chomhchuibhiú na gcaighdeán teicniúil;

- féadfaidh an Comhphobal tacú le tionscadail chomhleasa lena dtacaíonn na Ballstáit agus a shonraítear faoi chuimsiú na dtreoirlínte dá dtagraítear sa chéad fhleasc, go háirithe trí bhíthin staidéar indéantachta, ráthaíochtaí iasachta nó fóirdheontas úis; féadfaidh an Comhphobal rannchuidiú freisin tríd an gCiste Comhtháthaithe arna chur ar bun de bhun fhorálacha Airteagal 161 le maoiniú tionscadal sonrach i mBallstáit i réimse bonneagar iompair.

Tabharfaidh gníomhaíocht an Chomhphobail aird ar inmharthanacht eacnamaíoch acmhainneach na dtionscadal.

2. Déanfaidh na Ballstáit comhordú eatarthu féin, i gcuibhreann leis an gCoimisiún, ar bheartais a shaothrófar ar leibhéal náisiúnta a bhféadfaidh éifeacht shonraíoch a bheith acu ar ghnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 154. Féadfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomharaíocht leis na Ballstáit, gach tionscnamh is fóinteach a ghlacadh chun an comhordú sin a chur ar aghaidh.

3. Féadfaidh an Comhphobal a chinneadh comhoibriú le tríú tíortha chun tionscadail leasa choitinn a chur ar aghaidh agus idirinoibritheacht na ngréasán a áirithiú.

Airteagal 156

Glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Coiste na Réigiún, na treoirlínte agus na bearta eile dá dtagraítear in Airteagal 155(1).

Is gá ceadú an Bhallstáit i dtrácht do threoirlínte agus tionscadail leasa choitinn a bhaineann le críoch an Bhallstáit sin.

TEIDEAL XVI

TIONSCAL

Airteagal 157

1. Féachfaidh an Comhphobal agus na Ballstáit chuige go mbeidh na dálaí ann is gá chun cumas iomaíochta thionscal an Chomhphobail a áirithiú.

Chun na críche sin, i gcomhréir le córas margaí a bheidh ar oscailt agus iomaíoch, is é is aidhm dá ngníomhaíocht:

- oiriúnú an tionscail d'athruithe struchtúracha a bhrostú;

- timpeallacht a chothú atá fabhrach don tionscnamh agus d'fhorbairt ghnóthas ar fud an Chomhphobail, go háirithe gnóthais bheaga agus meánmhéide;

- timpeallacht a chothú atá fabhrach do chomhar idir gnóthais;

- taobhú le hacmhainneacht thionsclaíoch beartas nuála, taighde agus forbartha teicneolaíche a shaothrú níos fearr.

2. Rachaidh na Ballstáit i gcomhairle le chéile i gcuibhreann leis an gCoimisiún agus, más gá, déanfaidh siad a ngníomhaíochtaí a chomhordú. Féadfaidh an Coimisiún gach tionscnamh is fóinteach a ghlacadh chun an comhordú sin a chur ar aghaidh.

3. Rannchuideoidh an Comhphobal le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear i mír 1 trí bhíthin na mbeartas agus na ngníomhaíochtaí a shaothraíonn sé faoi fhorálacha eile den Chonradh seo. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, bearta sonracha a chinneadh chun tacú le gníomhaíochtaí de chuid na mBallstát d'fhonn na cuspóirí dá dtagraítear i mír 1 a ghnóthú.

Ní féidir leis an gComhphobal leas a bhaint as an Teideal seo chun aon bheart a thabhairt isteach ar dóigh dó an iomaíocht a shaobhadh nó ina bhfuil forálacha cánachais nó forálacha a bhaineann le cearta agus leasanna daoine fostaithe.

TEIDEAL XVII

COMHTHÁTHÚ EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA

Airteagal 158

D'fhonn a fhorbairt chomhchuí i gcoitinne a chur ar aghaidh, déanfaidh an Comhphobal a chuid gníomhaíochtaí a fhorbairt agus a shaothrú ar mhaithe lena chomhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta a neartú.

Féachfaidh an Comhphobal go háirithe leis na héagothromaíochtaí idir leibhéil forbartha na réigiún éagsúil agus cúlmhaireacht na réigiún is mídheisiúla nó na n-oileán is mídheisiúla, lena n-áirítear na limistéir thuaithe, a laghdú.

Airteagal 159

Déanfaidh na Ballstáit a mbeartas eacnamaíoch a sheoladh agus a chomhordú d'fhonn na cuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 158 a bhaint amach freisin. Saineofar agus cuirfear beartais agus gníomhaíochtaí an Chomhphobail chun feidhme agus cuirfear an margadh inmheánach chun feidhme le haird ar na cuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 158 agus rannpháirteoidh siad i ngnóthú na gcuspóirí sin. Tacóidh an Comhphobal leis na cuspóirí sin a ghnóthú agus é ag gníomhú trí bhíthin na gcistí struchtúracha (Roinn Treoraíochta an Chiste Eorpaigh um Threoraíocht agus Ráthaíocht Talmhaíochta, Ciste Sóisialta na hEorpa, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa), tríd an mBanc Eorpach Infheistíochta agus trí na hionstraimí airgeadais eile atá ann cheana.

Tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, don Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus do Choiste na Réigiún gach trí bliana ar an dul chun cinn atá déanta maidir leis an gcomhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta a ghnóthú agus ar an tslí inar rannchuidigh na meáin éagsúla dá bhforáiltear san Airteagal seo leis. Beidh tograí iomchuí in éineacht leis an tuarascáil más gá.

Más léir gur gá gníomhaíochtaí sonracha lasmuigh de na cistí agus gan dochar do na bearta arna gcinneadh faoi chuimsiú bheartais eile an Chomhphobail, féadfaidh an Chomhairle na gníomhaíochtaí sin a ghlacadh, ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Coiste na Réigiún.

Airteagal 160

Tá ceaptha do Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa rannchuidiú leis na príomh-mhíchothromaíochtaí réigiúnacha sa Chomhphobal a cheartú, trí rannpháirtiú i bhforbairt agus i gcoigeartú struchtúrach na réigiún a bhfuil a bhforbairt tite ar gcúl agus in athrúchán na réigiún tionsclaíoch atá ag meath.

Airteagal 161

Gan dochar d'Airteagal 162, saineoidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún, tar éis do Pharlaimint na hEorpa aontú agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Coiste na Réigiún, cúraimí, cuspóirí tosaíochta agus eagrúchán na gcistí struchtúracha a fhéadfaidh grúpáil na gcistí a chuimsiú. Saineoidh an Chomhairle freisin, ag gníomhú di tríd an nós imeachta céanna, na rialacha ginearálta is infheidhme ar na cistí maille leis na forálacha is gá chun éifeachtúlacht na gcistí agus an comhordú eatarthu agus leis na hionstraimí airgeadais eile atá ann cheana a áirithiú.

Déanfaidh Ciste Comhtháthaithe arna chur ar bun ag an gComhairle i gcomhréir leis an nós imeachta céanna ranníocaíocht airgeadais a chur ar fáil do thionscadail i réimsí an chomhshaoil agus na ngréasán traseorpach i gcúrsaí bonneagair iompair.

Amhail ón 1 Eanáir 2007, gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún tar éis aontú Pharlaimint na hEorpa a fháil agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Coiste na Réigiún, más amhlaidh, faoi cheann an 1 Eanáir 2007, gur glacadh an pheirspictíocht ilbhliantúil is infheidhme amhail ón dáta sin agus an comhaontú idirinstitiúideach lena mbaineann. Ina mhalairt de chás, beidh feidhm ag an nós imeachta atá leagtha síos sa mhír seo amhail ó dháta a nglactha.

Airteagal 162

Glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Coiste na Réigiún, na cinntí cur chun feidhme a bhaineann le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa.

Leanfaidh Airteagail 37 agus 148 faoi seach de bheith infheidhme maidir le Roinn Treoraíochta an Chiste Eorpaigh um Threoraíocht agus Ráthaíocht Talmhaíochta agus le Ciste Sóisialta na hEorpa.

TEIDEAL XVIII

TAIGHDE AGUS FORBAIRT THEICNEOLAÍOCH

Airteagal 163

1. Beidh sé de chuspóir ag an gComhphobal fothaí eolaíocha agus teicneolaíocha thionscal an Chomhphobail a neartú agus taobhú le forbairt a chumas iomaíochta idirnáisiúnta, agus gach gníomhaíocht taighde a mheastar is gá de bhun chaibidlí eile an Chonartha seo a chur ar aghaidh.

2. Chuige sin, cothóidh an Comhphobal gnóthais ar fud an Chomhphobail, lena n-áirítear gnóthais bheaga agus meánmhéide, lárionaid taighde agus ollscoileanna ina n-iarrachtaí maidir le taighde agus forbairt theicneolaíoch d'ardchaighdeán; tacóidh sé lena n-iarrachtaí comhair, go háirithe d'fhonn a chumasú do ghnóthais leas iomlán a bhaint as acmhainneacht an mhargaidh inmheánaigh go háirithe trí bhíthin conarthaí náisiúnta poiblí a oscailt, comhchaighdeáin a shainiú agus constaicí dlíthiúla agus fioscacha ar chomhar den sórt sin a dhíchur.

3. Déanfar gach gníomhaíocht Chomhphobail de bhun an Chonartha seo, lena n-áirítear gníomhaíochtaí taisealbhaidh, i réimse an taighde agus na forbartha teicneolaíche, a chinneadh agus a chur chun feidhme i gcomhréir le forálacha an Teidil seo.

Airteagal 164

Agus na cuspóirí sin á saothrú aige, déanfaidh an Comhphobal na gníomhaíochtaí seo a leanas a chur i gcrích chun na gníomhaíochtaí atá ar siúl sna Ballstáit a fhorlíonadh:

(a) cláir a chur chun feidhme maidir le taighde, forbairt theicneolaíoch agus taisealbhadh trí chomhar le gnóthais, lárionaid taighde agus ollscoileanna agus eatarthu a chur ar aghaidh;

(b) comhar maidir le taighde, forbairt theicneolaíoch agus taisealbhadh Comhphobail a chur ar aghaidh le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta;

(c) torthaí gníomhaíochtaí maidir le taighde, forbairt theicneolaíoch agus taisealbhadh Comhphobail a leathadh agus leas iomlán a bhaint astu;

(d) oiliúint agus soghluaisteacht lucht taighde sa Chomhphobal a spreagadh.

Airteagal 165

1. Déanfaidh an Comhphobal agus na Ballstáit a ngníomhaíocht a chomhordú maidir le taighde agus forbairt theicneolaíoch chun a áirithiú go mbeidh comhchuibheas frithpháirteach idir na beartais náisiúnta agus an beartas Comhphobail.

2. Féadfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomharaíocht leis na Ballstáit, gach tionscnamh is fóinteach a ghlacadh chun an comhordú dá dtagraítear i mír 1 a chur ar aghaidh.

Airteagal 166

1. Glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, clár réime ilbhliantúil ina leagfar amach gníomhaíochtaí uile an Chomhphobail.

Déanfaidh an clár réime:

- na cuspóirí eolaíocha agus teicneolaíocha atá le gnóthú sna gníomhaíochtaí dá bhforáiltear in Airteagal 164 agus na tosaíochtaí a bheidh ag gabháil leo a shocrú;

- imlínte do na gníomhaíochtaí sin a chur i bhfios;

- an t-uasmhéid foriomlán agus na rialacha mionsonraithe a shocrú do rannpháirtíocht airgeadais an Chomhphobail sa chlár réime maille leis an gcion faoi seach i ngach gníomhaíocht arna beartú.

2. Déanfar an clár réime a oiriúnú nó a fhorlíonadh de réir mar a thagann cor nua sa scéal.

3. Cuirfear an clár réime chun feidhme trí bhíthin clár sonrach a dhéanfar a fhorbairt laistigh de gach gníomhaíocht. Déanfaidh gach clár sonrach rialacha mionsonraithe a chur chun feidhme a shonrú, a ré a shocrú agus an maoiniú a mheastar is gá a fhoráil. Ní fhéadfaidh suim na méideanna a mheastar is gá arna socrú sna cláir shonracha a bheith níos mó ná an t-uasmhéid foriomlán arna shocrú don chlár réime agus do gach gníomhaíocht.

4. Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, na cláir shonracha a ghlacadh.

Airteagal 167

Ar mhaithe le cur chun feidhme an chláir réime ilbhliantúil, socróidh an Chomhairle:

- na rialacha a bhaineann le rannpháirtíocht ghnóthas, lárionaid taighde agus ollscoileanna;

- na rialacha is infheidhme maidir le torthaí an taighde a leathadh.

Airteagal 168

Agus an clár réime ilbhliantúil á chur chun feidhme, féadfar cinneadh ar chláir fhorlíontacha nach mbeidh rannpháirteach iontu ach Ballstáit áirithe a dhéanfaidh iad a mhaoiniú faoi réir rannpháirtíocht ionchasach an Chomhphobail.

Glacfaidh an Chomhairle na rialacha is infheidhme maidir leis na cláir fhorlíontacha, go háirithe maidir le leathadh eolais agus rochtain ag Ballstáit eile.

Airteagal 169

Agus an clár réime ilbhliantúil á chur chun feidhme aige, féadfaidh an Comhphobal, le comhaontú na mBallstát i dtrácht, foráil do rannpháirtíocht i gcláir thaighde agus forbartha a bheidh gafa ar láimh ag Ballstáit éagsúla, lena n-áirítear rannpháirtíocht sna struchtúir arna gcur ar bun chun na cláir sin a chur i gcrích.

Airteagal 170

Agus an clár réime ilbhliantúil á chur chun feidhme aige, féadfaidh an Comhphobal foráil do chomhar maidir le taighde, forbairt theicneolaíoch agus taisealbhadh Comhphobail le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta.

Féadfaidh rialacha mionsonraithe an chomhair sin a bheith ina n-ábhar do chomhaontuithe idir an Comhphobal agus na tríú páirtithe i dtrácht, a dhéanfar a chaibidil agus a thabhairt i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 300.

Airteagal 171

Féadfaidh an Comhphobal comhghnóthais nó aon struchtúr eile a chur ar bun is gá do dhea-chur i gcrích cláir Chomhphobail maidir le taighde, forbairt theicneolaíoch agus taisealbhadh.

Airteagal 172

Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 171 a ghlacadh.

Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, na forálacha dá dtagraítear in Airteagail 167, 168 agus 169 a ghlacadh. Beidh gá le comhaontú na mBallstát i dtrácht chun na cláir fhorlíontacha a ghlacadh.

Airteagal 173

Ag tús gach bliana, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Folóidh an tuarascáil sin go háirithe na gníomhaíochtaí a rinneadh maidir le taighde, forbairt theicneolaíoch agus leathadh na dtorthaí i gcaitheamh na bliana roimhe sin agus an clár oibre don bhliain reatha.

TEIDEAL XIX

COMHSHAOL

Airteagal 174

1. Rannchuideoidh beartas an Chomhphobail i réimse an chomhshaoil leis na cuspóirí seo a leanas a shaothrú:

- mianach an chomhshaoil a chaomhnú, a chosaint agus a fheabhsú;

- sláinte an duine a chosaint;

- acmhainní nádúrtha a úsáid go stuama réasúnach;

- bearta a chur ar aghaidh ar an leibhéal idirnáisiúnta chun déileáil le fadhbanna réigiúnacha nó domhanda an chomhshaoil.

2. Beidh sé d'aidhm ag beartas an Chomhphobail i réimse an chomhshaoil ardleibhéal cosanta a shroicheadh ag tabhairt aird ar éagsúlacht na staideanna i réigiúin éagsúla an Chomhphobail. Fothófar é ar phrionsabal an réamhchúraim agus ar na prionsabail gur cóir bearta coisctheacha a ghlacadh, go dtabharfar tosaíocht do bhearta chun damáiste don chomhshaol a cheartú ag an bhfoinse agus gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as.

Sa chomhthéacs sin, beidh sna bearta comhchuibhithe a fhreagraíonn do cheanglais maidir le cosaint an chomhshaoil, i gcásanna iomchuí, clásal cosanta a údaróidh do na Ballstáit bearta sealadacha a bheidh faoi réir nós imeachta rialaithe Comhphobail a ghlacadh ar fhorais chomhshaoil neamheacnamaíocha.

3. Agus a bheartas i réimse an chomhshaoil á ullmhú aige, cuirfidh an Comhphobal san áireamh:

- a bhfuil ar fáil de shonraí eolaíocha agus teicniúla;

- dálaí an chomhshaoil i réigiúin éagsúla an Chomhphobail;

- na buntáistí agus na costais a fhéadfaidh a theacht as gníomhaíocht nó easpa gníomhaíochta;

- forbairt eacnamaíoch agus shóisialta an Chomhphobail ina iomláine agus forbairt chothromúil a chuid réigiún.

4. Faoi chuimsiú a n-inniúlachtaí faoi seach, comhoibreoidh an Comhphobal agus na Ballstáit le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla. Féadfaidh rialacha mionsonraithe chomhar an Chomhphobail a bheith ina n-ábhar do chomhaontuithe idir an Comhphobal agus na tríú páirtithe i dtrácht, a dhéanfar a chaibidil agus a thabhairt i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 300.

Beidh an chéad fhomhír gan dochar d'inniúlacht na mBallstát dul i mbun caibidlíochta i gcomhlachtaí idirnáisiúnta agus comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích.

Airteagal 175

1. Cinnfidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Coiste na Réigiún, an ghníomhaíocht a ghabhfaidh an Comhphobal ar láimh chun na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 174 a ghnóthú.

2. De mhaolú ar an nós imeachta cinnteoireachta dá bhforáiltear i mír 1 agus gan dochar d'Airteagal 95, glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Coiste na Réigiún:

(a) forálacha atá de chineál fioscach go príomha;

(b) bearta a dhéanann difear:

- do bhearta maidir le pleanáil bhaile agus tuaithe;

- do bhainisteoireacht chainníochtúil ar acmhainní uisce nó a dhéanann difear go díreach nó go hindíreach do na hacmhainní sin a bheith ar fáil;

- d’úsáid talún seachas bainisteoireacht dramhaíola;

(c) bearta a dhéanann difear suntasach do rogha Bhallstáit idir foinsí éagsúla fuinnimh agus struchtúr ginearálta a sholáthair fuinnimh.

Féadfaidh an Chomhairle, faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa chéad fhomhír, na hábhair sin a shainiú dá dtagraítear sa mhír seo ar a nglacfar cinntí trí thromlach cáilithe.

3. I réimsí eile, glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Coiste na Réigiún, cláir ghníomhaíochta ghinearálta a shocraíonn na cuspóirí tosaíochta a bheidh le gnóthú.

Glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di faoi na coinníollacha dá bhforáiltear i mír 1 nó 2 de réir mar a bheidh, na bearta is gá chun na cláir sin a chur chun feidhme.

4. Gan dochar do bhearta áirithe de chineál Comhphobail, déanfaidh na Ballstáit an beartas comhshaoil a mhaoiniú agus a chur i gcrích.

5. Gan dochar don phrionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as, i gcás go mbéarfaidh beart arna bhunú ar fhorálacha mhír 1 costais a mheastar is díréireach d'údaráis phoiblí Ballstáit, déanfaidh an Chomhairle, sa ghníomh ag glacadh an bhirt sin, forálacha iomchuí a leagan síos ar nós:

- maoluithe sealadacha agus/nó

- tacaíocht airgeadais ón gCiste Comhtháthaithe arna chur ar bun de bhun fhorálacha Airteagal 161.

Airteagal 176

Ní chuirfidh na bearta cosanta arna nglacadh de bhun Airteagal 175 bac ar aon Bhallstát bearta cosanta níos déine a choimeád ar bun ná a thabhairt isteach. Ní mór do bhearta den sórt sin a bheith ag luí leis an gConradh seo. Cuirfear in iúl don Choimisiún iad.

TEIDEAL XX

COMHAR UM FHORBAIRT

Airteagal 177

1. I réimse an chomhair um fhorbairt, taobhóidh beartas an Chomhphobail, a bheidh forlíontach le beartais na mBallstát:

- le forbairt inbhuanaithe eacnamaíoch agus shóisialta na dtíortha i mbéal forbartha, agus go háirithe na tíortha is míbhuntáistiúla ina measc;

- leis na tíortha i mbéal forbartha a lánpháirtiú go comhchuí comhleanúnach sa gheilleagar domhanda;

- leis an gcomhrac in aghaidh na bochtaineachta sna tíortha i mbéal forbartha.

2. Rannchuideoidh beartas an Chomhphobail sa réimse seo leis an gcuspóir ginearálta maidir le forbairt agus comhdhlúthú an daonlathais agus smacht reachta agus leis an gcuspóir maidir le cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a urramú.

3. Urramóidh an Comhphobal agus na Ballstáit na gealltanais agus tabharfaidh siad aird ar na cuspóirí a bheidh formheasta acu faoi chuimsiú na Náisiún Aontaithe agus eagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla eile.

Airteagal 178

Tabharfaidh an Comhphobal aird ar na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 177 sna beartais a chuirfidh sé chun feidhme ar dóigh dóibh difear a dhéanamh do thíortha i mbéal forbartha.

Airteagal 179

1. Gan dochar d'fhorálacha eile an Chonartha seo, glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251, na bearta is gá chun na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 177 a shaothrú. Féadfaidh na bearta sin bheith i bhfoirm clár ilbhliantúil.

2. Rannchuideoidh an Banc Eorpach Infheistíochta, faoi na coinníollacha dá bhforáiltear ina Reacht, le cur chun feidhme na mbeart dá dtagraítear i mír 1.

3. Ní dhéanfaidh forálacha an Airteagail seo difear don chomhar leis na tíortha san Afraic, sa Mhuir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) faoi chuimsiú Choinbhinsiún ACC-CE.

Airteagal 180

1. Déanfaidh an Comhphobal agus na Ballstáit comhordú ar a mbeartais maidir le comhar um fhorbairt agus comhbheartóidh siad le chéile a gcláir chabhrach, go fiú in eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag comhdhálacha idirnáisiúnta. Féadfaidh siad gníomhaíochtaí comhpháirteacha a ghabháil ar láimh. Rannchuideoidh na Ballstáit, más gá, le cur chun feidhme chláir chabhrach an Chomhphobail.

2. Féadfaidh an Coimisiún aon tionscnamh is fóinteach a ghlacadh chun an comhordú dá dtagraítear i mír 1 a chur ar aghaidh.

Airteagal 181

Faoi chuimsiú a n-inniúlachtaí faoi seach, comhoibreoidh an Comhphobal agus na Ballstáit le tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla. Féadfaidh rialacha mionsonraithe chomhar an Chomhphobail bheith ina n-ábhar do chomhaontuithe idir an Comhphobal agus na tríú páirtithe i dtrácht, a dhéanfar a chaibidil agus a thabhairt i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 300.

Beidh an chéad fhomhír gan dochar d'inniúlacht na mBallstát dul i mbun caibidlíochta i gcomhlachtaí idirnáisiúnta agus comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích.

TEIDEAL XXI

COMHAR EACNAMAÍOCH, AIRGEADAIS AGUS TEICNIÚIL LE TRÍÚ TÍORTHA

Airteagal 181a

1. Gan dochar d'fhorálacha eile an Chonartha seo agus go háirithe d'fhorálacha Theideal XX, seolfaidh an Comhphobal, laistigh dá réimsí inniúlachta, bearta comhair eacnamaíoch, airgeadais agus theicniúil le tríú tíortha Forlíonfaidh na bearta sin bearta arna seoladh ag na Ballstáit agus beidh siad ag luí le beartas forbartha an Chomhphobail.

Rannchuideoidh beartas an Chomhphobail sa réimse seo leis an gcuspóir ginearálta an daonlathas agus an smacht reachta a fhorbairt agus a chomhdhlúthú mar aon leis an gcuspóir cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a urramú.

2. Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, na bearta a ghlacadh is gá chun mír 1 a chur chun feidhme. Gníomhóidh an Chomhairle d’aon toil maidir leis na comhaontuithe comhlachais dá dtagraítear in Airteagal 310 agus leis na comhaontuithe atá le tabhairt i gcrích leis na Stáit is iarrthóirí ar aontachas leis an Aontas.

3. Faoi chuimsiú a n-inniúlachtaí faoi seach, rachaidh an Comhphobal agus na Ballstáit i gcomhar le tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla. Féadfaidh na rialacha mionsonraithe um chomhar Comhphobail a bheith ina n-ábhar do chomhaontuithe idir an Comhphobal agus na tríú páirtithe i dtrácht a dhéanfar a chaibidil agus a thabhairt i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 300.

Beidh an chéad fhomhír gan dochar d'inniúlacht na mBallstát dul i mbun caibidlíochta i gcomhlachtaí idirnáisiúnta agus comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích.

CUID A CEATHAIR

TÍORTHA AGUS CRÍOCHA THAR LEAR A CHOMHLACHÚ

Airteagal 182

Comhaontaíonn na Ballstáit na tíortha agus na críocha neamh-Eorpacha a bhfuil caidreamh speisialta acu leis an Danmhairg, leis an bhFrainc, leis an Ísiltír agus leis an Ríocht Aontaithe a chomhlachú leis an gComhphobal. Tá na tíortha agus na críocha sin (dá ngairtear "na tíortha agus na críocha" anseo feasta) sa liosta in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gConradh seo.

Is é is cuspóir don chomhlachas forbairt eacnamaíoch agus shóisialta na dtíortha agus na gcríoch a chur chun cinn agus dlúthchaidreamh eacnamaíoch a bhunú idir iad agus an Comhphobal ina iomláine.

De réir na bprionsabal atá leagtha amach sa Bhrollach don Chonradh seo, fónfaidh an comhlachas go príomha chun leasanna agus rathúnas áitritheoirí na dtíortha agus na gcríoch sin a chur ar aghaidh, d'fhonn iad a sheoladh i dtreo na forbraíochta, idir eacnamaíoch, shóisialta agus chultúrtha, a bhfuil a ndóchas léi.

Airteagal 183

Is iad seo a leanas aidhmeanna an chomhlachais:

1. Cuirfidh na Ballstáit chun feidhme ar a dtrádáil leis na tíortha agus na críocha an chóir chéanna a bhíonn acu dá chéile de bhun an Chonartha seo.

2. Cuirfidh gach tír nó críoch chun feidhme ar a trádáil leis na Ballstáit agus leis na tíortha agus na críocha eile an chóir chéanna a bhíonn aici don Stát Eorpach a bhfuil caidreamh speisialta aici leis.

3. Cuideoidh na Ballstáit leis na hinfheistíochtaí is gá chun na tíortha agus na críocha sin a fhorbairt go comhleanúnach.

4. I gcás na n-infheistíochtaí atá maoinithe ag an gComhphobal, beidh rannpháirtíocht sna tairiscintí agus sna soláthairtí ar oscailt, ar choinníollacha comhionanna, do na daoine go léir, idir nádúrtha agus dlítheanach, is náisiúnaigh de Bhallstát nó de cheann de na tíortha agus na críocha.

5. Sa chaidreamh idir Ballstáit agus na tíortha agus na críocha, déanfar an ceart bunaíochta do náisiúnaigh agus do chuideachtaí nó gnólachtaí a rialú de réir na bhforálacha agus an nós imeachta atá leagtha síos sa Chaibidil a bhaineann leis an gceart bunaíochta agus ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, faoi réir aon fhorálacha speisialta a leagfar síos de bhun Airteagal 187.

Airteagal 184

1. Déanfar dleachtanna custaim ar earraí de thionscnamh na dtíortha agus na gcríoch a allmhaireofar isteach sna Ballstáit a thoirmeasc i gcomhréir leis an toirmeasc dleachtanna custaim idir na Ballstáit de réir fhorálacha an Chonartha seo.

2. Déanfar dleachtanna custaim ar allmhairí isteach i ngach tír nó críoch ó Bhallstáit nó ó na tíortha nó na críocha eile a thoirmeasc i gcomhréir le forálacha Airteagal 25.

3. Féadfaidh na tíortha agus na críocha, áfach, dleachtanna custaim a thobhach a fhreagraíonn do riachtanais a bhforbraíochta agus a dtionsclaíochta nó a ghnóthaíonn ioncam dá mbuiséid.

Ní fhéadfaidh na dleachtanna dá dtagraítear san fhomhír roimhe seo dul thar leibhéal na ndleachtanna a fhorchuirtear ar tháirgí a allmhairítear ón mBallstát a bhfuil caidreamh speisialta ag gach tír nó críoch ar leith leis.

4. Ní bhainfidh mír 2 leis na tíortha agus na críocha a dhéanann cheana féin, mar gheall ar na hoibleagáidí idirnáisiúnta áirithe atá de cheangal orthu, taraif chustaim neamh-idirdhealaitheach a chur chun feidhme.

5. Má thugtar isteach nó má athraítear ar dhóigh ar bith dleachtanna custaim ar earraí a allmhairítear isteach sna tíortha agus sna críocha, ní bheidh sin ina chúis, ó dhlí ná ó ghníomh, le haon idirdhealú, díreach ná indíreach, a dhéanamh idir allmhairí ó na Ballstáit éagsúla.

Airteagal 185

I gcás na dleachtanna is inchurtha ar earraí ó thríú tír, ar a dteacht isteach i dtír nó i gcríoch, a bheith ar leibhéal ar cosúil dó, nuair a chuirtear forálacha Airteagal 184(1) chun feidhme, trádáil a shraonadh chun dochair d'aon Bhallstát, féadfaidh an Stát sin a iarraidh ar an gCoimisiún na bearta is gá mar leigheas ar an gcor sin a mholadh do na Ballstáit eile.

Airteagal 186

Faoi réir na bhforálacha a bhaineann le sláinte phoiblí, slándáil phoiblí nó beartas poiblí, déanfar an tsaoirse ghluaiseachta laistigh de Bhallstáit le haghaidh oibrithe ó na tíortha agus na críocha, agus laistigh de na tíortha agus na críocha le haghaidh oibrithe ó na Ballstáit, a rialú le comhaontuithe a thabharfar i gcrích amach anseo le formheas d'aon toil ó na Ballstáit.

Airteagal 187

Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d’aon toil, ar bhonn na taithí atá faighte faoi chuimsiú chomhlachú na dtíortha agus na gcríoch leis an gComhphobal agus ar bhonn na bprionsabal atá leagtha amach sa Chonradh seo, forálacha a leagan síos maidir leis na rialacha mionsonraithe agus an nós imeachta chun na tíortha agus na críocha a chomhlachú leis an gComhphobal.

Airteagal 188

Beidh feidhm ag Airteagail 182 go 187 i leith na Graonlainne, faoi réir na bhforálacha sonracha don Ghraonlainn arna leagan amach sa Phrótacal ar shocruithe speisialta don Ghraonlainn atá i gceangal leis an gConradh seo.

CUID A CÚIG

INSTITIÚIDÍ AN CHOMHPHOBAIL

TEIDEAL I

FORÁLACHA AG RIALÚ NA nINSTITIÚIDÍ

CAIBIDIL 1

NA hINSTITIÚIDÍ

ROINN 1

PARLAIMINT NA hEORPA

Airteagal 189

Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ar a mbeidh ionadaithe do phobail na Stát arna dtabhairt le chéile sa Chomhphobal, na cumhachtaí a thugtar di sa Chonradh seo a fheidhmiú.

Ní rachaidh líon chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa thar 732.

Airteagal 190 [3]

1. Déanfar na hionadaithe ar Pharlaimint na hEorpa ó phobail na Stát atá tugtha le chéile sa Chomhphobal a thoghadh trí vótáil chomhchoiteann dhíreach.

2. Is mar a leanas a bheidh líon na n-ionadaithe a thoghfar i ngach Ballstát:

An Bheilg | 24 |

Poblacht na Seice | 24 |

An Danmhairg | 14 |

An Ghearmáin | 99 |

An Eastóin | 6 |

An Ghréig | 24 |

An Spáinn | 54 |

An Fhrainc | 78 |

Éire | 13 |

An Iodáil | 78 |

An Chipir | 6 |

An Laitvia | 9 |

An Liotuáin | 13 |

Lucsamburg | 6 |

An Ungáir | 24 |

Málta | 5 |

An Ísiltír | 27 |

An Ostair | 18 |

An Pholainn | 54 |

An Phortaingéil | 24 |

An tSlóivéin | 7 |

An tSlóvaic | 14 |

An Fhionlainn | 14 |

An tSualainn | 19 |

An Ríocht Aontaithe | 78. |

I gcás leasuithe ar an mír seo, ní foláir gur leor líon na n-ionadaithe arna dtoghadh i ngach Ballstát chun ionadaíocht iomchuí a áirithiú do phobail na Stát arna dtabhairt le chéile sa Chomhphobal.

3. Toghfar na hionadaithe go ceann téarma cúig bliana.

4. Tarraingeoidh Parlaimint na hEorpa suas togra do thoghcháin trí vótáil chomhchoiteann dhíreach i gcomhréir le nós imeachta comhionann sna Ballstáit go léir nó i gcomhréir le prionsabail ar comhphrionsabail iad ag na Ballstáit go léir.

Glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil agus tar éis aontú Pharlaimint na hEorpa a ghníomhóidh trí thromlach glan de na comhaltaí a chomhdhéanann í, na forálacha iomchuí a mholfaidh sí do na Ballstáit lena nglacadh i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

5. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, tar éis tuairim ón gCoimisiún a iarraidh agus formheas ón gComhairle ag gníomhú di trí thromlach cáilithe a fháil, na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta a leagan síos a rialaíonn comhlíonadh a gcuid dualgas ag a comhaltaí. Is gá aontoilíocht laistigh den Chomhairle a bheith le gach riail nó coinníoll a bhaineann le cáin a ghearradh ar chomhaltaí nó iarchomhaltaí.

Airteagal 191

Tá tábhacht le páirtithe polaitiúla ar leibhéal Eorpach mar thoisc ar mhaithe le lánpháirtiú laistigh den Aontas. Rannchuidíonn siad le feasacht Eorpach a mhúnlú agus le friotal a chur ar thoil pholaitiúil shaoránaigh an Aontais.

Leagfaidh an Chomhairle síos, ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251, reacht na bpáirtithe polaitiúla ar leibhéal Eorpach agus go háirithe na rialacha maidir lena maoiniú.

Airteagal 192

A mhéad a fhoráiltear é sa Chonradh seo, beidh Parlaimint na hEorpa rannpháirteach sa phróiseas trína nglactar gníomhartha Comhphobail, trí fheidhmiú a cuid cumhachtaí faoi chuimsiú na nósanna imeachta atá sainithe in Airteagail 251 agus 252 agus trí aontuithe agus trí thuairimí comhairleacha a thabhairt.

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa, ag gníomhú di trí thromlach a comhaltaí, a iarraidh ar an gCoimisiún aon togra iomchuí a chur faoina bráid ar na hábhair ar gá, dar léi, gníomh Comhphobail ina leith chun an Conradh seo a chur chun feidhme.

Airteagal 193

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa, agus a cúraimí á gcomhall aici, arna iarraidh sin don cheathrú cuid dá comhaltaí, coiste fiosrúcháin sealadach a chur ar bun chun iniúchadh a dhéanamh, gan dochar do na cumhachtaí a thugtar d'institiúidí nó do chomhlachtaí eile sa Chonradh seo, ar líomhaintí maidir le sárú nó le drochriarachán i gcur chun feidhme dhlí an Chomhphobail, ach amháin má tá na fíorais a líomhnaítear faoi scrúdú os comhair cúirte agus fad nach mbeidh na himeachtaí dlíthiúla críochnaithe.

Beidh deireadh leis an gcoiste fiosrúcháin sealadach ar thaisceadh a thuarascála dó.

Cinnfidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún de thoil a chéile na rialacha mionsonraithe maidir leis an gceart fiosrúcháin a fheidhmiú.

Airteagal 194

Beidh ag gach saoránach den Aontas agus ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chónaíonn nó a bhfuil a oifig chláraithe aige i mBallstát, ar a chonlán féin nó i gcomhlachas le saoránaigh nó daoine eile, an ceart achainí a chur os comhair Pharlaimint na hEorpa ar ábhar a thig faoi réimsí gníomhaíochta an Chomhphobail agus a bhaineann go díreach leis.

Airteagal 195

1. Ceapfaidh Parlaimint na hEorpa Ombudsman a chumhachtófar chun gearáin a ghlacadh ó aon saoránach den Aontas nó ó aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chónaíonn nó a bhfuil a oifig chláraithe aige i mBallstát maidir le cásanna drochriaracháin i ngníomhaíochtaí na n-institiúidí nó na gcomhlachtaí Comhphobail, seachas an Chúirt Bhreithiúnais nó an Chúirt Chéadchéime i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna breithiúnacha dóibh.

I gcomhréir lena dhualgais, cuirfidh an tOmbudsman na fiosrúcháin i gcrích a bhfuil forais faighte aige chucu ar a thionscnamh féin nó ar bhonn gearán a dhéantar leis go díreach nó trí chomhalta de Pharlaimint na hEorpa, ach amháin má tá nó má bhí na fíorais a líomhnaítear ina n-ábhar d'imeachtaí dlíthiúla. I gcás go suíonn an tOmbudsman go bhfuil drochriarachán i gceist, cuirfidh sé an cás faoi bhráid na hinstitiúide i dtrácht agus beidh trí mhí aici chun a tuairim a thabhairt dó. Ansin díreoidh an tOmbudsman tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an institiúid i dtrácht. Cuirfear an duine a rinne an gearán ar an eolas faoi thoradh na bhfiosrúchán sin.

Tíolacfaidh an tOmbudsman tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa gach bliain ar thorthaí a chuid fiosrúchán.

2. Ceapfar an tOmbudsman tar éis gach toghcháin do Pharlaimint na hEorpa go ceann théarma oifige Pharlaimint na hEorpa. Féadfar a théarma oifige a athnuachan.

Féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais an tOmbudsman a bhriseadh arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa mura gcomhallfaidh sé a thuilleadh na coinníollacha is gá chun a fheidhmeanna a fheidhmiú nó má bhí sé ciontach i mí-iompar tromchúiseach.

3. Beidh an tOmbudsman neamhspleách ar fad i bhfeidhmiú a fheidhmeanna. I gcomhlíonadh a dhualgas dó, ní iarrfaidh sé ná ní ghlacfaidh sé teagaisc ó aon chomhlacht eile. Ní cead dó, le linn a théarma oifige, gabháil le haon slí bheatha eile, sochrach ná neamhshochrach.

4. Socróidh Parlaimint na hEorpa, tar éis tuairim a iarraidh ar an gCoimisiún agus le formheas ón gComhairle ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta d'fheidhmiú fheidhmeanna an Ombudsman.

Airteagal 196

Beidh seisiún in aghaidh na bliana ag Parlaimint na hEorpa. Tiocfaidh sí le chéile, gan a bheith de riachtanas í a chomóradh, an dara Máirt de Mhárta.

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa teacht le chéile i seisiún urghnách arna iarraidh sin ag tromlach a comhaltaí nó arna iarraidh ag an gComhairle nó ag an gCoimisiún.

Airteagal 197

Toghfaidh Parlaimint na hEorpa a hUachtarán agus a hoifigigh as líon a comhaltaí.

Féadfaidh comhaltaí den Choimisiún bheith i láthair ag gach cruinniú agus, ar iad á iarraidh sin, tabharfar éisteacht dóibh thar ceann an Choimisiúin.

Freagróidh an Coimisiún ó bhéal nó i scríbhinn ceisteanna a chuirfidh Parlaimint na hEorpa nó comhaltaí Pharlaimint na hEorpa chuige.

Tabharfaidh Parlaimint na hEorpa éisteacht don Chomhairle de réir na gcoinníollacha a bheidh leagtha síos ag an gComhairle ina rialacha nós imeachta.

Airteagal 198

Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis an gConradh seo, gníomhóidh Parlaimint na hEorpa trí thromlach glan de na vótaí a caitheadh.

Socrófar an córam leis na rialacha nós imeachta.

Airteagal 199

Glacfaidh Parlaimint na hEorpa a rialacha nós imeachta, ag gníomhú di trí thromlach dá comhaltaí.

Foilseofar imeachtaí Pharlaimint na hEorpa ar an modh a leagfar síos ina rialacha nós imeachta.

Airteagal 200

Pléifidh Parlaimint na hEorpa i seisiún poiblí an tuarascáil ghinearálta bhliantúil a bheidh curtha faoina bráid ag an gCoimisiún.

Airteagal 201

Má leagtar faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa tairiscint ag cáineadh ghníomhaíochtaí an Choimisiúin, ní vótálfaidh Parlaimint na hEorpa ar an tairiscint sin go ceann trí lá ar a laghad tar éis an tairiscint a leagan faoina bráid, agus is trí vótáil phoiblí a dhéanfar sin.

Má ritear an tairiscint cháinte le tromlach dhá thrian de na vótaí a caitheadh, agus gurb ionann sin agus tromlach de chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa, éireoidh comhaltaí an Choimisiúin as a n-oifig d'aon bhuíon. Leanfaidh siad orthu ag déileáil le gnó reatha go dtí go gceapfar daoine ina n-ionad de réir Airteagal 214. Sa chás sin, rachaidh téarma oifige chomhaltaí an Choimisiúin a cheaptar chun a n-ionad a ghabháil in éag ar an dáta a rachadh téarma oifige chomhaltaí an Choimisiúin ar tugadh orthu éirí as d'aon bhuíon in éag.

ROINN 2

AN CHOMHAIRLE

Airteagal 202

Chun a áirithiú go ngnóthófar na haidhmeanna atá leagtha amach sa Chonradh seo:

- áiritheoidh an Chomhairle go gcomhordófar beartais eacnamaíocha ghinearálta na mBallstát, agus

- beidh cumhacht ag an gComhairle cinntí a ghlacadh, de réir fhorálacha an Chonartha seo, agus

- tabharfaidh an Chomhairle sna gníomhartha a ghlacfaidh sí cumhachtaí don Choimisiún chun na rialacha a leagann sí síos a chur i bhfeidhm. Féadfaidh an Chomhairle feidhmiú na gcumhachtaí sin a chur faoi réir ceanglas áirithe. I gcásanna ar leith féadfaidh an Chomhairle an ceart a choimeád chuici féin na cumhachtaí feidhmithe sin a chur chun feidhme go díreach. Ní mór do na ceanglais dá dtagraítear thuas teacht leis na prionsabail agus na rialacha a bheidh leagtha síos roimh ré ag an gComhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

Airteagal 203

Beidh ar an gComhairle ionadaí do gach Ballstát ar leibhéal aireachta dá n-údarófar Rialtas an Bhallstáit sin a cheangal.

Sealbhóidh gach Ballstát sa Chomhairle, ar a uain, oifig an Uachtaráin go ceann téarma sé mhí san ord a chinnfidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil.

Airteagal 204

Tiocfaidh an Chomhairle le chéile arna comóradh ag a hUachtarán ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin do chomhalta den Chomhairle nó don Choimisiún.

Airteagal 205 [4]

1. Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt sa Chonradh seo, is le tromlach dá comhaltaí a ghníomhóidh an Chomhairle.

2. Nuair a cheanglaítear ar an gComhairle gníomhú trí thromlach cáilithe, déanfar vótaí a comhaltaí a ualú mar a leanas:

An Bheilg | 12 |

Poblacht na Seice | 12 |

An Danmhairg | 7 |

An Ghearmáin | 29 |

An Eastóin | 4 |

An Ghréig | 12 |

An Spáinn | 27 |

An Fhrainc | 29 |

Éire | 7 |

An Iodáil | 29 |

An Chipir | 4 |

An Laitvia | 4 |

An Liotuáin | 7 |

Lucsamburg | 4 |

An Ungáir | 12 |

Málta | 3 |

An Ísiltír | 13 |

An Ostair | 10 |

An Pholainn | 27 |

An Phortaingéil | 12 |

An tSlóvéin | 12 |

An tSlóvaic | 7 |

An Fhionlainn | 7 |

An tSualainn | 10 |

An Ríocht Aontaithe | 29. |

Chun go nglacfar gníomhartha na Comhairle, is gá cuid nach lú ná 232 vóta ina bhfabhar arna gcaitheamh ag tromlach na gcomhaltaí sa chás ina gceanglaítear sa Chonradh seo iad a ghlacadh ar thogra ón gCoimisiún.

Chun go nglacfar gníomhartha na Comhairle i gcásanna eile, is gá cuid nach lú ná 232 vóta ina bhfabhar arna gcaitheamh ag dhá thrian de na comhaltaí ar a laghad.

3. Ní bac ar an gComhairle do ghlacadh le gníomhartha ar gá aontoilíocht dóibh comhaltaí a bheidh i láthair go pearsanta nó trí ionadaíocht a staonadh ó vótáil.

4. Nuair atá cinneadh le glacadh ag an gComhairle trí thromlach cáilithe, féadfaidh comhalta den Chomhairle a iarraidh go bhfíoraítear go bhfuil na Ballstáit a chomhdhéanann an tromlach cáilithe in ionannas le 62 % ar a laghad de dhaonra iomlán an Aontais. Más léir nach bhfuil an coinníoll sin comhallta, ní ghlacfar an cinneadh i dtrácht.

Airteagal 206

Má dhéantar vótáil, féadfaidh comhalta ar bith den Chomhairle gníomhú freisin thar ceann comhalta amháin eile ar a mhéad.

Airteagal 207

1. Beidh coiste arna chomhdhéanamh de Bhuanionadaithe na mBallstát freagrach as obair na Comhairle a ullmhú agus as na cúraimí a chuirfidh an Chomhairle air a chur i gcrích. Féadfaidh an Coiste cinntí maidir le nós imeachta a ghlacadh sna cásanna dá bhforáiltear i Rialacha Nós Imeachta na Comhairle.

2. Cabhróidh Ardrúnaíocht a bheidh faoi stiúradh Ardrúnaí, Ardionadaí don chomhbheartas eachtrach agus slándála, leis an gComhairle agus cuideoidh Leas-Ardrúnaí leis a bheidh freagrach as an Ardrúnaíocht a reáchtáil. Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, an tArdrúnaí agus an Leas-Ardrúnaí a cheapadh.

Cinnfidh an Chomhairle eagrúchán na hArdrúnaíochta.

3. Glacfaidh an Chomhairle a Rialacha Nós Imeachta.

D'fhonn Airteagal 255(3) a chur i bhfeidhm, leagfaidh an Chomhairle síos sna Rialacha sin na coinníollacha faoina mbeidh rochtain ag an bpobal ar dhoiciméid na Comhairle. Chun críche na míre seo, saineoidh an Chomhairle na cásanna inar cóir a mheas go bhfuil sí ag gníomhú ina cáil reachtach d'fhonn níos mó rochtana ar dhoiciméid a cheadú sna cásanna sin ach san am céanna caomhnóidh sí éifeachtúlacht a próisis chinnteoireachta. Ar aon chuma, nuair a bhíonn an Chomhairle ag gníomhú ina cáil reachtach, poibleofar torthaí na vótála agus míniú ar an vótáil i dteannta leis na ráitis sna miontuairiscí.

Airteagal 208

Féadfaidh an Chomhairle a iarraidh ar an gCoimisiún dul i mbun aon staidéir a mheasann an Chomhairle a bheith fóinteach chun na comhaidhmeanna a ghnóthú, agus aon tograí iomchuí a chur faoina bráid.

Airteagal 209

Déanfaidh an Chomhairle, tar éis tuairim a fháil ón gCoimisiún, na rialacha a chinneadh a rialóidh na coistí dá bhforáiltear sa Chonradh seo.

Airteagal 210

Cinnfidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, tuarastail, slánaíochtaí agus pinsin Uachtarán agus chomhaltaí an Choimisiúin agus Uachtarán, Bhreithiúna, Abhcóidí Ginearálta agus Chláraitheoir na Cúirte Breithiúnais agus chomhaltaí agus Chláraitheoir na Cúirte Céadchéime. Cinnfidh an Chomhairle chomh maith, trí thromlach cáilithe freisin, aon slánaíocht is intugtha in ionad luach saothair.

ROINN 3

AN COIMISIÚN

Airteagal 211

Chun feidhmiú agus forbairt an chómhargaidh mar is cuí a áirithiú, comhlíonfaidh an Coimisiún na cúraimí seo a leanas:

- féachfaidh sé chuige go gcuirfear chun feidhme forálacha an Chonartha seo agus na bearta a ghlacfaidh na hinstitiúidí dá mbun;

- foirmeoidh sé moltaí nó tabharfaidh sé tuairimí ar ábhair a ndéileáiltear leo sa Chonradh seo, má fhoráiltear sin go sainráite ann nó má mheasann an Coimisiún gur gá é;

- beidh cumhacht dá chuid féin aige chun cinneadh a ghlacadh agus rannpháirteoidh sé i gcumadh bearta a ghlacfaidh an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar an modh dá bhforáiltear sa Chonradh seo;

- feidhmeoidh sé na cumhachtaí a thabharfaidh an Chomhairle dó chun na rialacha a chur i ngníomh a bheidh leagtha síos ag an gComhairle.

Airteagal 212

Foilseoidh an Coimisiún go bliantúil, tráth nach déanaí ná mí roimh oscailt sheisiún Pharlaimint na hEorpa, tuarascáil ghinearálta ar ghníomhaíochtaí an Chomhphobail.

Airteagal 213 [5]

1. Roghnófar comhaltaí an Choimisiúin de bharr a n-inniúlachta i gcoitinne agus ní bheidh a neamhspleáchas inchurtha in amhras.

Ní mór náisiúnach amháin as gach Ballstát a bheith ar an gCoimisiún.

Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil, líon chomhaltaí an Choimisiúin a athrú.

2. Beidh comhaltaí an Choimisiúin, chun leas ginearálta an Chomhphobail, neamhspleách ar fad i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna.

I gcomhlíonadh a ndualgas dóibh, ní iarrfaidh ná ní ghlacfaidh siad teagaisc ó aon Rialtas ná ó aon chomhlacht eile. Staonfaidh siad ó aon ghníomh nach luíonn lena bhfeidhmeanna. Gabhann gach Ballstát air féin an prionsabal sin a urramú agus gan féachaint le tionchar a oibriú ar chomhaltaí an Choimisiúin i gcomhlíonadh a gcúraimí dóibh.

Ní cead do chomhaltaí an Choimisiúin, le linn a dtéarma oifige, gabháil le haon slí bheatha eile, sochrach ná neamhshochrach. Ar dhul i mbun a ndualgas dóibh, tabharfaidh siad gealltanas sollúnta go n-urramóidh siad, le linn a dtéarma oifige agus ina dhiaidh, na hoibleagáidí a leanann as a n-oifig agus go háirithe a ndualgas chun bheith ionraic stuama i dtaobh ceapacháin nó sochair áirithe a ghlacadh tar éis scor dá n-oifig dóibh. Má dhéantar aon sárú ar na hoibleagáidí sin, féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais, ar iarratas ón gComhairle nó ón gCoimisiún, a rialú, de réir na n-imthosca, go bhfuil an comhalta áirithe le scor go héigeantach i gcomhréir le forálacha Airteagal 216 nó go bhfuil a cheart chun pinsin nó chun sochar eile in ionad pinsin le baint de.

Airteagal 214

1. Ceapfar comhaltaí an Choimisiúin, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear i mír 2, go ceann téarma cúig bliana faoi réir, más gá, fhorálacha Airteagal 201.

Féadfar a dtéarma oifige a athnuachan.

2. Ainmneoidh an Chomhairle, ag teacht le chéile di i dtionól na gCeannairí Stáit nó Rialtais agus ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, an duine a bheartaíonn siad a cheapadh ina Uachtarán ar an gCoimisiún; déanfaidh Parlaimint na hEorpa an t-ainmniúchán a fhormheas.

Glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe agus de chomhthoil leis an ainmnitheach do phost an Uachtaráin, liosta na ndaoine eile a bheartaíonn siad a cheapadh ina gcomhaltaí den Choimisiún, arna tharraingt suas i gcomhréir leis na tograí arna ndéanamh ag gach Ballstát.

Déanfar Uachtarán agus comhaltaí eile an Choimisiúin arna n-ainmniú amhlaidh a chur mar choláiste faoi réir vóta formheasta ag Parlaimint na hEorpa. Ceapfaidh an Chomhairle ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, Uachtarán agus comhaltaí eile an Choimisiúin tar éis fhormheas Pharlaimint na hEorpa.

Airteagal 215

Amach ó ghnáthathrú ar chomhaltaí nó i gcás comhalta d'fháil bháis, críochnóidh feidhmeanna comhalta den Choimisiún ar é d'éirí as oifig nó ar é a scor go héigeantach.

Déanfar folúntas a tharlóidh de bharr éirí as oifig nó scor go héigeantach nó de bharr báis a líonadh ar feadh a bhfuil fágtha de théarma oifige an chomhalta le comhalta nua arna cheapadh ag an gComhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil, a chinneadh nach gá folúntas den sórt sin a líonadh.

I gcás an tUachtarán d'éirí as oifig, do scor go héigeantach nó d'fháil bháis, déanfar duine a cheapadh ina ionad ar feadh a bhfuil fágtha dá théarma oifige. Is é an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 214(2) is infheidhme chun duine a cheapadh in ionad an Uachtaráin.

Ach amháin i gcás iad a scor go héigeantach faoi fhorálacha Airteagal 216, fanfaidh comhaltaí an Choimisiúin i seilbh oifige go dtí go ngabhfar a n-ionad nó go gcinnfidh an Chomhairle nach gá an folúntas a líonadh i gcomhréir leis an dara mír den Airteagal seo.

Airteagal 216

Aon chomhalta den Choimisiún nach bhfuil na coinníollacha is gá chun a fheidhmeanna a fheidhmiú á gcomhall aige a thuilleadh nó a bhí ciontach i mí-iompar tromchúiseach, féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais, ar iarratas ón gComhairle nó ón gCoimisiún, é a scor go héigeantach.

Airteagal 217

1. Oibreoidh an Coimisiún faoi threoir pholaitiúil a Uachtaráin agus cinnfidh an tUachtarán a eagrúchán inmheánach d'fhonn comhchuibheas, éifeachtacht agus coláisteacht a ghníomhaíochta a áirithiú.

2. Déanfaidh an tUachtarán na freagrachtaí is dlite don Choimisiún a struchtúrú agus a dháileadh idir a chomhaltaí. Féadfaidh an tUachtarán na freagrachtaí sin a athdháileadh i rith théarma oifige an Choimisiúin. Feidhmeoidh comhaltaí an Choimisiúin na feidhmeanna a thugann an tUachtarán dóibh faoina údarás siúd.

3. Tar éis formheas an Choimisiúin mar choláiste a fháil, féadfaidh an tUachtarán Leasuachtaráin a cheapadh as líon a chomhaltaí.

4. Tar éis formheas an Choimisiúin mar choláiste a fháil, féadfaidh an tUachtarán a iarraidh ar dhuine dá chomhaltaí scor dá oifig.

Airteagal 218

1. Rachaidh an Chomhairle agus an Coimisiún i gcomhairle le chéile agus socróidh siad de thoil a chéile a modhanna comharaíochta.

2. Glacfaidh an Coimisiún a rialacha nós imeachta chun a áirithiú go n-oibreoidh sé féin agus a ranna de réir fhorálacha an Chonartha seo. Áiritheoidh sé go bhfoilseofar na rialacha sin.

Airteagal 219

Gníomhóidh an Coimisiún trí thromlach den líon comhaltaí dá bhforáiltear in Airteagal 213.

Ní bailí do chruinniú den Choimisiún mura mbíonn i láthair an líon comhaltaí atá leagtha síos ina rialacha nós imeachta.

ROINN 4

AN CHÚIRT BHREITHIÚNAIS

Airteagal 220

Áiritheoidh an Chúirt Bhreithiúnais agus an Chúirt Chéadchéime, faoi chuimsiú a ndlínsí faoi seach, go gcomhlíonfar an dlí i léiriú an Chonartha seo agus ina chur chun feidhme.

Ina theannta sin, féadfar painéil bhreithiúnacha a chur ag gabháil leis an gCúirt Chéadchéime faoi na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 225a chun an inniúlacht bhreithiúnach dá bhforáiltear sa Chonradh seo a fheidhmiú i réimsí sonracha áirithe.

Airteagal 221

Breitheamh amháin in aghaidh an Bhallstáit a bheidh ar an gCúirt Bhreithiúnais.

Suífidh an Chúirt Bhreithiúnais i ndlí-sheomraí nó i Mór-Dhlísheomra i gcomhréir leis na rialacha arna mbunú chuige sin i Reacht na Cúirte Breithiúnais.

Féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais suí mar chúirt iomlán freisin nuair a fhoráiltear dó sin sa Reacht.

Airteagal 222

Beidh ochtar Abhcóidí Ginearálta de chúnamh ag an gCúirt Bhreithiúnais. Má iarrann an Chúirt Bhreithiúnais é, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil, líon na nAbhcóidí Ginearálta a mhéadú.

Beidh de dhualgas ar an Abhcóide Ginearálta, ag gníomhú dó le neamhchlaontacht agus neamhspleáchas iomlán, aighneachtaí réasúnaithe a dhéanamh i gcúirt oscailte ar chásanna ina n-éilítear a rannpháirtíocht i gcomhréir le Reacht na Cúirte Breithiúnais.

Airteagal 223

Roghnófar Breithiúna agus Abhcóidí Ginearálta na Cúirte Breithiúnais ó dhaoine nach bhfuil a neamhspleáchas inchurtha in amhras agus a bhfuil acu na cáilíochtaí is gá chun a gceaptha do na hoifigí breithiúnacha is airde ina dtíortha faoi seach nó is dlí-eolaithe a n-aithnítear a n-inniúlacht; ceapfaidh Rialtais na mBallstát iad de thoil a chéile ar feadh téarma sé bliana.

Athrófar cuid de na Breithiúna agus de na hAbhcóidí Ginearálta i gceann gach trí bliana faoi na coinníollacha atá leagtha amach i Reacht na Cúirte Breithiúnais.

Toghfaidh na Breithiúna Uachtarán na Cúirte Breithiúnais as a líon féin ar feadh téarma trí bliana. Féadfar é a atoghadh.

Féadfar na Breithiúna agus na hAbhcóidí Ginearálta a bheidh ag scor a athcheapadh.

Ceapfaidh an Chúirt Bhreithiúnais a Cláraitheoir agus leagfaidh sí síos na rialacha a bhainfidh lena sheirbhís.

Glacfaidh an Chúirt Bhreithiúnais a rialacha nós imeachta. Is gá formheas ón gComhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, a bheith leis na rialacha sin.

Airteagal 224

Breitheamh amháin ar a laghad in aghaidh an Bhallstáit a bheidh ar an gCúirt Chéadchéime. Socrófar líon na mBreithiúna i Reacht na Cúirte Breithiúnais. Féadfar a fhoráil sa Reacht go mbeidh Abhcóidí Ginearálta de chúnamh ag an gCúirt Chéadchéime.

Roghnófar comhaltaí na Cúirte Céadchéime as measc daoine nach bhfuil a neamhspleáchas inchurtha in amhras agus a bhfuil acu an ábaltacht is gá chun feidhmeanna breithiúnacha a fheidhmiú. Ceapfaidh Rialtais na mBallstát iad de thoil a chéile go ceann téarma sé bliana. Athrófar cuid de na Breithiúna i gceann gach trí bliana. Féadfar comhaltaí a bheidh ag scor a athcheapadh.

Toghfaidh na Breithiúna Uachtarán na Cúirte Céadchéime as a líon féin ar feadh téarma trí bliana. Féadfar é a atoghadh.

Ceapfaidh an Chúirt Chéadchéime a Cláraitheoir agus leagfaidh sí síos na rialacha a bhainfidh lena sheirbhís.

Glacfaidh an Chúirt Chéadchéime a rialacha nós imeachta le comhaontú na Cúirte Breithiúnais. Is gá formheas ón gComhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, a bheith leis na rialacha sin.

Mura bhforáiltear a mhalairt i Reacht na Cúirte Breithiúnais, beidh feidhm maidir leis an gCúirt Chéadchéime ag forálacha an Chonartha seo a bhaineann leis an gCúirt Bhreithiúnais.

Airteagal 225

1. Beidh dlínse ag an gCúirt Chéadchéime caingne nó imeachtaí dá dtagraítear in Airteagail 230, 232, 235, 236 agus 238, cé is moite díobh siúd a shanntar do phainéal breithiúnach agus díobh siúd a fhorchoimeádtar sa Reacht chuig an gCúirt Bhreithiúnais, a éisteacht agus a chinneadh ag céadchéim. Féadfar a fhoráil sa Reacht go mbeidh dlínse ag an gCúirt Chéadchéime maidir le haicmí eile caingne nó imeachtaí.

Beidh breitheanna arna dtabhairt ag an gCúirt Chéadchéime de bhun na míre seo faoi réir ceart achomhairc a bheith ann chun na Cúirte Breithiúnais ar phoncanna dlí amháin, faoi na coinníollacha agus laistigh de na teorainneacha atá leagtha síos sa Reacht.

2. Beidh dlínse ag an gCúirt Chéadchéime caingne nó imeachtaí arna dtionscnamh i gcoinne breitheanna ó na painéil bhreithiúnacha arna gcur ar bun de bhun Airteagal 225a a éisteacht agus a chinneadh.

Féadfaidh breitheanna arna dtabhairt ag an gCúirt Chéadchéime de bhun na míre seo a bheith go heisceachtúil faoi réir athbhreithniú ag an gCúirt Bhreithiúnais, faoi na coinníollacha agus laistigh de na teorainneacha atá leagtha síos sa Reacht, nuair atá baol tromchúiseach ann go ndéanfaí difear d’aontacht nó do chomhchuibheas dhlí an Chomhphobail.

3. Beidh dlínse ag an gCúirt Chéadchéime ceisteanna a tharchuirtear chun réamhrialú de bhun Airteagal 234 a éisteacht agus a chinneadh in ábhair shonracha atá leagtha síos sa Reacht.

Má mheasann an Chúirt Chéadchéime go n-éilíonn an cás breith ar phrionsabal a d'fhéadfadh difear a dhéanamh d’aontacht nó do chomhchuibheas dhlí an Chomhphobail, féadfaidh sí an cás a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais chun go dtabharfaidh sí breith.

Féadfaidh breitheanna arna dtabhairt ag an gCúirt Chéadchéime ar cheisteanna a tharchuirtear chun réamhrialú a bheith go heisceachtúil faoi réir athbhreithniú ag an gCúirt Bhreithiúnais, faoi na coinníollacha agus laistigh de na teorainneacha atá leagtha síos sa Reacht, i gcás ina bhfuil baol tromchúiseach ann go ndéanfaí difear d’aontacht nó do chomhchuibheas dhlí an Chomhphobail.

Airteagal 225a

Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCúirt Bhreithiúnais nó arna iarraidh sin don Chúirt Bhreithiúnais agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na Eorpa agus leis an gCoimisiún, painéil bhreithiúnacha a chruthú chun aicmí áirithe caingne nó imeachtaí i réimsí sonracha a éisteacht agus a chinneadh ag céadchéim.

Socrófar sa chinneadh ag cur painéal breithiúnach ar bun na rialacha maidir le comhdhéanamh an phainéil sin agus sonrófar ann raon na dlínse a thugtar dó.

Beidh breitheanna arna dtabhairt ag na painéil bhreithiúnacha faoi réir ceart achomhairc a bheith ann ar phoncanna dlí amháin nó, nuair a fhoráiltear amhlaidh sa chinneadh ag cur painéil ar bun, faoi réir ceart achomhairc freisin ar cheisteanna fíorais a bheith ann chun na Cúirte Céadchéime.

Roghnófar comhaltaí na bpainéal breithiúnach as measc daoine nach bhfuil a neamhspleáchas inchurtha in amhras agus a bhfuil acu an ábaltacht is gá chun feidhmeanna breithiúnacha a fheidhmiú. Ceapfaidh an Chomhairle iad, ag gníomhú di d'aon toil.

Glacfaidh na painéil bhreithiúnacha a rialacha nós imeachta le comhaontú na Cúirte Breithiúnais. Is gá formheas ón gComhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, a bheith leis na rialacha sin.

Mura bhforáiltear a mhalairt sa chinneadh ag cur painéal breithiúnach ar bun, beidh feidhm maidir leis na painéil bhreithiúnacha ag na forálacha sin den Chonradh seo a bhaineann leis an gCúirt Bhreithiúnais agus ag forálacha Reacht na Cúirte Breithiúnais.

Airteagal 226

Má mheasann an Coimisiún gur mhainnigh Ballstát oibleagáid faoin gConradh seo a chomhlíonadh, tabharfaidh sé tuairim réasúnaithe ina thaobh sin tar éis caoi a thabhairt don Stát áirithe ráiteas ina thaobh a chur isteach.

Mura ndéanfaidh an Stát a bheidh i gceist de réir na tuairime laistigh den tréimhse a bheidh leagtha síos ag an gCoimisiún, féadfaidh an Coimisiún an t-ábhar a thabhairt os comhair na Cúirte Breithiúnais.

Airteagal 227

Aon Bhallstát a mheasfaidh gur mhainnigh Ballstát eile oibleagáid faoin gConradh seo a chomhlíonadh, féadfaidh sé an t-ábhar a thabhairt os comhair na Cúirte Breithiúnais.

Sula dtabharfaidh Ballstát caingean in aghaidh Ballstáit eile mar gheall ar shárú a líomhnaítear a bheith déanta ar oibleagáid faoin gConradh seo, tabharfaidh sé an t-ábhar os comhair an Choimisiúin.

Tabharfaidh an Coimisiún tuairim réasúnaithe tar éis caoi a bheith tugtha do gach Stát dá mbeidh i gceist a chás féin agus a ráiteas ar chás an pháirtí eile a chur faoi bhráid an Choimisiúin ó bhéal agus i scríbhinn.

Mura mbíonn tuairim tugtha ag an gCoimisiún laistigh de thrí mhí ón dáta a tugadh an t-ábhar os a chomhair, ní fhágfaidh easnamh na tuairime sin nach bhféadfar an t-ábhar a thabhairt os comhair na Cúirte Breithiúnais.

Airteagal 228

1. Má shuíonn an Chúirt Bhreithiúnais gur mhainnigh Ballstát oibleagáid faoin gConradh seo a chomhall, cuirfear de cheangal ar an Stát sin na bearta is gá a ghlacadh chun breithiúnas na Cúirte Breithiúnais a chomhlíonadh.

2. Má mheasann an Coimisiún nach bhfuil na bearta sin glactha ag an mBallstát i dtrácht, eiseoidh sé, tar éis caoi a thabhairt don Bhallstát sin a bharúlacha a thíolacadh, tuairim réasúnaithe ag sonrú na bponcanna nach bhfuil an Ballstát i dtrácht tar éis breithiúnas na Cúirte Breithiúnais a chomhlíonadh ina leith.

Mura mbeidh na bearta is gá d'fhorghníomhú bhreithiúnas na Cúirte glactha ag an mBallstát i dtrácht laistigh den tréimhse a bheidh socraithe ag an gCoimisiún, féadfaidh an Coimisiún an cás a thabhairt os comhair na Cúirte Breithiúnais. Cuirfidh an Coimisiún in iúl méid na cnapshuime nó na híocaíochta pionósaí a bheidh le híoc ag an mBallstát i dtrácht a mheasann sé is iomchuí sna himthosca.

Má fhaigheann an Chúirt Bhreithiúnais nach bhfuil a breithiúnas comhlíonta ag an mBallstát i dtrácht, féadfaidh sí cnapshuim nó íocaíocht phionósach a ghearradh air.

Beidh an nós imeachta sin gan dochar d'Airteagal 227.

Airteagal 229

Féadfaidh rialacháin arna ndéanamh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle go comhpháirteach, agus ag an gComhairle de bhun fhorálacha an Chonartha seo, dlínse neamhtheoranta a thabhairt don Chúirt Bhreithiúnais maidir leis na pionóis dá bhforáiltear sna rialacháin sin.

Airteagal 229a

Gan dochar d'fhorálacha eile an Chonartha seo, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, forálacha a ghlacadh chun dlínse a thabhairt, go feadh méid a chinnfidh sí, don Chúirt Bhreithiúnais i ndíospóidí a bhaineann le cur i bhfeidhm gníomhartha arna nglacadh ar bhonn an Chonartha seo a chruthaíonn cearta Comhphobail maoine tionsclaíche. Molfaidh an Chomhairle na forálacha sin do na Ballstáit lena nglacadh i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

Airteagal 230

Déanfaidh an Chúirt Bhreithiúnais léirmheas ar dhlíthiúlacht ghníomhartha Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle arna nglacadh go comhpháirteach, na Comhairle, an Choimisiúin agus BCE, seachas moltaí nó tuairimí, agus na ngníomhartha sin de Pharlaimint na hEorpa atá ceaptha chun éifeacht dhlíthiúil a bheith acu i leith tríú páirtithe.

Chuige sin beidh dlínse aici i gcaingne arna dtionscnamh ag Ballstát, ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle nó ag an gCoimisiún mar gheall ar easpa inniúlachta, ar shárú ceanglais fhíor-riachtanaigh nós imeachta, ar shárú an Chonartha seo nó aon riail dlí a bhaineann lena chur chun feidhme nó ar mhí-úsáid cumhachtaí.

Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais i gcaingne arna dtionscnamh ag an gCúirt Iniúchóirí agus ag BCE d'fhonn a sainchumais a choimirciú.

Féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach, faoi na coinníollacha céanna, imeachtaí a thionscnamh in aghaidh cinneadh a díríodh chuig an duine sin nó in aghaidh cinneadh is dá chúram go díreach agus go leithleach, cé gur i bhfoirm rialacháin dó nó i bhfoirm cinneadh a díríodh chuig duine eile.

Déanfar na himeachtaí dá bhforáiltear san Airteagal seo a thionscnamh laistigh de dhá mhí ón uair a foilsíodh an beart, nó a cuireadh in iúl don ghearánaí é nó, murar cuireadh, ón lá a fuair sé fios air, de réir mar a bheidh.

Airteagal 231

Má tá foras ar fónamh leis an gcaingean, dearbhóidh an Chúirt Bhreithiúnais an gníomh áirithe a bheith ar neamhní.

I gcás rialacháin, áfach, cuirfidh an Chúirt Bhreithiúnais in iúl, má mheasann sí gur gá é, cé acu d'éifeachtaí an rialacháin a dhearbhaigh sí a bheith ar neamhní is inmheasta a bheith cinntitheach.

Airteagal 232

Más rud é, de shárú ar an gConradh seo, go mainneoidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle nó an Coimisiún gníomhú, féadfaidh na Ballstáit agus institiúidí eile an Chomhphobail caingean a thabhairt os comhair na Cúirte Breithiúnais chun an sárú sin a shuíomh.

Ní bheidh an chaingean inghlactha ach amháin sa chás inar iarradh i dtosach ar an institiúid i dtrácht gníomhú. Más rud é, laistigh de dhá mhí tar éis a iarrtha sin uirthi, go mbeidh an institiúid i dtrácht gan a seasamh sa chás a shonrú, féadfar an chaingean a thabhairt ar aghaidh laistigh de thréimhse bhreise dhá mhí.

Féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach, faoi na coinníollacha atá leagtha síos sna míreanna roimhe seo, gearán a dhéanamh leis an gCúirt Bhreithiúnais gur mhainnigh ceann d'institiúidí an Chomhphobail aon ghníomh seachas moladh nó tuairim a dhíriú chun an duine sin.

Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais faoi na coinníollacha céanna chun breith a thabhairt i gcaingne nó in imeachtaí arna dtionscnamh ag BCE sna réimsí a thig faoina inniúlachtaí nó i gcaingne nó imeachtaí arna dtionscnamh ina choinne.

Airteagal 233

An institiúid nó na hinstitiúidí ar dearbhaíodh a gníomh nó a ngníomh a bheith ar neamhní nó ar dearbhaíodh a neamhghníomh a bheith contrártha leis an gConradh seo, ceanglófar uirthi nó orthu na bearta is gá a dhéanamh chun breithiúnas na Cúirte Breithiúnais a chomhlíonadh.

Ní dhéanfaidh an oibleagáid sin difear d'aon oibleagáid ab fhéidir a theacht ón dara mír d'Airteagal 288 a chur chun feidhme.

Beidh na forálacha seo infheidhme freisin ar BCE.

Airteagal 234

Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais chun réamhrialú a thabhairt:

(a) ar léiriú an Chonartha seo;

(b) ar bhailíocht agus léiriú gníomhartha de chuid institiúidí an Chomhphobail agus de chuid BCE;

(c) ar léiriú reachtanna comhlachtaí arna mbunú le gníomh de chuid na Comhairle, nuair a fhoráiltear sin sna reachtanna sin.

Nuair a thabharfar ceist den sórt sin ar aird os comhair cúirte nó binse de chuid Ballstáit, féadfaidh an chúirt nó an binse sin, má mheasann sé nó sí gur gá cinneadh ar an gceist ionas go bhféadfaidh sé nó sí breithiúnas a thabhairt, a iarraidh ar an gCúirt Bhreithiúnais rialú a thabhairt ar an gceist sin.

Má thugtar aon cheist den sórt sin ar aird i gcás a bheidh ar feitheamh os comhair cúirte nó binse de chuid Ballstáit, agus nach bhfuil leigheas breithiúnach faoin dlí náisiúnta in aghaidh chinntí na cúirte nó an bhinse sin, tabharfaidh an chúirt nó an binse sin an t-ábhar os comhair na Cúirte Breithiúnais.

Airteagal 235

Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais i ndíospóidí maidir leis an gcúiteamh i ndamáiste dá bhforáiltear sa dara mír d'Airteagal 288.

Airteagal 236

Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais in aon díospóid idir an Comhphobal agus a sheirbhísigh faoi réir na dteorainneacha agus na gcoinníollacha atá leagtha síos sna Rialacháin Foirne nó sna Coinníollacha Fostaíochta.

Airteagal 237

Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais, faoi réir na dteorainneacha atá leagtha síos ina dhiaidh seo, i ndíospóidí a bhaineann le:

(a) comhall oibleagáidí faoi Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta ag na Ballstáit. I dtaca leis sin de, beidh ag Bord Stiúrthóirí an Bhainc na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún in Airteagal 226;

(b) bearta arna nglacadh ag Bord Ghobharnóirí an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta. I dtaca leis sin de, féadfaidh aon Bhallstát nó an Coimisiún nó Bord Stiúrthóirí an Bhainc imeachtaí a thionscnamh faoi na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 230;

(c) bearta arna nglacadh ag Bord Stiúrthóirí an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta. Ní bheidh imeachtaí in aghaidh beart den sórt sin intionscanta ach amháin ag Ballstáit nó ag an gCoimisiún faoi na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 230, agus ar na forais sin amháin nár comhlíonadh an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 21(2), (5), (6) agus (7) de Reacht an Bhainc;

(d) comhall na n-oibleagáidí a thig ón gConradh seo agus ó Reacht CEBC ag bainc cheannais náisiúnta. I dtaca leis sin de, beidh ag Comhairle BCE i leith na mbanc ceannais náisiúnta na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún in Airteagal 226 i leith na mBallstát. Má fhaigheann an Chúirt Bhreithiúnais gur mhainnigh banc ceannais náisiúnta oibleagáid faoin gConradh seo a chomhall, cuirfear de cheangal ar an mbanc ceannais náisiúnta sin na bearta is gá a ghlacadh chun breithiúnas na Cúirte Breithiúnais a chomhlíonadh.

Airteagal 238

Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais chun breithiúnas a thabhairt de bhun aon chlásail eadrána i gconradh arna dhéanamh ag an gComhphobal nó thar a cheann, cibé acu faoin dlí poiblí nó faoin dlí príobháideach don chonradh sin.

Airteagal 239

Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais in aon díospóid idir Ballstáit a bhaineann le hábhar an Chonartha seo, má chuirtear an díospóid faoina bráid faoi chomhaontú speisialta idir na páirtithe.

Airteagal 240

Ach amháin mar a dtugann an Conradh seo dlínse don Chúirt Bhreithiúnais, ní bheidh díospóidí ar páirtí iontu an Comhphobal eisiata ar an bhforas sin ó dhlínse chúirteanna nó bhinsí na mBallstát.

Airteagal 241

D'ainneoin an tréimhse atá leagtha síos sa chúigiú mír d'Airteagal 230 a bheith caite, féadfaidh aon pháirtí, i gcás imeachtaí ina mbeidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle go comhpháirteach nó rialachán ón gComhairle, ón gCoimisiún nó ó BCE faoi shaincheist, na forais a phléadáil dá bhforáiltear sa dara mír d'Airteagal 230, d'fhonn neamhfheidhmeacht an rialacháin sin a agairt os comhair na Cúirte Breithiúnais.

Airteagal 242

Ní bheidh éifeacht fionraíochta le caingne a thabharfar os comhair na Cúirte Breithiúnais. Féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais, áfach, má mheasann sí gur gá sin sna himthosca, a ordú go bhfionrófar feidhm an ghnímh a chonspóidtear.

Airteagal 243

Féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais, in aon chásanna os a comhair, aon bhearta idirlinne is gá a ordú.

Airteagal 244

Beidh breithiúnais na Cúirte Breithiúnais inchurtha i bhfeidhm faoi na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 256.

Airteagal 245

Tá Reacht na Cúirte Breithiúnais leagtha síos i bPrótacal ar leith.

Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil arna iarraidh sin don Chúirt Bhreithiúnais agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoimisiún, nó arna iarraidh sin don Choimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCúirt Bhreithiúnais, forálacha an Reachta a leasú, cé is moite de Theideal I de.

ROINN 5

AN CHÚIRT INIÚCHÓIRÍ

Airteagal 246

Déanfaidh Cúirt Iniúchóirí iniúchóireacht ar na cuntais.

Airteagal 247

1. Náisiúnach amháin ó gach Ballstát a bheidh ar an gCúirt Iniúchóirí.

2. Roghnófar comhaltaí na Cúirte Iniúchóirí as measc daoine a bhaineann nó a bhain ina dtíortha faoi seach le comhlachtaí seachtracha iniúchóireachta nó a bhfuil cáilíocht speisialta acu le haghaidh na hoifige sin. Ní bheidh a neamhspleáchas inchurtha in amhras.

3. Ceapfar comhaltaí na Cúirte Iniúchóirí go ceann téarma sé bliana. Glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, liosta na gcomhaltaí arna tharraingt suas i gcomhréir leis na tograí arna ndéanamh ag gach Ballstát. Féadfar téarma oifige chomhaltaí na Cúirte Iniúchóirí a athnuachan.

Toghfaidh siad Uachtarán na Cúirte Iniúchóirí as a líon féin go ceann téarma trí bliana. Féadfar an tUachtarán a atoghadh.

4. Beidh comhaltaí na Cúirte Iniúchóirí, chun leas ginearálta an Chomhphobail, neamhspleách ar fad i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna.

I gcomhlíonadh a ndualgas dóibh, ní iarrfaidh ná ní ghlacfaidh siad teagaisc ó aon rialtas ná ó aon chomhlacht eile. Staonfaidh siad ó aon ghníomh nach luíonn lena bhfeidhmeanna.

5. Ní cead do chomhaltaí na Cúirte Iniúchóirí, le linn a dtéarma oifige, gabháil le haon slí bheatha eile, sochrach ná neamhshochrach. Ar dhul i mbun a ndualgas dóibh, tabharfaidh siad gealltanas sollúnta go n-urramóidh siad, le linn a dtéarma oifige agus ina dhiaidh, na hoibleagáidí a leanann as a n-oifig agus go háirithe a ndualgas chun bheith ionraic stuama i dtaobh ceapacháin nó sochair áirithe a ghlacadh tar éis scor dá n-oifig dóibh.

6. Amach ó ghnáthathrú ar chomhaltaí, nó i gcás comhalta d'fháil bháis, críochnóidh feidhmeanna comhalta den Chúirt Iniúchóirí ar é d'éirí as oifig, nó ar é a scor go héigeantach de bhíthin rialú ón gCúirt Bhreithiúnais de bhun mhír 7.

Déanfar folúntas a tharlóidh amhlaidh a líonadh ar feadh a bhfuil fágtha de théarma oifige an chomhalta.

Ach amháin i gcás iad a scor go héigeantach, fanfaidh comhaltaí na Cúirte Iniúchóirí i seilbh oifige go dtí go ngabhfar a n-ionad.

7. Ní fhéadfar a oifig ná a cheart chun pinsin nó sochar eile ina ionad sin a bhaint de chomhalta den Chúirt Iniúchóirí ach amháin i gcás ina suífidh an Chúirt Bhreithiúnais, ar iarratas ón gCúirt Iniúchóirí, nach bhfuil coinníollacha riachtanacha a oifige á gcomhall ná na hoibleagáidí a ghabhann léi á bhfreastal aige a thuilleadh.

8. Cinnfidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, coinníollacha fostaíochta Uachtarán agus chomhaltaí na Cúirte Iniúchóirí agus go háirithe a dtuarastail, a slánaíochtaí agus a bpinsin. Cinnfidh an Chomhairle chomh maith, trí thromlach cáilithe freisin, aon slánaíocht is intugtha in ionad luach saothair.

9. Na forálacha den Phrótacal ar phribhléidí agus díolúintí na gComhphobal Eorpach a bhaineann le Breithiúna na Cúirte Breithiúnais, beidh siad infheidhme freisin ar chomhaltaí na Cúirte Iniúchóirí.

Airteagal 248

1. Scrúdóidh an Chúirt Iniúchóirí na cuntais ar ioncam agus caiteachas uile an Chomhphobail. Scrúdóidh sí freisin na cuntais ar ioncam agus caiteachas uile gach comhlachta arna bhunú ag an gComhphobal a mhéad nach gcoisceann ionstraim a bhunaithe an scrúdú sin.

Cuirfidh an Chúirt Iniúchóirí ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ráiteas dearbhaithe i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo agus foilseofar é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Féadfar an ráiteas sin a fhorlíonadh le measúnú sonrach ar gach mór-réimse de ghníomhaíocht an Chomhphobail.

2. Déanfaidh an Chúirt Iniúchóirí scrúdú féachaint an bhfuarthas an t-ioncam uile agus ar tabhaíodh an caiteachas uile ar mhodh dleathach rialta, agus an ndearnadh bainistíocht fhónta ar an airgeadas. Lena linn sin, déanfaidh sí tuarascáil ach go háirithe ar aon chásanna neamhrialtachta.

Iniúchfar an t-ioncam ar bhonn na suimeanna is dlite arna suíomh agus ar bhonn na suimeanna arna n-íoc iarbhír leis an gComhphobal.

Iniúchfar an caiteachas ar bhonn ceangaltas arna nglacadh ar láimh agus íocaíochtaí arna ndéanamh.

Féadfar an iniúchóireacht sin a dhéanamh roimh dhúnadh na gcuntas don bhliain airgeadais atá i gceist.

3. Bunófar an iniúchóireacht ar thaifid agus, más gá, déanfar ar an bhfód í in institiúidí eile an Chomhphobail, in áitreabh aon chomhlachta a dhéanann bainistíocht ar ioncam nó caiteachas thar ceann an Chomhphobail agus sna Ballstáit, lena n-áirítear áitreabh aon duine nádúrtha nó dhlítheanaigh a fhaigheann íocaíochtaí ón mbuiséad. Sna Ballstáit déanfar an iniúchóireacht i gcuibhreann le comhlachtaí náisiúnta iniúchóireachta nó, mura mbíonn na cumhachtaí riachtanacha acu sin, leis na ranna náisiúnta inniúla. Comhoibreoidh an Chúirt Iniúchóirí agus comhlachtaí náisiúnta iniúchóireachta na mBallstát de mheon muiníne ach gan a neamhspleáchas a thréigean. Cuirfidh na comhlachtaí nó na ranna sin i bhfios don Chúirt Iniúchóirí an bhfuil siad chun páirt a ghlacadh san iniúchóireacht.

Déanfaidh institiúidí eile an Chomhphobail, aon chomhlachtaí a dhéanann bainistíocht ar ioncam nó caiteachas thar ceann an Chomhphobail, aon duine nádúrtha nó dlítheanach a fhaigheann íocaíochtaí ón mbuiséad agus na comhlachtaí náisiúnta iniúchóireachta nó, mura mbíonn na cumhachtaí riachtanacha acu sin, na ranna náisiúnta inniúla, aon doiciméad nó faisnéis is gá chun a cúram a chomhlíonadh a chur ar aghaidh chuig an gCúirt Iniúchóirí, arna iarraidh sin di.

I ndáil le gníomhaíocht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta le linn bainistíocht a dhéanamh ar chaiteachas agus ioncam an Chomhphobail, beidh cearta rochtana na Cúirte ar fhaisnéis arna sealbhú ag an mBanc faoi rialú ag comhaontú idir an Chúirt, an Banc agus an Coimisiún. Cheal comhaontú, beidh rochtain ag an gCúirt áfach ar an bhfaisnéis is gá chun caiteachas agus ioncam de chuid an Chomhphobail atá faoi bhainistíocht an Bhainc a iniúchadh

4. Tar éis dheireadh gach bliana airgeadais tarraingeoidh an Chúirt Iniúchóirí suas tuarascáil bhliantúil. Cuirfear ar aghaidh chuig institiúidí eile an Chomhphobail í agus foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh í, mar aon le freagraí na n-institiúidí sin ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí.

Féadfaidh an Chúirt Iniúchóirí ina theannta sin, tráth ar bith, a barúlacha, go háirithe i bhfoirm tuarascálacha speisialta, a thíolacadh ar cheisteanna sonracha agus tuairimí a thabhairt arna iarraidh sin do cheann d'institiúidí eile an Chomhphobail.

Glacfaidh sí a cuid tuarascálacha bliantúla, tuarascálacha speisialta nó tuairimí trí thromlach a comhaltaí. Ar a shon sin, féadfaidh sí seomraí inmheánacha a bhunú chun aicmí áirithe tuarascálacha nó tuairimí a ghlacadh faoi na coinníollacha atá leagtha síos ina rialacha nós imeachta.

Beidh sí de chúnamh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna rialaithe chun an buiséad a chur i ngníomh.

Glacfaidh an Chúirt Iniúchóirí a rialacha nós imeachta. Is gá formheas ón gComhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, a bheith leis na rialacha sin.

CAIBIDIL 2

FORÁLACHA IS COITEANN D'INSTITIÚIDÍ ÉAGSÚLA

Airteagal 249

Chun a gcúram a chomhall agus faoi na coinníollacha dá bhforáiltear sa Chonradh seo, déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle go comhpháirteach, an Chomhairle agus an Coimisiún rialacháin a cheapadh, treoracha agus cinntí a ghlacadh agus moltaí nó tuairimí a thabhairt.

Beidh feidhm ghinearálta ag rialachán. Beidh sé ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Beidh treoir ina ceangal, maidir leis an toradh atá le gnóthú, ar gach Ballstát chuig a ndíreofar í, ach fágfar faoi na húdaráis náisiúnta foirm agus modhanna a roghnú.

Beidh cinneadh ina cheangal go huile agus go hiomlán orthu siúd a ndíreofar chucu é.

Ní bheidh aon bhrí cheangailteach le moltaí ná le tuairimí.

Airteagal 250

1. Nuair a ghníomhóidh an Chomhairle, de bhun an Chonartha seo, ar thogra ón gCoimisiún, is gá aontoilíocht do ghníomh arb é atá ann leasú ar an togra sin, faoi réir fhorálacha Airteagal 251(4) agus (5).

2. Fad a bheidh an Chomhairle gan gníomhú, féadfaidh an Coimisiún a thogra a leasú tráth ar bith le linn na nósanna imeachta as a dtiocfaidh glacadh gnímh Chomhphobail.

Airteagal 251

1. Nuair a thagraítear sa Chonradh seo don Airteagal seo chun gníomh a ghlacadh, beidh feidhm ag an nós imeachta seo a leanas.

2. Tíolacfaidh an Coimisiún togra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

Ag gníomhú di trí thromlach cáilithe agus tar éis tuairim Pharlaimint na hEorpa a fháil,

- féadfaidh an Chomhairle, má fhormheasann sí na leasuithe uile atá i dtuairim Pharlaimint na hEorpa, an gníomh beartaithe arna leasú amhlaidh a ghlacadh;

- mura molfaidh Parlaimint na hEorpa aon leasuithe, féadfaidh an Chomhairle an gníomh beartaithe a ghlacadh;

- ina mhalairt de chás, glacfaidh an Chomhairle comhsheasamh agus cuirfidh sí in iúl do Pharlaimint na hEorpa é. Tabharfaidh an Chomhairle gach eolas do Pharlaimint na hEorpa faoi na cúiseanna a thug uirthi a comhsheasamh a ghlacadh. Tabharfaidh an Coimisiún gach eolas do Pharlaimint na hEorpa faoina sheasamh.

Más rud é, laistigh de thrí mhí ón dáta a chuirtear an t-eolas sin chuici:

(a) go ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa an comhsheasamh a fhormheas nó nach mbeidh cinneadh glactha aici, measfar go bhfuil an gníomh i dtrácht glactha i gcomhréir leis an gcomhsheasamh sin;

(b) go ndiúltóidh Parlaimint na hEorpa an comhsheasamh, trí thromlach glan de na comhaltaí a chomhdhéanann í, measfar nach bhfuil an gníomh beartaithe glactha;

(c) go molfaidh Parlaimint na hEorpa trí thromlach glan de na comhaltaí a chomhdhéanann í leasuithe ar an gcomhsheasamh, cuirfear an téacs arna leasú amhlaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún, a thabharfaidh tuairim ar na leasuithe sin.

3. Má dhéanann an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe laistigh de thrí mhí ón dáta a chuirtear an t-ábhar os a comhair, leasuithe uile Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, measfar go bhfuil an gníomh i dtrácht glactha i bhfoirm an chomhsheasaimh arna leasú amhlaidh; gníomhóidh an Chomhairle, ar a shon sin, d'aon toil ar na leasuithe a bhfuil tuairim dhiúltach tugtha ag an gCoimisiún ina dtaobh. Mura nglacfaidh an Chomhairle na leasuithe uile, comórfaidh Uachtarán na Comhairle laistigh de shé sheachtain, le comhaontú Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, cruinniú den Choiste Idir-réitigh.

4. Beidh de chúram ar an gCoiste Idir-réitigh, a chomhdhéanfar de chomhaltaí na Comhairle nó ionadaithe dóibh agus an oiread céanna ionadaithe do Pharlaimint na hEorpa, teacht ar comhaontú maidir le téacs comhpháirteach trí thromlach cáilithe de chomhaltaí na Comhairle nó ionadaithe dóibh agus trí thromlach de na hionadaithe do Pharlaimint na hEorpa. Beidh an Coimisiún rannpháirteach in imeachtaí an Choiste Idir-réitigh agus glacfaidh sé gach tionscnamh is gá d'fhonn seasamh Pharlaimint na hEorpa agus seasamh na Comhairle a thabhairt le chéile. Agus an cúram sin á chomhall aige, scrúdóidh an Coiste Idir-réitigh an comhsheasamh ar bhonn na leasuithe arna moladh ag Parlaimint na hEorpa.

5. Má fhormheasann an Coiste Idir-réitigh téacs comhpháirteach laistigh de shé sheachtain tar éis a chomórtha, beidh tréimhse sé sheachtain ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle tar éis an fhormheasa sin chun an gníomh i dtrácht a ghlacadh i gcomhréir leis an téacs comhpháirteach, trí thromlach glan de na vótaí arna gcaitheamh i gcás Pharlaimint na hEorpa agus trí thromlach cáilithe i gcás na Comhairle. Mura bhformheasfaidh ceachtar den dá institiúid an gníomh beartaithe laistigh den tréimhse sin, measfar nach bhfuil sé glactha.

6. Nuair nach bhformheasfaidh an Coiste Idir-réitigh téacs comhpháirteach, measfar nach bhfuil an gníomh beartaithe glactha.

7. Ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle, déanfar na tréimhsí trí mhí agus sé sheachtain dá dtagraítear san Airteagal seo a fhadú mí amháin nó dhá sheachtain faoi seach ar a mhéid.

Airteagal 252

Beidh an nós imeachta seo a leanas infheidhme nuair a thagraítear sa Chonradh seo don Airteagal seo chun gníomh a ghlacadh:

(a) Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, comhsheasamh a ghlacadh.

(b) Cuirfear comhsheasamh na Comhairle in iúl do Pharlaimint na hEorpa. Tabharfaidh an Chomhairle agus an Coimisiún gach eolas do Pharlaimint na hEorpa faoi na cúiseanna ar ghlac an Chomhairle a comhsheasamh agus faoi sheasamh an Choimisiúin.

Má dhéanann Parlaimint na hEorpa an comhsheasamh a fhormheas laistigh de thréimhse trí mhí ón dáta ar cuireadh an t-eolas chuici nó mura ngníomhóidh sí laistigh den tréimhse sin, glacfaidh an Chomhairle an gníomh go críochnaitheach i gcomhréir leis an gcomhsheasamh.

(c) Laistigh den tréimhse trí mhí dá dtagraítear i bhfomhír (b), féadfaidh Parlaimint na hEorpa leasuithe do chomhsheasamh na Comhairle a thairiscint, ag gníomhú di trí thromlach glan de na comhaltaí a chomhdhéanann í. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa chomh maith, ag gníomhú di trí thromlach glan freisin, diúltú do chomhsheasamh na Comhairle. Cuirfear toradh na n-imeachtaí chun na Comhairle agus chun an Choimisiúin.

Má tá Parlaimint na hEorpa tar éis comhsheasamh na Comhairle a dhiúltú, ní foláir don Chomhairle gníomhú d'aon toil ar an dara léamh.

(d) Déanfaidh an Coimisiún athscrúdú laistigh de mhí ar an togra ar ghlac an Chomhairle comhsheasamh air, ag féachaint dó do na leasuithe a thairg Parlaimint na hEorpa.

I dteannta leis an togra ar a ndearnadh athscrúdú, cuirfidh an Coimisiún chuig an gComhairle na leasuithe sin de chuid Pharlaimint na hEorpa nár ghlac sé, chomh maith lena thuairim ina dtaobh. Féadfaidh an Chomhairle na leasuithe sin a ghlacadh, ag gníomhú di d'aon toil.

(e) Glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, an togra arna athscrúdú ag an gCoimisiún.

Ní fhéadfaidh an Chomhairle an togra arna athscrúdú ag an gCoimisiún a leasú ach amháin d'aon toil.

(f) Sna cásanna dá dtagraítear i bhfomhíreanna (c), (d) agus (e), ní foláir don Chomhairle gníomhú laistigh de thréimhse trí mhí. Mura ndéanfar cinneadh laistigh den tréimhse sin, measfar nach bhfuil glactha le togra an Choimisiúin.

(g) Féadfaidh an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa, de thoil a chéile, na tréimhsí dá dtagraítear i bhfomhíreanna (b) agus (f) a fhadú go ceann míosa ar a mhéad.

Airteagal 253

Luafar i rialacháin, i dtreoracha agus i gcinntí a ghlacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle go comhpháirteach maille le gníomhartha den sórt sin arna nglacadh ag an gComhairle nó ag an gCoimisiún na réasúin is bun leo agus tagrófar iontu d'aon tograí nó tuairimí ba ghá a fháil de bhun an Chonartha seo.

Airteagal 254

1. Síneoidh Uachtarán Pharlaimint na hEorpa agus Uachtarán na Comhairle na rialacháin, na treoracha agus na cinntí arna nglacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 agus foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh iad. Tiocfaidh siad i bhfeidhm ar an dáta a shocrófar iontu nó, mura socrófar dáta chuige, ar an bhfichiú lá tar éis a bhfoilsithe.

2. Foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh na rialacháin ón gComhairle agus ón gCoimisiún agus na treoracha ó na hinstitiúidí sin a dhíreofar chuig na Ballstáit uile. Tiocfaidh siad i bhfeidhm ar an dáta a shocrófar iontu nó, mura socrófar dáta chuige, ar an bhfichiú lá tar éis a bhfoilsithe.

3. Cuirfear treoracha eile agus cinntí in iúl dóibh siúd chuig a ndíreofar iad agus gabhfaidh éifeacht leo ar iad a chur in iúl amhlaidh.

Airteagal 255

1. Beidh ag gach saoránach den Aontas agus ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chónaíonn nó a bhfuil a oifig chláraithe aige i mBallstát ceart rochtana ar dhoiciméid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, faoi réir na bprionsabal agus na gcoinníollacha a shaineofar i gcomhréir le míreanna 2 agus 3.

2. Laistigh de dhá bhliain ó Chonradh Amstardam a theacht i bhfeidhm, cinnfidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251, na prionsabail ghinearálta agus na teorainneacha ar fhorais leasa phríobháidigh nó phoiblí a rialóidh an ceart rochtana sin ar dhoiciméid.

3. Déanfaidh gach institiúid dá dtagraítear anseo thuas forálacha sonracha maidir le rochtain ar a doiciméid a ullmhú ina Rialacha Nós Imeachta féin.

Airteagal 256

Na cinntí ón gComhairle nó ón gCoimisiún a chuireann oibleagáid airgeadais ar dhaoine nach Stáit iad, beidh siad inchurtha i bhfeidhm.

Rialófar a gcur i bhfeidhm leis na rialacha i dtaobh nós imeachta shibhialta atá i bhfeidhm sa Stát ar ina chríoch a dhéantar an cur i bhfeidhm. Beidh an t-ordú á chur i bhfeidhm i gceangal leis an gcinneadh, gan d'fhoirmiúlacht ach fíorú ar bharántúlacht an chinnte, ón údarás náisiúnta a cheapfaidh Rialtas gach Ballstáit chuige sin agus a chuirfidh sé i bhfios don Choimisiún agus don Chúirt Bhreithiúnais.

Nuair a bheidh na foirmiúlachtaí sin comhlánaithe, ar iarratas ón bpáirtí atá i gceist, féadfaidh seisean dul i gceann an churtha i bhfeidhm de réir an dlí náisiúnta tríd an ábhar a thabhairt go díreach os comhair an údaráis inniúil.

Ní féidir an cur i bhfeidhm a fhionraí ach amháin trí bhreith na Cúirte Breithiúnais. Ach beidh dlínse ag cúirteanna na tíre lena mbaineann ar ghearáin go bhfuil an forghníomhú á dhéanamh ar dhóigh neamhrialta.

CAIBIDIL 3

AN COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA

Airteagal 257

Bunaítear leis seo Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta; stádas comhairleach a bheidh aige.

Is iad a bheidh ar an gCoiste ionadaithe ó na heilimintí éagsúla eacnamaíocha agus sóisialta den tsochaí shibhialta eagraithe, go háirithe ionadaithe do tháirgeoirí, d'fheirmeoirí, do charraeirí, d'oibrithe, do dhéileálaithe, d'aos ceirde, d'aos gairme, do thomhaltóirí agus ionadaithe do leas an phobail.

Airteagal 258 [6]

Ní rachaidh líon chomhaltaí an Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta thar 350.

Is mar seo a leanas a bheidh líon chomhaltaí an Choiste:

An Bheilg | 12 |

Poblacht na Seice | 12 |

An Danmhairg | 9 |

An Ghearmáin | 24 |

An Eastóin | 7 |

An Ghréig | 12 |

An Spáinn | 21 |

An Fhrainc | 24 |

Éire | 9 |

An Iodáil | 24 |

An Chipir | 6 |

An Laitvia | 7 |

An Liotuáin | 9 |

Lucsamburg | 6 |

An Ungáir | 12 |

Málta | 5 |

An Ísiltír | 12 |

An Ostair | 12 |

An Pholainn | 21 |

An Phortaingéil | 12 |

An tSlóivéin | 7 |

An tSlóvaic | 9 |

An Fhionlainn | 9 |

An tSualainn | 12 |

An Ríocht Aontaithe | 24. |

Ní bheidh comhaltaí an Choiste inchurtha faoi cheangal ag aon teagaisc shainordaitheacha. Beidh siad, chun leas ginearálta an Chomhphobail, neamhspleách ar fad i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna.

Cinnfidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, slánaíochtaí chomhaltaí an Choiste.

Airteagal 259

1. Ar thograí ó na Ballstáit, déanfar comhaltaí an Choiste a cheapadh go ceann ceithre bliana. Glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, liosta na gcomhaltaí arna tharraingt suas i gcomhréir leis na tograí arna ndéanamh ag gach Ballstát. Féadfar téarma oifige chomhaltaí an Choiste a athnuachan.

2. Rachaidh an Chomhairle i gcomhairle leis an gCoimisiún. Féadfaidh sí tuairim a fháil ó chomhlachtaí Eorpacha a fheidhmíonn ar son na n-earnálacha éagsúla, eacnamaíoch agus sóisialta, ar cúram leo gníomhaíochtaí an Chomhphobail.

Airteagal 260

Déanfaidh an Coiste a chathaoirleach agus a oifigigh a thoghadh as líon a chomhaltaí go ceann téarma dhá bhliain.

Glacfaidh sé a rialacha nós imeachta.

Déanfaidh a chathaoirleach an Coiste a chomóradh, arna iarraidh sin don Chomhairle nó don Choimisiún. Féadfaidh an Coiste teacht le chéile freisin ar a thionscnamh féin.

Airteagal 261

Beidh sa Choiste rannóga sainfheidhme le haghaidh na bpríomhréimsí lena mbaineann an Conradh seo.

Oibreoidh na rannóga sainfheidhme sin laistigh de théarmaí tagartha ginearálta an Choiste. Ní cead dul i gcomhairle leo gan spleáchas leis an gCoiste.

Féadfar fochoistí a bhunú freisin laistigh den Choiste, chun dréacht-tuairimí a ullmhú ar cheisteanna sonracha nó i réimsí sonracha lena gcur faoi bhráid an Choiste chun a mbreithnithe aige.

Leagfaidh na rialacha nós imeachta síos modhanna comhdhéanta na rannóg sainfheidhme agus na bhfochoistí agus na téarmaí tagartha dóibh.

Airteagal 262

Caithfidh an Chomhairle nó an Coimisiún dul i gcomhairle leis an gCoiste sna cásanna dá bhforáiltear sa Chonradh seo. Féadfaidh na hinstitiúidí sin dul i gcomhairle leis an gCoiste i ngach cás inar cuí leo é. Féadfaidh an Coiste, ar a thionscnamh féin, tuairim a thabhairt i gcásanna inar cuí leis é.

Má mheasann an Chomhairle nó an Coimisiún gur gá sin, sonróidh siad don Choiste, chun a thuairim a thíolacadh, tréimhse nach giorra ná mí ón dáta ar a bhfaighidh an cathaoirleach scéala dá réir sin. Mura mbeidh tuairim faighte ar an tréimhse sin a bheith caite, ní chuirfidh sin cosc le dul ar aghaidh tuilleadh.

Cuirfear ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún tuairim an Choiste agus tuairim na rannóige sainfheidhme, maille le taifead ar na himeachtaí.

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa dul i gcomhairle leis an gCoiste.

CAIBIDIL 4

COISTE NA RÉIGIÚN

Airteagal 263 [7]

Bunaítear leis seo coiste, dá ngairtear "Coiste na Réigiún" anseo feasta, a mbeidh stádas comhairleach aige, ar a mbeidh ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil acu sainordú toghchánach i gcomhlacht réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa.

Ní rachaidh líon chomhaltaí Choiste na Réigiún thar 350.

Is mar seo a leanas a bheidh líon chomhaltaí an Choiste:

An Bheilg | 12 |

Poblacht na Seice | 12 |

An Danmhairg | 9 |

An Ghearmáin | 24 |

An Eastóin | 7 |

An Ghréig | 12 |

An Spáinn | 21 |

An Fhrainc | 24 |

Éire | 9 |

An Iodáil | 24 |

An Chipir | 6 |

An Laitvia | 7 |

An Liotuáin | 9 |

Lucsamburg | 6 |

An Ungáir | 12 |

Málta | 5 |

An Ísiltír | 12 |

An Ostair | 12 |

An Pholainn | 21 |

An Phortaingéil | 12 |

An tSlóivéin | 7 |

An tSlóvaic | 9 |

An Fhionlainn | 9 |

An tSualainn | 12 |

An Ríocht Aontaithe | 24. |

Ar thograí ó na Ballstáit faoi seach déanfar comhaltaí an Choiste mar aon lena chomhlíon de mhalartaigh a cheapadh go ceann ceithre bliana. Féadfar a dtéarma oifige a athnuachan. Glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, liosta na gcomhaltaí agus na malartach arna tharraingt suas i gcomhréir leis na tograí arna ndéanamh ag gach Ballstát. Ar dhul in éag don sainordú dá dtagraítear sa chéad mhír ar dá bhun a rinneadh an togra ina dtaobh, tiocfaidh deireadh go huathoibríoch lena dtéarma oifige ar an gCoiste agus cuirfear comhaltaí ina n-ionad i gcomhréir leis an nós imeachta céanna ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige sin. Ní fhéadfaidh comhalta den Choiste bheith ina chomhalta de Pharlaimint na hEorpa san am céanna.

Ní bheidh comhaltaí an Choiste inchurtha faoi cheangal ag aon teagaisc shainordaitheacha. Beidh siad, chun leas ginearálta an Chomhphobail, neamhspleách ar fad i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna.

Airteagal 264

Déanfaidh Coiste na Réigiún a chathaoirleach agus a oifigigh a thoghadh as líon a chomhaltaí go ceann téarma dhá bhliain.

Glacfaidh sé a Rialacha Nós Imeachta.

Déanfaidh a chathaoirleach an Coiste a chomóradh, arna iarraidh sin don Chomhairle nó don Choimisiún. Féadfaidh an Coiste teacht le chéile ar a thionscnamh féin.

Airteagal 265

Rachaidh an Chomhairle nó an Coimisiún i gcomhairle le Coiste na Réigiún sna cásanna dá bhforáiltear sa Chonradh seo agus i ngach cás eile, go háirithe sna cásanna a bhaineann le comhar trasteorann, inar cuí le ceann amháin den dá institiúid sin é.

Má mheasann an Chomhairle nó an Coimisiún gur gá sin, sonróidh siad don Choiste, chun a thuairim a thíolacadh, tréimhse nach giorra ná mí ón dáta ar a bhfaighidh an cathaoirleach scéala dá réir sin. Mura mbeidh tuairim faighte ar an tréimhse sin a bheith caite, ní chuirfidh sin cosc le dul ar aghaidh tuilleadh.

Gach uair a rachfar i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta de bhun Airteagal 262, cuirfidh an Chomhairle nó an Coimisiún Coiste na Réigiún ar an eolas faoin iarraidh sin ar thuairim. Féadfaidh Coiste na Réigiún, má mheasann sé go bhfuil sainleasanna réigiúnacha i dtreis, tuairim a thíolacadh i dtaca leis sin.

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún.

Féadfaidh sé tuairim a thabhairt ar a thionscnamh féin i gcásanna ina measann sé is gá sin.

Cuirfear ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún tuairim an Choiste maille le taifead ar na himeachtaí.

CAIBIDIL 5

AN BANC EORPACH INFHEISTÍOCHTA

Airteagal 266

Beidh pearsantacht dhlítheanach ag an mBanc Eorpach Infheistíochta.

Is iad na Ballstáit is comhaltaí den Bhanc Eorpach Infheistíochta.

Tá Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta leagtha síos i bPrótacal atá i gceangal leis an gConradh seo. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil, arna iarraidh sin don Bhanc Eorpach Infheistíochta agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoimisiún, nó arna iarraidh sin don Choimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an mBanc Eorpach Infheistíochta, Airteagail 4, 11, 12 agus 18(5) de Reacht an Bhainc a leasú.

Airteagal 267

Is é is cúram don Bhanc Eorpach Infheistíochta rannchuidiú, trí dhul ar iontaoibh mhargadh an chaipitil agus trína acmhainní féin a úsáid, le forbairt chothromúil rianúil an chómhargaidh chun leas an Chomhphobail. Chuige sin déanfaidh an Banc, ag oibriú dó ar bhonn neamhbhrabúsmhar, iasachtaí agus ráthaíochtaí a thabhairt a éascóidh maoiniú na dtionscadal seo a leanas i ngach earnáil den gheilleagar:

(a) tionscadail le haghaidh fhorbairt na réigiún lagfhorbartha;

(b) tionscadail chun gnóthais a nuachóiriú nó a athrú nó chun gníomhaíochtaí úra a fhorbairt a mbeidh call leo mar gheall ar bhunú comhleanúnach an chómhargaidh, i gcás nach féidir, mar gheall ar mhéid nó cineál na dtionscadal sin, iad a mhaoiniú go hiomlán ar na modhanna éagsúla atá ar fáil sna Ballstáit leithleacha;

(c) tionscadail leasa choitinn do Bhallstáit éagsúla nach féidir, mar gheall ar a méid nó a gcineál, iad a mhaoiniú go hiomlán ar na modhanna éagsúla atá ar fáil sna Ballstáit leithleacha.

I gcomhlíonadh a chúraimí dó, éascóidh an Banc maoiniú clár infheistíochta i gcuibhreann le cabhair ó na cistí struchtúracha agus ó ionstraimí airgeadais Comhphobail eile.

TEIDEAL II

FORÁLACHA AIRGEADAIS

Airteagal 268

Déanfar gach ioncam agus caiteachas de chuid an Chomhphobail, lena n-áirítear na cinn a bhaineann le Ciste Sóisialta na hEorpa, a áireamh i meastacháin a tharraingeofar suas do gach bliain airgeadais agus taispeánfar iad sa bhuiséad.

Cuirfear de mhuirear ar an mbuiséad an caiteachas riaracháin a thabhóidh na hinstitiúidí de thoradh fhorálacha an Chonartha ar an Aontas Eorpach a bhaineann leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála agus leis an gcomhar i réimsí ceartais agus gnóthaí baile. Féadfar an caiteachas oibríochtúil a ghabhfaidh le cur chun feidhme na bhforálacha a dúradh a chur de mhuirear, faoi na coinníollacha dá dtagraítear iontu, ar an mbuiséad.

Ní foláir an t-ioncam agus an caiteachas a thaispeántar sa bhuiséad a bheith ar comhardú.

Airteagal 269

Gan dochar d'ioncam eile, maoineofar an buiséad go hiomlán as acmhainní dílse.

Glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, na forálacha a bhaineann le córas acmhainní dílse an Chomhphobail a mholfaidh sí do na Ballstáit lena nglacadh i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

Airteagal 270

D'fhonn an smacht buiséadach a áirithiú, ní dhéanfaidh an Coimisiún aon togra gnímh Chomhphobail, ná ní leasóidh sé a thograí, ná ní ghlacfaidh sé aon bheart chun é a chur i ngníomh ar dóigh dó iarmhairtí suntasacha a bheith aige ar an mbuiséad gan a dheimhniú go bhféadfar an togra sin nó an beart sin a mhaoiniú laistigh de theorainneacha acmhainní dílse an Chomhphobail a chinfidh ó na forálacha arna socrú ag an gComhairle de bhun Airteagal 269.

Airteagal 271

Beidh an caiteachas a thaispeántar sa bhuiséad údaraithe d'aon bhliain airgeadais amháin, mura bhforáiltear a mhalairt leis na rialacháin a dhéanfar de bhun Airteagal 279.

De réir coinníollacha a leagfar síos de bhun Airteagal 279, aon leithreasaí, seachas iad siúd a bhaineann le caiteachas ar fhoireann, a bheidh gan chaitheamh i ndeireadh na bliana airgeadais, féadfar iad a thabhairt ar aghaidh chuig an mbliain airgeadais ina dhiaidh sin, ach ní níos faide ná sin.

Aicmeofar na leithreasaí faoi chaibidlí éagsúla, agus míreanna caiteachais á ngrúpáil de réir a gcineáil nó a gcuspóra, agus á bhforoinnt, a mhéad is gá sin, de réir na rialachán a dhéanfar de bhun Airteagal 279.

Déanfar caiteachas Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Choimisiúin agus na Cúirte Breithiúnais a leagan amach i gcodanna leithleacha den bhuiséad gan dochar do shocruithe – speisialta le haghaidh míreanna áirithe caiteachais a bheidh orthu i gcoiteannas.

Airteagal 272

1. Tosóidh an bhliain airgeadais an 1 Eanáir agus críochnóidh sí an 31 Nollaig.

2. Déanfaidh gach institiúid de chuid an Chomhphobail, roimh an 1 Iúil, meastacháin ar a caiteachas a tharraingt suas. Comhdhlúthóidh an Coimisiún na meastacháin sin i réamhdhréacht do bhuiséad. Cuirfidh sé ag gabháil leis tuairim a bhféadfadh malairt meastachán a bheith inti.

Beidh meastachán ar ioncam agus meastachán ar chaiteachas sa réamhdhréacht sin.

3. Cuirfidh an Coimisiún an réamhdhréacht do bhuiséad faoi bhráid na Comhairle lá nach déanaí ná an 1 Meán Fómhair sa bhliain roimh an mbliain a bheidh an buiséad le cur i ngníomh.

Rachaidh an Chomhairle i gcomhairle leis an gCoimisiún agus, más iomchuí, leis na hinstitiúidí eile lena mbaineann, aon uair a bheidh d'intinn aici imeacht ón réamhdhréacht sin.

Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, an dréachtbhuiséad a bhunú agus é a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa.

4. Cuirfear an dréachtbhuiséad faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa lá nach déanaí ná an 5 Deireadh Fómhair sa bhliain roimh an mbliain a bheidh an buiséad le cur i ngníomh.

Beidh de cheart ag Parlaimint na hEorpa, ag gníomhú di trí thromlach a comhaltaí, an dréachtbhuiséad a leasú agus a thairiscint don Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach glan de na vótaí a caitheadh, go ndéanfar modhnuithe ar an dréacht ina mbaineann le caiteachas a éiríonn ó riachtanas de dhroim an Chonartha nó de dhroim gníomhartha lenar glacadh dá réir.

Más rud é, laistigh de chúig lá is daichead ó cuireadh an dréachtbhuiséad faoina bráid, go mbeidh Parlaimint na hEorpa tar éis a formheas a thabhairt, beidh an buiséad arna ghlacadh go críochnaitheach. Más rud é, laistigh den tréimhse sin, nach mbeidh Parlaimint na hEorpa tar éis an dréachtbhuiséad a leasú ná aon mhodhnú air a thairiscint, measfar go bhfuil glactha go críochnaitheach leis an mbuiséad.

Más rud é, laistigh den tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa tar éis glacadh le leasuithe nó tar éis modhnuithe a thairiscint, cuirfear an dréachtbhuiséad, mar aon leis na leasuithe nó na modhnuithe a tairgeadh, ar aghaidh chuig an gComhairle.

5. Tar éis don Chomhairle an dréachtbhuiséad sin a phlé leis an gCoimisiún agus, más iomchuí, leis na hinstitiúidí eile lena mbaineann, gníomhóidh sí faoi na coinníollacha seo a leanas:

(a) féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, aon leasú lenar ghlac Parlaimint na hEorpa a mhodhnú;

(b) maidir leis na modhnuithe a tairgeadh:

- mura mbíonn d'éifeacht le modhnú a thairg Parlaimint na hEorpa méadú a thabhairt ar chaiteachas iomlán institiúide, de bhrí go háirithe go mbeadh an méadú caiteachais a ghabhfadh leis á chúiteamh go sainráite ag modhnú nó modhnuithe a tairgeadh ag déanamh a chomhoiread sin de laghdú ar chaiteachas, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, diúltú don mhodhnú a tairgeadh. Mura dtugtar cinneadh ag diúltú dó, seasfaidh an modhnú a tairgeadh mar mhodhnú ar gabhadh leis;

- má bhíonn d'éifeacht le modhnú a thairg Parlaimint na hEorpa méadú a thabhairt ar chaiteachas iomlán institiúide, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, gabháil leis an modhnú sin a tairgeadh. Mura dtugtar cinneadh ag gabháil leis, seasfaidh an modhnú a tairgeadh mar mhodhnú ar diúltaíodh dó;

- más rud é, de bhun forálacha ceann den dá fhomhír roimhe seo, go mbeidh an Chomhairle tar éis diúltú do mhodhnú a tairgeadh, féadfaidh sí, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, an tsuim a thaispeántar sa dréachtbhuiséad a choinneáil nó suim eile a shocrú.

Modhnófar an dréachtbhuiséad de réir na modhnuithe a tairgeadh agus ar ghabh an Chomhairle leo.

Más rud é, laistigh de chúig lá dhéag ó cuireadh an dréachtbhuiséad sin faoina bráid, nach mbeidh an Chomhairle tar éis modhnú a dhéanamh ar aon cheann de na leasuithe lenar ghlac Parlaimint na hEorpa agus má gabhadh leis na modhnuithe a thairg Parlaimint na hEorpa, measfar go bhfuil glactha go críochnaitheach leis an mbuiséad. Cuirfidh an Chomhairle i bhfios don Pharlaimint nár mhodhnaigh sí aon cheann de na leasuithe agus gur gabhadh leis na modhnuithe a tairgeadh.

Más rud é, laistigh den tréimhse sin, go mbeidh an Chomhairle tar éis modhnú a dhéanamh ar cheann nó níos mó de na leasuithe lenar ghlac Parlaimint na hEorpa nó má diúltaíodh do na modhnuithe a thairg Parlaimint na hEorpa, nó má modhnaíodh iad, cuirfear an dréachtbhuiséad arna mhodhnú chuig Parlaimint na hEorpa arís. Cuirfidh an Chomhairle torthaí a pléití i bhfios do Pharlaimint na hEorpa.

6. Laistigh de chúig lá dhéag tar éis an dréachtbhuiséad sin a chur faoina bráid, agus fios tugtha di ar cad a tharla i dtaobh na modhnuithe a thairg sí, féadfaidh Parlaimint na hEorpa, ag gníomhú di trí thromlach a comhaltaí agus le trí chúigiú de na vótaí a caitheadh, modhnuithe na Comhairle ar leasuithe Pharlaimint na hEorpa a leasú nó a dhiúltú, agus glacfaidh sé leis an mbuiséad dá réir sin. Mura mbeidh Parlaimint na hEorpa tar éis gníomhú laistigh den tréimhse sin, measfar go bhfuil glactha go críochnaitheach leis an mbuiséad.

7. Nuair a bheidh an nós imeachta dá bhforáiltear san Airteagal seo críochnaithe, dearbhóidh Uachtarán Pharlaimint na hEorpa go bhfuil glactha go críochnaitheach leis an mbuiséad.

8. Ach féadfaidh Parlaimint na hEorpa, ag gníomhú di trí thromlach a comhaltaí agus le dhá thrian de na vótaí a caitheadh, ar chúiseanna tábhachtacha, diúltú don dréachtbhuiséad agus a iarraidh go gcuirfí dréacht nua faoina bráid.

9. Déanfar uasráta méadaithe maidir le caiteachas den saghas céanna i gcaitheamh na bliana airgeadais reatha a shocrú gach bliain don chaiteachas go léir seachas an méid a thig ó riachtanas de dhroim an Chonartha nó de dhroim gníomhartha lenar glacadh dá bhun.

Cinnfidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste um Beartas Eacnamaíoch, cad é méid an uasráta sin, de réir mar is toradh é:

- ar an treo atá, i dtéarmaí toirte, ar an olltáirgeacht náisiúnta sa Chomhphobal;

- ar an meánathrú i mbuiséid na mBallstát;

agus

- ar threo an chostais mhaireachtála i gcaitheamh na bliana airgeadais roimhe sin.

Cuirfear an t-uasráta in iúl, roimh an 1 Bealtaine, d'institiúidí an Chomhphobail. Beidh de cheangal orthu sin cloí leis le linn imeachtaí an bhuiséid, faoi réir fhorálacha an cheathrú agus an chúigiú fomhír den mhír seo.

Más rud é, i gcás caiteachais seachas a dtig ó riachtanas de dhroim an Chonartha nó de dhroim gníomhartha lenar glacadh dá bhun, go bhfuil ráta an mhéadaithe de dhroim an dréachtbhuiséid a bhunaigh an Chomhairle os cionn leath an uasráta, féadfaidh Parlaimint na hEorpa, i bhfeidhmiú a ceart leasúcháin, suim iomlán an chaiteachais sin a mhéadú tuilleadh go feadh leath an uasráta.

Más rud é go measfaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle nó an Coimisiún gur gá do ghníomhaíochtaí na gComhphobal gabháil thar an ráta a cinneadh de réir an nós imeachta atá leagtha síos sa mhír seo, féadfar ráta eile a shocrú trí chomhaontú idir an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, agus Parlaimint na hEorpa, ag gníomhú di trí thromlach a comhaltaí agus le trí chúigiú de na vótaí a caitheadh.

10. Feidhmeoidh gach institiúid na cumhachtaí a thugtar di leis an Airteagal seo, agus aird chuí aici ar fhorálacha an Chonartha agus ar ghníomhartha lenar glacadh dá réir, go háirithe na cinn a bhaineann le hacmhainní dílse na gComhphobal féin agus leis an gcomhardú idir ioncam agus caiteachas.

Airteagal 273

Más rud é, i dtosach bliana airgeadais, nach bhfuil an buiséad vótáilte fós, féadfar suim nach mó ná an dóú cuid déag de na leithreasaí buiséid don bhliain airgeadais roimhe sin a chaitheamh gach mí i leith aon chaibidle nó foroinne eile den bhuiséad, de réir fhorálacha na rialachán a bheidh déanta de bhun Airteagal 279, ach ní bheidh d'éifeacht leis an socrú sin go gcuirfear ar láimh an Choimisiúin leithreasaí de bhreis ar an dóú cuid déag díobh siúd dá bhforáiltear sa dréachtbhuiséad atá á ullmhú.

Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, agus ar chuntar go gcomhlíontar na coinníollacha eile atá leagtha síos sa chéad fhomhír, caiteachas de bhreis ar an dóú cuid déag a údarú.

Má bhaineann an cinneadh sin le caiteachas nach dtig ó riachtanas de dhroim an Chonartha seo nó de dhroim gníomhartha lenar glacadh dá réir, cuirfidh an Chomhairle ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa é láithreach; laistigh de thríocha lá, féadfaidh Parlaimint na hEorpa, ag gníomhú di trí thromlach a comhaltaí agus le trí chúigiú de na vótaí a caitheadh, glacadh le cinneadh éagsúil ar an gcaiteachas de bhreis ar an dóú cuid déag dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Beidh an chuid sin de chinneadh na Comhairle ar fionraí go dtí go mbeidh a cinneadh tugtha ag Parlaimint na hEorpa. Más rud é nach mbeidh Parlaimint na hEorpa tar éis cinneadh atá éagsúil le cinneadh na Comhairle a ghlacadh laistigh den tréimhse sin measfar go bhfuil glactha go críochnaitheach le cinneadh na Comhairle.

Leagfar síos leis na cinntí dá bhforáiltear sa dara agus sa tríú fomhír na bearta is gá maidir le hacmhainní chun a áirithiú go gcuirfear an tAirteagal seo chun feidhme.

Airteagal 274

Cuirfidh an Coimisiún an buiséad i ngníomh, i gcomhréir le forálacha na rialachán arna ndéanamh de bhun Airteagal 279, ar a fhreagracht féin agus laistigh de theorainneacha na leithreasaí, ag féachaint do phrionsabail na bainistíochta fónta airgeadais. Comhoibreoidh na Ballstáit leis an gCoimisiún chun a áirithiú go n-úsáidtear na leithreasaí i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais.

Leagfaidh na rialacháin síos rialacha mionsonraithe do gach institiúid maidir lena páirt ag déanamh a caiteachais féin.

Laistigh den bhuiséad, féadfaidh an Coimisiún, faoi réir na dteorainneacha agus na gcoinníollacha arna leagan síos sna rialacháin arna ndéanamh de bhun Airteagal 279, leithreasaí a aistriú ó chaibidil go chéile nó ó fhoroinn go chéile.

Airteagal 275

Cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa gach bliain cuntais na bliana airgeadais roimhe sin maidir leis an mbuiséad a chur i ngníomh. Cuirfidh an Coimisiún chucu freisin ráiteas airgeadais ar shócmhainní agus dhliteanais an Chomhphobail.

Airteagal 276

1. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ag gníomhú di ar mholadh ón gComhairle a ghníomhóidh trí thromlach cáilithe, urscaoileadh a thabhairt don Choimisiún i leith an buiséad a chur i ngníomh. Chun na críche sin, déanfaidh Parlaimint na hEorpa, i ndiaidh na Comhairle, scrúdú ar na cuntais agus ar an ráiteas airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 275, ar thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí, maille le freagraí na n-institiúidí faoi iniúchadh ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí, ar an ráiteas dearbhaithe dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 248(1) agus ar aon tuarascálacha speisialta ábhartha ón gCúirt Iniúchóirí.

2. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa, sula dtabharfaidh sí urscaoileadh don Choimisiún nó chun aon chríche eile faoi chuimsiú fheidhmiú chumhachtaí an Choimisiúin i leith an buiséad a chur i ngníomh, a iarraidh an Coimisiún a éisteacht ar chur i ngníomh an chaiteachais nó ar oibriú na gcóras rialú airgeadais. Cuirfidh an Coimisiún gach eolas is gá faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa arna iarraidh sin di.

3. Déanfaidh an Coimisiún gach dícheall chun go gcuirfear na barúlacha i gcrích atá i gceangal leis na cinntí urscaoilte maille le barúlacha eile Pharlaimint na hEorpa maidir leis an gcaiteachas a chur i ngníomh agus na gluaiseanna a bheidh in éineacht leis na moltaí urscaoilte arna nglacadh ag an gComhairle.

Arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ar na bearta a bheidh glactha i bhfianaise na mbarúlacha agus na ngluaiseanna sin agus go háirithe ar na teagaisc a bheidh tugtha do na ranna atá freagrach as an mbuiséad a chur i ngníomh. Cuirfear na tuarascálacha sin chun na Cúirte Iniúchóirí freisin.

Airteagal 277

Tarraingeofar suas an buiséad san aonad cuntais a cinneadh de réir fhorálacha na rialachán a bheidh déanta de bhun Airteagal 279.

Airteagal 278

Féadfaidh an Coimisiún, ach é a chur in iúl d'údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann, aistriú go hairgead reatha ceann de na Ballstáit a dhéanamh ar a bhfuil ina sheilbh aige d'airgead reatha Ballstáit eile, a mhéad is gá le go bhféadfar é a úsáid chun na gcríoch a cheaptar dó leis an gConradh seo. Seachnóidh an Coimisiún aistriú dá leithéid sin, chomh fada agus is féidir, má bhíonn airgead nó sócmhainní insóinseáilte ar seilbh aige sna hairgid reatha atá ag teastáil uaidh.

Déileálfaidh an Coimisiún le gach Ballstát tríd an údarás a bheidh sonraithe ag an Stát áirithe. Chun oibríochtaí a chur i gcrích, bainfidh an Coimisiún leas as seirbhísí bhanc eisiúna an Bhallstáit atá i gceist nó aon institiúid airgeadais eile a bheidh formheasta ag an Stát sin.

Airteagal 279

1. Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus tuairim na Cúirte Iniúchóirí a fháil:

(a) rialacháin airgeadais ina sonrófar go háirithe an nós imeachta is inleanta chun an buiséad a bhunú agus a chur i ngníomh agus chun cuntais a thíolacadh agus a iniúchadh;

(b) rialacha a chinneadh i dtaobh freagrachta rialtóirí airgeadais, oifigeach údaráis agus oifigeach cuntais, agus i dtaobh socruithe iomchuí le haghaidh cigireachta.

Amhail ón 1 Eanáir 2007, gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus tuairim na Cúirte Iniúchóirí a fháil.

2. Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus tuairim na Cúirte Iniúchóirí a fháil, na modhanna agus an nós imeachta a chinneadh ar dá réir a bheidh an t-ioncam buiséid dá bhforáiltear faoi na socruithe i dtaobh acmhainní dílse an Chomhphobail féin le cur ar fáil don Choimisiún agus na bearta a chinneadh a bheidh le cur i bhfeidhm, más gá, chun freastal do riachtanais airgeadais.

Airteagal 280

1. Déanfaidh an Comhphobal agus na Ballstáit calaois agus aon ghníomhaíochtaí neamh dhlíthiúla eile a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Chomhphobail a chomhrac trí bhearta a ghlacfar i gcomhréir leis an Airteagal seo agus a bheidh mar chosc agus a thabharfaidh cosaint éifeachtúil sna Ballstáit.

2. Glacfaidh na Ballstáit na bearta céanna chun calaois a chomhrac a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Chomhphobail is a ghlacann siad chun calaois a chomhrac a dhéanann díobháil dá leasanna airgeadais féin.

3. Gan dochar d'fhorálacha eile an Chonartha seo, comhordóidh na Ballstáit a ngníomhaíocht chun leasanna airgeadais an Chomhphobail a chosaint i gcoinne na calaoise. Chuige sin, eagróidh siad, i dteannta leis an gCoimisiún, dlúthchomhar rialta idir na húdaráis inniúla.

4. Glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCúirt Iniúchóirí, na bearta is gá maidir le calaois a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Chomhphobail a chosc agus a chomhrac d'fhonn cosaint éifeachtúil choibhéiseach a thabhairt sna Ballstáit. Ní bhainfidh na bearta sin le dlí coiriúil náisiúnta a chur i bhfeidhm ná le riar náisiúnta an cheartais.

5. Tíolacfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle gach bliain ar na bearta a glacadh chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme.

CUID A SÉ

FORÁLACHA GINEARÁLTA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 281

Beidh pearsantacht dhlítheanach ag an gComhphobal.

Airteagal 282

I ngach ceann de na Ballstáit, beidh ag an gComhphobal an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge atá ar fáil faoina dhlíthe ag daoine dlítheanacha; féadfaidh sé, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt agus féadfaidh sé bheith ina pháirtí in imeachtaí dlíthiúla. Chuige sin, feidhmeoidh an Coimisiún ar son an Chomhphobail.

Airteagal 283

Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle leis na hinstitiúidí eile i dtrácht, Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal sin a leagan síos.

Airteagal 284

Chun na cúraimí a chuirtear air a chomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún aon fhaisnéis a chruinniú, agus aon fhíorú is gá a dhéanamh, faoi na teorainneacha agus na coinníollacha a bheidh leagtha síos ag an gComhairle de réir fhorálacha an Chonartha seo.

Airteagal 285

1. Gan dochar d'Airteagal 5 den Phrótacal ar Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh, déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251, bearta a ghlacadh chun staidreamh a chur ar fáil nuair is gá sin chun gníomhaíochtaí an Chomhphobail a chomhlíonadh.

2. Cuirfear an staidreamh Comhphobail ar fáil i gcomhréir le neamhchlaontacht, iontaofacht, oibiachtúlacht, neamhspleáchas eolaíoch, éifeachtúlacht costais agus rúndacht an staidrimh; ní bheidh ualaí iomarcacha ar oibreoirí eacnamaíocha dá bharr.

Airteagal 286

1. Gníomhartha an Chomhphobail maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, beidh feidhm acu amhail ón 1 Eanáir 1999 maidir leis na hinstitiúidí agus na comhlachtaí arna gcur ar bun leis an gConradh seo nó dá bhun.

2. Roimh an dáta dá dtagraítear i mír 1, bunóidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251, comhlacht neamhspleách maoirseachta a bheidh freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na ngníomhartha Comhphobail sin ar institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus glacfaidh sí aon fhorálacha ábhartha eile de réir mar is iomchuí.

Airteagal 287

Beidh de cheangal ar chomhaltaí institiúidí an Chomhphobail, ar chomhaltaí coistí, agus ar oifigigh agus seirbhísigh eile an Chomhphobail, fiú tar éis deireadh a theacht lena ndualgais, gan faisnéis a nochtadh is de chineál atá faoi chumhdach na rúndachta gairmiúla, go háirithe faisnéis a bhaineann le gnóthais, lena gcaidreamh gnó nó le comhdhéanamh a gcostas.

Airteagal 288

Beidh dliteanas conarthach an Chomhphobail faoi rialú ag an dlí a bhaineann leis an gconradh atá i gceist.

I gcás dliteanais neamhchonarthaigh, déanfaidh an Comhphobal, de réir na bprionsabal ginearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste a shlánú a raibh a institiúidí nó a sheirbhísigh ina siocair leis i bhfeidhmiú a gcuid feidhmeanna.

Beidh an mhír sin roimhe seo infheidhme faoi na coinníollacha céanna maidir le damáiste a dhéanann BCE nó a sheirbhísigh i bhfeidhmiú a gcuid feidhmeanna.

Beidh dliteanas pearsanta a sheirbhísigh i leith an Chomhphobail faoi rialú ag na forálacha arna leagan síos sna Rialacháin Foirne nó sna Coinníollacha Fostaíochta a bhaineann leo.

Airteagal 289

Cinnfidh Rialtais na mBallstát, de thoil a chéile, suíomh institiúidí an Chomhphobail.

Airteagal 290

Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil, na rialacha i dtaobh theangacha institiúidí an Chomhphobail a chinneadh, gan dochar do na forálacha atá i Reacht na Cúirte Breithiúnais.

Airteagal 291

Beidh ag an gComhphobal, i gcríocha na mBallstát, na pribhléidí agus na díolúintí is gá chun a chúraimí a chomhlíonadh, faoi na coinníollacha atá leagtha síos i bPrótacal an 8 Aibreán 1965 ar phribhléidí agus díolúintí na gComhphobal Eorpach. Is mar an gcéanna a bheidh maidir leis an mBanc Ceannais Eorpach, leis an Institiúid Eorpach Airgeadaíochta agus leis an mBanc Eorpach Infheistíochta.

Airteagal 292

Gabhann na Ballstáit orthu féin nach gcuirfidh siad díospóid maidir le léiriú nó feidhmiú an Chonartha seo á réiteach ar mhodh ar bith seachas mar a fhoráiltear ann.

Airteagal 293

Sa mhéid gur gá é, rachaidh na Ballstáit i ndáil chaibidle le chéile d'fhonn a áirithiú, ar mhaithe lena náisiúnaigh:

- go gcosnófar daoine agus go mbeidh cearta le fáil agus á gcosaint faoi na coinníollacha ar dá réir a dhéanann gach Stát amhlaidh i gcás a náisiúnach féin;

- go ndíothófar cánachas dúbailte sa Chomhphobal;

- go dtabharfar aitheantas frithpháirteach do chuideachtaí nó gnólachtaí de réir bhrí Airteagal 48, an dara mír, go gcoimeádfar pearsantacht dhlítheanach i gcás a suíomh a aistriú ó thír go tír eile, agus go bhféadfar uaimcheangal a dhéanamh idir cuideachtaí nó gnólachtaí atá faoi rialú ag dlíthe tíortha éagsúla;

- go simpleofar na foirmiúlachtaí a bhaineann le breithiúnais ó chúirteanna nó ó bhinsí, agus dámhachtainí eadrána, a aithint agus a fhorghníomhú go cómhalartach.

Airteagal 294

Tabharfaidh Ballstáit do náisiúnaigh na mBallstát eile an chóir chéanna a thugann siad dá náisiúnaigh féin maidir le rannpháirtíocht i gcaipiteal cuideachtaí nó gnólachtaí, de réir bhrí Airteagal 48, gan dochar d'fheidhmiú na bhforálacha eile den Chonradh seo.

Airteagal 295

Ní dhéanfaidh an Conradh seo dochar ar dhóigh ar bith do na rialacha a bhaineann leis an gcóras úinéireachta maoine i mBallstáit.

Airteagal 296

1. Ní chuirfidh forálacha an Chonartha seo bac ar fheidhmiú na rialacha seo a leanas:

(a) ní bheidh ar aon Bhallstát faisnéis a sholáthar má mheasann sé go mbeadh nochtadh na faisnéise sin contrártha do leasanna bunúsacha a shlándála;

(b) féadfaidh aon Bhallstát cibé bearta is gá leis a ghlacadh chun leasanna bunúsacha a shlándála a chosaint agus ar bearta iad a bhaineann le hairm, muinisin agus ábhair chogaidh a tháirgeadh nó a thrádáil. Ní foláir, áfach, gan na bearta sin a dhul chun dochair do na coinníollacha iomaíochta sa chómhargadh i gcás táirgí nach bhfuil ceaptha chun críoch míleata go sonrach.

2. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún, athruithe a dhéanamh ar an liosta a tharraing sí suas ar an 15 Aibreán 1958 de na táirgí a bhfuil forálacha phointe (b) de mhír 1 infheidhme orthu.

Airteagal 297

Rachaidh na Ballstáit i gcomhairle le chéile d'fhonn go ndéanfar i gcomhar na nithe is gá chun nach gcoiscfí feidhmiú an chómhargaidh mar gheall ar bhearta a bheadh le déanamh ag Ballstát i gcás suaitheadh tromchúiseach inmheánach a dhul i gcion ar an ord poiblí, i gcás cogaidh nó i gcás mórtheannas idirnáisiúnta a mbeadh bagairt chogaidh ann, nó chun oibleagáidí a chomhlíonadh a bhí glactha aige d'fhonn an tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta a choimeád.

Airteagal 298

Más rud é go dtiocfaidh de na bearta a ghlacfar sna himthosca dá dtagraítear in Airteagail 296 agus 297 saobhadh ar na coinníollacha iomaíochta sa chómhargadh, scrúdóidh an Coimisiún an scéal, i gcomhar leis an Stát atá i gceist, féachaint conas is féidir na bearta sin a oiriúnú do na rialacha atá leagtha síos sa Chonradh seo.

De mhaolú ar an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagail 226 agus 227, féadfaidh an Coimisiún nó aon Bhallstát an t-ábhar a thabhairt os comhair na Cúirte Breithiúnais go díreach má mheasann sé go bhfuil Ballstát eile ag baint mí-úsáid as na cumhachtaí dá bhforáiltear in Airteagail 296 agus 297. Tabharfaidh an Chúirt Bhreithiúnais a breith i gcúirt iata.

Airteagal 299 [8]

1. Beidh feidhm ag an gConradh seo maidir le Ríocht na Beilge, le Poblacht na Seice, le Ríocht na Danmhairge, le Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, le Poblacht na hEastóine, leis an bPoblacht Heilléanach, le Ríocht na Spáinne, le Poblacht na Fraince, le hÉirinn, le Poblacht na hIodáile, le Poblacht na Cipire, le Poblacht na Laitvia, le Poblacht na Liotuáine, le Ard Diúcacht Lucsamburg, le Poblacht na hUngáire, le Poblacht Mhálta, le Ríocht na hÍsiltíre, le Poblacht na hOstaire, le Poblacht na Polainne, le Poblacht na Portaingéile, le Poblacht na Slóivéine, le Poblacht na Slóvaice, le Poblacht na Fionlainne, le Ríocht na Sualainne agus le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann.

2. Beidh feidhm ag forálacha an Chonartha seo maidir leis na ranna Francacha thar lear, leis na hAsóir, le Maidéara agus leis na hOileáin Chanáracha.

Ar a shon sin, ag tabhairt aird ar staid shóisialta agus eacnamaíoch struchtúrach na ranna Francacha thar lear, na nAsór, Mhaidéara agus na nOileán Canárach, staid is measa fós mar gheall ar a n-iargúltacht, a n-oileánachas, a mbeagmhéid, a dtopagrafaíocht agus a n-aeráid achrannach, agus a spleáchas eacnamaíoch ar bheagán táirgí, a ndéanann a mbuaine agus comhcheangal díobh mórdhochar dá bhforbairt, déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, bearta sonracha a ghlacadh a mbeidh sé d'aidhm acu, ach go háirithe, na coinníollacha a leagan síos chun an Conradh seo, lena n-áirítear comhbheartais, a chur i bhfeidhm ar na réigiúin sin.

Nuair a bheidh an Chomhairle ag glacadh na mbeart ábhartha dá dtagraítear sa dara fomhír, tabharfaidh sí aird ar réimsí amhail beartais chustaim agus trádála, beartas fioscach, saorlimistéir, beartais talmhaíochta agus iascaigh, coinníollacha maidir le soláthar amhábhar agus earraí tomhaltais fíor-riachtanacha, státchabhracha agus coinníollacha rochtana ar chistí struchtúracha agus ar chláir chothrománacha Comhphobail.

Glacfaidh an Chomhairle na bearta dá dtagraítear sa dara fomhír ag cur ghnéithe agus shrianta speisialta na réigiún is forimeallaí san áireamh ach gan baint d'iomláine ná de chomhchuibheas dhlíchóras an Chomhphobail, lena n-áirítear an margadh inmheánach agus na comhbheartais.

3. Bainfidh na socruithe speisialta i dtaobh comhlachais atá leagtha amach i gCuid a Ceathair den Chonradh seo leis na tíortha agus na críocha thar lear atá luaite sa liosta in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gConradh seo.

Ní bhainfidh an Conradh seo leis na tíortha agus na críocha thar lear a bhfuil caidreamh speisialta acu le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann agus nach bhfuil luaite sa liosta réamhráite.

4. Bainfidh forálacha an Chonartha seo leis na críocha Eorpacha a bhfuil Ballstát freagrach ina gcaidreamh eachtrach.

5. Beidh forálacha an Chonartha seo infheidhme ar Oileáin Åland i gcomhréir leis na forálacha atá leagtha amach i bPrótacal Uimh. 2 a ghabhann leis an Ionstraim i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na hOstaire, Phoblacht na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne.

6. De mhaolú ar na míreanna roimhe seo:

(a) ní bheidh an Conradh seo infheidhme ar Oileáin Fharó;

(b) Ní bheidh feidhm ag an gConradh seo maidir le Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha Akrotiri agus Dhekelia de chuid na Ríochta Aontaithe sa Chipir ach amháin a mhéad is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme na socruithe atá leagtha amach sa Phrótacal maidir le Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann sa Chipir atá i gceangal leis an Ionstraim i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na Seice, Phoblacht na hEastóine, Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na hUngáire, Phoblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine agus Phoblacht na Slóvaice leis an Aontas Eorpach agus i gcomhréir le téarmaí an Phrótacail sin;

(c) ní bhainfidh forálacha an Chonartha seo le hOileáin Mhuir nIocht ná le hOileán Mhanann ach a mhéad is gá chun a áirithiú go bhfeidhmeofar an córas dá bhforáiltear do na hoileáin sin sa Chonradh i dtaobh aontachas na mBallstát nua le Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus leis an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, a síníodh ar an 22 Eanáir 1972.

Airteagal 300

1. Má fhoráiltear sa Chonradh seo comhaontuithe a thabhairt i gcrích idir an Comhphobal agus Stát amháin nó níos mó, nó eagraíocht idirnáisiúnta amháin nó níos mó, tíolacfaidh an Coimisiún moltaí don Chomhairle a údaróidh don Choimisiún an chaibidlíocht is gá a thosú. Seolfaidh an Coimisiún an chaibidlíocht sin, i gcomhairle le coistí speisialta arna gceapadh ag an gComhairle chun bheith de chúnamh aige sa chúram sin agus faoi chuimsiú na dtreoracha a fhéadfaidh an Chomhairle a dhíriú chuige.

I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar di sa mhír seo, gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe seachas sna cásanna ina bhforáiltear sa chéad fhomhír de mhír 2 go ngníomhóidh sí d'aon toil.

2. Faoi réir na gcumhachtaí a dhílsítear don Choimisiún sa réimse seo is í an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, a ghlacfaidh cinneadh ar shíniú na gcomhaontuithe, a bhféadfaidh cinneadh a bheith ag gabháil leis maidir lena gcur i bhfeidhm sealadach roimh a dteacht i bhfeidhm, agus ar a dtabhairt i gcrích. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil nuair a bhaineann an comhaontú le réimse inar gá aontoilíocht chun rialacha inmheánacha a ghlacadh agus i gcás na gcomhaontuithe dá dtagraítear in Airteagal 310.

De mhaolú ar na rialacha atá leagtha síos i mír 3, beidh feidhm ag na nósanna imeachta céanna i gcás cinnidh chun cur i bhfeidhm comhaontaithe a fhionraí agus d'fhonn na seasaimh a bhunú a ghlacfar thar ceann an Chomhphobail i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú, nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin cinntí a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlí leo, seachas cinntí a fhorlíonann nó a leasaíonn creat institiúideach an chomhaontaithe.

Cuirfear Parlaimint na hEorpa ar an eolas láithreach agus go hiomlán faoi aon chinneadh faoin mír seo a bhaineann le comhaontuithe a chur i bhfeidhm go sealadach nó a fhionraí nó faoi sheasamh an Chomhphobail a bhunú i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú.

3. Tabharfaidh an Chomhairle comhaontuithe i gcrích tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, seachas na comhaontuithe dá dtagraítear in Airteagal 133(3), go fiú nuair a bhaineann an comhaontú le réimse inar gá an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 nó an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 252 chun rialacha inmheánacha a ghlacadh. Tabharfaidh Parlaimint na hEorpa a tuairim laistigh de thréimhse a fhéadfaidh an Chomhairle a shocrú i bhfianaise na práinne. Mura mbeidh tuairim faighte ar an tréimhse sin a bheith caite, féadfaidh an Chomhairle gníomhú.

De mhaolú ar fhorálacha na fomhíre roimhe seo, comhaontuithe dá dtagraítear in Airteagal 310, comhaontuithe eile a chuirfidh creat institiúideach sonrach ar bun trí nósanna imeachta comhair a eagrú, comhaontuithe ag a mbeidh impleachtaí buiséadacha suntasacha don Chomhphobal agus comhaontuithe a bhéarfaidh nach mór gníomh arna ghlacadh de réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 a leasú, tabharfar i gcrích iad tar éis do Pharlaimint na hEorpa aontú.

Féadfaidh an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa, i gcás práinne, tréimhse don aontú a chomhaontú.

4. Agus comhaontú á thabhairt i gcrích aici, féadfaidh an Chomhairle, de mhaolú ar fhorálacha mhír 2, an Coimisiún a chumhachtú chun formheas a thabhairt thar ceann an Chomhphobail ar na leasuithe dá bhforáiltear sa chomhaontú sin trí nós imeachta simplithe nó trí chomhlacht arna bhunú ag an gcomhaontú; féadfaidh sí coinníollacha sonracha a chur ag gabháil leis an gcumhachtú sin.

5. Nuair a bheidh an Chomhairle ag brath comhaontú a thabhairt i gcrích a bhéarfaidh nach mór an Conradh seo a leasú, dlífear na leasuithe sin a ghlacadh roimh ré de réir an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 48 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

6. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún nó Ballstát tuairim na Cúirte Breithiúnais a fháil i dtaobh cé acu atá nó nach bhfuil comhaontú atáthar ag brath a dhéanamh ag luí le forálacha an Chonartha seo. Más tuairim chodarsnach atá tugtha ag an gCúirt Bhreithiúnais, ní fhéadfaidh an comhaontú teacht i bhfeidhm ach amháin faoi na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 48 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

7. Comhaontuithe a thabharfar i gcrích faoi na coinníollacha arna socrú san Airteagal seo, beidh siad ina gceangal ar institiúidí an Chomhphobail agus ar na Ballstáit.

Airteagal 301

Má tharlaíonn, ar bhonn comhsheasaimh nó comhghníomhaíochta arna nglacadh de réir fhorálacha an Chonartha ar an Aontas Eorpach a bhaineann leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála, gur gá gníomhaíocht Chomhphobail chun an caidreamh eacnamaíoch le tríú tír amháin nó níos mó a bhriseadh nó a laghdú go hiomlán nó go páirteach, déanfaidh an Chomhairle na bearta práinne is gá a ghlacadh. Gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún.

Airteagal 302

Is de dhualgas an Choimisiúin é a áirithiú go gcoimeádfar gach caidreamh iomchuí le horgáin na Náisiún Aontaithe agus a sainghníomhaireachtaí.

Déanfaidh an Coimisiún freisin caidreamh mar is iomchuí a choimeád le gach eagraíocht idirnáisiúnta.

Airteagal 303

Bunóidh an Comhphobal gach cineál comharaíochta is iomchuí le Comhairle na hEorpa.

Airteagal 304

Bunóidh an Comhphobal dlúthchomharaíocht leis an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta; socrófar na rialacha mionsonraithe di de thoil a chéile.

Airteagal 305

1. Ní dhéanfaidh forálacha an Chonartha seo difear d'fhorálacha an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach, go háirithe maidir le cearta agus oibleagáidí Ballstát, le cumhachtaí institiúidí an Chomhphobail sin agus leis na rialacha a leag an Conradh sin síos le haghaidh fheidhmiú an chómhargaidh do ghual agus cruach.

2. Ní thabharfaidh forálacha an Chonartha seo maolú ar fhorálacha an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

Airteagal 306

Ní chuirfidh forálacha an Chonartha seo bac le haontais réigiúnacha idir an Bheilg agus Lucsamburg, nó idir an Bheilg, Lucsamburg agus an Ísiltír, a bheith ann nó a chomhlánú, sa mhéid nach bhfuil aidhmeanna na n-aontas réigiúnach sin á ngnóthú trí fheidhmiú an Chonartha seo.

Airteagal 307

Ní dhéanfaidh forálacha an Chonartha seo difear do na cearta agus na hoibleagáidí a éiríonn as comhaontuithe a tugadh i gcrích roimh an 1 Eanáir 1958, nó i gcás Stát aontach, roimh dháta a n-aontachais, idir Ballstát nó Ballstáit ar thaobh amháin agus tríú tír nó tríú tíortha ar an taobh eile.

Sa mhéid nach bhfuil na comhaontuithe sin ag luí leis an gConradh seo, glacfaidh an Ballstát nó na Ballstáit áirithe gach slí iomchuí chun deireadh a chur leis an neamhluí sin. Nuair is gá, cabhróidh na Ballstáit le chéile chun na críche sin agus glacfaidh siad comhdhearcadh nuair is iomchuí sin.

Ag cur na gcomhaontuithe dá dtagraítear sa chéad mhír chun feidhme dóibh, cuirfidh na Ballstáit san áireamh gur cuid dhílis de bhunú an Chomhphobail na buntáistí a fhaightear faoin gConradh seo ó gach Ballstát agus uime sin go bhfuil siad i ndlúthnasc doscartha le bunú comhinstitiúidí, le cumhachtaí a thabhairt dóibh, agus leis na buntáistí céanna a bheith á ndeonú ag na Ballstáit eile go léir.

Airteagal 308

Má tharlaíonn, i gcúrsa an cómhargadh a oibriú, gur gá don Chomhphobal gníomhú chun aidhm de chuid an Chomhphobail a ghnóthú agus nach dtugtar sa Chonradh seo na cumhachtaí is gá, déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, na bearta iomchuí a ghlacadh.

Airteagal 309

1. Nuair atá cinneadh glactha cearta vótála ionadaí rialtais Bhallstáit a fhionraí i gcomhréir le hAirteagal 7(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, déanfar na cearta vótála sin a fhionraí i dtaca leis an gConradh seo freisin.

2. Thairis sin, nuair a shuífear, i gcomhréir le hAirteagal 7(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, go bhfuil sárú leanúnach tromchúiseach á dhéanamh ag Ballstát ar phrionsabail atá luaite in Airteagal 6(1) den Chonradh sin, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, a chinneadh cearta áirithe a fhionraí a chineann ón gConradh seo a chur i bhfeidhm ar an mBallstát i gceist. Lena linn sin, tabharfaidh an Chomhairle aird ar na hiarmhairtí a fhéadfaidh teacht ón bhfionraíocht sin i dtaca le cearta agus oibleagáidí daoine nádúrtha agus dlítheanacha.

Leanfaidh oibleagáidí an Bhallstáit i gceist faoin gConradh seo de bheith ina gceangal ar an mBallstát sin ar aon chuma.

3. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, a chinneadh dá éis sin na bearta arna nglacadh i gcomhréir le mír 2 a athrú nó a chúlghairm mar fhreagra ar athruithe sa staid ba bhun leis na bearta sin a fhorchur.

4. Agus na cinntí dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 á nglacadh aici, gníomhóidh an Chomhairle gan vóta ionadaí rialtas an Bhallstáit i gceist a chur san áireamh. De mhaolú ar Airteagal 205(2), saineofar tromlach cáilithe mar an chionmhaireacht chéanna de vótaí ualaithe na gcomhaltaí i dtrácht den Chomhairle atá leagtha síos in Airteagal 205(2).

Beidh feidhm ag an mír seo freisin i gcás cearta vótála a fhionraí i gcomhréir le mír 1. I gcásanna den sórt sin, glacfar cinneadh ar gá aontoilíocht dó gan vóta ionadaí rialtas an Bhallstáit i gceist.

Airteagal 310

Féadfaidh an Comhphobal comhaontuithe a thabhairt i gcrích le Stát amháin nó níos mó nó le heagraíocht idirnáisiúnta amháin nó níos mó, ag bunú comhlachais lena ngabhfaidh cearta agus oibleagáidí cómhalartacha, comhghníomhaíochtaí agus nósanna imeachta speisialta.

Airteagal 311

Is cuid dhílis den Chonradh seo na Prótacail atá i gceangal leis de thoil a chéile ag na Ballstáit.

Airteagal 312

Tá an Conradh seo tugtha i gcrích go ceann tréimhse gan teorainn.

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 313

Déanfaidh na hArdpháirtithe Conarthacha daingniú ar an gConradh seo de réir a rialacha bunreachtúla faoi seach. Taiscfear na hionstraimí daingniúcháin le Rialtas Phoblacht na hIodáile.

Tiocfaidh an Conradh seo i bhfeidhm ar an gcéad lá den mhí i ndiaidh thaisceadh na hionstraime daingniúcháin ag an gceann is déanaí de Stáit a shínithe a dhéanfaidh an taisceadh sin. Más rud é, áfach, go ndéanfar an taisceadh sin faoi bhun cúig lá dhéag roimh thús na míosa le teacht, ní thiocfaidh an Conradh seo i bhfeidhm go dtí an chéad lá den dara mí tar éis dháta an taiscthe sin.

Airteagal 314 [9]

Tarraingíodh an Conradh seo suas i scríbhinn bhunaidh amháin sa Fhraincis, sa Ghearmáinis, san Iodáilis agus san Ollainnis, agus comhúdarás ag gach ceann de na téacsanna sin; taiscfear é i gcartlann Rialtas Phoblacht na hIodáile, agus cuirfidh an Rialtas sin cóip dheimhnithe chuig Rialtas gach ceann eile de Stáit a shínithe.

De bhun na gConarthaí Aontachais, is téacsanna údarásacha iad freisin na leaganacha den Chonradh seo sa Bhéarla, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris.

DÁ FHIANÚ SIN chuir na Lánchumhachtaigh thíos-sínithe a lámh leis an gConradh seo.

Arna dhéanamh sa Róimh, an cúigiú lá is fiche de Mhárta sa bhliain míle naoi gcéad caoga a seacht.

(liosta na sínitheoirí gan atáirgeadh)

[1] Tá Poblacht na Seice, Ríocht na Danmhairge, Poblacht na hEastóine, an Phoblacht Heilléanach, Ríocht na Spáinne, Éire, Poblacht na Cipire, Poblacht na Laitvia, Poblacht na Liotuáine, Poblacht na hUngáire, Poblacht Mhálta, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Polainne, Poblacht na Portaingéile, Poblacht na Slóivéine, Poblacht na Slóvaice, Poblacht na Fionlainne, Ríocht na Sualainne agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann tar éis teacht chun bheith ina mBallstáit den Comhphobal Eorpach ó shin.

[2] Airteagal arna leasú le hIonstraim Aontachais 2003. Féach an tAguisín ag deireadh an leabhair.

[3] Airteagal arna leasú le hIonstraim Aontachais 2003. Féach an tAguisín ag deireadh an leabhair.

[4] Airteagal mar atá arna leasú le hIonstraim Aontachais 2003. Féach an tAguisín ag deireadh an leabhair.

[5] Airteagal arna leasú leis an bPrótacal maidir le méadú an Aontais Eorpaigh

[6] Airteagal arna leasú le hIonstraim Aontachais 2003. Féach an tAguisín ag deireadh an leabhair.

[7] Airteagal arna leasú le hIonstraim Aontachais 2003. Féach an tAguisín ag deireadh an leabhair.

[8] Airteagal arna leasú le hIonstraim Aontachais 2003. Féach an tAguisín ag deireadh an leabhair.

[9] Féach an tAguisín ag deireadh an leabhair.

--------------------------------------------------

IARSCRÍBHINNÍ

--------------------------------------------------

IARSCRÍBHINN I

LIOSTA

dá dtagraítear in Airteagal 32 den Chonradh

(1) Uimhir in Ainmníocht na Bruiséile | (2) Tuairisc na dtáirgí |

Caibidil 1 | Ainmhithe beo |

Caibidil 2 | Feoil agus scartach feola inite |

Caibidil 3 | Iasc, crústaigh agus moilisc |

Caibidil 4 | Toradh déiríochta; uibheacha éan; mil nádúrtha |

Caibidil 5 | |

05.04 | Inní, lamhnáin agus goilí ainmhithe (seachas iasc), go hiomlán agus ina bpíosaí |

05.15 | Táirgí ó ainmhithe nach bhfuil sonraithe ná áirithe in áit eile; ainmhithe marbha faoi Chaibidil 1 nó faoi Chaibidil 3, mí-oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine |

Caibidil 6 | Crainn agus plandaí beo eile; bleibíní; fréamhacha agus a leithéidí; bláthanna gearrtha agus duilliúr ornáideach |

Caibidil 7 | Glasraí agus fréamhacha agus tiúbair áirithe atá inite |

Caibidil 8 | Torthaí agus cnónna inite; craiceann mealbhacán nó torthaí ciotrais |

Caibidil 9 | Caife, tae agus spíosraí, gan maité (ceannteideal Uimh. 09.03) a áireamh |

Caibidil 10 | Gránaigh |

Caibidil 11 | Táirgí an tionscail mhuilleoireachta; braich agus stáirsí; glútan; iniúilin |

Caibidil 12 | Síolta ola agus torthaí olúla; gráin, síolta agus torthaí ilghnéitheacha; plandaí tionscail agus leighis; tuí agus farae |

Caibidil 13 | |

ex 13.03 | Peictin |

Caibidil 15 | |

15.01 | Blonag agus saill leáite eile mhuice; saill leáite éanlaithe clóis |

15.02 | Saillte neamhleáite ó eallach buaibheach, caoirigh nó gabhair; geir (lena n-áirítear "premier jus") ó na saillte sin |

15.03 | Stéirin bhlonaige, stéirin ola agus stéirin gheire; ola bhlonaige, oleo-ola, agus ola gheire, gan eibliú ná mheascadh ná ullmhú ar bith eile |

15.04 | Saillte agus olaí, ó éisc agus mamaigh farraige, scagtha nó gan scagadh |

15.07 | Olaí plandúla fosaithe, sreabhach nó soladach, amh, scagtha nó íonaithe |

15.12 | Saillte agus olaí ainmhíocha nó plandúla, hidriginithe, scagtha nó gan scagadh, ach gan ullmhú thairis sin orthu |

15.13 | Margairín, blonag bhréige agus saillte inite ullmhaithe eile |

15.17 | Iarmhair de thoradh substaintí sailleacha nó céireacha ainmhíocha nó plandúla a chóireáil |

Caibidil 16 | Ullmhóidí feola, éisc, crústach nó moileasc |

Caibidil 17 | |

17.01 | Siúcra biatais agus siúcra cána, soladach |

17.02 | Siúcraí eile; síoróipí siúcra; mil shaorga (measctha le mil aiceanta nó gan a bheith); caramal |

17.03 | Molás, dídhathaithe nó gan a bheith |

17.05 | Siúcraí, síoróipí agus moláis arna n-aramatú nó arna mbreisiú le dathúcháin (agus siúcra fanaile nó fanailin san áireamh) ach amháin súnna torthaí arna mbreisiú le siúcra i gcionúireacht ar bith |

Caibidil 18 | |

18.01 | Síol cócó, iomlán nó briste, amh nó rósta |

18.02 | Blaoscanna, mogaill, craicne agus dramh cócó |

Caibidil 20 | Ullmhóidí glasraí, torthaí nó codanna eile de phlandaí |

Caibidil 22 | |

22.04 | Úrfhíon fíonchaor, faoi choipeadh nó coiscthe ó choipeadh ar dhóigh seachas trí alcól a chur leis |

22.05 | Fíon as fíonchaora; úrfhíon fíonchaor agus é coiscthe ó choipeadh trí alcól a chur leis |

22.07 | Deochanna coipthe eile (mar shampla, leann úll, leann piorraí agus meá) |

ex 22.08 ex 22.09 | Alcól eitileach, dínádúraithe nó gan dínádúrú, ar neart ar bith, ó tháirgí talmhaíochta a áirítear in Iarscríbhinn I sa Chonradh, ach amháin uisce beatha, licéir agus deochanna biotáilleacha eile, ullmhóidí alcólacha cumaisc (dá ngairtear "eastóscáin thiubhaithe") chun deochanna a mhonarú |

ex 22.10 | Fínéagair chun úsáide tís agus a n-ionadaigh |

Caibidil 23 | Iarmhair agus dramh ó na tionscail bhia; farae ullmhaithe d'ainmhithe |

Caibidil 24 | |

24.01 | Tobac neamh-mhonaraithe, bruscar tobac |

Caibidil 45 | |

45.01 | Corc aiceanta, neamhoibrithe, brúite, gráinnithe nó meilte; dramh coirc |

Caibidil 54 | |

54.01 | Líon, amh nó próiseáilte ach gan bheith sníofa; barrach lín agus dramhlíon (lena n-áirítear ceirteacha tarraingthe nó gairnéadaithe) |

Caibidil 57 | |

57.01 | Fíorchnáib (Cannabis sativa), amh nó próiseáilte ach gan bheith sníofa; barrach agus dramh d'fhíorchnáib (lena n-áirítear ceirteacha nó rópaí tarraingthe nó gairnéadaithe) |

--------------------------------------------------

IARSCRÍBHINN II

TÍORTHA AGUS CRÍOCHA THAR LEAR

lena mbaineann forálacha chuid a ceathair den chonradh

- An Ghraonlainn,

- An Nua-Chaladóin agus a Spleáchríocha,

- Polainéis na Fraince,

- Críocha an Deiscirt agus an Antartaigh de chuid na Fraince,

- Oileáin Wallis agus Futuna,

- Mayotte,

- San Pierre agus Miquelon,

- Arúba,

- Aintillí na hÍsiltíre:

- Bonaire,

- Cúrasó,

- Saba,

- Sint Eustasius,

- Sint Maarten.

- Anguilla,

- Oileáin Cayman,

- Oileáin Fháclainne,

- An tSeoirsia Theas agus Oileáin Sandwich Theas,

- Montserrat,

- Pitcairn,

- San Héilin agus a Spleáchríocha,

- Críoch na Breataine san Antartach,

- Críoch na Breataine san Aigéan Indiach,

- Oileáin na dTurcach agus na gCaiceos,

- Ógh-Oileáin na Breataine,

- Beirmiúda.

--------------------------------------------------

Prótacal (Uimh. 2)

ag lánpháirtiú acquis Schengen i gcreat an Aontais Eorpaigh (1997)

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

AG TABHAIRT DÁ nAIRE DÓIBH gurb é is aidhm do na Comhaontuithe maidir le seiceálacha ag na comhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile a shínigh roinnt Ballstát den Aontas Eorpach in Schengen ar an 14 Meitheamh 1985 agus an 19 Meitheamh 1990, maille leis na comhaontuithe a bhaineann leo agus na rialacha arna nglacadh ar bhonn na gcomhaontuithe sin, an lánpháirtíocht Eorpach a fheabhsú agus, go háirithe, a chur ar chumas an Aontais Eorpaigh forbairt níos gasta a dhéanamh chun bheith ina limistéar saoirse, slándála agus ceartais,

ÓS MIAN LEO na comhaontuithe agus na rialacha thuasluaite a ionchorprú i gcreat an Aontais Eorpaigh,

AG DAINGNIÚ DÓIBH nach mbeidh forálacha acquis Schengen infheidhme ach amháin má tá, agus a mhéad atá, siad ag luí le dlí an Aontais Eorpaigh agus an Chomhphobail,

AG TABHAIRT AIRD ar sheasamh speisialta na Danmhairge,

AG CUR SAN ÁIREAMH nach bhfuil Éire agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann ina bpáirtithe sna comhaontuithe thuasluaite agus nach bhfuil siad sínithe acu agus, ar a shon sin, gur cóir a fhoráil go bhféadfaidh na Ballstáit sin glacadh le forálacha uile na gcomhaontuithe sin nó le roinnt díobh,

Á AITHINT DÓIBH gur gá mar sin leas a bhaint as forálacha an Chonartha ar an Aontas Eorpach agus an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh maidir le comhar níos dlúithe idir roinnt Ballstát agus nach cóir leas a bhaint as na forálacha sin ach mar rogha dheireanach,

AG CUR SAN ÁIREAMH a riachtanaí atá sé caidreamh speisialta a choimeád ar bun le Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua, ar Stáit iad sin araon atá tar éis a n-intinn a dhaingniú bheith faoi cheangal ag na forálacha atá luaite anseo thuas, ar bhonn an Chomhaontaithe arna shíniú i Lucsamburg ar an 19 Nollaig 1996,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh:

Airteagal 1

Údaraítear do Ríocht na Beilge, do Ríocht na Danmhairge, do Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, don Phoblacht Heilléanach, do Ríocht na Spáinne, do Phoblacht na Fraince, do Phoblacht na hIodáile, d'Ard- Diúcacht Lucsamburg, do Ríocht na hÍsiltíre, do Phoblacht na hOstaire, do Phoblacht na Portaingéile, do Phoblacht na Fionlainne agus do Ríocht na Sualainne, sínitheoirí chomhaontuithe Schengen, comhar níos dlúithe a bhunú eatarthu féin laistigh de raon feidhme na gcomhaontuithe sin agus na bhforálacha a bhaineann leo, mar atá siad liostaithe san Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal seo, dá ngairtear "acquis Schengen" anseo feasta. Seolfar an comhar sin laistigh de chreat institiúideach dlíthiúil an Aontais Eorpaigh agus forálacha ábhartha an Chonartha ar an Aontas Eorpach agus an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh á n-urramú.

Airteagal 2

1. Amhail ó dháta Chonradh Amstardam a theacht i bhfeidhm, beidh feidhm láithreach ag acquis Schengen, lena n-áirítear cinntí an Choiste Feidhmiúcháin arna bhunú ag comhaontuithe Schengen a bheidh glactha roimh an dáta sin, maidir leis na trí Bhallstát déag dá dtagraítear in Airteagal 1, gan dochar d'fhorálacha mhír 2 den Airteagal seo. Amhail ón dáta céanna sin, gabhfaidh an Chomhairle ionad an Choiste Feidhmiúcháin sin.

Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di le haontoilíocht na gcomhaltaí sin dá cuid dá dtagraítear in Airteagal 1, aon bheart a ghlacadh is gá chun an mhír seo a chur chun feidhme. Cinnfidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil, i gcomhréir le forálacha ábhartha na gConarthaí, cad é an bunús dlí a bheidh le gach ceann de na forálacha nó na cinntí arb éard iad acquis Schengen.

I dtaca le forálacha agus cinntí den sórt sin agus i gcomhréir leis an gcinneadh sin, feidhmeoidh Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach na cumhachtaí a thugtar di sna forálacha ábhartha is infheidhme de na Conarthaí. Ar aon chuma, ní bheidh aon dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais i leith beart nó cinntí maidir leis an ord poiblí a chaomhnú agus slándáil inmheánach a choimirciú.

Fad nach mbeidh na bearta dá dtagraítear thuas glactha agus gan dochar d'Airteagal 5(2), measfar gur gníomhartha iad arna mbunú ar Theideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach na forálacha nó na cinntí arb éard iad acquis Schengen.

2. Beidh feidhm ag forálacha mhír 1 maidir leis na Ballstáit a bhfuil na Prótacail aontachais le comhaontuithe Schengen sínithe acu amhail ó na dátaí a chinnfidh an Chomhairle, ag gníomhú di le haontoilíocht na gcomhaltaí sin dá cuid atá luaite in Airteagal 1, mura mbeidh na coinníollacha d'aontachas aon cheann de na Stáit sin le acquis Schengen comhlíonta roimh dháta Chonradh Amstardam a theacht i bhfeidhm.

Airteagal 3

Tar éis an chinnidh dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 2(1), coimeádfaidh an Danmhairg ar bun na cearta céanna agus na hoibleagáidí céanna i ndáil le sínitheoirí eile chomhaontuithe Schengen a bhí ann roimh an gcinneadh sin maidir leis na codanna sin d'acquis Schengen a gcinntear bunús dlí a bheith acu i dTeideal IV den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh.

I ndáil leis na codanna sin d'acquis Schengen a gcinntear bunús dlí a bheith acu i dTeideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach, beidh na cearta céanna agus na hoibleagáidí céanna i gcónaí ag an Danmhairg is a bheidh ag sínitheoirí eile chomhaontuithe Schengen.

Airteagal 4

Féadfaidh Éire agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann nach bhfuil faoi cheangal ag acquis Schengen a iarraidh, tráth ar bith, bheith rannpháirteach i bhforálacha uile an acquis sin nó i roinnt díobh.

Cinnfidh an Chomhairle ar an iarraidh le haontoilíocht na gcomhaltaí sin dá cuid dá dtagraítear in Airteagal 1 agus ionadaí rialtas an Stáit i dtrácht.

Airteagal 5

1. Beidh tograí agus tionscnaimh chun acquis Schengen a fhorbairt faoi réir fhorálacha ábhartha na gConarthaí.

Sa chomhthéacs sin, mura mbeidh fógra i scríbhinn tugtha ag Éirinn nó ag an Ríocht Aontaithe nó acu araon laistigh de thréimhse réasúnta gur mian leo bheith rannpháirteach, measfar an t-údarú dá dtagraítear in Airteagal 11 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh nó Airteagal 40 den Chonradh ar an Aontas Eorpach a bheith deonaithe do na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 1 agus d'Éirinn nó don Ríocht Aontaithe nuair is mian le ceachtar díobh bheith rannpháirteach sna réimsí comhair i gceist.

2. Beidh feidhm ag forálacha ábhartha na gConarthaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 fiú mura mbeidh na bearta dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 2(1) glactha ag an gComhairle.

Airteagal 6

Beidh Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua bainteach le acquis Schengen a chur chun feidhme agus a fhorbairt tuilleadh ar bhonn an Chomhaontaithe arna shíniú i Lucsamburg ar an 19 Nollaig 1996. Comhaontófar ar nósanna imeachta iomchuí chuige sin i gComhaontú a dhéanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di le haontoilíocht na gcomhaltaí sin dá cuid atá luaite in Airteagal 1, a thabhairt i gcrích leis na Stáit sin. Cuimseoidh Comhaontú den sórt sin forálacha maidir le rannchuidiú na hÍoslainne agus na hIorua le haon iarmhairtí airgeadais a thig ón bPrótacal seo a chur chun feidhme.

Tabharfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil, Comhaontú ar leith i gcrích leis an Íoslainn agus an Iorua ar mhaithe le cearta agus oibleagáidí a bhunú idir Éire agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann de pháirt amháin, agus an Íoslainn agus an Iorua de pháirt eile, i réimsí de acquis Schengen a bhfuil feidhm acu maidir leis na Stáit sin.

Airteagal 7

Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, na socruithe mionsonraithe a ghlacadh chun Rúnaíocht Schengen a lánpháirtiú in Ardrúnaíocht na Comhairle.

Airteagal 8

Chun críche na caibidlíochta chun Ballstáit nua a ligean isteach san Aontas Eorpach, measfar gur acquis nach foláir do gach Stát is iarrthóir glacadh leis ina iomláine acquis Schengen agus bearta eile arna nglacadh ag na hinstitiúidí laistigh dá raon feidhme.

--------------------------------------------------

IARSCRÍBHINN

ACQUIS SCHENGEN

1. An Comhaontú arna shíniú in Schengen ar an 14 Meitheamh 1985 idir Rialtais Stáit Aontas Eacnamaíoch Benelux, Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Phoblacht na Fraince maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile.

2. An Coinbhinsiún arna shíniú in Schengen ar an 19 Meitheamh 1990 idir Ríocht na Beilge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Poblacht na Fraince, Ard-Diúcacht Lucsamburg agus Ríocht na hÍsiltíre chun an Comhaontú maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile arna shíniú in Schengen ar an 14 Meitheamh 1985 a chur i bhfeidhm, maille leis an Ionstraim Chríochnaitheach agus na dearbhuithe comhpháirteacha a bhaineann leis.

3. Na Prótacail agus Comhaontuithe Aontachais a ghabhann le Comhaontú 1985 agus Coinbhinsiún Cur chun Feidhme 1990 leis an Iodáil (arna síniú i bPáras ar an 27 Samhain 1990), leis an Spáinn agus leis an bPortaingéil (arna síniú in Bonn ar an 25 Meitheamh 1991), leis an nGréig (arna síniú i Maidrid ar an 6 Samhain 1992), leis an Ostair (arna síniú sa Bhruiséil ar an 28 Aibreán 1995) agus leis an Danmhairg, leis an bhFionlainn agus leis an tSualainn (arna síniú i Lucsamburg ar an 19 Nollaig 1996), maille leis na hIonstraimí Críochnaitheacha agus na dearbhuithe a bhaineann leo.

4. Na cinntí agus na dearbhuithe arna nglacadh ag an gCoiste Feidhmiúcháin arna bhunú ag Coinbhinsiún Cur chun Feidhme 1990, maille le gníomhartha arna nglacadh chun an Coinbhinsiún sin a chur chun feidhme ag na horgáin ar thug an Coiste Feidhmiúcháin cumhachtaí cinnteoireachta dóibh.

--------------------------------------------------

Prótacal (Uimh. 3)

maidir le gnéithe áirithe d'Airteagal 14 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh a chur i feidhm ar an Ríocht Aontaithe agus ar Éirinn (1997)

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

ÓS MIAN LEO ceisteanna áirithe a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe agus le hÉirinn a shocrú,

AG FÉACHAINT do na socruithe speisialta taistil atá ann le blianta fada idir an Ríocht Aontaithe agus Éire,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear i gceangal leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus leis an gConradh ar an Aontas Eorpach:

Airteagal 1

D'ainneoin Airteagal 14 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, aon fhorála eile den Chonradh sin nó den Chonradh ar an Aontas Eorpach, aon bhirt arna ghlacadh faoi na Conarthaí sin, nó aon chomhaontaithe idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích ag an gComhphobal nó ag an gComhphobal agus a Bhallstáit le tríú Stát amháin nó níos mó, beidh an Ríocht Aontaithe i dteideal cibé rialuithe a mheasfaidh sí is gá a fheidhmiú ag a teorainneacha le Ballstáit eile ar dhaoine ag lorg iontráil sa Ríocht Aontaithe:

(a) d'fhonn a fhíorú an bhfuil an ceart chun iontráil sa Ríocht Aontaithe ag saoránaigh Stát is Páirtithe Conarthacha sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, ag a gcleithiúnaithe atá ag feidhmiú ceart arna dtabhairt le dlí an Chomhphobail agus ag saoránaigh Stát eile ar tugadh cearta den sórt sin dóibh le comhaontú atá ina cheangal ar an Ríocht Aontaithe; agus

(b) d'fhonn a chinneadh an dtabharfar nó nach dtabharfar cead do dhaoine eile iontráil sa Ríocht Aontaithe.

Ní dhéanfaidh aon ní in Airteagal 14 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh ná in aon fhoráil eile den Chonradh sin ná den Chonradh ar an Aontas Eorpach ná in aon bheart arna ghlacadh fúthu dochar do cheart na Ríochta Aontaithe aon rialuithe den sórt sin a ghlacadh nó a fheidhmiú. Cuimseoidh tagairtí don Ríocht Aontaithe san Airteagal seo críocha a bhfuil an Ríocht Aontaithe freagrach as a gcaidreamh seachtrach.

Airteagal 2

Féadfaidh an Ríocht Aontaithe agus Éire leanúint de shocruithe a dhéanamh eatarthu féin maidir le gluaiseacht daoine idir a gcríocha ("an Comhlimistéar Taistil"), agus cearta na ndaoine dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad mhír d'Airteagal 1 den Phrótacal seo á n-urramú go hiomlán acu. Dá réir sin, fad a choimeádfaidh siad socruithe den sórt sin ar bun, beidh feidhm ag forálacha Airteagal 1 den Phrótacal seo maidir le hÉirinn faoi na téarmaí céanna agus na coinníollacha céanna atá ann i gcás na Ríochta Aontaithe. Ní dhéanfaidh aon ní in Airteagal 14 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh ná in aon fhoráil eile den Chonradh sin ná den Chonradh ar an Aontas Eorpach ná in aon bheart eile arna ghlacadh fúthu difear d'aon socruithe den sórt sin.

Airteagal 3

Beidh na Ballstáit eile i dteideal rialuithe den sórt sin a fheidhmiú ag a dteorainneacha nó ag aon phointe iontrála ar a gcríocha ar dhaoine ag lorg iontráil ar a gcríocha ón Ríocht Aontaithe nó ó aon chríocha a bhfuil sí freagrach as a gcaidreamh seachtrach chun na gcríoch céanna atá luaite in Airteagal 1 den Phrótacal seo, nó ó Éirinn fad a bheidh feidhm ag forálacha Airteagal 1 den Phrótacal seo maidir le hÉirinn.

Ní dhéanfaidh aon ní in Airteagal 14 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh ná in aon fhoráil eile den Chonradh sin ná den Chonradh ar an Aontas Eorpach ná in aon bheart arna ghlacadh fúthu dochar do cheart na mBallstát eile rialuithe den sórt sin a ghlacadh nó a fheidhmiú.

--------------------------------------------------

Prótacal 5 (Uimh. 4)

maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

ÓS MIAN LEO ceisteanna áirithe a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe agus le hÉirinn a shocrú,

AG FÉACHAINT don Phrótacal maidir le gnéithe áirithe d'Airteagal 14 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh a chur i bhfeidhm ar an Ríocht Aontaithe agus ar Éirinn,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear i gceangal leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus leis an gConradh ar an Aontas Eorpach:

Airteagal 1

Faoi réir Airteagal 3, ní bheidh an Ríocht Aontaithe agus Éire rannpháirteach nuair a ghlacfaidh an Chomhairle bearta arna mbeartú de bhun Theideal IV den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh. De mhaolú ar Airteagal 205(2) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, saineofar tromlach cáilithe mar an chionmhaireacht chéanna de vótaí ualaithe na gcomhaltaí i dtrácht den Chomhairle atá leagtha síos in Airteagal 205(2) a dúradh. Beidh gá le haontoilíocht chomhaltaí na Comhairle, seachas ionadaithe rialtais na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann, i gcás chinntí na Comhairle nach foláir a ghlacadh d'aon toil.

Airteagal 2

De dhroim Airteagal 1 agus faoi réir Airteagail 3, 4 agus 6, ní bheidh aon fhoráil de Theideal IIIa den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, aon bheart arna ghlacadh de bhun an Teidil sin, aon fhoráil d'aon chomhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích ag an gComhphobal de bhun an Teidil sin ná aon bhreith de chuid na Cúirte Breithiúnais ag léiriú aon fhorála nó birt den sórt sin ina cheangal ar an Ríocht Aontaithe ná ar Éirinn ná infheidhme iontu; agus ní dhéanfaidh aon fhoráil, beart ná cinneadh den sórt sin difear ar dhóigh ar bith d'inniúlachtaí, cearta agus oibleagáidí na Stát sin; agus ní dhéanfaidh aon fhoráil, beart ná cinneadh den sórt sin difear ar dhóigh ar bith don acquis communautaire ná ní bheidh siad ina gcuid de dhlí an Chomhphobail mar a bheidh feidhm ag an acquis agus an dlí sin maidir leis an Ríocht Aontaithe nó le hÉirinn.

Airteagal 3

1. Féadfaidh an Ríocht Aontaithe nó Éire fógra a thabhairt i scríbhinn d'Uachtarán na Comhairle, laistigh de thrí mhí tar éis do thogra nó tionscnamh a bheith tíolactha don Chomhairle de bhun Theideal IV den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, gur mian léi bheith rannpháirteach le linn aon bheart beartaithe den sórt sin a ghlacadh agus a chur chun feidhme, agus leis sin, beidh an Stát sin i dteideal bheith rannpháirteach amhlaidh. De mhaolú ar Airteagal 205(2) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, déanfar tromlach cáilithe a shainiú mar an chionmhaireacht chéanna de vótaí ualaithe na gcomhaltaí i dtrácht den Chomhairle atá leagtha síos in Airteagal 205(2) a dúradh.

Beidh gá le haontoilíocht chomhaltaí na Comhairle, seachas comhalta nach mbeidh fógra den sórt sin tugtha aige, i gcás chinntí na Comhairle nach foláir a ghlacadh d'aon toil. Beidh beart arna ghlacadh faoin mír seo ina cheangal ar na Ballstáit uile a bheidh rannpháirteach ina ghlacadh.

2. Murar féidir tar éis tréimhse réasúnta beart dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh le rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe nó na hÉireann, féadfaidh an Chomhairle beart den sórt sin a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 1 gan rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe nó na hÉireann. Sa chás sin, beidh feidhm ag Airteagal 2.

Airteagal 4

Féadfaidh an Ríocht Aontaithe nó Éire, tráth ar bith tar éis don Chomhairle beart a ghlacadh de bhun Theideal IV den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, fógra faoina hintinn a thabhairt don Chomhairle agus don Choimisiún gur mian léi glacadh leis an mbeart sin. Sa chás sin, beidh feidhm mutatis mutandis ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 11(3) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh.

Airteagal 5

Ní iompróidh Ballstát nach bhfuil faoi cheangal ag beart arna ghlacadh de bhun Theideal IV den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh aon iarmhairtí airgeadais a ghabhann leis an mbeart sin seachas costais riarthacha a thabhóidh na hinstitiúidí.

Airteagal 6

Más rud é, i gcásanna dá dtagraítear sa Phrótacal seo, go mbeidh beart arna ghlacadh ag an gComhairle de bhun Theideal IV den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh ina cheangal ar an Ríocht Aontaithe nó ar Éirinn, beidh feidhm ag forálacha ábhartha an Chonartha sin, lena n-áirítear Airteagal 68, maidir leis an Stát sin i ndáil leis an mbeart sin.

Airteagal 7

Beidh Airteagail 3 agus 4 gan dochar don Phrótacal ag lánpháirtiú acquis Schengen i gcreat an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 8

Féadfaidh Éire fógra a thabhairt i scríbhinn d'Uachtarán na Comhairle nach mian léi bheith faoi réir théarmaí an Phrótacail seo a thuilleadh. Sa chás sin, beidh feidhm ag gnáthfhorálacha an Chonartha maidir le hÉirinn.

--------------------------------------------------

Prótacal (Uimh. 5)

maidir le seasamh na Danmhairge (1997)

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

AG MEABHRÚ DÓIBH an Chinnidh ó na Ceannairí Stáit nó Rialtais, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle Eorpaí i nDún Éideann ar an 12 Nollaig 1992, maidir le fadhbanna áirithe arna dtógáil ag an Danmhairg maidir leis an gConradh ar an Aontas Eorpach,

TAR ÉIS A THABHAIRT DÁ nAIRE seasamh na Danmhairge maidir le Saoránacht, le hAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta, leis an mBeartas Cosanta agus le Ceartas agus Gnóthaí Baile mar atá sé leagtha síos i gCinneadh Dhún Éideann,

AG COIMEÁD I gCUIMHNE DÓIBH Airteagal 3 den Phrótacal ag lánpháirtiú acquis Schengen i gcreat an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear i gceangal leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus leis an gConradh ar an Aontas Eorpach:

CUID I

Airteagal 1

Ní bheidh an Danmhairg rannpháirteach nuair a ghlacfaidh an Chomhairle bearta arna mbeartú de bhun Theideal IV den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh. De mhaolú ar Airteagal 205(2) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, déanfar tromlach cáilithe a shainiú mar an chionmhaireacht chéanna de vótaí ualaithe na gcomhaltaí i dtrácht den Chomhairle atá leagtha síos in Airteagal 205(2) a dúradh. Beidh gá le haontoilíocht chomhaltaí na Comhairle, seachas ionadaí rialtas na Danmhairge, i gcás chinntí na Comhairle nach foláir a ghlacadh d'aon toil.

Airteagal 2

Ní bheidh aon fhoráil de Theideal IV den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, aon bheart arna ghlacadh de bhun an Teidil sin, aon fhoráil d'aon chomhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích ag an gComhphobal de bhun an Teidil sin ná aon bhreith de chuid na Cúirte Breithiúnais ag léiriú aon fhorála nó birt den sórt sin ina cheangal ar an Danmhairg ná infheidhme inti; agus ní dhéanfaidh aon fhoráil, beart ná cinneadh den sórt sin difear ar dhóigh ar bith d'inniúlachtaí, cearta agus oibleagáidí na Danmhairge; agus ní dhéanfaidh aon fhoráil, beart ná cinneadh den sórt sin difear ar dhóigh ar bith don acquis communautaire ná ní bheidh siad ina gcuid de dhlí an Chomhphobail mar a bheidh feidhm ag an acquis agus an dlí sin maidir leis an Danmhairg.

Airteagal 3

Ní iompróidh an Danmhairg aon iarmhairtí airgeadais a ghabhann le bearta dá dtagraítear in Airteagal 1, seachas costais riarthacha a thabhóidh na hinstitiúidí.

Airteagal 4

Ní bheidh feidhm ag Airteagail 1, 2 agus 3 maidir le bearta ag cinneadh na dtríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosa a bheith ina seilbh acu nuair a bheidh teorainneacha seachtracha na mBallstát á dtrasnú acu, ná ar bhearta maidir le formáid chomhionann do víosaí.

Airteagal 5

1. Cinnfidh an Danmhairg, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a ghlacadh ar thogra nó tionscnamh chun cur le acquis Schengen faoi fhorálacha Theideal IV den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, an gcuirfidh sí an cinneadh sin chun feidhme ina dlí náisiúnta. Má chinneann sí é sin a dhéanamh, cruthóidh an cinneadh sin oibleagáid faoin dlí idirnáisiúnta idir an Danmhairg agus na Ballstáit eile dá dtagraítear in Airteagal 1 den Phrótacal ag lánpháirtiú acquis Schengen i gcreat an Aontais Eorpaigh agus idir í agus Éire nó an Ríocht Aontaithe má bhíonn na Ballstáit sin rannpháirteach sna réimsí comhair i gceist.

2. Má chinneann an Danmhairg gan cinneadh ón gComhairle dá dtagraítear i mír 1 a chur chun feidhme, déanfaidh na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 1 den Phrótacal ag lánpháirtiú acquis Schengen i gcreat an Aontais Eorpaigh na bearta iomchuí a bheidh le glacadh a mheas.

CUID II

Airteagal 6

I dtaca le bearta arna nglacadh ag an gComhairle i réimse Airteagail 13(1) agus 17 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ní bhíonn an Danmhairg rannpháirteach i ndréachtú agus cur chun feidhme cinntí agus gníomhaíochtaí de chuid an Aontais a bhfuil impleachtaí cosanta acu, ach ní choiscfidh sí forbairt ar chomhar níos dlúithe idir Ballstáit sa réimse sin. Dá bhrí sin, ní bheidh an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh na mbeart sin. Ní bheidh d'iallach ar an Danmhairg rannchuidiú le maoiniú an chaiteachais oibríochtúil a thig ó na bearta sin.

CUID III

Airteagal 7

Féadfaidh an Danmhairg tráth ar bith, i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla, a chur in iúl do na Ballstáit eile nach mian léi leas a bhaint a thuilleadh as an Prótacal seo nó cuid de. Sa chás sin, cuirfidh an Danmhairg i bhfeidhm go hiomlán na bearta ábhartha uile a bheidh i bhfeidhm ag an am sin arna nglacadh i gcreat an Aontais Eorpaigh.

--------------------------------------------------

Prótacal (Uimh. 6)

ar Reacht na Cúirte Breithiúnais (2001)

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

ÓS MIAN LEO Reacht na Cúirte Breithiúnais dá bhforáiltear in Airteagal 245 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus in Airteagal 160 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach a leagan síos,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach:

Airteagal 1

Comhdhéanfar Cúirt Bhreithiúnais agus feidhmeoidh sí de réir fhorálacha an Chonartha ar an Aontas Eorpach (Conradh AE), an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (Conradh CE), an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (Conradh CEFA) agus an Reachta seo.

TEIDEAL I

BREITHIÚNA AGUS ABHCÓIDÍ GINEARÁLTA

Airteagal 2

Sula rachaidh sé i mbun a dhualgas glacfaidh gach Breitheamh mionn, i gcúirt oscailte, go gcomhlíonfaidh sé a dhualgais go neamhchlaon coinsiasach agus go gcoimeádfadh sé plé na Cúirte faoi rún.

Airteagal 3

Beidh na breithiúna díolmhaithe ó imeachtaí dlíthiúla. Tar éis dóibh scor dá n-oifig, leanfaidh siad de dhíolúine a bheith acu i leith gníomhartha a rinne siad ina gcáil oifigiúil, lena n-áirítear a bhfocail labhartha nó scríofa.

Féadfaidh an Chúirt, ina suí di mar chúirt iomlán, an díolúine a tharscaoileadh.

I gcás inar tarscaoileadh díolúine agus ina dtionscnófar imeachtaí coiriúla i gcoinne Breithimh, ní intriailte é, in aon cheann de na Ballstáit, ach amháin ag an gCúirt atá inniúil ar bhreithiúnas a thabhairt ar na breithiúna is airde dlínse náisiúnta.

Beidh Airteagail 12 go 15 agus Airteagal 18 den Phrótacal ar phribhléidí agus díolúintí na gComhphobal Eorpach infheidhme ar Bhreithiúna, Abhcóidí Ginearálta, Cláraitheoir agus Rapóirtéirí Cúnta na Cúirte, gan dochar do na forálacha a bhaineann le Breithiúna a bheith díolmhaithe ó imeachtaí dlíthiúla agus atá leagtha amach sna míreanna sin roimhe seo.

Airteagal 4

Ní fhéadfaidh na Breithiúna oifig pholaitíochta ná riaracháin a shealbhú.

Ní fhéadfaidh siad bheith ag gabháil d'aon slí bheatha, sochrach ná neamhshochrach, mura dtabharfaidh an Chomhairle díolúine d'eisceacht.

Nuair a rachaidh siad i mbun a ndualgas, tabharfaidh siad gealltanas sollúnta go n-urramóidh siad, le linn a dtéarma oifige agus ina dhiaidh sin, na hoibleagáidí a bheidh orthu de bharr na hoifige sin, go háirithe an dualgas chun bheith ionraic discréideach maidir le ceapacháin nó sochair áirithe a ghlacadh tar éis dóibh scor dá n-oifig.

Déanfar aon amhras ina thaobh sin a shocrú le breith ón gCúirt.

Airteagal 5

Amach ó ghnáthathrú ar Bhreithiúna, nó i gcás breitheamh d'fháil bháis, críochnóidh dualgais Bhreithimh ar é d'éirí as oifig.

Nuair a éireoidh Breitheamh as oifig, díreofar a litir ag éirí as oifig chuig Uachtarán na Cúirte lena tarchur chuig Uachtarán na Comhairle. Ar an bhfógra sin a thabhairt beidh folúntas ar an mBinse.

Ach amháin i gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 6, fanfaidh Breitheamh i seilbh a oifige go dtí go rachaidh a chomharba i mbun a dhualgas.

Airteagal 6

Ní fhéadfar a oifig ná a cheart chun pinsin nó sochar eile ina ionad sin a bhaint de Bhreitheamh, ach amháin más rud é, i dtuairim d'aon toil Bhreithiúna agus Abhcóidí Ginearálta na Cúirte, nach bhfuil coinníollacha riachtanacha a oifige á gcomhlíonadh nó na hoibleagáidí a ghabhann léi á bhfreastal aige a thuilleadh. Ní ghlacfaidh an Breitheamh a bheidh i gceist páirt in aon phlé den sórt sin.

Cuirfidh Cláraitheoir na Cúirte breith na Cúirte in iúl d'Uachtarán Pharlaimint na hEorpa agus d'Uachtarán an Choimisiúin agus tabharfaidh sé fógra faoi d'Uachtarán na Comhairle.

I gcás breithe ag baint a oifige de Bhreitheamh, beidh folúntas ar an mBinse nuair a thabharfar an fógra sin is déanaí atá luaite.

Airteagal 7

Breitheamh a ghabhfaidh ionad comhalta den Chúirt nach bhfuil a théarma oifige caite, ceapfar é go ceann a bhfuil fágtha de théarma a réamhtheachtaí.

Airteagal 8

Bainfidh forálacha Airteagail 2 go 7 leis na hAbhcóidí Ginearálta.

TEIDEAL II

EAGRAÍOCHT

Airteagal 9 [1]

Nuair a athrófar cuid de na Breithiúna i gceann gach trí bliana, athrófar trí dhuine dhéag agus dháréag díobh gach re seach.

Nuair a athrófar cuid de na hAbhcóidí Ginearálta i gceann gach trí bliana, athrófar ceathrar Abhcóidí Ginearálta ar gach ócáid.

Airteagal 10

Glacfaidh an Cláraitheoir mionn os comhair na Cúirte go gcomhlíonfaidh sé a dhualgais go neamhchlaon coinsiasach agus go gcoimeádfaidh sé plé na Cúirte faoi rún.

Airteagal 11

Déanfaidh an Chúirt socrú chun duine a dhul in ionad an Chláraitheora ar ócáidí nach féidir dó freastal ar an gCúirt.

Airteagal 12

Beidh oifigigh agus seirbhísigh eile ag gabháil leis an gCúirt ionas go bhféadfaidh sí feidhmiú. Beidh siad freagrach don Chláraitheoir faoi údarás an Uachtaráin.

Airteagal 13

Ar thogra ón gCúirt, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil, socrú a dhéanamh chun Rapóirtéirí Cúnta a cheapadh agus na rialacha a leagan síos a rialóidh a seirbhís. Féadfar a cheangal ar Rapóirtéirí Cúnta, faoi choinníollacha a bheidh leagtha síos sna rialacha nós imeachta, páirt a ghlacadh i réamhfhiosrúcháin i gcásanna atá ar feitheamh os comhair na Cúirte agus comhoibriú leis an mBreitheamh a ghníomhaíonn mar Rapóirtéir.

Roghnófar na Rapóirtéirí Cúnta as measc daoine nach bhfuil a neamhspleáchas inchurtha in amhras agus a bhfuil na cáilíochtaí dlí acu is gá; is í an Chomhairle a cheapfaidh iad. Glacfaidh siad mionn os comhair na Cúirte go gcomhlíonfaidh siad a ndualgais go neamhchlaon coinsiasach agus go gcoimeádfaidh siad plé na Cúirte faoi rún.

Airteagal 14

Beidh de cheangal ar na Breithiúna, ar na hAbhcóidí Ginearálta agus ar an gCláraitheoir cónaí san áit a bhfuil suíomh na Cúirte.

Airteagal 15

Leanfaidh an Chúirt go buan ar seisiún. Cinnfidh an Chúirt, ag féachaint go cuí do riachtanais a gnó, tréimhsí na saoire breithiúnta.

Airteagal 16

Cuirfidh an Chúirt eagar dlísheomraí de thriúr agus de chúigear Breithiúna uirthi féin. Toghfaidh na Breithiúna Uachtaráin na ndlísheomraí as a líon féin. Toghfar Uachtaráin na ndlísheomraí a bhfuil cúigear Breithiúna iontu go ceann téarma trí bliana. Féadfar iad a atoghadh uair amháin.

Trí Bhreitheamh déag a bheidh ar an Mór-Dhlísheomra. Uachtarán na Cúirte a bheidh ina uachtarán air. Is cuid den Mhór-Dhlísheomra freisin Uachtaráin na ndlísheomraí a bhfuil cúigear Breithiúna iontu agus Breithiúna eile arna gceapadh i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos sna rialacha nós imeachta.

Suífidh an Chúirt mar Mhór-Dhlísheomra arna iarraidh sin do Bhallstát nó d'institiúid de chuid na gComhphobal is páirtí sna himeachtaí.

Suífidh an Chúirt mar chúirt iomlán nuair a thugtar cásanna os a comhair de bhun Airteagal 195(2), Airteagal 213(2), Airteagal 216 nó Airteagal 247(7) de Chonradh CE nó Airteagal 107d(2), Airteagal 126(2), Airteagal 129 nó Airteagal 160b(7) de Chonradh CEFA.

Fairis sin, nuair a mheasann sí go bhfuil mórthábhacht ag roinnt le cás os a comhair, féadfaidh an Chúirt a chinneadh, tar éis an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, an cás a tharchur chuig an gcúirt iomlán.

Airteagal 17

Ní bheidh breitheanna na Cúirte bailí ach amháin nuair is uimhir chorr dá comhaltaí a bheidh ina suí le linn an phlé.

Ní bheidh breitheanna na ndlísheomraí a bhfuil triúr nó cúigear Breithiúna iontu bailí ach amháin má ghlacann triúr Breithiúna iad.

Ní bheidh breitheanna an Mhór-Dhlísheomra bailí ach amháin má tá naonúr Breithiúna ina suí.

Ní bheidh breitheanna na Cúirte iomláine bailí ach amháin má tá cúig Bhreitheamh déag ina suí.

Mura féidir do dhuine de na Breithiúna as dlísheomra bheith i láthair, féadfar glaoch ar Bhreitheamh dlísheomra eile chun suí i gcomhréir le coinníollacha arna leagan síos sna rialacha nós imeachta.

Airteagal 18

Ní fhéadfaidh aon Bhreitheamh ná Abhcóide Ginearálta páirt a ghlacadh i dtriail aon cháis inar ghlac sé páirt roimhe sin mar ghníomhaire nó comhairleoir nó inar ghníomhaigh sé thar ceann duine de na páirtithe, nó inar glaodh air breith a thabhairt mar chomhalta de chúirt nó de bhinse, de choimisiún fiosrúcháin nó in aon cháil eile.

Má mheasann aon Bhreitheamh nó Abhcóide Ginearálta nach ceart dó, ar chúis speisialta éigin, páirt a ghlacadh sa bhreithiúnacht nó sa scrúdú ar aon chás áirithe, cuirfidh sé é sin in iúl don Uachtarán. Má mheasann an tUachtarán, ar chúis speisialta éigin, nach ceart go suífeadh Breitheamh nó Abhcóide Ginearálta áirithe, nó go ndéanfadh sé aighneachtaí i gcás áirithe, cuirfidh sé sin in iúl dó.

Socrófar le breith ón gCúirt aon deacracht a éireoidh maidir leis an Airteagal seo a chur chun feidhme.

Ní fhéadfaidh páirtí athrú ar chomhdhéanamh na Cúirte ná dlísheomra dá cuid a iarraidh mar gheall ar náisiúntacht Bhreithimh nó toisc Breitheamh de náisiúntacht an pháirtí sin a bheith as láthair ón gCúirt nó ón dlísheomra.

TEIDEAL III

NÓS IMEACHTA

Airteagal 19

Beidh gníomhaire a cheapfar do gach cás ag Ballstáit agus institiúidí na gComhphobal chun feidhmiú ar a son os comhair na Cúirte; féadfaidh an gníomhaire comhairleoir nó dlíodóir a bheith aige de chúnamh dó.

Beidh na Stáit, amach ó na Ballstáit, is páirtithe sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus Údarás Faireacháin CSTE dá dtagraítear sa Chomhaontú sin ionadaithe ar an gcuma chéanna.

Caithfidh páirtithe eile dlíodóir a bheith acu chun feidhmiú ar a son.

Dlíodóir atá údaraithe chun cleachtadh os comhair cúirte de chuid Ballstáit nó de chuid Stáit eile is páirtí sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, eisean amháin a fhéadfaidh ionadú do pháirtí nó bheith de chúnamh aige os comhair na Cúirte.

Beidh ag na gníomhairí, na comhairleoirí agus na dlíodóirí sin nuair a láithreoidh siad os comhair na Cúirte, na cearta agus na díolúintí is gá lena ndualgais a fheidhmiú go neamhspleách, faoi choinníollacha a bheidh leagtha síos sna rialacha nós imeachta.

Maidir leis na comhairleoirí agus na dlíodóirí a láithreoidh os a comhair, beidh ag an gCúirt na cumhachtaí a thugtar de ghnáth do chúirteanna dlí, faoi choinníollacha a bheidh leagtha síos sna rialacha nós imeachta.

Múinteoirí ollscoile is náisiúnaigh de Bhallstát a dtugann a dhlí ceart éisteachta dóibh, beidh acu os comhair na Cúirte na cearta céanna a thugtar leis an Airteagal seo do dhlíodóirí.

Airteagal 20

Roinnfear an nós imeachta os comhair na Cúirte ina dhá chuid: i scríbhinn agus ó bhéal.

Is éard é an nós imeachta i scríbhinn, iarratais, ráitis cháis, cosaintí agus tuairimí, agus freagraí, más ann, mar aon leis na páipéir agus na doiciméid uile i dtaca leo, nó cóipeanna deimhnithe díobh, a chur chuig na páirtithe agus chuig institiúidí de chuid na gComhphobal a bhfuil a gcinntí faoi dhíospóid.

Cuirfidh an Cláraitheoir na nithe sin chucu san ord agus laistigh den am a bheidh leagtha síos sna rialacha nós imeachta.

Is éard é an nós imeachta ó bhéal, an tuarascáil a léamh a thíolaic Breitheamh ag gníomhú dó mar Rapóirtéir, an Chúirt d'éisteacht gníomhairí, comhairleoirí agus dlíodóirí, agus aighneachtaí ón Abhcóide Ginearálta agus, ina theannta sin, má bhíonn ann, finnéithe agus saineolaithe a éisteacht.

Má mheasann sí nach n-ardaíonn an cás aon phonc nua dlí, féadfaidh an Chúirt a chinneadh, tar éis an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, go dtabharfar breith ar an gcás gan aighneacht ón Abhcóide Ginearálta.

Airteagal 21

Tabharfar cás os comhair na Cúirte trí iarratas i scríbhinn arna dhíriú chuig an gCláraitheoir. Beidh san iarratas ainm agus buanseoladh an iarratasóra agus tuairisc an tsínitheora, ainm an pháirtí nó ainmneacha na bpáirtithe ar ina choinne nó ina gcoinne a dhéantar an t-iarratas, ábhar na díospóide, an saghas ordaithe atá á lorg agus ráiteas gearr ar na pléadálacha dlí ar a bhfuil an t-iarratas bunaithe.

Beidh ag gabháil leis an iarratas, nuair is cuí sin, an beart a bhfuil a neamhniú á iarraidh nó, sna himthosca dá dtagraítear in Airteagal 232 de Chonradh CE agus in Airteagal 148 de Chonradh CEFA fianaise dhoiciméid ar an dáta a iarradh ar institiúid gníomhú, de réir na nAirteagal sin. Mura gcuirfear na doiciméid isteach i dteannta an iarratais, iarrfaidh an Cláraitheoir ar an bpáirtí lena mbaineann iad a thabhairt ar aird laistigh de thréimhse réasúnta, ach, más mar sin a bheidh, ní thitfidh cearta an pháirtí ar lár bíodh is nach dtabharfar na doiciméid sin ar aird go dtí tar éis an tráth chun imeachtaí a bhunú.

Airteagal 22

Sna cásanna atá faoi rialú ag Airteagal 18 de Chonradh CEFA, is trí achomharc arna dhíriú chun an Chláraitheora a thabharfar an t-ábhar os comhair na Cúirte. Beidh san achomharc ainm agus buanseoladh an achomharcóra agus tuairisc an tsínitheora, tagairt don chinneadh ar ina aghaidh a rinneadh an t-achomharc, ainmneacha na bhfreagróirí, ábhar na díospóide, na haighneachtaí a rinneadh agus ráiteas gearr ar na príomhfhorais ar a bhfuiltear ag seasamh.

Beidh ag gabháil leis an achomharc cóip dheimhnithe den chinneadh ón gCoiste Eadrána atá á dhíospóid.

Má dhiúltaíonn an Chúirt don achomharc, tiocfaidh cinneadh an Choiste Eadrána chun bheith ina chinneadh críochnaitheach.

Má neamhníonn an Chúirt cinneadh an Choiste Eadrána, féadfar an t-ábhar a tharraingt anuas athuair, más iomchuí, ar thionscnamh ceann de na páirtithe sa chás, os comhair an Choiste Eadrána. Déanfaidh an Coiste sin de réir aon chinntí ón gCúirt maidir le poncanna dlí.

Airteagal 23

Sna cásanna atá faoi rialú ag Airteagal 35(1) de Chonradh AE, Airteagal 234 de Chonradh CE agus Airteagal 150 de Chonradh CEFA, nuair a chinnfidh cúirt nó binse de chuid Ballstáit ar a himeachtaí a fhionraí agus cás a tharchur chuig an gCúirt, cuirfidh an chúirt nó an binse sin an cinneadh sin in iúl don Chúirt. Ansin cuirfidh Cláraitheoir na Cúirte an cinneadh in iúl do na páirtithe, do na Ballstáit agus don Choimisiún, agus freisin don Chomhairle nó don Bhanc Ceannais Eorpach, má thionscain ceachtar acu an gníomh a bhfuil a bhailíocht nó a léiriú faoi dhíospóid, agus do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle más gníomh a ghlac an dá institiúid sin go comhpháirteach a bhfuil a bhailíocht nó a léiriú faoi dhíospóid.

Laistigh de dhá mhí ó cuireadh sin in iúl amhlaidh, beidh na páirtithe, na Ballstáit, an Coimisiún agus, más iomchuí, Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Banc Ceannais Eorpach, i dteideal ráitis cháis nó barúlacha i scríbhinn a chur faoi bhráid na Cúirte.

Sna cásanna atá faoi rialú ag Airteagal 234 de Chonradh CE, ina theannta sin, cuirfidh Cláraitheoir na Cúirte an cinneadh ón gcúirt nó ón mbinse náisiúnta in iúl do na Stáit, amach ó na Ballstáit, is páirtithe sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus d'Údarás Faireacháin CSTE dá dtagraítear sa Chomhaontú a dúradh agus féadfaidh siad, laistigh de dhá mhí ó cuireadh sin in iúl agus nuair atá ceann de réimsí chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe i gceist, ráitis cháis nó barúlacha i scríbhinn a chur faoi bhráid na Cúirte.

Nuair atá sé leagtha síos i gcomhaontú a bhaineann le réimse sonrach, arna thabhairt i gcrích ag an gComhairle le tríú Stát amháin nó níos mó, go bhfuil na Stáit sin i dteideal sonruithe cáis nó barúlacha i scríbhinn a thíolacadh sa chás nuair a chuireann cúirt nó binse de chuid Ballstáit ceist chun réamhrialú a thagann faoi raon feidhme an chomhaontaithe faoi bhráid na Cúirte, cuirtear an bhreith ón gcúirt nó binse náisiúnta a fholaíonn an cheist sin in iúl freisin do na tríú Stáit i dtrácht agus féadfaidh siad, laistigh de dhá mhí ón bhfógra sin a fháil, sonruithe cáis nó barúlacha i scríbhinn a thaisceadh os comhair na Cúirte.

Airteagal 24

Féadfaidh an Chúirt a cheangal ar na páirtithe na doiciméid go léir a thabhairt ar aird, agus an fhaisnéis go léir a sholáthar, a mheasfaidh an Chúirt is inmhianaithe. Déanfar nóta foirmiúil d'aon diúltú.

Féadfaidh an Chúirt a cheangal, freisin, ar na Ballstáit agus ar na hinstitiúidí nach páirtithe iad sa chás gach faisnéis a thabhairt a mheasfaidh an Chúirt is gá le haghaidh na n-imeachtaí.

Airteagal 25

Féadfaidh an Chúirt tráth ar bith dul ar iontaoibh duine, comhlachta, údaráis, coiste nó eagraíochta eile ar bith is rogha léi chun tuairim shaineolach a thabhairt.

Airteagal 26

Féadfar finnéithe a éisteacht faoi choinníollacha a bheidh leagtha síos sna rialacha nós imeachta.

Airteagal 27

Maidir le finnéithe mainneachtana beidh ag an gCúirt na cumhachtaí is gnách a thabhairt do chúirteanna agus do bhinsí agus féadfaidh sí pionóis airgid a ghearradh faoi choinníollacha a bheidh leagtha síos sna rialacha nós imeachta.

Airteagal 28

Féadfar finnéithe agus saineolaithe a éisteacht faoi mhionn arna ghlacadh san fhoirm a bheidh leagtha síos sna rialacha nós imeachta nó ar an modh atá leagtha síos i ndlí thír an fhinné nó an tsaineolaí.

Airteagal 29

Féadfaidh an Chúirt a ordú go n-éistfear finné nó saineolaí ag údarás breithiúnach a áite buanchónaithe.

Cuirfear an t-ordú lena fheidhmiú go dtí an t-údarás breithiúnach inniúil faoi choinníollacha a bheidh leagtha síos sna rialacha nós imeachta. Cuirfear ar ais chun na Cúirte faoi na coinníollacha céanna na doiciméid a tarraingíodh suas i gcomhlíonadh na litreacha rogáide.

Íocfaidh an Chúirt na caiteachais, gan dochar don cheart chun iad a mhuirearú, nuair is cuí sin, ar na páirtithe.

Airteagal 30

Déileálfaidh Ballstát le haon sárú mionna ag finné nó saineolaí ionann is dá mba os comhair ceann dá chúirteanna a bhfuil dlínse aici in imeachtaí sibhialta a rinneadh an cion. Ar thionscnamh na Cúirte, déanfaidh an Ballstát an ciontóir a ionchúiseamh os comhair a chúirte inniúla.

Airteagal 31

Is i gcúirt oscailte a éistfear cásanna mura ndéanfaidh an Chúirt, uaithi féin nó ar iarratas ó na páirtithe, a mhalairt a chinneadh ar chúiseanna troma.

Airteagal 32

Le linn na héisteachta féadfaidh an Chúirt na saineolaithe, na finnéithe agus na páirtithe féin a cheistiú. Ní fhéadfaidh siad siúd, áfach, an Chúirt a aitheasc ach amháin trína n-ionadaithe.

Airteagal 33

Scríobhfar miontuairiscí ar gach éisteacht agus síneoidh an tUachtarán agus an Cláraitheoir iad.

Airteagal 34

Socróidh an tUachtarán liosta na gcásanna.

Airteagal 35

Beidh plé na Cúirte ina rún agus fanfaidh sé amhlaidh.

Airteagal 36

Luafaidh na breithiúnais na réasúin ar a bhfuil siad bunaithe. Beidh iontu ainmneacha na mBreithiúna a ghlac páirt sa phlé.

Airteagal 37

Síneoidh an tUachtarán agus an Cláraitheoir na breithiúnais. Léifear amach iad i gcúirt oscailte.

Airteagal 38

Breithneoidh an Chúirt na costais.

Airteagal 39

Féadfaidh Uachtarán na Cúirte, i modh nós imeachta achomair ar féidir, a mhéad is gá sin, difear a bheith idir é agus cuid de na rialacha atá sa Reacht seo agus a bheidh leagtha síos sna rialacha nós imeachta, breithniú a dhéanamh ar iarratais chun forghníomhú a fhionraí, mar a fhoráiltear in Airteagal 242 de Chonradh CE agus Airteagal 157 de Chonradh CEFA, nó bearta eatramhacha a ordú de bhun Airteagal 243 de Chonradh CE nó Airteagal 158 de Chonradh CEFA nó forfheidhmiú a fhionraí de réir an ceathrú mír d'Airteagal 256 de Chonradh CE nó an tríú mír d’Airteagal 164 de Chonradh CEFA.

Mura féidir don Uachtarán bheith i láthair, gabhfaidh Breitheamh eile a ionad faoi choinníollacha a bheidh leagtha síos sna rialacha nós imeachta.

Rialú sealadach a bheidh i rialú an Uachtaráin nó an Bhreithimh a ghabhfaidh a ionad agus ní bheidh dochar ansin ar dhóigh ar bith do bhreith na Cúirte ar shubstaint an cháis.

Airteagal 40

Féadfaidh Ballstáit agus institiúidí na gComhphobal idiragairt i gcásanna os comhair na Cúirte.

Beidh an ceart céanna ar fáil d'aon duine eile a shuífidh leas i dtoradh aon cháis a cuireadh faoi bhráid na Cúirte, ach amháin i gcásanna idir Ballstáit, idir institiúidí de chuid na gComhphobal, nó idir Ballstáit agus institiúidí de chuid na gComhphobal.

Gan dochar don dara mír, féadfaidh na Stáit, amach ó na Ballstáit, is páirtithe sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus Údarás Faireacháin CSTE dá dtagraítear sa Chomhaontú a dúradh idiragairt i gcásanna os comhair na Cúirte nuair atá ceann de réimsí chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe sin i gceist.

Beidh iarratas ar idiragairt teoranta do thacaíocht a thabhairt don saghas ordaithe atá á lorg ag ceann de na páirtithe.

Airteagal 41

Má mhainníonn páirtí na cosanta, arna thoghairm go cuí, aighneachtaí scríofa cosanta a chomhdú, tabharfar breithiúnas mainneachtana i gcoinne an pháirtí sin. Féadfar agóid i gcoinne an bhreithiúnais sin a thaisceadh laistigh de mhí tar éis é a fhógairt. Ní chuirfidh an agóid bac ar fhorghníomhú an bhreithiúnais mhainneachtana, mura gcinnfidh an Chúirt a mhalairt.

Airteagal 42

Féadfaidh na Ballstáit, institiúidí na gComhphobal agus aon duine eile, nádúrtha nó dlítheanach, i gcásanna agus faoi choinníollacha a bheidh le cinneadh leis na rialacha nós imeachta, imeachtaí tríú páirtí a thionscnamh chun breithiúnas a chomhrac a tugadh gan éisteacht a thabhairt dóibh, má théann an breithiúnas chun dochair dá gcearta.

Airteagal 43

Má bhíonn amhras ann faoi bhrí nó réim bhreithiúnais, forléireoidh an Chúirt é ar iarratas ó aon pháirtí nó ó aon institiúid de chuid na gComhphobal a shuífidh a leas ann.

Airteagal 44

Ní fhéadfar athbhreithniú breithiúnais a iarraidh ar an gCúirt ach amháin má aimsítear fíoras is de chineál cinntitheach agus nárbh eol, nuair a tugadh an breithiúnas, don Chúirt ná don pháirtí a bhfuil an t-athbhreithniú á éileamh aige.

Tosófar an t-athbhreithniú le breithiúnas ón gCúirt á thaifeadadh go sainráiteach fíoras nua a bheith ann, á aithint gur fíoras é de chineál a leathann an cás ar oscailt chun a athbhreithnithe agus á dhearbhú go bhfuil an t-iarratas inghlactha ar an bhforas sin.

Ní bheidh aon iarratas ar athbhreithniú indéanta tar éis deich mbliana a bheith caite ó dháta an bhreithiúnais.

Airteagal 45

Cinnfear leis na rialacha nós imeachta tréimhsí breise a bhunófar ar an bhfad ó láthair.

Ní dochar é do cheart ar bith tréimhse ama a bheith imithe in éag má chruthaíonn an páirtí lena mbaineann gur tharla imthosca nárbh fhéidir a thuar nó go raibh force majeure ann.

Airteagal 46

Beidh imeachtaí i gcoinne na gComhphobal in ábhair a éireoidh as dliteanais neamhchonarthacha faoi urchosc tar éis thréimhse cúig bliana ó tharla an teagmhas as ar éirigh siad. Brisfear an tréimhse teorann má thionscnaítear imeachtaí os comhair na Cúirte nó má dhéanann an páirtí éagóirithe iarratas roimhe sin chun na hinstitiúide iomchuí de chuid na gComhphobal. Sa chás deireanach sin, caithfear na himeachtaí a thionscnamh laistigh den tréimhse dhá mhí dá bhforáiltear in Airteagal 230 de Chonradh CE agus Airteagal 146 de Chonradh CEFA; beidh feidhm ag forálacha an dara mír d'Airteagal 232 de Chonradh CE agus an dara mír d'Airteagal 148 de Chonradh CEFA faoi seach nuair is cuí sin.

TEIDEAL IV

CÚIRT CHÉADCHÉIME NA gCOMHPHOBAL EORPACH

Airteagal 47

Beidh Airteagail 2 go 8, Airteagail 14 agus 15, an chéad mhír, an dara mír, an ceathrú mír agus an cúigiú mír d'Airteagal 17 agus Airteagal 18 infheidhme ar an gCúirt Chéadchéime agus ar a comhaltaí. Is os comhair na Cúirte Breithiúnais a ghlacfar an mionn dá dtagraítear in Airteagal 2 agus is í an Chúirt Bhreithiúnais a ghlacfaidh na breitheanna dá dtagraítear in Airteagail 3, 4 agus 6 tar éis di an Chúirt Chéadchéime a éisteacht.

Beidh feidhm mutatatis mutandis ag an gceathrú mír d'Airteagal 3 agus ag Airteagail 10, 11 agus 14 maidir le Cláraitheoir na Cúirte Céadchéime.

Airteagal 48 [2]

Cúig Bhreitheamh is fiche a bheidh ar an gCúirt Chéadchéime.

Airteagal 49

Féadfar a iarraidh ar chomhaltaí na Cúirte Céadchéime cúram an Abhcóide Ghinearálta a fheidhmiú.

Beidh de dhualgas ar an Abhcóide Ginearálta, ag gníomhú dó le neamhchlaontacht agus neamhspleáchas iomlán, aighneachtaí réasúnaithe a dhéanamh i gcúirt oscailte ar chásanna a tugadh os comhair na Cúirte Céadchéime, chun cuidiú leis an gCúirt Chéadchéime i gcomhlíonadh a cúraim.

Leagfar síos i rialacha nós imeachta na Cúirte Céadchéime na critéir chun cásanna den sórt sin a roghnú mar aon leis na nósanna imeachta chun na hAbhcóidí Ginearálta a ainmniú.

Ní fhéadfaidh comhalta ar iarradh air cúram an Abhcóide Ghinearálta a fheidhmiú i gcás páirt a ghlacadh i mbreithiúnas an cháis sin.

Airteagal 50

Suífidh an Chúirt Chéadchéime i ndlísheomraí de thriúr nó cúigear Breithiúna. Toghfaidh na Breithiúna Uachtaráin na ndlísheomraí as a líon féin. Toghfar Uachtaráin na ndlísheomraí a bhfuil cúigear Breithiúna iontu go ceann téarma trí bliana. Féadfar iad a atoghadh uair amháin.

Beidh comhdhéanamh na ndlísheomraí agus sannadh na gcásanna dóibh faoi rialú ag na rialacha nós imeachta. I gcásanna áirithe atá sainithe sna rialacha nós imeachta, féadfaidh an Chúirt Chéadchéime suí mar chúirt iomlán nó féadfar í a chomhdhéanamh de Bhreitheamh aonair.

Féadfar a fhoráil sna rialacha nós imeachta go bhféadfaidh an Chúirt Chéadchéime suí mar Mhór-Dhlísheomra sna cásanna agus faoi na coinníollacha atá sonraithe iontu.

Airteagal 51

De mhaolú ar an riail atá leagtha síos in Airteagal 225(1) de Chonradh CE agus in Airteagal 140a(1) de Chonradh CEFA, forchoimeádtar dlínse chuig an gCúirt Bhreithiúnais sna caingne dá dtagraítear in Airteagail 230 agus 232 de Chonradh CE agus in Airteagail 146 agus 148 de Chonradh CEFA nuair a thionscnaíonn Ballstát iad:

(a) i gcoinne gnímh nó neamhghnímh de chuid Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle, nó de chuid an dá institiúid sin ag gníomhú dóibh go comhpháirteach, seachas

- cinntí arna ndéanamh ag an gComhairle faoin tríú fomhír d'Airteagal 88(2) de Chonradh CE;

- gníomhartha de chuid na Comhairle arna nglacadh de bhun rialacháin ón gComhairle a bhaineann le bearta chun trádáil a chosaint de réir bhrí Airteagal 133 de Chonradh CE;

- gníomhartha de chuid na Comhairle lena gcuireann sí cumhachtaí feidhmithe chun feidhme i gcomhréir leis an tríú fleasc d'Airteagal 202 de Chonradh CE;

(b) i gcoinne gnímh nó neamhghnímh de chuid an Choimisiúin faoi Airteagal 11a de Chonradh CE.

Forchoimeádtar dlínse freisin chuig an gCúirt Bhreithiúnais sna caingne dá dtagraítear sna hAirteagail chéanna nuair a thionscnaíonn institiúid de chuid na gComhphobal nó an Banc Ceannais Eorpach iad i gcoinne gnímh nó neamhghnímh de chuid Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle, nó de chuid an dá institiúid sin ag gníomhú dóibh go comhpháirteach, nó de chuid an Choimisiúin, nó nuair a thionscnaíonn institiúid de chuid na gComhphobal iad i gcoinne gnímh nó neamhghnímh de chuid an Bhainc Cheannais Eorpaigh.

Airteagal 52

Leagfaidh Uachtarán na Cúirte Breithiúnais agus Uachtarán na Cúirte Céadchéime síos de thoil a chéile na coinníollacha faoina ndéanfaidh oifigigh agus seirbhísigh eile atá ag gabháil leis an gCúirt Bhreithiúnais a seirbhísí a sholáthar don Chúirt Chéadchéime ionas go bhféadfaidh sí feidhmiú. Beidh oifigigh áirithe nó seirbhísigh áirithe eile freagrach do Chláraitheoir na Cúirte Céadchéime faoi údarás Uachtarán na Cúirte Céadchéime.

Airteagal 53

Beidh an nós imeachta os comhair na Cúirte Céadchéime faoi rialú ag Teideal III.

Aon fhorálacha níos mionchruinne is gá de bhreis, déanfar iad a leagan síos ina rialacha nós imeachta. Féadfar maolú sna rialacha nós imeachta ar an gceathrú mír d'Airteagal 40 agus ar Airteagal 41 d'fhonn tréithe sonracha na dlíthíochta i réimse na maoine intleachtúla a chur san áireamh.

De mhaolú ar an gceathrú mír d'Airteagal 20, féadfaidh an tAbhcóide Ginearálta a chuid aighneachtaí réasúnaithe a dhéanamh i scríbhinn.

Airteagal 54

Má dhéantar iarratas nó doiciméad eile nós imeachta a seoladh chuig an gCúirt Chéadchéime a thaisceadh de dhearmad le Cláraitheoir na Cúirte Breithiúnais, déanfaidh an Cláraitheoir sin é a sheoladh láithreach chuig Cláraitheoir na Cúirte Céadchéime; mar an gcéanna, má dhéantar iarratas nó doiciméad eile nós imeachta a seoladh chuig an gCúirt Bhreithiúnais a thaisceadh de dhearmad le Cláraitheoir na Cúirte Céadchéime, déanfaidh an Chláraitheoir sin é a sheoladh láithreach chuig Cláraitheoir na Cúirte Breithiúnais.

Má chinneann an Chúirt Chéadchéime nach bhfuil dlínse aici caingean a éisteacht agus a chinneadh a bhfuil dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais ina leith, déanfaidh sí an chaingean sin a tharchur chun na Cúirte Breithiúnais; mar an gcéanna, má chinneann an Chúirt Bhreithiúnais go mbaineann caingean le dlínse na Cúirte Céadchéime, déanfaidh sí an chaingean sin a tharchur chun na Cúirte Céadchéime, agus ní fhéadfaidh sise ansin dlínse a dhiúltú.

Má thugtar cásanna os comhair na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Céadchéime araon ina bhfuil an faoiseamh céanna á éileamh, ina dtógtar an tsaincheist chéanna léirithe nó ina gcaitear amhras ar bharántúlacht an ghnímh chéanna, féadfaidh an Chúirt Chéadchéime, tar éis di na páirtithe a éisteacht, bac a chur ar na himeachtaí os a comhair go dtí go mbeidh breithiúnas tugtha ag an gCúirt Bhreithiúnais nó, i gcás caingne arna dtionscnamh de bhun Airteagal 230 de Chonradh CE nó Airteagal 146 de Chonradh CEFA, féadfaidh sí dlínse a dhiúltú chomh maith chun go bhféadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais breith a thabhairt ar na caingne sin. Sna himthosca céanna, féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais a chinneadh freisin bac a chur ar na himeachtaí a tugadh os a comhair; má dhéanann sí amhlaidh, leanfar de na himeachtaí a tugadh os comhair na Cúirte Céadchéime

Má dhéanann Ballstát agus institiúid de chuid na gComhphobal an gníomh céanna a chonspóid, diúltóidh an Chúirt Chéadchéime dlínse chun go bhféadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais breith a thabhairt ar na hiarratais sin.

Airteagal 55

Déanfaidh Cláraitheoir na Cúirte Céadchéime breitheanna críochnaitheacha na Cúirte Céadchéime, breitheanna nach réitíonn na saincheisteanna substaintiúla ach go páirteach, nó a réitíonn saincheist nós imeachta maidir le heaspa dlínse nó le do-ghlacthacht, a chur in iúl do gach páirtí lena mbaineann agus freisin do na Ballstáit uile agus d'institiúidí na gComhphobal fiú mura bhfuil idiragairt déanta acu sa chás os comhair na Cúirte Céadchéime.

Airteagal 56

Laistigh de dhá mhí tar éis an bhreith a bhfuil achomharc á dhéanamh ina coinne a bheith curtha in iúl, féadfar achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Breithiúnais i gcoinne bhreitheanna críochnaitheacha na Cúirte Céadchéime agus i gcoinne bhreitheanna na Cúirte sin nach réitíonn na saincheisteanna substaintiúla ach go páirteach nó a réitíonn saincheist nós imeachta maidir le heaspa dlínse nó le do-ghlacthacht.

Féadfaidh aon pháirtí ar theip ar a chuid aighneachtaí go hiomlán nó go páirteach a leithéid sin d'achomharc a dhéanamh. Ní fhéadfaidh, áfach, idiragraithe nach Ballstáit nó institiúidí de chuid na gComhphobal iad achomharc den chineál sin a dhéanamh ach amháin má bhaineann breith na Cúirte Céadchéime go díreach leo.

Cé is moite de chásanna a bhaineann le díospóidí idir na Comhphobail agus a gcuid seirbhíseach, féadfaidh Ballstáit agus institiúidí de chuid na gComhphobal nach ndearna idiragairt sna himeachtaí os comhair na Cúirte Céadchéime achomharc a dhéanamh chomh maith. Cuirfear an chóir chéanna ar na Ballstáit agus na hinstitiúidí sin a chuirtear ar Bhallstáit nó institiúidí a rinne idiragairt ag an gcéad chéim.

Airteagal 57

Aon duine a ndéanfaidh an Chúirt Chéadchéime a iarratas idiragartha a dhíbhe, féadfaidh sé achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Breithiúnais laistigh de dhá sheachtain tar éis an bhreith ag díbhe an iarratais a bheith curtha in iúl.

Féadfaidh páirtithe sna himeachtaí achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Breithiúnais i gcoinne aon bhreithe de chuid na Cúirte Céadchéime a rinneadh de bhun Airteagal 242 nó Airteagal 243 nó an ceathrú mír d'Airteagal 256 de Chonradh CE nó de bhun Airteagal 157 nó Airteagal 158 nó an tríú mír d'Airteagal 164 de Chonradh CEFA laistigh de dhá mhí tar éis a curtha in iúl.

Éistfear na hachomhairc dá dtagraítear sa chéad dá mhír den Airteagal seo, agus déanfar breith orthu, de réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 39.

Airteagal 58

Ní fhéadfar achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Breithiúnais ach ar phoncanna dlí amháin. Is é a bheidh de bhonn aige easpa dlínse na Cúirte Céadchéime, sárú nós imeachta os a comhair a théann chun dochair do leas an achomharcóra nó sárú ar reachtaíocht an Chomhphobail ag an gCúirt Chéadchéime.

Ní fhéadfar achomharc a dhéanamh nach mbaineann ach amháin le méid na gcostas nó leis an bpáirtí ar ordaíodh dó iad a íoc.

Airteagal 59

Má dhéantar achomharc i gcoinne breithe de chuid na Cúirte Céadchéime, beidh cuid den nós imeachta os comhair na Cúirte Breithiúnais i scríbhinn agus cuid de ó bhéal. Faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sna rialacha nós imeachta, féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais, tar éis di an tAbhcóide Ginearálta agus na páirtithe a éisteacht, an nós imeachta ó bhéal a fhágáil ar lár.

Airteagal 60

Gan dochar d'Airteagail 242 agus 243 de Chonradh CE nó d'Airteagail 157 agus 158 de Chonradh CEFA, ní bheidh éifeacht fionraíochta ag achomharc.

De mhaolú ar Airteagal 244 de Chonradh CE agus d'Airteagal 159 de Chonradh CEFA, ní ghlacfaidh breitheanna na Cúirte Céadchéime á dhearbhú rialachán a bheith ar neamhní éifeacht ach amháin ón dáta a mbeidh an tréimhse dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 56 den Reacht seo dulta in éag, nó má rinneadh achomharc laistigh den tréimhse sin, ón dáta a díbheadh an t-achomharc, gan dochar, ar a shon sin, do cheart an pháirtí chun a iarraidh ar an gCúirt Bhreithiúnais, de bhun Airteagail 242 agus 243 de Chonradh CE nó d'Airteagail 157 agus 158 de Chonradh CEFA, éifeachtaí an rialacháin neamhnithe a fhionraí nó aon bhearta idirlinne eile a ordú.

Airteagal 61

Má tá bunús leis an achomharc, neamhneoidh an Chúirt Bhreithiúnais breith na Cúirte Céadchéime. Féadfaidh sí féin breithiúnas críochnaitheach a thabhairt san ábhar má cheadaíonn staid na n-imeachtaí a leithéid, nó an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Chéadchéime le haghaidh breithiúnais.

Má tharchuirtear cás ar ais go dtí an Chúirt Chéadchéime, beidh breith na Cúirte Breithiúnais maidir le poncanna dlí ina ceangal ar an gCúirt sin.

Má tá bunús le hachomharc a dhéanann Ballstát nó institiúid de chuid na gComhphobal nach ndearna idiragairt sna himeachtaí os comhair na Cúirte Céadchéime, féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais, más dóigh léi gur gá sin, a rá cad iad na héifeachtaí de bhreith neamhnithe na Cúirte Céadchéime a mheasfar a bheith críochnaitheach i leith na bpáirtithe sa dlíthíocht.

Airteagal 62

Sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 225(2) agus (3) de Chonradh CE agus in Airteagal 140a(2) agus (3) de Chonradh CEFA, nuair a mheasann an Chéad Abhcóide Ginearálta go bhfuil baol tromchúiseach ann go ndéanfaí difear d’aontacht agus do chomhchuibheas dhlí an Chomhphobail, féadfaidh sé togra a dhéanamh go ndéanfaidh an Chúirt Bhreithiúnais breith na Cúirte Céadchéime a athbhreithniú.

Ní foláir an togra a dhéanamh laistigh de mhí ón tráth a thugann an Chúirt Chéadchéime an bhreith. Laistigh de mhí tar éis di an togra ón gCéad Abhcóide Ginearálta a fháil, cinnfidh an Chúirt Bhreithiúnais an cóir nó nach cóir an bhreith a athbhreithniú.

Airteagal 62a

Tabharfaidh an Chúirt Bhreithiúnais breith ar na ceisteanna atá faoi réir athbhreithniú trí bhíthin nós imeachta práinne ar bhonn an chomhaid arna sheoladh chuici ag an gCúirt Chéadchéime.

Beidh na daoine dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht seo agus, sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 225(2) de Chonradh CE agus in Airteagal 140a(2) de Chonradh CEFA, na páirtithe sna himeachtaí atá os comhair na Cúirte Céadchéime, i dteideal ráitis nó barúlacha i scríbhinn a bhaineann leis na ceisteanna atá faoi réir athbhreithniú a thaisceadh leis an gCúirt Bhreithiúnais laistigh den tréimhse arna forordú chun na críche sin.

Féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais nós imeachta ó bhéal a oscailt sula dtabharfaidh sí breith.

Airteagal 62b

Sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 225(2) de Chonradh CE agus in Airteagal 140a(2) de Chonradh CEFA, gan dochar d'Airteagal 242 ná d'Airteagal 243 de Chonradh CE, ní bheidh éifeacht fionraíochta ag tograí ar athbhreithniú ná ag cinntí an nós imeachta um athbhreithniú a oscailt. Má chinneann an Chúirt Bhreithiúnais go ndéanann breith na Cúirte Céadchéime difear d’aontacht nó do chomhchuibheas dhlí an Chomhphobail, tarchuirfidh sí an cás ar ais go dtí an Chúirt Chéadchéime a bheidh faoi cheangal ag breith na Cúirte Breithiúnais maidir le poncanna dlí; féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais a rá cé acu de na héifeachtaí atá ag breith na Cúirte Céadchéime a mheasfar a bheith críochnaitheach i leith na bpáirtithe sa chúis dlí. Más amhlaidh, áfach, ag féachaint do thoradh an athbhreithnithe, go n eascraíonn toradh na n imeachtaí ó na cinntí fíorais ar orthu a bunaíodh breith na Cúirte Céadchéime, tabharfaidh an Chúirt Bhreithiúnais breithiúnas críochnaitheach.

Sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 225(3) de Chonradh CE agus in Airteagal 140a(3) de Chonradh CEFA, cheal tograí ar athbhreithiniú nó cinntí an nós imeachta um athbhreithniú a oscailt, is ar dhul in éag don tréimhse a shonraítear chuige sin sa dara mír d'Airteagal 62 a bheidh éifeacht ag an bhfreagra nó ag na freagraí a thug an Chúirt Bhreithiúnais ar na ceisteanna a cuireadh faoina bráid. I gcás go n-osclaítear nós imeachta um athbhreithniú, beidh éifeacht ag an bhfreagra nó ag na freagraí atá faoi réir athbhreithniú i ndiaidh an nós imeachta sin, mura gcinnfidh an Chúirt Bhreithiúnais a mhalairt. Má chineann an Chúirt Breithiúnais go ndéanann breith na Cúirte Breithiúnais difear d’aontacht nó do chomhchuibheas dhlí an Chomhphobail, cuirfear an freagra a thug an Chúirt Bhreithiúnais ar na ceisteanna atá faoi réir athbhreithniú in ionad an fhreagra a thug an Chúirt Chéadchéime

TEIDEAL IVa

PAINÉIL BHREITHIÚNACHA

Airteagal 62c

Leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Reacht seo na forálacha a bhaineann le dlínse, comhdhéanamh, eagrú agus nós imeachta na bpainéal breithiúnach arna mbunú faoi Airteagal 225a de Chonradh CE agus faoi Airteagal 140b de Chonradh CEFA.

TEIDEAL V

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 63

Beidh i rialacha nós imeachta na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Céadchéime aon fhorálacha eile is gá chun an Reacht seo a chur chun feidhme agus, más gá, chun é a fhorlíonadh.

Airteagal 64

Go dtí go nglactar sa Reacht seo na socruithe teanga is infheidhme sa Chúirt Bhreithiúnais agus sa Chúirt Chéadchéime, leanfaidh na forálacha i rialacha nós imeachta na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Céadchéime a rialaíonn socruithe teanga d'fheidhm a bheith acu. Ní fhéadfar na forálacha sin a leasú nó a aisghairm ach amháin i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos chun an Reacht seo a leasú.

[1] Airteagal arna leasú le hIonstraim Aontachais 2003. Féach an tAguisín ag deireadh an leabhair.

[2] Airteagal arna leasú le hIonstraim Aontachais 2003. Féach an tAguisín ag deireadh an leabhair.

--------------------------------------------------

IARSCRÍBHINN I

AN BINSE UM SHEIRBHÍS SHIBHIALTA AN AONTAIS EORPAIGH

Airteagal 1

Déanfaidh an Binse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear "Binse na Seirbhíse Sibhialta" anseo feasta) dlínse a fheidhmiú ag an gcéad chéim i ndíospóidí idir na Comhphobail agus a gcuid seirbhíseach dá dtagraítear in Airteagal 236 de Chonradh CE agus in Airteagal 152 de Chonradh CEFA, lena n-áirítear díospóidí idir gach comhlacht agus a chuid seirbhíseach agus gach gníomhaireacht agus a cuid seirbhíseach a bhfuil dlínse tugtha ina leith don Chúirt Bhreithiúnais.

Airteagal 2

Seachtar breithiúna a bheidh ar Bhinse na Seirbhíse Sibhialta. Má iarrann an Chúirt Bhreithiúnais é, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar thromlach cáilithe, líon na mbreithiúna a mhéadú.

Ceapfar na breithiúna ar feadh tréimhse sé bliana. Féadfar breithiúna a bheidh ag scor a athcheapadh.

Déanfar aon fholúntas a líonadh trí bhreitheamh nua a cheapadh ar feadh tréimhse sé bliana.

Airteagal 3

1. Ceapfaidh an Chomhairle na breithiúna, ag gníomhú di i gcomhréir leis an gceathrú mír d'Airteagal 225a de Chonradh CE agus leis an gceathrú mír d'Airteagal 140b de Chonradh CEFA tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste dá bhforáiltear san Airteagal seo. Agus breithiúna á gceapadh aici, féachfaidh an Chomhairle leis an gcothromaíocht a chinntiú i gcomhdhéanamh an bhinse ar bhonn geografach a bheidh chomh fairsing agus is féidir ó thaobh náisiúnaigh na mBallstát agus ó thaobh na gcóras náisiúnta dlí arna n-ionadú.

2. Féadfaidh duine ar bith ar saoránach de chuid an Aontais é agus a chomhallfaidh na coinníollacha atá leagtha síos sa cheathrú mír d'Airteagal 225a de Chonradh CE agus sa cheathrú mír d'Airteagal 140b de Chonradh CEFA iarratas a chur isteach. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar mholadh ón gCúirt, na coinníollacha agus na socruithe a chinneadh maidir le hiarratais a chur isteach agus iarratais a mheas.

3. Cuirfear coiste ar bun ar a mbeidh seachtar arna dtoghadh as measc iarchomhaltaí den Chúirt Bhreithiúnais agus den Chúirt Chéadchéime agus as measc dlíodóirí a bhfuil cumas aitheanta iontu. Cinnfidh an Chomhairle comhaltaí agus rialacha oibriúcháin an choiste, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar mholadh ó Uachtarán na Cúirte Breithiúnais.

4. Tabharfaidh an Coiste tuairim ar oiriúnacht na n-iarrthóirí chun feidhmeanna breithimh a fheidhmiú ag Binse na Seirbhíse Sibhialta sula ndéanfar cinneadh maidir le ceapacháin. Déanfaidh an Coiste liosta de na hiarrthóirí sin is oiriúnaí taithí ardleibhéil a chur i gceangal lena Thuairim. Beidh ainmneacha a dhá oiread iarrthóirí ar an liosta sin agus a bheidh de bhreithiúna le ceapadh ag an gComhairle.

Airteagal 4

1. Toghfaidh na breithiúna Uachtarán Bhinse na Seirbhíse Sibhialta as a líon féin ar feadh téarma trí bliana. Féadfar é a atoghadh.

2. Suífidh Binse na Seirbhíse Sibhialta i ndlísheomraí de thriúr breithiúna. I gcásanna áirithe a shainítear ina rialacha nós imeachta, féadfaidh sé suí i seisiún iomlánach, i ndlísheomra de chúigear breithiúna nó de bhreitheamh aonair.

3. Beidh Uachtarán Bhinse na Seirbhíse Sibhialta ina uachtarán ar an seisiún iomlánach agus ar an dlísheomra de chúigear breithiúna. Ainmneofar Uachtaráin na ndlísheomraí de thriúr breithiúna de réir mar a fhoráiltear i mír 1. Má dhéantar Uachtarán Bhinse na Seirbhíse Sibhialta a shannadh chuig dlísheomra de thriúr breithiúna, is é a bheidh ina uachtarán ar an dlísheomra sin.

4. Beidh dlínse agus córam an tseisiúin iomlánaigh maille le comhdhéanamh na ndlísheomraí agus sannadh na gcásanna dóibh faoi rialú ag na rialacha nós imeachta.

Airteagal 5

Beidh feidhm ag Airteagail 2 go 6, ag Airteagail 14 agus 15, ag an gcéad mhír, ag an dara mír agus ag an gcúigiú mír d'Airteagal 17, agus ag Airteagal 18 de Reacht na Cúirte Breithiúnais maidir le Binse na Seirbhíse Sibhialta agus maidir lena chomhaltaí.

Glacfar os comhair na Cúirte Breithiúnais an mionn dá dtagraítear in Airteagal 2 den Reacht agus glacfaidh an Chúirt Bhreithiúnais na cinntí dá dtagraítear in Airteagail 3, 4 agus 6 de, tar éis dul i gcomhairle le Binse na Seirbhíse Sibhialta.

Airteagal 6

1. Beidh tacaíocht ag Binse na Seirbhíse Sibhialta ó ranna riaracháin na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Céadchéime. Déanfaidh Uachtarán na Cúirte Breithiúnais nó, i ngach cás is iomchuí, Uachtarán na Cúirte Céadchéime, a leagan síos de chomhthoil le hUachtarán Bhinse na Seirbhíse Sibhialta na coinníollacha faoina ndéanfaidh oifigigh agus seirbhísigh eile atá ag gabháil leis an gCúirt Bhreithiúnais nó leis an gCúirt Chéadchéime a seirbhísí a sholáthar do Bhinse na Seirbhíse Sibhialta ionas go bhféadfaidh sé feidhmiú. Beidh oifigigh áirithe nó seirbhísigh áirithe eile freagrach do Chláraitheoir Bhinse na Seirbhíse Sibhialta faoi údarás Uachtarán an Bhinse sin.

2. Ceapfaidh Binse na Seirbhíse Sibhialta a Chláraitheoir agus leagfaidh sé síos na rialacha a bhainfidh lena sheirbhís. Beidh feidhm ag an gceathrú mír d'Airteagal 3 agus ag Airteagail 10, 11 agus 14 de Reacht na Cúirte Breithiúnais maidir le Cláraitheoir an Bhinse.

Airteagal 7

1. Beidh an nós imeachta os comhair Bhinse na Seirbhíse Sibhialta faoi rialú ag Teideal III de Reacht na Cúirte Breithiúnais, cé is moite d'Airteagail 22 agus 23. Leagfar síos sna rialacha nós imeachta aon fhorálacha níos mionchruinne is gá de bhreis.

2. Beidh feidhm ag na forálacha i dtaobh shocruithe teanga na Cúirte Céadchéime maidir le Binse na Seirbhíse Sibhialta.

3. Is éard a bheidh sa chéim scríofa den nós imeachta an t-iarratas agus an ráiteas cosanta a chur i láthair, mura gcinnfidh Binse na Seirbhíse Sibhialta gur gá an dara malartú pléadálacha i scríbhinn. I gcás ina mbíonn an dara malartú den sórt sin ann, féadfaidh Binse na Seirbhíse Sibhialta, le comhaontú ó na páirtithe, a chinneadh go ngabhfaidh sé i gcionn na breithe d'uireasa aon imeachtaí ó bhéal.

4. Ag gach céim den nós imeachta, lena n-áirítear tráth taiscthe an iarratais, féadfaidh Binse na Seirbhíse Sibhialta scrúdú a dhéanamh ar na bealaí a d'fhéadfadh a bheith ann chun teacht ar réiteach cairdiúil ar dhíospóidí agus féadfaidh sé iarracht a dhéanamh socrú den sórt sin a éascú.

5. Déanfaidh Binse na Seirbhíse Sibhialta rialú maidir le costais cáis. Faoi réir fhorálacha sonracha na rialacha nós imeachta, ordófar don pháirtí caillteach na costais a íoc má chinneann an chúirt amhlaidh.

Airteagal 8

1. Má dhéantar iarratas nó doiciméad eile nós imeachta a díríodh chuig Binse na Seirbhíse Sibhialta a thaisceadh de dhearmad le Cláraitheoir na Cúirte Breithiúnais nó na Cúirte Céadchéime, déanfaidh an Cláraitheoir sin é a sheoladh láithreach chuig Cláraitheoir Bhinse na Seirbhíse Sibhialta. Mar an gcéanna, má dhéantar iarratas nó doiciméad eile nós imeachta a díríodh chuig an gCúirt Bhreithiúnais nó chuig an gCúirt Chéadchéime a thaisceadh de dhearmad le Cláraitheoir Bhinse na Seirbhíse Sibhialta, déanfaidh an Cláraitheoir sin é a sheoladh láithreach chuig Cláraitheoir na Cúirte Breithiúnais nó na Cúirte Céadchéime.

2. Má chinneann Binse na Seirbhíse Sibhialta nach bhfuil dlínse aige caingean a éisteacht agus a chinneadh a bhfuil dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais nó ag an gCúirt Chéadchéime ina leith, déanfaidh sé an chaingean sin a tharchur chun na Cúirte Breithiúnais nó chun na Cúirte Céadchéime. Mar an gcéanna, má chinneann an Chúirt Bhreithiúnais nó an Chúirt Chéadchéime go mbaineann caingean le dlínse Bhinse na Seirbhíse Sibhialta, déanfaidh an Chúirt a bhfuil an chaingean os a comhair í a tharchur chun Binse na Seirbhíse Sibhialta, agus ní fhéadfaidh an Binse sin dlínse a dhiúltú.

3. Má thugtar cásanna os comhair Bhinse na Seirbhíse Sibhialta agus na Cúirte Céadchéime araon ina dtógtar an tsaincheist chéanna léirithe nó ina gcaitear amhras ar bharántúlacht an ghnímh chéanna, féadfaidh Binse na Seirbhíse Sibhialta, tar éis di na páirtithe a éisteacht, bac a chur ar na himeachtaí go dtí go mbeidh breithiúnas tugtha ag an gCúirt Chéadchéime.

Má thugtar cásanna os comhair Bhinse na Seirbhíse Sibhialta agus na Cúirte Céadchéime araon ina bhfuil an faoiseamh céanna á éileamh, féadfaidh Binse na Seirbhíse Sibhialta dlínse a dhiúltú chun go bhféadfaidh an Chúirt Chéadchéime gníomhú i leith na gcásanna sin.

Airteagal 9

Laistigh de dhá mhí tar éis an bhreith a bhfuil achomharc á dhéanamh ina coinne a bheith curtha in iúl, féadfar achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Céadchéime i gcoinne bhreitheanna críochnaitheacha Bhinse na Seirbhíse Sibhialta agus i gcoinne bhreitheanna an Bhinse sin nach réitíonn na saincheisteanna substaintiúla ach go páirteach nó a réitíonn saincheist nós imeachta maidir le heaspa dlínse nó le doghlacthacht.

Féadfaidh aon pháirtí ar theip ar a chuid aighneachtaí, go hiomlán nó go páirteach, a leithéid sin d'achomharc a dhéanamh. Ní fhéadfaidh idiragraithe nach Ballstáit ná institiúidí de chuid na gComhphobal iad achomharc den chineál sin a dhéanamh, áfach, ach amháin má bhaineann breith Bhinse na Seirbhíse Sibhialta go díreach leo.

Airteagal 10

1. Aon duine a ndéanfaidh Binse na Seirbhíse Sibhialta a iarratas idiragartha a dhíbhe, féadfaidh sé achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Céadchéime laistigh de choicís tar éis an bhreith ag díbhe an iarratais a bheith curtha in iúl.

2. Féadfaidh páirtithe sna himeachtaí achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Céadchéime i gcoinne aon bhreithe de chuid Bhinse na Seirbhíse Sibhialta a rinneadh de bhun Airteagal 242 nó Airteagal 243 nó an ceathrú mír d'Airteagal 256 de Chonradh CE nó de bhun Airteagal 157 nó Airteagal 158 nó an tríú mír d'Airteagal 164 de Chonradh CEFA laistigh de dhá mhí tar éis a curtha in iúl.

3. Féadfaidh Uachtarán na Cúirte Céadchéime, i modh nós imeachta achomair ar féidir, a mhéad is gá sin, difear a bheith idir é agus cuid de na rialacha atá san Iarscríbhinn seo agus a bheidh leagtha síos i rialacha nós imeachta na Cúirte Céadchéime, breithniú a dhéanamh ar achomhairc arna dtabhairt i gcomhréir le mír 1 agus le mír 2 den Airteagal seo.

Airteagal 11

1. Ní fhéadfar achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Céadchéime ach ar phoncanna dlí amháin. Is é a bheidh de bhonn aige easpa dlínse Bhinse na Seirbhíse Sibhialta, sárú nós imeachta os a chomhair a dhéanann dochar do leas an achomharcóra nó sárú ar reachtaíocht an Chomhphobail ag an mBinse.

2. Ní fhéadfar achomharc a dhéanamh nach mbaineann ach le méid na gcostas nó leis an bpáirtí ar ordaíodh dó iad a íoc.

Airteagal 12

1. Gan dochar d'Airteagal 242 ná d'Airteagal 243 de Chonradh CE ná d'Airteagal 157 ná d'Airteagal 158 de Chonradh CEFA, ní bheidh éifeacht fionraíochta ag achomharc.

2. Má dhéantar achomharc i gcoinne breithe de chuid Bhinse na Seirbhíse Sibhialta, beidh cuid den nós imeachta os comhair na Cúirte Céadchéime i scríbhinn agus cuid de ó bhéal. Faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sna rialacha nós imeachta, féadfaidh an Chúirt Chéadchéime, tar éis di na páirtithe a éisteacht, an nós imeachta ó bhéal a fhágáil ar lár.

Airteagal 13

1. Má bhíonn bunús leis an achomharc, neamhneoidh an Chúirt Chéadchéime breith Bhinse na Seirbhíse Sibhialta agus déanfaidh sí féin breithiúnas a thabhairt san ábhar. Déanfaidh sí an cás a tharchur ar ais chuig Binse na Seirbhíse Sibhialta le haghaidh breithiúnais nuair nach gceadaíonn staid na n-imeachtaí breith ón gCúirt.

2. Má tharchuirtear cás ar ais go dtí Binse na Seirbhíse Sibhialta, beidh breith na Cúirte Céadchéime maidir le poncanna dlí ina ceangal ar an gCúirt sin.

--------------------------------------------------

Prótacal (Uimh. 7)

i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis na Conarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach (1992)

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar an bhforáil seo a leanas a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis na Conarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach:

Ní dhéanfaidh aon ní sa Chonradh ar an Aontas Eorpach, sna Conarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach ná sna Conarthaí agus sna hIonstraimí ag leasú nó ag forlíonadh na gConarthaí sin aon difear d'Airteagal 40.3.3. de Bhunreacht na hÉireann do chur chun feidhme in Éirinn.

--------------------------------------------------

Prótacal (Uimh.8)

maidir le suímh institiúidí na gComhphobal Eorpach, suímh eagras agus ranna áirithe de chuid na gComhphobal Eorpach agus suíomh Europol a shocrú (1997)

TÁ IONADAITHE RIALTAIS NA MBALLSTÁT,

AG FÉACHAINT d'Airteagal 289 den Chonradh ag bunú an Chomhphobal Eorpaigh, d'Airteagal 77 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach agus d'Airteagal 189 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,

AG FÉACHAINT don Chonradh ar an Aontas Eorpach,

AG MEABHRÚ DÓIBH AGUS AG DEIMHNIÚ Chinneadh an 8 Aibreán 1965 agus gan dochar do na cinntí maidir le suíomh institiúidí, comhlachtaí agus ranna a bheidh ann amach anseo,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis na Conarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach:

Airteagal Aonair

(a) Beidh suíomh Pharlaimint na hEorpa in Strasbourg agus is ansin a thionólfar 12 tréimhse de sheisiúin iomlánacha mhíosúla, lena n-áirítear an seisiún buiséadach. Is sa Bhruiséil a thionólfar na tréimhsí de sheisiúin iomlánacha breise. Tiocfaidh Coistí Pharlaimint na hEorpa le chéile sa Bhruiséil. Fanfaidh Ardrúnaíocht Pharlaimint na hEorpa agus a cuid ranna i Lucsamburg.

(b) Beidh suíomh na Comhairle sa Bhruiséil. Tionólfar cruinnithe na Comhairle i Lucsamburg i rith Aibreáin, Meithimh agus Deireadh Fómhair.

(c) Beidh suíomh an Choimisiúin sa Bhruiséil. Beidh na ranna atá liostaithe in Airteagail 7, 8 agus 9 de Chinneadh an 8 Aibreán 1965 lonnaithe i Lucsamburg.

(d) Beidh suíomh na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Céadchéime i Lucsamburg.

(e) Beidh suíomh na Cúirte Iniúchóirí i Lucsamburg.

(f) Beidh suíomh an Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta sa Bhruiséil.

(g) Beidh suíomh Choiste na Réigiún sa Bhruiséil.

(h) Beidh suíomh an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta i Lucsamburg.

(i) Beidh suíomh na hInstitiúide Eorpaí Airgeadaíochta agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh in Frankfurt.

(j) Beidh suíomh na hOifige Eorpaí Póilíní (Europol) sa Háig.

--------------------------------------------------

Prótacal (Uimh.9)

maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach (1997)

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

AG MEABHRÚ DÓIBH go mbaineann an scrúdú a dhéanann na parlaimintí náisiúnta éagsúla ar a rialtas féin i ndáil le gníomhaíochtaí an Aontais le heagrúchán agus cleachtas bunreachtúil leithleach gach Ballstáit,

ÓS MIAN LEO, áfach, níos mó rannpháirteachais i ngníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh a chothú sna parlaimintí náisiúnta agus feabhas a chur ar a n-ábaltacht a ndearcadh a nochtadh ar ábhair a bhfuil suim ar leith acu iontu,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis na Conarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach:

I. Faisnéis le haghaidh pharlaimintí náisiúnta na mBallstát

1. Díreofar go pras gach doiciméad comhairliúcháin de chuid an Choimisiúin (páipéir ghlasa, páipéir bhána agus cumarsáidí) chuig parlaimintí náisiúnta na mBallstát.

2. Déanfar tograí ón gCoimisiún maidir le reachtaíocht, mar atá siad sainithe ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 207(3) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, a chur ar fáil in am trátha chun gur féidir le rialtas gach Ballstáit a áirithiú go bhfaigheann a pharlaimint náisiúnta iad mar is iomchuí.

3. Rachaidh tréimhse sé sheachtain in éag idir an dáta a chuirfidh an Coimisiún togra reachtach nó togra maidir le beart atá le glacadh faoi Theideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach ar fáil i ngach teanga do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle agus an dáta a chuirfear ar chlár oibre na Comhairle é le cinneadh a fháil ina leith maidir le gníomh a ghlacadh nó comhsheasamh a ghlacadh de bhun Airteagal 251 nó 252 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, faoi réir eisceachtaí ar fhorais phráinne, a sonrófar na cúiseanna atá leo sa ghníomh nó sa chomhsheasamh.

II. An Chomhdháil de na Coistí um Ghnóthaí Eorpacha

4. Féadfaidh an Chomhdháil de na Coistí um Ghnóthaí Eorpacha, dá ngairtear COSAC anseo feasta, arna bunú i bPáras ar an 16 agus an 17 Samhain 1989, aon rannchuidiú a mheasann sí is iomchuí a dhéanamh le haghaidh institiúidí an Aontais Eorpaigh, go háirithe ar bhonn dréacht-téacsanna dlí a chinnfidh ionadaithe rialtais na mBallstát de chomhthoil a dhíriú chuici ag féachaint don ábhar.

5. Féadfaidh COSAC aon togra nó tionscnamh reachtach a scrúdú i ndáil le limistéar saoirse, slándála agus ceartais a bhunú a bhféadfadh tionchar díreach a bheith aige ar chearta agus ar shaoirsí daoine aonair. Cuirfear Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon rannchuidiú arna dhéanamh ag COSAC faoin bpointe seo.

6. Féadfaidh COSAC aon rannchuidiú a mheasann sé is iomchuí maidir le gníomhaíochtaí reachtacha an Aontais, go háirithe maidir le prionsabal na coimhdeachta a chur chun feidhme, le limistéar saoirse, slándála agus ceartais agus le ceisteanna a bhaineann le cearta bunúsacha, a dhíriú chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

7. Aon rannchuidiú a dhéanfaidh COSAC, ní bheidh sé ina cheangal ar aon slí ar pharlaimintí náisiúnta ná ní dhéanfaidh sé réamhbhreith ar a seasamh.

--------------------------------------------------

Prótacal (Uimh. 10)

maidir le méadú an Aontais Eorpaigh (2001)

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis na Conarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach:

Airteagal 1

Aisghairm an Phrótacail maidir leis na hinstitiúidí

Aisghairtear leis seo an Prótacal maidir leis na hinstitiúidí agus ionchas ann do mhéadú an Aontais Eorpaigh atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis na Conarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach.

Airteagal 2

Forálacha a bhaineann le Parlaimint na hEorpa

1. Ar an 1 Eanáir 2004 agus le héifeacht ó thús théarma 2004-2009, cuirfear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre d'Airteagal 190(2) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus d'Airteagal 108(2) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach:

"Is mar a leanas a bheidh líon na n-ionadaithe a thoghfar i ngach Ballstát:

An Bheilg | 22 |

An Danmhairg | 13 |

An Ghearmáin | 99 |

An Ghréig | 22 |

An Spáinn | 50 |

An Fhrainc | 72 |

Éire | 12 |

An Iodáil | 72 |

Lucsamburg | 6 |

An Ísiltír | 25 |

An Ostair | 17 |

An Phortaingéil | 22 |

An Fhionlainn | 13 |

An tSualainn | 18 |

An Ríocht Aontaithe | 72" |

2. Faoi réir mhír 3, is ionann líon iomlán na n-ionadaithe i bParlaimint na hEorpa do théarma 2004-2009 agus líon na n-ionadaithe atá sonraithe in Airteagal 190(2) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus in Airteagal 108(2) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh móide líon na n-ionadaithe do na Ballstáit nua a thig ó na conarthaí aontachais arna síniú faoi cheann an 1 Eanáir 2004 ar a dhéanaí.

3. Más lú líon iomlán na gcomhaltaí dá dtagraítear i mír 2 ná 732, cuirfear ceartúchán pro rata i bhfeidhm ar líon na n-ionadaithe atá le toghadh i ngach Ballstát ionas go bhfuil an líon iomlán chomh gar agus is féidir le 732, gan a theacht ón gceartúchán sin gur mó líon na n-ionadaithe atá le toghadh i ngach Ballstát ná an líon dá bhforáiltear in Airteagal 190(2) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus in Airteagal 108(2) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach do théarma 1999-2004.

Glacfaidh an Chomhairle cinneadh chuige sin.

4. De mhaolú ar an dara mír d'Airteagal 189 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus ar an dara mír d'Airteagal 107 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, má thagann conarthaí aontachais i bhfeidhm tar éis an cinneadh ón gComhairle dá bhforáiltear sa dara fomhír de mhír 3 den Airteagal seo a bheith glactha, féadfaidh líon chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa dul thar 732 go sealadach ar feadh tréimhse feidhme an chinnidh sin. Cuirfear an ceartúchán céanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 3 den Airteagal seo i bhfeidhm maidir le líon na n-ionadaithe atá le toghadh sna Ballstáit i dtrácht.

Airteagal 3

Forálacha maidir le vótaí a ualú sa Chomhairle

1 [1]. (Aisghairthe)

2. Tráth gach aontachais, déanfar an tairseach dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 205(2) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus sa dara fomhír d'Airteagal 118 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach a ríomh ionas nach mó an tairseach le haghaidh tromlaigh cháilithe arna shonrú i vótaí ná an tairseach a thig ón tábla sa Dearbhú maidir leis an Aontas Eorpach a mhéadú atá curtha isteach in Ionstraim Chríochnaitheach na Comhdhála a ghlac Conradh Nice.

Airteagal 4

Forálacha a bhaineann leis an gCoimisiún

1 [2]. Ar an 1 Samhain 2004 agus le héifeacht ó dhul i mbun a dhualgas don chéad Choimisiún tar éis an dáta sin, cuirfear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 213(1) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus Airteagal 126(1) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach:

"1. Roghnófar comhaltaí an Choimisiúin de bharr a n-inniúlachta i gcoitinne agus ní bheidh a neamhspleáchas inchurtha in amhras.

Ní mór náisiúnach amháin as gach Ballstát a bheith ar an gCoimisiún.

Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil, líon chomhaltaí an Choimisiúin a athrú."

2. Nuair a bheidh 27 Ballstát ag an Aontas, cuirfear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 213(1) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus Airteagal 126(1) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach:

"1. Roghnófar comhaltaí an Choimisiúin de bharr a n-inniúlachta i gcoitinne agus ní bheidh a neamhspleáchas inchurtha in amhras.

Is lú líon chomhaltaí an Choimisiúin ná líon na mBallstát. Roghnófar comhaltaí an Choimisiúin de réir uainíochta ar bhonn phrionsabal an chomhionannais agus glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil, na socruithe chun an uainíocht sin a chur chun feidhme.

Socróidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil, líon chomhaltaí an Choimisiúin."

Beidh feidhm ag an leasú seo amhail ón dáta a rachaidh an chéad Choimisiún tar éis dháta aontachais an tseachtú Ballstát is fiche i mbun a dhualgas.

3. Glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil tar éis conradh aontachais an tseachtú Ballstát is fiche den Aontas a shíniú:

- líon chomhaltaí an Choimisiúin;

- na socruithe chun an uainíocht ar bhonn phrionsabal an chomhionannais a chur chun feidhme ina gcuimsítear na critéir agus na rialacha go léir is gá chun comhdhéanamh na gcoláistí leanúnacha a shocrú go huathoibríoch, ar bhonn na bprionsabal seo a leanas:

(a) cuirfear an chóir chomhionann cheannann chéanna ar na Ballstáit i dtaca leis an ord san am agus an ré ina mbeidh a náisiúnaigh mar chomhaltaí den Choimisiún a chinneadh; dá bhrí sin, ní fhéadfaidh an difríocht idir líon iomlán na dtéarmaí oifige arna sealbhú ag náisiúnaigh aon dá Bhallstát ar leith bheith níos mó ná téarma amháin;

(b) faoi réir fomhír (a), beidh gach coláiste leanúnach comhdhéanta ar dhóigh a léireoidh go sásúil raon déimeagrafach agus geografach Bhallstáit uile an Aontais.

4. Beidh ag aon Stát a aontaíonn don Aontas an ceart, tráth a aontachais, duine dá náisiúnaigh a bheith mar chomhalta den Choimisiúin go dtí go mbeidh feidhm ag mír 2.

[1] Mír arna haisghairm le hIonstraim Aontachais 2003.

[2] Mír arna leasú le hIonstraim Aontachais 2003.

--------------------------------------------------

Prótacal (Uimh. 11)

ar Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (1957)

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

ÓS MIAN LEO Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta dá bhforáiltear in Airteagal 266 den Chonradh a chinneadh,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear i gceangal leis an gConradh seo:

Airteagal 1

Comhdhéantar leis seo an Banc Eorpach Infheistíochta a bunaíodh le hAirteagal 266 den Chonradh (dá ngairtear an "Banc" anseo feasta); comhlíonfaidh sé a fheidhmeanna agus déanfaidh sé a ghníomhaíochtaí de réir fhorálacha an Chonartha seo agus an Reachta seo.

Cinnfidh Rialtais na mBallstát suíomh an Bhainc de thoil a chéile.

Airteagal 2

Sainítear le hAirteagal 267 den Chonradh an cúram a bheidh ar an mBanc.

Airteagal 3 [1]

I gcomhréir le hAirteagal 266 den Chonradh seo, is comhaltaí den Bhanc:

- Ríocht na Beilge,

- Poblacht na Seice,

- Ríocht na Danmhairge,

- Poblacht Chónaidhme na Gearmáine,

- Poblacht na hEastóine,

- an Phoblacht Heilléanach,

- Ríocht na Spáinne,

- Poblacht na Fraince,

- Éire,

- Poblacht na hIodáile,

- Poblacht na Cipire,

- Poblacht na Laitvia,

- Poblacht na Liotuáine,

- Ard-Diúcacht Lucsamburg,

- Poblacht na hUngáire,

- Poblacht Mhálta,

- Ríocht na hÍsiltíre,

- Poblacht na hOstaire,

- Poblacht na Polainne,

- Poblacht na Portaingéile,

- Poblacht na Slóivéine,

- Poblacht na Slóvaice,

- Poblacht na Fionlainne,

- Ríocht na Sualainne,

- Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann.

Airteagal 4

1 [2]. Is é is caipiteal don Bhanc EUR 163727670000, arna shuibscríobh ag na Ballstáit mar a leanas [***]:

An Ghearmáin | 26649532500 |

An Fhrainc | 26649532500 |

An Iodáil | 26649532500 |

An Ríocht Aontaithe | 26649532500 |

An Spáinn | 15989719500 |

An Bheilg | 7387065000 |

An Ísiltír | 7387065000 |

An tSualainn | 4900585500 |

An Danmhairg | 3740283000 |

An Ostair | 3666973500 |

An Pholainn | 3635030500 |

An Fhionlainn | 2106816000 |

An Ghréig | 2003725500 |

An Phortaingéil | 1291287000 |

Poblacht na Seice | 1212590000 |

An Ungáir | 1121583000 |

Éire | 935070000 |

An tSlóvaic | 408489500 |

An tSlóivéin | 379429000 |

An Liotuáin | 250852000 |

Lucsamburg | 187015500 |

An Chipir | 180747000 |

An Laitvia | 156192500 |

An Eastóin | 115172000 |

Málta | 73849000 |

Saineofar gurb é atá san aonad cuntais ná an euro atá bunaithe mar airgeadra aonair na mBallstát atá rannpháirteach sa tríú céim den Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta. Féadfaidh an Bord Gobharnóirí, ag gníomhú dó d'aon toil ar thogra ón mBord Stiúrthóirí, sainiú an aonaid cuntais a athrú.

Ní bheidh na Ballstáit faoi dhliteanas ach amháin go feadh méid a scaire den chaipiteal a suibscríobhadh agus nár íocadh.

2. Má ligtear isteach comhalta nua bhéarfaidh sin méadú ar an gcaipiteal suibscríofa i gcomhréir lena dtabharfaidh an comhalta nua de chaipiteal isteach.

3. Féadfaidh an Bord Gobharnóirí, ag gníomhú dó d'aon toil, a chinneadh go méadófar an caipiteal suibscríofa.

4. Ní féidir scair chomhalta sa chaipiteal suibscríofa a aistriú, a chur i ngeall ná a astú.

Airteagal 5

1. Íocfaidh na Ballstáit an caipiteal suibscríofa go feadh 5 % ar mheán na méideanna a shonraítear in Airteagal 4(1).

2. I gcás méadú a theacht ar an gcaipiteal suibscríofa, socróidh an Bord Gobharnóirí, ag gníomhú dó d'aon toil, an céatadán a bheidh le híoc agus modh a íoctha.

3. Féadfaidh an Bord Stiúrthóirí a cheangal go ndéanfar iarmhéid an chaipitil shuibscríofa a íoc, a mhéad is gá don Bhanc chun freastal dá oibleagáidí i leith lucht iasachtaí a thabhairt dó.

An íocaíocht a bheidh le déanamh amhlaidh ag gach Ballstát, beidh sí i gcomhréir lena scair den chaipiteal suibscríofa sna hairgid reatha a theastóidh ón mBanc chun freastal do na hoibleagáidí sin.

Airteagal 6

1. Féadfaidh an Bord Gobharnóirí, ag gníomhú dó trí thromlach cáilithe ar thogra ón mBord Stiúrthóirí, a chinneadh go dtabharfaidh na Ballstáit don Bhanc iasachtaí úsmhara speisialta má theastaíonn agus oiread is a theastóidh na hiasachtaí sin ón mBanc chun tionscadail shonracha a mhaoiniú agus go dtaispeánfaidh an Bord Stiúrthóirí nach féidir leis an mBanc na cistí is gá a fháil ar na margaí caipitil ar théarmaí is iomchuí do nádúr agus chuspóir na dtionscadal atá le maoiniú.

2. Ní fhéadfar glaoch ar iasachtaí speisialta go dtí tús an cheathrú bliain tar éis an Conradh seo a theacht i bhfeidhm. Ní rachaidh siad thar 400 milliún aonad cuntais san iomlán ná thar 100 milliún aonad cuntais sa bhliain.

3. Beidh téarma na n-iasachtaí speisialta i gcoibhneas le téarma na n-iasachtaí nó na ráthaíochtaí atá le tabhairt ag an mBanc trí bhíthin na n-iasachtaí speisialta; ní bheidh sé níos faide ná fiche bliain. Féadfaidh an Bord Gobharnóirí, ag gníomhú dó trí thromlach cáilithe ar thogra ón mBord Stiúrthóirí, a chinneadh go ndéanfar na hiasachtaí speisialta sin a aisíoc níos luaithe.

4. Íocfar ús de réir 4 % sa bhliain ar iasachtaí speisialta, mura gcinnfidh an Bord Gobharnóirí, ag cur treo agus leibhéal na rátaí úis ar na margaí caipitil san áireamh, ar a mhalairt sin de ráta a shocrú.

5. Tabharfaidh na Ballstáit iasachtaí speisialta i gcomhréir lena scair sa chaipiteal suibscríofa; déanfar an íocaíocht in airgead reatha náisiúnta laistigh de shé mhí ón uair a glaodh orthu.

6. I gcás an Banc a dhul faoi leachtú, ní aisíocfar iasachtaí speisialta ó Bhallstáit go dtí go mbeidh fiacha eile an Bhainc socraithe.

Airteagal 7

1. I gcás laghdú a theacht ar luach airgid reatha aon Bhallstáit i gcoibhneas leis an aonad cuntais a shainítear in Airteagal 4, déanfaidh an Stát sin an méid dá scair chaipitil a íocadh ina airgead reatha féin a choigeartú i gcomhréir leis an athrú ar an luach trí íocaíocht fhorlíontach a dhéanamh leis an mBanc.

2. I gcás méadú a theacht ar luach airgid reatha aon Bhallstáit i gcoibhneas leis an aonad cuntais a shainítear in Airteagal 4, déanfaidh an Banc an méid den scair chaipitil a d'íoc an Stát sin ina airgead reatha féin a choigeartú i gcomhréir leis an athrú ar an luach trí aisíocaíocht a dhéanamh leis an Stát sin.

3. Chun críche an Airteagail seo, is ionann luach airgid reatha Ballstáit i gcoibhneas leis an aonad cuntais a shainítear in Airteagal 4 agus an ráta sóinseála idir an t-aonad cuntais sin agus an t-airgead reatha sin arna bhunú ar rátaí an mhargaidh.

4. Féadfaidh an Bord Gobharnóirí, ag gníomhú dó d'aon toil ar thogra ón mBord Stiúrthóirí, leasú a dhéanamh ar an modh chun suimeanna a luaitear in aonaid chuntais a shóinseáil go hairgead reatha náisiúnta agus vice versa.

Féadfaidh sé freisin, ag gníomhú dó d'aon toil ar thogra ón mBord Stiúrthóirí, modhanna coigeartaithe an chaipitil dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo a shainiú; ní foláir na híocaíochtaí a bhaineann leis an gcoigeartú sin a dhéanamh uair sa bhliain ar a laghad.

Airteagal 8

Beidh an Banc á stiúradh agus á bhainistí ag Bord Gobharnóirí, Bord Stiúrthóirí agus Coiste Bainistíochta.

Airteagal 9

1. Is iad a bheidh ar an mBord Gobharnóirí na hAirí a bheidh ceaptha ag na Ballstáit.

2. Leagfaidh an Bord Gobharnóirí síos treoracha ginearálta do bheartas creidmheasa an Bhainc, go háirithe maidir leis na haidhmeanna atá le saothrú de réir mar a théann gnóthú an chómhargaidh ar aghaidh.

Féachfaidh an Bord Gobharnóirí chuige go gcuirfear na treoracha sin i ngníomh.

3. Ina theannta sin déanfaidh an Bord Gobharnóirí mar a leanas:

(a) cinnfidh sé an bhfuil an caipiteal suibscríofa le méadú de réir Airteagal 4(3) agus Airteagal 5(2);

(b) feidhmeoidh sé na cumhachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 6 maidir le hiasachtaí speisialta;

(c) feidhmeoidh sé na cumhachtaí dá bhforáiltear in Airteagail 11 agus 13 maidir le comhaltaí an Bhord Stiúrthóirí agus an Choiste Bainistíochta a cheapadh agus lena scor go héigeantach, mar aon leis na cumhachtaí a fhoráiltear sa dara fomhír d'Airteagal 13(1);

(d) údaróidh sé an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 18(1);

(e) formheasfaidh sé tuarascáil bhliantúil an Bhord Stiúrthóirí;

(f) formheasfaidh sé an clár comhardaithe bliantúil maille leis an gcuntas sochair agus dochair;

(g) feidhmeoidh sé na cumachtaí agus na feidhmeanna dá bhforáiltear in Airteagal 4, 7, 14, 17, 26 agus 27;

(h) formheasfaidh sé rialacha nós imeachta an Bhainc.

4. Faoi chuimsiú an Chonartha seo agus an Reachta seo, beidh an Bord Gobharnóirí inniúil ar aon chinntí a ghlacadh, ag gníomhú dó d'aon toil, a bhaineann le fionraí oibríochtaí an Bhainc agus, dá dtarlódh sin, lena leachtú.

Airteagal 10

Mura bhforáiltear a mhalairt sa Reacht seo, is trí thromlach dá chomhaltaí a dhéanfaidh an Bord Gobharnóirí cinntí. Ní mór an tromlach sin a bheith in ionannas le 50 % ar a laghad den chaipiteal suibscríofa. Is de réir fhorálacha Airteagal 205 den Chonradh seo a dhéanfaidh an Bord Gobharnóirí vótáil.

Airteagal 11

1. Is ag an mBord Stiúrthóirí amháin a bheidh cumhacht chun cinntí a ghlacadh maidir le hiasachtaí agus ráthaíochtaí a dheonú agus maidir le hiasachtaí a chruinniú; socróidh sé na rátaí úis ar iasachtaí a dheonófar agus an coimisiún ar ráthaíochtaí; féachfaidh sé chuige go bhfuil an Banc á rith mar is cuí; áiritheoidh sé go bhfuil an Banc á bhainistí de réir fhorálacha an Chonartha seo agus an Reachta seo agus de réir na dtreoracha ginearálta a leag an Bord Gobharnóirí síos.

I ndeireadh na bliana airgeadais, cuirfidh an Bord Stiúrthóirí tuarascáil faoi bhráid an Bhord Gobharnóirí agus foilseoidh sé í tar éis a formheasta.

2 [4]. Sé stiúrthóir is fiche agus sé mhalartach déag a bheidh ar an mBord Stiúrthóirí.

Déanfaidh an Bord Gobharnóirí na Stiúrthóirí a cheapadh go ceann cúig bliana, stiúrthóir amháin arna ainmniú ag gach Ballstát, agus stiúrthóir amháin arna ainmniú ag an gCoimisiún.

Déanfaidh an Bord Gobharnóirí na malartaigh a cheapadh go ceann cúig bliana mar a thaispeántar thíos:

- dhá mhalartach arna n-ainmniú ag Poblacht Chónaidhme na Gearmáine,

- dhá mhalartach arna n-ainmniú ag Poblacht na Fraince,

- dhá mhalartach arna n-ainmniú ag Poblacht na hIodáile,

- dhá mhalartach arna n-ainmniú ag Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann,

- malartach amháin arna ainmniú de thoil a chéile ag Ríocht na Spáinne agus ag Poblacht na Portaingéile,

- malartach amháin arna ainmniú de thoil a chéile ag Ríocht na Beilge, Ard-Diúcacht Lucsamburg agus ag Ríocht na hÍsiltíre,

- malartach amháin arna ainmniú de thoil a chéile ag Ríocht na Danmhairge, ag an bPoblacht Heilléanach agus ag Éirinn,

- malartach amháin arna ainmniú de thoil a chéile ag Poblacht na hOstaire, ag Poblacht na Fionlainne agus ag Ríocht na Sualainne,

- triúr malartach arna n-ainmniú de thoil a chéile ag Poblacht na Seice, Poblacht na hEastóine, Poblacht na Cipire, Poblacht na Laitvia, Poblacht na Liotuáine, Poblacht na hUngáire, Poblacht Mhálta, Poblacht na Polainne, Poblacht na Slóivéine agus Poblacht na Slóvaice,

- malartach amháin arna ainmniú ag an gCoimisiún.

Comhthoghfaidh an Bord Stiúrthóirí seisear saineolaithe gan ceart vótála: triúr mar chomhaltaí agus triúr mar mhalartaigh

Féadfar ceapacháin na stiúrthóirí agus na malartach a athnuachan.

Féadfaidh malartaigh bheith páirteach i gcruinnithe an Bhord Stiúrthóirí. Féadfaidh malartaigh a bheidh ainmnithe ag Stát, nó ag roinnt Stát de thoil a chéile, nó ag an gCoimisiún, ionad stiúrthóirí a bheidh ainmnithe ag an Stát sin nó ceann de na Stáit sin nó ag an gCoimisiún, faoi seach, a ghabháil. Ní bheidh ceart vótála ag malartaigh ach amháin i gcás iad a bheith ag gabháil ionad stiúrthóra nó stiúrthóirí nó tarmligean chun na críche sin a bheith acu de réir Airteagal 12(1).

Beidh Uachtarán an Choiste Bainistíochta nó, má bhíonn sé as láthair, duine dá Leas-Uachtaráin, i gceannas ar chruinnithe den Bhord Stiúrthóirí, ach ní vótálfaidh sé.

Roghnófar comhaltaí an Bhord Stiúrthóirí as daoine nach bhfuil a neamhspleáchas ná a ninniúlacht inchurtha in amhras; ní bheidh siad freagrach ach amháin don Bhanc.

3. Ní fhéadfaidh an Bord Gobharnóirí stiúrthóir a scor go héigeantach ach amháin sa chás nach bhfuil na coinníollacha is gá chun a dhualgais a dhéanamh á gcomhlíonadh aige a thuilleadh; ní foláir don Bhord gníomhú trí thromlach cáilithe.

Mura dtugtar formheas ar an tuarascáil bhliantúil, éireoidh an Bord Stiúrthóirí as oifig.

4. Aon fholúntas a tharlóidh trí bhás comhalta, nó trína éirí as oifig dá dheoin féin, nó trína éirí as go héigeantach, nó trí chomhaltaí d'éirí as d'aon bhuíon, líonfar é de réir mhír 2 den Airteagal seo. Ach amháin i gcás an Bord Stiúrthóirí ar fad a athrú, gabhfar ionad comhalta go ceann a bhfuil fágtha dá théarma oifige.

5. Cinnfidh an Bord Gobharnóirí an luach saothair do chomhaltaí an Bhord Stiúrthóirí. Leagfaidh an Bord Gobharnóirí síos, ag gníomhú dó d'aon toil, cad iad na gníomhaíochtaí nach luíonn le dualgais stiúrthóra nó mhalartaigh.

Airteagal 12

1. Beidh vóta amháin ag gach stiúrthóir ar an mBord Stiúrthóirí. Féadfaidh sé a vóta a tharmligean i ngach cás, ar an modh a leagfar sios le rialacha nós imeachta an Bhainc.

2 [5]. Mura bhforáiltear a mhalairt sa Reacht seo, is trí thromlach trian ar a laghad dá chomhaltaí atá i dteideal vótáil agus iad in ionannas le caoga faoin gcéad ar a laghad den chaipiteal suibscríofa a dhéanfaidh an Bord Stiúrthóirí cinntí. Do thromlach cáilithe is gá ocht vóta dhéag ina fhabhar agus seasca a hocht faoin gcéad den chaipiteal suibscríofa. Leagfar síos i rialacha nós imeachta an Bhainc an córam is gá chun gur bailí iad cinntí an Bhord Stiúrthóirí.

Airteagal 13

1 [6]. Beidh ar an gCoiste Bainistíochta Uachtarán agus ochtar Leas-Uachtarán arna gceapadh ag an mBord Gobharnóirí go ceann tréimhse sé bliana ar thogra ón mBord Stiúrthóirí. Féadfar na ceapacháin sin a athnuachan.

Féadfaidh an Bord Gobharnóirí, ag gníomhú dó d'aon toil, líon na gcomhaltaí ar an gCoiste Bainistíochta a athrú.

2. Ar thogra ón mBord Stiúrthóirí arna ghlacadh trí thromlach cáilithe, féadfaidh an Bord Gobharnóirí, ag gníomhú dó trí thromlach cáilithe freisin, comhalta den Choiste Bainistíochta a scor go héigeantach.

3. Beidh an Coiste Bainistíochta freagrach i ngnóthaí reatha an Bhainc, faoi údarás an Uachtaráin agus faoi mhaoirseacht an Bhord Stiúrthóirí.

Ullmhóidh sé cinntí an Bhord Stiúrthóirí, go háirithe cinntí i dtaobh iasachtaí a chruinniú agus i dtaobh iasachtaí agus ráthaíochtaí a dheonú; féachfaidh sé chuige go gcuirfear na cinntí sin i ngníomh.

4. Gníomhóidh an Coiste Bainistíochta trí thromlach ag tabhairt tuairimí dó ar thograí chun iasachtaí a chruinniú nó chun iasachtaí agus ráthaíochtaí a dheonú.

5. Cinnfidh an Bord Gobharnóirí luach saothair comhaltaí an Choiste Bainistíochta agus leagfaidh síos cad iad na gníomhaíochtaí nach luíonn lena ndualgais.

6. Feidhmeoidh an tUachtarán nó, mura féidir dó é, Leas-Uachtarán, ar son an Bhainc in ábhair dhlíthiúla agus in ábhair eile.

7. Beidh oifigigh agus fostaithe eile an Bhainc faoi údarás an Uachtaráin. Is é a fhostóidh agus a scoirfidh iad. Chun foireann a roghnú, cuirfear san áireamh ní hamháin cumas agus cáilíochtaí pearsanta ach ina theannta sin ionadaíocht chothromais náisiúnaigh na mBallstát.

8. Ní bheidh Coiste Bainistíochta agus foireann an Bhainc freagrach ach don Bhanc amháin agus beidh siad neamhspleách ar fad i gcomhlíonadh a ndualgas.

Airteagal 14

1. Déanfaidh Coiste ar a mbeidh trí chomhalta, arna gceapadh ag an mBord Gobharnóirí ar bhonn a n-inniúlachta, fíorú gach bliain gur seoladh oibríochtaí an Bhainc agus gur coimeádadh a leabhair ar mhodh cuí.

2. Daingneoidh an Coiste go bhfuil an clár comhardaithe agus an cuntas sochair agus dochair ag comhtheacht leis na cuntais agus go léiríonn siad go dílis staid an Bhainc i leith a shócmhainní agus a dhliteanas.

Airteagal 15

Déileálfaidh an Banc le gach Ballstát tríd an údarás a bheidh ceaptha ag an Stát sin. Ag seoladh a oibríochtaí airgeadais dó, rachaidh an Banc ar iontaoibh bhanc eisiúna an Bhallstáit atá i gceist nó institiúidí eile airgeadais a bheidh formheasta ag an Stát sin.

Airteagal 16

1. Comhoibreoidh an Banc le gach eagraíocht idirnáisiúnta atá gníomhach i réimeanna cosúil lena chuid féin.

2. Féachfaidh an Banc le comhtheagmhálacha cuí a bhunú ar mhaithe leis an gcomhoibriú le hinstitiúidí baincéireachta agus airgeadais sna tíortha a sroicheann a oibríochtaí chucu.

Airteagal 17

Arna iarraidh sin do Bhallstát nó don Choimisiún, nó uaidh féin, déanfaidh an Bord Gobharnóirí, de réir na gcoinníollacha céanna a bhain lena nglacadh, na treoracha a bheidh leagtha síos aige faoi Airteagal 9 den Reacht seo a léiriú nó a fhorlíonadh.

Airteagal 18

1. Faoi chuimsiú an chúraim atá leagtha amach in Airteagal 267 den Chonradh seo, deonóidh an Banc iasachtaí dá chomhaltaí nó do ghnóthais phríobháideacha nó phoiblí le haghaidh tionscadal infheistíochta a bheidh le cur in éifeacht i gcríocha Eorpacha Ballstát, sa mhéid nach bhfuil cistí le fáil ó fhoinsí eile ar théarmaí réasúnta.

Ach de mhaolú arna údarú ag an mBord Gobharnóirí, ag gníomhú dó d'aon toil ar thogra ón mBord Stiúrthóirí, féadfaidh an Banc iasachtaí a dheonú le haghaidh tionscadal infheistíochta a bheidh le cur in éifeacht, go hiomlán nó go páirteach, lasmuigh de chríocha Eorpacha Ballstát.

2. Chomh fada agus is féidir, ní dheonófar iasachtaí ach ar an gcoinníoll go n-úsáidfear foinsí eile airgeadais freisin.

3. Nuair a bheidh iasacht á deonú aige do ghnóthas nó do chomhlacht seachas Ballstát, cuirfidh an Banc de choinníoll leis an iasacht sin go bhfaighfear ráthaíocht ón mBallstát ar ina chríoch atá an tionscadal le cur in éifeacht nó go bhfaighfear ráthaíochtaí leormhaithe eile.

4. Féadfaidh an Banc iasachtaí a ráthú a thógfaidh gnóthais phoiblí nó phríobháideacha nó a thógfaidh comhlachtaí eile chun tionscadail dá bhforáiltear in Airteagal 267 den Chonradh seo a chur in éifeacht.

5. Ní mó ná 250 % dá chaipiteal suibscríofa, iomlán a mbeidh amuigh aon tráth áirithe d'iasachtaí agus de ráthaíochtaí ón mBanc.

6. Cosnóidh an Banc é féin in aghaidh fiontar malairte trí cibé clásail is cuí leis a chur isteach i gconarthaí le haghaidh iasachtaí agus ráthaíochtaí.

Airteagal 19

1. Déanfar na rátaí úis ar iasachtaí ón mBanc agus an coimisiún ar ráthaíochtaí a oiriúnú do na coinníollacha atá i dtreis ar mhargadh an chaipitil agus iad a ríomh ar dhóigh go gcuirfidh an t-ioncam astu ar chumas an Bhainc freastal dá oibleagáidí, a chaiteachais a ghlanadh agus cúlchiste a thiomargadh mar a fhoráiltear in Airteagal 24.

2. Ní dheonóidh an Banc aon laghdú ar rátaí úis. I gcás inar cosúil gur mhaith an rud é an t-ús a laghdú mar gheall ar an saghas tionscadail atá le maoiniú, féadfaidh an Ballstát atá i gceist nó gníomhaireacht éigin eile cabhair a thabhairt chun íoctha an úis, sa mhéid go luífidh sin le hAirteagal 87 den Chonradh seo.

Airteagal 20

Ina oibríochtaí i ndáil le hiasachtaí agus le ráthaíochtaí, urramóidh an Banc na prionsabail seo a leanas:

1. Féachfaidh sé chuige go n-úsáidfear a chistí ar an gcuma is réasúnaí is féidir ar mhaithe le leasanna an Chomhphobail.

Ní fhéadfaidh sé iasachtaí ná ráthaíochtaí a thabhairt ach amháin:

(a) más rud é, i gcás tionscadal atá á gcur in éifeacht ag gnóthais in earnáil an táirgthe, go bhfuil íocaíochtaí in aghaidh úis agus amúchta á gcumhdach as brabúis oibriúcháin nó, i gcásanna eile, trí oibleagáidí faoina ndeachaigh an Stát a bhfuil an tionscadal á chur in éifeacht ann nó ar mhodh éigin eile; agus

(b) más rud é go gcuidíonn feidhmiú an tionscadail le méadú ar an táirgiúlacht eacnamaíoch i gcoitinne agus go gcuireann sé gnóthu an chómhargaidh ar aghaidh.

2. Ní cead dó aon leas a fháil i ngnóthas ná aon fhreagracht a ghlacadh ina bhainistíocht, mura gá sin le go gcosnófaí cearta an Bhainc chun a áirithiú go bhfaighfear ar ais cistí a tugadh ar iasacht.

3. Féadfaidh sé a chuid éileamh a dhíol ar an margadh caipitil agus, chun na críche sin, féadfaidh sé a cheangal ar a fhéichiúnaithe bannaí nó urrúis eile a eisiúint.

4. Ní fhorchuirfidh an Banc ná na Ballstáit coinníollacha á cheangal cistí a fuarthas ar iasacht ón mBanc a chaitheamh i gcríoch Bhallstáit shonraithe.

5. Féadfaidh an Banc é a chur de choinníoll le hiasachtaí uaidh go ndéanfar socrú le haghaidh iarraidh idirnáisiúnta ar thairiscintí.

6. Ní mhaoineoidh an Banc, go hiomlán ná go páirteach, aon tionscadal a bhfuil cur ina choinne ag an mBallstát ar ina chríoch atá sé le cur in éifeacht.

Airteagal 21

1. Féadfar iarratais ar iasachtaí nó ar ráthaíochtaí a dhéanamh chun an Bhainc tríd an gCoimisiún nó tríd an mBallstát ar ina chríoch atá an tionscadal le cur in éifeacht. Féadfaidh gnóthas iarratas a dhéanamh freisin go díreach chun an Bhainc ar iasacht nó ar ráthaíocht.

2. Iarratais a dhéanfar tríd an gCoimisiún, cuirfear iad faoi bhráid an Bhallstáit ar ina chríoch atá an tionscadal le cur in éifeacht, d'fhonn tuairim a fháil. Iarratais a dhéanfar trí Bhallstát, cuirfear faoi bhráid an Choimisiúin iad le tuairim a fháil. Iarratais a dhéanfaidh gnóthas go díreach, cuirfear iad faoi bhráid an Bhallstáit lena mbaineann agus faoi bhráid an Choimisiúin.

Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann agus an Coimisiún a dtuairimí laistigh de dhá mhí. Mura bhfaighfear freagra laistigh den tréimhse sin, féadfaidh an Banc glacadh leis nach bhfuil aon chur i gcoinne an tionscadail.

3. Tabharfaidh an Bord Stiúrthóirí rialú ar iarratais chun iasachtaí nó ráthaíochtaí a fháil a chuirfidh an Coiste Bainistíochta faoina bhráid.

4. Scrúdóidh an Coiste Bainistíochta na hiarratais chun iasachtaí nó ráthaíochtaí a fháil a cuireadh faoina bhráid féachaint an gcomhlíonann siad forálacha an Reachta seo, go háirithe Airteagal 20. Má bhíonn an Coiste Bainistíochta i bhfabhar an iasacht nó an ráthaíocht a dheonú, cuirfidh sé an dréachtchonradh faoi bhráid an Bhord Stiúrthóirí. Féadfaidh an Coiste cibé coinníollacha is fíor-riachtanach leis a chur lena thuairim fhabhrach. Má bhíonn an Coiste Bainistíochta in aghaidh an iasacht nó an ráthaíocht a dheonú, cuirfidh sé na doiciméid iomchuí faoi bhráid an Bhord Stiúrthóirí mar aon lena thuairim.

5. Má thugann an Coiste Bainistíochta tuairim neamhfhabhrach, ní fhéadfaidh an Bord Stiúrthóirí an iasacht nó an ráthaíocht áirithe a dheonú mura gcinnfidh sé é sin d'aon toil.

6. Má thugann an Coimisiún tuairim neamhfhabhrach, ní fhéadfaidh an Bord Stiúrthóirí an iasacht nó an ráthaíocht áirithe a dheonú mura gcinnfidh sé é sin d'aon toil, gan an stiúrthóir a bheidh ainmnithe ag an gCoimisiún a bheith páirteach sa vótáil.

7. Má thugann an Coiste Bainistíochta agus an Coimisiún araon tuairim neamhfhabhrach, ní fhéadfaidh an Bord Stiúrthóirí an iasacht nó an ráthaíocht a dheonú.

Airteagal 22

1. Gheobhaidh an Banc ar iasacht ar na margaí caipitil idirnáisiúnta na cistí is gá chun a chúraimí a chomhlíonadh.

2. Féadfaidh an Banc iasachtaí a fháil ar mhargadh caipitil Ballstáit, de réir na bhforálacha dlíthiúla a bhaineann le heisiúintí inmheánacha nó, más rud é nach bhfuil aon fhorálacha dá leithéid sin i mBallstát, tar éis don Bhanc agus don Bhallstát áirithe dul i ndáil chomhairle le chéile agus teacht ar chomhaontú i dtaobh na hiasachta atá i gceist.

Ní fhéadfaidh na húdaráis inniúla sa Bhallstát áirithe sin a n-aontú a dhiúltú ach amháin nuair is baolach suaitheadh tromchúiseach a theacht ar mhargadh caipitil an Stáit sin.

Airteagal 23

1. Féadfaidh an Banc aon chistí dá chuid atá ar fáil agus nach bhfuil de dhíth air láithreach chun freastal dá oibleagáidí a úsáid mar a leanas:

(a) féadfaidh sé infheistiú ar na margaí airgid;

(b) féadfaidh sé, faoi réir fhorálacha Airteagal 20(2), urrúis a cheannach agus a dhíol arna n-eisiúint aige féin nó ag lucht iasachtaí a fháil uaidh;

(c) féadfaidh sé aon oibríochtaí eile airgeadais a bhfuil baint acu lena chuspóirí a dhéanamh.

2. Gan dochar d'fhorálacha Airteagal 25, ní dhéanfaidh an Banc, ag bainistí a infheistíochtaí dó, páirt a ghabháil in aon airbeatráiste airgid reatha nach gá go díreach chun a oibríochtaí iasachtúcháin a dhéanamh nó chun oibleagáidí a chomhlíonadh a d'éirigh as iasachtaí a thóg sé nó as ráthaíochtaí a thug sé.

3. Sna réimeanna atá faoi thrácht san Airteagal seo, gníomhóidh an Banc i gcomhaontacht le húdaráis inniúla nó le banc eisiúna an Bhallstáit atá i gceist.

Airteagal 24

1. Déanfar cúlchiste go feadh 10 % den chaipiteal suibscríofa a thiomargadh go comhleanúnach. Má bhíonn call leis mar gheall ar an staid ina bhfuil dliteanais an Bhainc, féadfaidh an Bord Stiúrthóirí cinneadh ar chúlchistí breise a chur ar bun. Go dtí go mbeidh an cúlchiste tiomargtha go hiomlán, cothófar é:

(a) le hús a fuarthas ar iasachtaí a dheonaigh an Banc as suimeanna is iníoctha ag na Ballstáit de bhun Airteagal 5,

(b) le hús a fuarthas ar iasachtaí a dheonaigh an Banc as cistí a fuarthas de thoradh aisíoc na n-iasachtaí dá dtagraítear i bhfomhír (a),

sa mhéid nach bhfuil an t-ioncam sin ag teastáil faoi chomhair oibleagáidí an Bhainc nó chun a chaiteachais a íoc.

2. Déanfar acmhainní an chúlchiste a infheistiú ar dhóigh go mbeidh siad ar fáil tráth ar bith faoi chomhair chuspóir an chiste.

Airteagal 25

1. Beidh teideal ag an mBanc gach tráth a shócmhainní in airgead reatha Ballstáit amháin a aistriú isteach in airgead reatha Ballstáit eile chun oibríochtaí airgeadais a chur i gcrích a fhreagraíonn don churam atá leagtha amach in Airteagal 267 den Chonradh seo, ag cur forálacha Airteagal 23 den Reacht seo san áireamh. Seachnóidh an Banc, oiread agus is féidir, aistriú dá leithéid sin, má bhíonn airgead tirim nó sócmhainní leachtacha aige san airgead reatha atá ag teastáil.

2. Ní fhéadfaidh an Banc a shócmhainní in airgead reatha Ballstáit a shóinseáil go hairgead reatha tríú tír, gan chomhaontú an Bhallstáit sin.

3. Féadfaidh an Banc úsáid a dhéanamh gan bhac den chuid sin dá chaipiteal atá íoctha in ór nó in airgead reatha insóinseáilte, agus d'aon airgead reatha a fuarthas ar iasacht ar mhargaí lasmuigh den Chomhphobal.

4. Gabhann na Ballstáit orthu féin go gcuirfidh siad ar fáil d'fhéichiúnaithe an Bhainc an t-airgead reatha is gá chun aisíoctha an chaipitil agus chun íoctha an úis ar iasachtaí nó an choimisiúin ar ráthaíochtaí arna dtabhairt ag an mBanc le haghaidh tionscadal atá le cur in éifeacht ina gcríoch.

Airteagal 26

Mura bhfreastalóidh Ballstát dá oibleagáidí mar chomhalta de dhroim an Reachta seo, agus go háirithe an oibleagáid chun a scair den chaipiteal suibscríofa a íoc, a iasachtaí speisialta a dheonú nó na hiasachtaí a fuair sé a sheirbhísiú, féadfar deonú iasachtaí nó ráthaíochtaí don Bhallstát sin nó dá náisiúnaigh a fhionraí le cinneadh ón mBord Gobharnóirí, ag gníomhú dó trí thromlach cáilithe.

Ní shaorfaidh an cinneadh sin an Stát ná a náisiúnaigh óna n-oibleagáidí i leith an Bhainc.

Airteagal 27

1. Má chinneann an Bord Gobharnóirí oibríochtaí an Bhainc a fhionraí, stadfaidh a ghníomhaíochtaí uile láithreach, ach amháin na cinn is gá chun a áirithiú go ndéanfar a shócmhainní a réadú, a chosaint agus a chaomhnú agus a dhliteanais a shocrú mar is cuí.

2. I gcás a leachtaithe, ceapfaidh an Bord Gobharnóirí na leachtaitheoirí agus tabharfaidh teagaisc dóibh chun an leachtú a chur in éifeacht.

Airteagal 28

1. I ngach ceann de na Ballstáit, beidh ag an mBanc an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge atá ar fáil faoina ndlíthe ag daoine dlítheanacha; féadfaidh sé, go háirithe, maoin shochorraithe nó maoin dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt agus féadfaidh sé bheith ina pháirtí in imeachtaí dlíthiúla.

[Feic freisin Airteagal 9(4) de Chonradh Amstardam arb é seo a leanas a théacs:

Beidh ag na Comhphobail Eorpacha, ar chríocha na mBallstát, na pribhléidí agus na díolúintí is gá chun a gcúraimí a chomhlíonadh, faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa Phrótacal dá dtagraítear i mír 5. Is mar an gcéanna a bheidh maidir leis an mBanc Ceannais Eorpach, leis an Institiúid Eorpach Airgeadaíochta agus leis an mBanc Eorpach Infheistíochta.]

2. Beidh maoin an Bhainc díolmhaithe ó fhoréileamh nó díshealbhú de chineál ar bith.

Airteagal 29

Aon díospóidí a tharlóidh idir an Banc ar thaobh amháin, agus a chreidiúnaithe, a fhéichiúnaithe nó duine ar bith eile ar an taobh eile, cinnfidh na cúirteanna náisiúnta inniúla iad, ach amháin mar a bhfuil dlínse tugtha don Chúirt Bhreithiúnais.

Beidh seoladh le haghaidh seirbheála i ngach Ballstát ag an mBanc. Féadfaidh sé áfach seoladh áirithe le haghaidh seirbheála a shonrú in aon chonradh nó socrú le haghaidh eadrána a fhoráil ann.

Ni fhéadfar sócmhainni agus maoin an Bhainc a astú ná iad a urghabháil trí fhorghníomhú ach amháin le cinneadh cúirte.

Airteagal 30

1. Féadfaidh an Bord Gobharnóirí, ag gníomhú dó d'aon toil, cinneadh Ciste Eorpach Infheistíochta a bhunú ag a mbeidh pearsanacht dhlítheanach agus uathriail airgeadais agus a mbeidh an Banc ina chomhalta-bhunaitheoir de.

2. Bunóidh an Bord Gobharnóirí Reacht an Choiste Eorpaigh Infheistíochta trí chinneadh d'aon toil. Saineoidh an Reacht go háirithe a chuspóirí, a struchtúr, a chaipiteal, a chomhaltas, a acmhainní airgeadais, a mhodhanna idirghabhála agus a shocruithe iniúchóireachta maille leis an ngaol idir orgáin an Bhainc agus orgáin an Chiste.

3. D'ainneoin fhorálacha Airteagal 20(2), beidh an Banc i dteideal bheith rannpháirteach i mbainistíocht an Chiste agus ranníocaíocht a dhéanamh i leith chaipiteal suibscríofa an Chiste go feadh méid arna shainiú ag an mBord Gobharnóirí, ag gníomhú dó d'aon toil.

4. Féadfaidh an Comhphobal Eorpach teacht chun bheith ina chomhalta den Chiste agus ranníocaíocht a dhéanamh i leith a chaipitil shuibscríofa. Féadfar cuireadh a thabhairt d'institiúidí airgeadais ar leas leo cuspóirí an Chiste teacht chun bheith ina gcomhaltaí.

5. Beidh an Prótacal ar phribhléidí agus díolúintí na gComhphobal Eorpach infheidhme ar an gCiste, ar chomhaltaí a orgán i gcomhlíonadh a ndualgas sa cháil sin dóibh agus ar a fhoireann.

Beidh an Ciste saortha ina theannta sin ó aon saghas cánachais nó aon mhuirir dá shamhail ar ócáid aon mhéadaithe ar a chaipiteal agus ó na foirmiúlachtaí éagsúla ab fhéidir a bheith ag baint leis na nithe sin sa Stát ina bhfuil suíomh an Chiste. Ar an gcuma chéanna, ní thiocfaidh aon mhuirear de dhíscaoileadh ná de leachtú an Chiste. Ar deireadh thiar, ní bheidh na gníomhaíochtaí de chuid an Chiste agus a orgán a dhéanfar de réir a Reachta inchurtha faoi aon cháin láimhdeachais.

Ar a shon sin, na díbhinní, na gnóthachain chaipitiúla nó saghsanna eile ioncaim a thig ón gCiste a mbeidh na comhaltaí, seachas an Comhphobal Eorpach agus an Banc, ina dteideal, fanfaidh siad faoi réir fhorálacha fioscacha na reachtaíochta is infheidhme.

6. Laistigh de na teorainneacha atá leagtha síos anseo thíos, beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais i ndíospóidí a bhaineann le bearta arna nglacadh ag orgáin an Chiste. Féadfaidh aon chomhalta den Chiste ina cháil mar chomhalta nó na Ballstáit imeachtaí i gcoinne bearta den sórt sin a thionscnamh faoi na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 230 den Chonradh.

Arna dhéanamh sa Róimh, an cúigiú lá is fiche de Mhárta sa bhliain míle naoi gcéad caoga a seacht.

[1] Airteagal arna leasú le Prótacal Uimh. 1 a ghabhann le hIonstraim Aontachais 2003. Féach an tAguisín ag deireadh an leabhair.

[2] Mír arna leasú le Prótacal Uimh. 1 a ghabhann le hIonstraim Aontachais 2003. Féach an tAguisín ag deireadh an leabhair.

[***] Is táscach iad na figiúirí do na Ballstáit nua agus tá siad bunaithe ar réamhaisnéis na sonraí do 2002 arna foilsiú ag Eurostat (New Cronos).

[4] Mír arna leasú le Prótacal Uimh. 1 a ghabhann le hIonstraim Aontachais 2003. Féach an tAguisín ag deireadh an leabhair.

[5] Mír arna leasú le Prótacal Uimh. 1 a ghabhann le hIonstraim Aontachais 2003.

[6] Mír arna leasú le Prótacal Uimh. 1 a ghabhann le hIonstraim Aontachais 2003.

--------------------------------------------------

Prótacal (Uimh. 12)

ar an Iodáil (1957)

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

ÓS MIAN LEO fadhbanna áirithe ar leith a bhaineann leis an Iodáil a réiteach,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh seo:

TÓGANN BALLSTÁIT AN CHOMHPHOBAIL

SUNTAS DE go bhfuil Rialtas na hIodáile ag gabháil do chlár deich mbliana d'fhorbraíocht eacnamaíoch atá ceaptha chun na míchothromaíochtaí i ngréasán eacnamaíoch na hIodáile a cheartú, go háirithe trí bhonneagar a chur ar fáil do na limistéir lagfhorbartha i nDeisceart na hIodáile agus ar oileáin na hIodáile agus trí phoist nua a chruthú d'fhonn an dífhostaíocht a dhíchur;

TUGANN SIAD CHUN CUIMHNE go bhfuil prionsabail agus cuspóirí chlár seo Rialtas na hIodáile breithnithe agus formheasta ag eagraíochtaí um chomhar idirnáisiúnta ar comhaltaí díobh na Ballstáit;

AITHNÍONN SIAD gurb é a gcomhleas é go mbainfí amach cuspóirí chlár na hIodáile;

COMHAONTAÍONN SIAD, chun cuidiú le Rialtas na hIodáile an cúram sin a thabhairt chun críche, ar a mholadh d'institiúidí an Chomhphobail leas a bhaint as na modhanna agus na nósanna imeachta go léir dá bhforáiltear sa Chonradh seo agus, go háirithe, úsáid iomchuí a dhéanamh d'acmhainní an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta agus Chiste Sóisialach na hEorpa;

IS É A dTUAIRIM gur chóir d'institiúidí an Chomhphobail, ag cur an Chonartha seo chun feidhme dóibh, aird a thabhairt ar an iarracht leanúnach atá le déanamh ag geilleagar na hIodáile sna blianta le teacht agus ar a mhéad is inmhianaithe go seachnófaí strusanna contúirteacha, go háirithe i gcomhardú na n-íocaíochtaí nó i leibhéal na fostaíochta, a d'fhéadfadh bheith ina mbaol d'fheidhmiú an Chonartha seo san Iodáil;

AITHNÍONN SIAD go mbeidh sé riachtanach, má chuirtear Airteagail 119 agus 120 chun feidhme, cúram a ghlacadh nach rachaidh aon bhearta dá n-éileofar ar Rialtas na hIodáile chun dochair do chomhlíonadh a chláir chun forbraíocht eacnamaíoch a chur chun cinn agus caighdeán maireachtála an phobail a ardú.

Arna dhéanamh sa Róimh, an cúigiú lá is fiche de Mhárta sa bhliain míle naoi gcéad caoga a seacht.

--------------------------------------------------

Prótacal (Uimh. 13)

ar earraí de thionscnamh tíortha áirithe a thig ó na tíortha sin agus a fhaigheann cóir speisialta arna n-allmhairiú isteach i gceann de na Ballstáit (1957)

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

ÓS MIAN LEO sainiú níos mionchruinne a dhéanamh ar fheidhmiú an Chonartha seo maidir le hearraí áirithe de thionscnamh tíortha áirithe a thig ó na tíortha sin agus a fhaigheann cóir speisialta arna n-allmhairiú isteach i mBallstát,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh seo:

1. Ní gá de bharr feidhmiú an Chonartha ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa aon athrú a dhéanamh maidir leis an gcóir chustaim is infheidhme ar an 1 Eanáir 1958 i gcás earraí is de thionscnamh Shuranam [*] nó Aintillí na hÍsiltíre [**] agus a thig ó na tíortha sin a allmhairiú isteach i dtíortha Benelux;

2. Earraí a allmhairítear isteach i mBallstát agus a thairbhíonn den chóir dá dtagraítear thuas, ní mheasfar iad a bheith i saorchúrsaíocht sa Stát sin de réir brí Airteagal 24 den Chonradh seo i gcás iad a athonnmhairiú go Ballstát eile.

3. Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eile na rialacha atá acu maidir leis an gcóir speisialta dá dtagraítear sa Phrótacal seo, mar aon le liosta de na hearraí atá i dteideal na córach sin.

Cuirfidh siad in iúl freisin don Choimisiún agus do na Ballstáit eile aon athruithe a dhéanfar ina dhiaidh sin ar na liostaí nó ar an gcóir sin.

4. Féachfaidh an Coimisiún chuige nach bhféadfaidh feidhmiú na rialacha seo dul chun dochair do Bhallstáit eile; chuige sin féadfaidh sé aon bhearta iomchuí a ghlacadh maidir le caidreamh idir na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Róimh, an cúigiú lá is fiche de Mhárta sa bhliain míle naoi gcéad caoga a seacht.

[*] Bhain forálacha Chuid a Ceathair den Chonradh le Suranam ón 1 Meán Fómhair 1962 go dtí an 16 Iúil 1976 de bhua ionstraime forlíontaí a thaisc Ríocht na hÍsiltíre ag comhlánú a hionstraime daingniúcháin.

[**] De bhua Airteagal 1 de Choinbhinsiún an 13 Samhain 1962, a d'athraigh an Conradh ag bunú Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO 150, 1.10.1964, lch. 2414), ní bhaineann an Prótacal a thuilleadh le hAintillí na hÍsiltíre.

--------------------------------------------------

Prótacal (Uimh. 14)

maidir le hallmhairiú isteach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa ar tháirgí peitriliam arna scagadh in Aintillí na hÍsiltíre [*] (1962)

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

ÓS MIAN LEO cruinneas a bheith ag baint leis na socruithe trádála is infheidhme maidir le hallmhairiú isteach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa ar tháirgí peitriliam arna scagadh in Aintillí na hÍsiltíre,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh seo:

Airteagal 1

Baineann an Prótacal seo leis na táirgí peitriliam faoi cheannteidil 27.10, 27.11, 27.12 (pairifín, céireacha peitriliam nó scealla agus iarmhair phairifíneacha) agus 27.14 in ainmníocht na Bruiséile a allmhairítear lena gcur in úsáid sna Ballstáit.

Airteagal 2

Gabhann na Ballstáit orthu féin go dtabharfar do tháirgí peitriliam arna scagadh in Aintillí na hÍsiltíre na buntáistí taraife a thig dá gcomhlachú leis an gComhphobal, faoi na coinníollacha dá bhforáiltear sa Phrótacal seo. Beidh feidhm leis na forálacha sin, cibé rialacha i dtaobh tionscnamh earraí a chuireann na Ballstáit chun feidhme.

Airteagal 3

1. Nuair a shonróidh an Coimisiún, ar iarratas ó Bhallstát nó uaidh féin, go bhfuil an t-allmhairiú isteach sa Chomhphobal ar tháirgí peitriliam arna scagadh in Aintillí na hÍsiltíre, faoin socrú dá bhforáiltear in Airteagal 2 thuas, ag tarraingt deacraí iarbhír ar mhargadh Ballstáit nó Ballstát cinnfidh sé go ndéanfaidh na Ballstáit lena mbaineann na dleachtanna custaim is inchurtha ar na hallmhairí sin a thabhairt isteach, a mhéadú nó a atabhairt isteach, a mhéid is gá agus don tréimhse is gá chun freagairt don chor sin. Ní fhéadfaidh rátaí na ndleachtanna custaim a thabharfar isteach, a mhéadófar nó a atabharfar isteach amhlaidh bheith níos mó ná rátaí na ndleachtanna custaim is infheidhme i leith tríú tíortha i gcás na dtáirgí céanna.

2. Féadfar na forálacha atá leagtha síos sa mhír roimhe seo a chur chun feidhme i ngach cás nuair a shroichfidh a n-allmhaireofar isteach sa Chomhphobal de tháirgí peitriliam arna scagadh in Aintillí na hÍsiltíre dhá mhilliún tonna méadrach sa bhliain.

3. Cuirfear i bhfios don Chomhairle na cinntí a ghlac an Coimisiún de bhua na míreanna roimhe seo, lena n-áirítear na cinntí a bhéarfadh go ndiúltófaí don iarratas ó Bhallstát. Féadfaidh an Chomhairle gníomhú ina leith ar iarratas ó gach Bhallstát agus féadfaidh sí i gcónaí iad a leasú nó iad a chúlghairm le cinneadh arna ghlacadh trí thromlach cáilithe.

Airteagal 4

1. Má mheasann Ballstát go bhfuil allmhairiú táirgí peitriliam arna scagadh in Aintillí na hÍsiltíre, go díreach nó trasna Ballstáit eile, faoin socrú dá bhforáiltear in Airteagal 2 thuas, ag tarraingt deacraí iarbhír ar a mhargadh agus gur gá gníomhú láithreach chun freagairt dóibh, féadfaidh sé a chinneadh uaidh féin ar dhleachtanna custaim a chur ar na hallmhairí sin nach mbeidh a rátaí níos mó ná rátaí na ndleachtanna custaim is infheidhme i leith tríú tíortha i gcás na dtáirgí céanna. Cuirfidh sé an cinneadh sin i bhfios don Choimisiún agus cinnfidh an Coimisiún laistigh de thréimse míosa cé acu a fhéadfar cloí leis na bearta a ghlac an Stát nó a dhlífear iad a leasú nó a chealú. Bainfidh forálacha Airteagal 3(3) le cinneadh sin an Choimisiúin.

2. I gcás a n-allmhaireofar de tháirgí peitriliam arna scagadh in Aintillí na hÍsiltíre, go díreach nó trasna Ballstáit eile faoin socrú dá bhforáiltear in Airteagal 2 thuas, isteach i mBallstát amháin nó níos mó de Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa a dhul, i rith bliana féilire, thar na tonnáistí a thaispeántar in Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal seo, measfar na bearta a bheadh le glacadh de bhun mhír 1 ag an mBallstát nó ag na Ballstáit sin don bhliain reatha a bheith ina mbearta bailí. Déanfaidh an Coimisiún, ar a bheith deimhin de gur sroicheadh na tonnáistí socraithe, na bearta a glacadh a thabhairt dá aire. Sa chás sin, ní chuirfidh na Ballstáit eile aon iarratas faoi bhráid na Comhairle.

Airteagal 5

Má chinneann an Chomhphobal ar shrianta cainníochtúla a chur chun feidhme ar allmhairiú táirgí peitriliam ó gach áit, féadfar na srianta sin a chur i bhfeidhm chomh maith ar allmhairiú na dtáirgí sin ó Aintillí na hÍsiltíre. I gcás den sórt sin déanfar cóir fhábhrach i gcomparáid le tríú tíortha a áirithiú d'Aintillí na hÍsiltíre.

Airteagal 6

1. Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoimisiún, na forálacha atá leagtha síos in Airteagail 2 go 5 a leasú, ar chomhshainiú tionscnaimh a ghlacadh i gcás na dtáirgí peitriliam ó thríú tíortha agus ó tíortha comhlachaithe nó ar chinntí a ghlacadh faoi chuimsiú comhbheartais tráchtála do na táirgí atá i gceist nó ar chomhbheartas fuinnimh a bhunú.

2. Ach, nuair a dhéanfar leasú amhlaidh, dlífear i ngach cás buntáistí coibhéiseacha a choinneáil ar bun i leith Aintillí na hÍsiltíre i bhfoirm iomchuí agus le haghaidh cainníocht nach lú ná dhá mhilliún go leith tonna méadrach de tháirgí peitriliam.

3. Féadfar oibleagáidí an Chomhphobail maidir leis na buntáistí coibhéiseacha atá luaite i mír 2 den Airteagal seo a chionroinnt, más gá sin, idir na tíortha, agus na tonnáistí a thaispeántar san Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal seo á gcur san áireamh.

Airteagal 7

Chun an Prótacal seo a chomhalladh, beidh de chúram ar an gCoimisiún faire a choimeád ar a mbeidh á n-allmhairiú isteach sna Ballstáit de tháirgí peitriliam arna scagadh in Aintillí na hÍsiltíre. Déanfaidh na Ballstáit gach faisnéis fhóinteach ina leith sin a chur in iúl don Choimisiún, a áiritheoidh go dtabharfar leathantas di, ar na modhanna riaracháin a mholann sé.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an tríú lá déag de Shamhain sa bhliain míle naoi gcéad seasca a dó.

[*] Arna chur isteach le hAirteagal 2 de Choinbhinsiún an 13 Samhain 1962 lenar leasaíodh an Conradh ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO 150, 1.10.1964).

--------------------------------------------------

Iarscríbhinn leis an bPrótacal

Chun go gcuirfear i ngníomh mír 2 d'Airteagal 4 den Phrótacal a bhaineann le hallmhairiú isteach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa ar tháirgí peitriliam arna scagadh in Aintillí na hÍsiltíre, tá na hArdpháirtithe Conarthacha tar éis a chinneadh go ndéanfar dhá mhilliún tonna méadrach de tháirgí peitriliam ó na hAintillí a chionroinnt mar a leanas idir na Ballstáit:

An Ghearmáin … | 625000 tonna méadrach |

Aontas Eacnamaíochta na Beilge-Lucsamburg … | 200000 tonna méadrach |

An Fhrainc … | 75000 tonna méadrach |

An Iodáil … | 100000 tonna méadrach |

An Ísiltír … | 1000000 tonna méadrach |

--------------------------------------------------

Prótacal [*] (Uimh. 15)

ar shocruithe speisialta don Ghraonlainn (1985)

Airteagal 1

1. An chóir a thugtar, ar a n-allmhairiú isteach sa Chomhphobal, do tháirgí atá faoi réir ag comheagraíocht an mhargaidh do tháirgí iascaireachta agus ar de thionscnamh na Graonlainne iad, beidh ar áireamh inti, gan dochar do shásra chomheagraíocht an mhargaidh, díolúine ó dhleachtanna custaim agus ó mhuirir chomhéifeachta agus saoirse ó shrianta cainníochtúla agus bearta comhéifeachta, más sásúil don Chomhphobal na deiseanna rochtana ar limistéir iascaireachta na Graonlainne a dheonófar don Chomhphobal de bhun comhaontú idir an Chomhphobal agus an t-údarás is freagrach as an nGraonlainn.

2. Na bearta uile a bhaineann leis na socruithe d'allmhairiú na dtáirgí sin, ar a n-áirítear iad siúd a bhaineann le glacadh na mbeart sin, glacfar iad de réir an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 37 den Chonradh ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa.

Airteagal 2

Cuirfidh an Coimisiún tograí faoi bhráid na Comhairle, a ghníomhóidh trí thromlach cáilithe, maidir leis na bearta idirthréimhseacha a mheasann sé is riachtanach, de bharr theacht i bhfeidhm na socruithe nua, i dtaca le caomhnú ceart a bhí sealbhaithe ag daoine idir nádúrtha agus dlítheanach sa tréimhse nuair a bhí an Ghraonlainn ina cuid den Chomhphobal agus le réiteach a dhéanamh maidir le cúnamh airgid a dheonaigh an Comhphobal don Ghraonlainn sa tréimhse sin.

[*] Foráiltear in Airteagal 3 de Chonradh na Graonlainne go ndéanfar an Prótacal seo, atá i gceangal leis an gConradh sin, a chur i gceangal leis an gConradh ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO L 29, 1.2.1985).

--------------------------------------------------

Prótacal (Uimh. 16)

maidir le maoin a fháil sa Danmhairg (1992)

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

ÓS MIAN LEO fadhbanna speisialta áirithe a bhaineann leis an Danmhairg a réiteach,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar an bhforáil seo a leanas a chuirfear i gceangal leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh:

D'ainneoin fhorálacha an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, féadfaidh an Danmhairg a cuid reachtaíochta atá ann cheana a choimeád ar bun maidir le háit chónaithe thánaisteach a fháil.

--------------------------------------------------

Prótacal (Uimh. 17)

maidir le hAirteagal 141 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (1992)

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar an bhforáil seo a leanas a chuirfear i gceangal leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh:

Chun críocha chur chun feidhme Airteagal 141, ní mheasfar mar phá sochair de bhun córas gairmiúil slándála sóisialta más féidir agus a mhéad is féidir iad a chur i leith tréimhsí fostaíochta roimh an 17 Bealtaine 1990, amach ó chás oibrithe nó a gcleithiúnaithe a bheidh tar éis caingean nó éileamh is comhionann léi a thionscnamh roimh an dáta sin de réir an dlí náisiúnta is infheidhme.

--------------------------------------------------

Prótacal (Uimh. 18)

maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Bhainc Cheannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh (1992)

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

ÓS MIAN LEO Reacht an Chórais Eorpaigh Bhainc Cheannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh dá bhforáiltear in Airteagal 8 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh a chinneadh,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear i gceangal leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh.

CAIBIDIL I

BUNÚ CEBC

Airteagal 1

An Córas Eorpach Bainc Cheannais

1.1. Bunófar an Córas Eorpach Bainc Cheannais (CEBC) agus an Banc Ceannais Eorpach (BCE) i gcomhréir le hAirteagal 8 den Chonradh seo; comhlíonfaidh siad a bhfeidhmeanna agus cuirfidh siad i gcrích a ngníomhaíochtaí i gcomhréir le forálacha an Chonartha seo agus an Reachta seo.

1.2. Comhdhéanfar CEBC, i gcomhréir le hAirteagal 107(1) den Chonradh seo, de BCE agus de bhainc cheannais na mBallstát ("bainc cheannais náisiúnta"). Is é banc ceannais Lucsamburg an Institut Monétaire Luxembourgeois.

CAIBIDIL II

CUSPÓIRÍ AGUS CÚRAIMÍ CEBC

Airteagal 2

Cuspóirí

I gcomhréir le hAirteagal 105(1) den Chonradh seo, beidh de chuspóir príomhúil ag CEBC cobhsaíocht phraghsanna a choimeád ar bun. Gan dochar do chuspóir na cobhsaíochta praghsanna, tacóidh sé leis na beartais ghinearálta eacnamaíocha sa Chomhphobal d'fhonn rannchuidiú le gnóthú chuspóirí an Chomhphobail mar atá siad leagtha síos in Airteagal 2 den Chonradh seo. Gníomhóidh CEBC i gcomhréir le prionsabal geilleagar margaidh oscailte le saoriomaíocht ar mhaithe le cionroinnt éifeachtach acmhainní agus na prionsabail atá leagtha amach in Airteagal 4 den Chonradh seo á n-urramú aige.

Airteagal 3

Cúraimí

3.1. I gcomhréir le hAirteagal 105(2) den Chonradh seo, is iad na bunchúraimí a chuirfear i gcrích trí CEBC:

- beartas airgeadaíochta an Chomhphobail a shainiú agus a chur chun feidhme;

- oibríochtaí um malairt eachtrach is comhchuí le forálacha Airteagal 111 den Chonradh seo a sheoladh;

- cúlchistí oifigiúla eachtracha na mBallstát a shealbhú agus a bhainisteoireacht;

- oibriú rianúil córais íocaíochta a chur ar aghaidh.

3.2. I gcomhréir le hAirteagal 105(3) den Chonradh seo, beidh an tríú fleasc de mhír 1 gan dochar do Rialtais Bhallstát iarmhéideanna oibre malairte eachtraí a shealbhú agus a bhainisteoireacht.

3.3. I gcomhréir le hAirteagal 105(5) den Chonradh seo, rannchuideoidh CEBC le seoladh rianúil beartas arna saothrú ag na húdaráis inniúla a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus le cobhsaíocht an chórais airgeadais.

Airteagal 4

Feidhmeanna comhairleacha

I gcomhréir le hAirteagal 105(4) den Chonradh seo:

(a) i dtaca le BCE:

- rachfar i gcomhairle leis maidir le haon ghníomh Comhphobail arna bheartú laistigh dá réimsí inniúlachta;

- faoi na teorainneacha agus na coinníollacha atá leagtha amach ag an gComhairle i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 42, rachaidh údaráis náisiúnta i gcomhairle le BCE maidir le haon dréachtfhoráil reachtaíochta laistigh dá réimsí inniúlachta;

(b) féadfaidh sé tuairimí ar ábhair laistigh dá réimsí inniúlachta a chur faoi bhráid na n-institiúidí nó na gcomhlachtaí Comhphobail iomchuí nó na n-údarás náisiúnta.

Airteagal 5

Faisnéis staidrimh a bhailiú

5.1. D'fhonn cúraimí CEBC a ghlacadh ar láimh, baileoidh BCE, le cúnamh ó na bainc cheannais náisiúnta, an fhaisnéis staidrimh is gá ó na húdaráis náisiúnta inniúla nó go díreach ó na gníomhairí eacnamaíocha. Chuige sin, comhoibreoidh sé le hinstitiúidí nó comhlachtaí Comhphobail, leis na húdaráis inniúla sna Ballstáit nó i dtríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta.

5.2. Cuirfidh na bainc cheannais náisiúnta i gcrích, a mhéad is féidir, na cúraimí atá tuairiscithe in Airteagal 5.1.

5.3. Rannchuideoidh BCE le comhchuibhiú, más gá, ar na rialacha agus ar na cleachtais a rialaíonn bailiú, tiomsú agus dáileadh staidrimh sna raonta faoina réimsí inniúlachta.

5.4. Déanfaidh an Chomhairle, i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 42, na daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá faoi réir oibleagáidí maidir le tuairisciú, an córas rúndachta agus na forálacha iomchuí um fhorghníomhú a shainiú.

Airteagal 6

Comhar idirnáisiúnta

6.1. I réimse an chomhair idirnáisiúnta maidir leis na cúraimí a chuirtear ar CEBC, cinnfidh BCE cad é mar a dhéanfar CEBC a ionadú.

6.2. Féadfaidh BCE agus, faoi réir a cheadaithe, na bainc cheannais náisiúnta a bheith rannpháirteach in institiúidí idirnáisiúnta airgeadaíochta.

6.3. Beidh forálacha Airteagail 6.1 agus 6.2 gan dochar d'fhorálacha Airteagal 111(4) den Chonradh seo.

CAIBIDIL III

EAGRÚCHÁN CEBC

Airteagal 7

Neamhspleáchas

I gcomhréir le hAirteagal 108 den Chonradh seo, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí agus i gcomhlíonadh na gcúraimí agus na ndualgas a chuirtear orthu sa Chonradh seo agus sa Reacht seo, ní fhéadfaidh BCE ná banc ceannais náisiúnta ná aon chomhalta dá gcomhlachtaí cinnteoireachta teagaisc a iarraidh ná a ghlacadh ó institiúidí ná comhlachtaí Comhphobail, ó aon Rialtas Ballstáit ná ó aon chomhlacht eile. Gabhfaidh institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail maille le Rialtais na mBallstát orthu féin an prionsabal sin a urramú agus gan a iarraidh tionchar a oibriú ar chomhaltaí chomhlachtaí cinnteoireachta BCE nó na mbanc ceannais náisiúnta i gcomhlíonadh a gcúraimí.

Airteagal 8

Prionsabal ginearálta

Is iad comhlachtaí cinnteoireachta BCE a rialóidh CEBC.

Airteagal 9

An Banc Ceannais Eorpach

9.1. Beidh ag BCE i gcomhréir le hAirteagal 107(2) den Chonradh seo pearsantacht dhlítheanach, agus beidh aige i ngach Ballstát an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge atá ar fáil ag daoine dlítheanacha faoina dhlí; féadfaidh sé go háirithe maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt agus bheith ina pháirtí in imeachtaí dlí.

9.2. Áiritheoidh BCE go ndéanfar na cúraimí atá curtha ar CEBC faoi Airteagal 105(2), (3) agus (5) den Chonradh seo a chur chun feidhme trína ghníomhaíochtaí féin de bhun an Reachta seo nó trí na bainc cheannais náisiúnta de bhun Airteagail 12.1 agus 14.

9.3. I gcomhréir le hAirteagal 107(3) den Chonradh seo, is iad an Chomhairle Rialaithe agus an Bord Feidhmiúcháin comhlachtaí cinnteoireachta BCE.

Airteagal 10

An Chomhairle Rialaithe

10.1. I gcomhréir le hAirteagal 112(1) den Chonradh seo, beidh ar an gComhairle Rialaithe comhaltaí an Bhord Feidhmiúcháin agus Gobharnóirí na mbanc ceannais náisiúnta.

10.2. Beidh vóta amháin ag gach comhalta den Chomhairle Rialaithe. Amhail ón dáta ar mó líon chomhaltaí na Comhairle Rialaithe ná 21, beidh vóta amháin ag gach comhalta den Bhord Feidhmiúcháin agus is ag 15 de líon na ngobharnóirí a bheidh ceart vótála. Déanfar na cearta vótála sin a shannadh de réir na huainíochta seo a leanas:

- amhail ón dáta ar mó líon na ngobharnóirí ná 15, go dtí go sroicheann sé 22, cionroinnfear na gobharnóirí ar dhá ghrúpa de réir an chéimnithe atá ag méid scair Bhallstát a mbainc ceannais náisiúnta san olltáirgeacht intíre chomhiomlán de réir margadhphraghsanna agus i lánchlár comhardaithe comhiomlán institiúidí airgeadais airgeadaíochta na mBallstát a bhfuil an euro glactha acu. Sannfar ualú 5/6 agus 1/6 faoi seach do na scaireanna san olltáirgeacht intíre chomhiomlán de réir margadhphraghsanna agus i lánchlár comhordaithe comhiomlán na n-institiúidí airgeadais airgeadaíochta. Beidh cúigear gobharnóir sa chéad ghrúpa agus beidh na gobharnóirí eile sa dara grúpa. Ní bheidh minicíocht chearta vótála na ngobharnóirí sa chéad ghrúpa níos ísle ná minicíocht chearta vótála na ngobharnóirí sa dara grúpa. Faoi réir na habairte sin roimhe seo, déanfar ceithre cheart vótála a shannadh don chéad ghrúpa agus aon cheart vótála déag a shannadh don dara grúpa;

- amhail ón dáta a shroichfidh líon na ngobharnóirí 22, cionroinnfear na gobharnóirí ar thrí ghrúpa de réir an céimnithe atá bunaithe ar na critéir thuas. Beidh cúigear gobharnóir sa chéad ghrúpa agus sannfar ceithre cheart vótála dó. Beidh leath an líon iomlán gobharnóirí sa dara grúpa, agus aon chodán á chothromú suas go dtí an tslánuimhir is gaire, agus sannfar ocht gceart vótála don ghrúpa sin. Beidh na gobharnóirí eile sa tríú grúpa agus sannfar trí cheart vótála dó;

- laistigh de gach grúpa, beidh a gcearta vótála ag na gobharnóirí go ceann tréimhsí comhionanna;

- chun na scaireanna san olltáirgeacht intíre chomhiomlán de réir margadhphraghsanna a ríomh, beidh feidhm ag Airteagal 29.2. Déanfar lánchlár comhardaithe comhiomlán na n-institiúidí airgeadais airgeadaíochta a ríomh i gcomhréir leis an gcreat staidrimh a bhfuil feidhm aige sa Chomhphobal Eorpach tráth an ríomha;

- aon uair a dhéantar an olltáirgeacht intíre chomhiomlán de réir margadhphraghsanna a choigeartú i gcomhréir le hAirteagal 29.3, nó aon uair a thagann méadú ar líon na ngobharnóirí, déanfar líon agus/nó comhdhéanamh na ngrúpaí a choigeartú i gcomhréir leis na prionsabail thuas;

- déanfaidh an Chomhairle Rialaithe, ag gníomhú di trí thromlach dhá thrian dá comhaltaí uile, bíodh ceart vótála acu nó ná bíodh, gach beart a ghlacadh is gá chun na prionsabail thuas a chur chun feidhme agus féadfaidh sí a chinneadh tús an chórais uainíochta a chur ar athló go dtí an dáta ar mó líon na ngobharnóirí ná 18.

Ní mór an ceart vótála a fheidhmiú go pearsanta. De mhaolú ar an riail sin, féadfar a leagan síos sna Rialacha Nós Imeachta dá dtagraítear in Airteagal 12.3 go bhféadfaidh comhaltaí den Chomhairle Rialaithe vótáil trí bhíthin teileachomhdhála. Forálfar freisin sna rialacha sin go bhféadfaidh comhalta den Chomhairle Rialaithe nach féidir dó ar feadh tréimhse fada freastal ar chruinnithe na Comhairle Rialaithe malartach a cheapadh chun a ionad a ghabháil mar chomhalta den Chomhairle Rialaithe.

Tá forálacha na míreanna sin roimhe seo gan dochar do chearta vótála chomhaltaí uile na Comhairle Rialaithe, bíodh ceart vótála acu nó ná bíodh, faoi Airteagail 10.3, 10.6 agus 41.2.

Mura bhforáiltear a mhalairt sa Reacht seo, gníomhóidh an Chomhairle Rialaithe trí thromlach simplí de na comhaltaí a bhfuil ceart vótála acu. I gcás comhionannais vótaí, is ag an Uachtarán a bheidh an vóta réitigh.

Chun go bhféadfaidh an Chomhairle Rialaithe vótáil, ní mór córam dhá thrian de na comhaltaí a bhfuil ceart vótála acu a bheith ann. Mura sroichfear an córam, féadfaidh an tUachtarán cruinniú urghnách a chomóradh ina bhféadfar cinntí a ghlacadh gan aird ar an gcóram.

10.3. Chun go nglacfar cinntí de bhun Airteagail 28, 29, 30, 32, 33 agus 51, déanfar na vótaí sa Chomhairle Rialaithe a ualú i gcomhréir le scaireanna na mbanc ceannais náisiúnta i gcaipiteal suibscríofa BCE. Is ionann agus nialas ualuithe vótaí chomhaltaí an Bhord Feidhmiúcháin. Déanfar cinneadh ar gá tromlach cáilithe chuige a ghlacadh má fhaigheann sé líon vótaí ina fhabhar is ionannas ar a laghad le dhá thrian de chaipiteal suibscríofa BCE agus is ionannas ar a laghad le leath na scairshealbhóirí. Mura féidir le Gobharnóir bheith i láthair, féadfaidh sé malartach a ainmniú chun a vóta ualaithe a chaitheamh.

10.4. Beidh imeachtaí na gcruinnithe faoi rún. Féadfaidh an Chomhairle Rialaithe toradh a pléití a phoibliú.

10.5. Tiocfaidh an Chomhairle Rialaithe le chéile ar a laghad deich n-uaire sa bhliain.

10.6. Féadfaidh an Chomhairle, ag teacht le chéile di i dtionól na gCeannairí Stáit nó Rialtais, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ó BCE agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoimisiún, nó ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus le BCE, forálacha Airteagal 10.2 a leasú. Molfaidh an Chomhairle na leasuithe sin do na Ballstáit lena nglacadh. Tiocfaidh na leasuithe sin i bhfeidhm ar na Ballstáit uile iad a dhaingniú i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

Is gá cinneadh ón gComhairle Rialaithe, ag gníomhú di d'aontoil, a bheith le moladh ó BCE de bhun na míre seo.

Airteagal 11

An Bord Feidhmiúcháin

11.1. I gcomhréir le hAirteagal 112(2)(a) den Chonradh seo, beidh ar an mBord Feidhmiúcháin an tUachtarán, an Leasuachtarán agus ceithre chomhalta eile.

Comhlíonfaidh na comhaltaí a gcuid dualgas go lánaimseartha. Ní ghabhfaidh aon chomhalta le haon slí bheatha, sochrach ná neamhshochrach, mura ndeonóidh an Chomhairle Rialaithe díolúine go heisceachtúil dó.

11.2. I gcomhréir le hAirteagal 112(2)(b) den Chonradh seo, déanfaidh Rialtais na mBallstát de thoil a chéile ar leibhéal na gCeannairí Stáit nó Rialtais, ar mholadh ón gComhairle agus tar éis di dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle Rialaithe, Uachtarán, Leasuachtarán agus comhaltaí eile an Bhord Feidhmiúcháin a cheapadh as measc daoine a bhfuil gradam agus taithí ghairmiúil aitheanta acu i réimsí airgeadaíochta nó baincéireachta.

Ocht mbliana a bheidh ina dtéarma oifige agus ní fhéadfar é a athnuachan.

Ní féidir a bheith ina gcomhaltaí den Bhord Feidhmiúcháin ach amháin náisiúnaigh de na Ballstáit.

11.3. Leagfar síos téarmaí agus coinníollacha fostaíochta chomhaltaí an Bhord Feidhmiúcháin, go háirithe a dtuarastail, a bpinsin agus a sochair slándála sóisialta eile i gconarthaí le BCE agus socróidh an Chomhairle Rialaithe iad ar thogra ó choiste ar a mbeidh trí chomhalta arna gceapadh ag an gComhairle Rialaithe agus trí chomhalta arna gceapadh ag an gComhairle. Ní bheidh ceart vótála ag comhaltaí an Bhord Feidhmiúcháin ar ábhair dá dtagraítear sa mhír seo.

11.4. Mura gcomhallfaidh comhalta den Bhord Feidhmiúcháin a thuilleadh na coinníollacha is gá chun a chuid dualgas a chomhlíonadh nó má bhí sé ciontach i mí-iompar tromchúiseach, féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais, ar iarratas ón gComhairle Rialaithe nó ón mBord Feidhmiúcháin, é a scor go héigeantach.

11.5. Beidh ceart vótála ag gach comhalta den Bhord Feidhmiúcháin a bheidh i láthair go pearsanta agus chuige sin beidh vóta amháin aige. Mura bhforáiltear a mhalairt, gníomhóidh an Bord Feidhmiúcháin trí thromlach simplí de na vótaí arna gcaitheamh. I gcás comhionannas vótaí, is ag an Uachtarán a bheidh an vóta réitigh. Sonrófar na socruithe vótála sna rialacha nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 12.3.

11.6. Beidh an Bord Feidhmiúcháin freagrach as gnó reatha BCE.

11.7. Déanfar aon fholúntas a tharlóidh ar an mBord Feidhmiúcháin a líonadh trí chomhalta nua a cheapadh i gcomhréir le forálacha Airteagal 11.2.

Airteagal 12

Freagrachtaí na gcomhlachtaí cinnteoireachta

12.1. Glacfaidh an Chomhairle Rialaithe na treoirlínte agus na cinntí is gá chun a áirithiú go gcomhlíontar na cúraimí a chuireann an Conradh seo agus an Reacht seo ar CEBC. Leagfaidh an Chomhairle Rialaithe síos beartas airgeadaíochta an Chomhphobail lena n-áirítear, más iomchuí, cinntí maidir le cuspóirí meánreatha airgeadaíochta, eochair-rátaí úis agus soláthar cúlchistí in CEBC agus cinnfidh sí na treoirlínte is gá lena gcur chun feidhme.

Cuirfidh an Bord Feidhmiúcháin an beartas airgeadaíochta chun feidhme i gcomhréir leis na treoirlínte agus na cinntí arna nglacadh ag an gComhairle Rialaithe. Tabharfaidh sé lena linn sin na teagaisc riachtanacha do bhainc cheannais náisiúnta. Ina theannta sin, féadfar cumhachtaí áirithe a tharmligean chuige má chinneann an Chomhairle Rialaithe amhlaidh.

A mhéad a mheastar is féidir agus is iomchuí agus gan dochar d'fhorálacha an Airteagail seo, rachaidh BCE ar iontaoibh na mbanc ceannais náisiúnta chun oibríochtaí is cuid de chúraimí CEBC a chur i gcrích.

12.2. Beidh an Bord Feidhmiúcháin freagrach as cruinnithe na Comhairle Rialaithe a ullmhú.

12.3. Glacfaidh an Chomhairle Rialaithe rialacha nós imeachta a chinnfidh eagrúchán inmheánach BCE agus a chuid comhlachtaí cinnteoireachta.

12.4. Is í an Chomhairle Rialaithe a fheidhmeoidh na feidhmeanna comhairleacha dá dtagraítear in Airteagal 4.

12.5. Is í an Chomhairle Rialaithe a ghlacfaidh na cinntí dá dtagraítear in Airteagal 6.

Airteagal 13

An tUachtarán

13.1. Is é an tUachtarán nó, má bhíonn sé as láthair, an Leasuachtarán a bheidh i gceannas ar Chomhairle Rialaithe agus ar Bhord Feidhmiúcháin BCE.

13.2. Gan dochar d'Airteagal 39, is é an tUachtarán nó a ainmnitheach a ionadóidh do BCE don saol mór.

Airteagal 14

Bainc cheannais náisiúnta

14.1. I gcomhréir le hAirteagal 109 den Chonradh seo, áiritheoidh gach Ballstát, roimh dháta CEBC a bhunú ar a dhéanaí, go bhfuil a chuid reachtaíochta náisiúnta, lena n-áirítear Reachtanna a bhainc cheannais náisiúnta, ag luí leis an gConradh seo agus leis an Reacht seo.

14.2. Leagfaidh Reachtanna na mbanc ceannais náisiúnta síos go háirithe nach lú ná cúig bliana téarma oifige Gobharnóir banc ceannais náisiúnta.

Ní fhéadfar a oifig a bhaint de Ghobharnóir ach amháin mura gcomhallann sé a thuilleadh na coinníollacha is gá chun a chuid dualgas a chomhlíonadh, nó má bhí sé ciontach i mí-iompar tromchúiseach. Féadfaidh an Gobharnóir i dtrácht nó an Chomhairle Rialaithe cinneadh chuige sin a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais, mar gheall ar sharú an Chonartha seo nó aon riail dlí a bhaineann lena chur chun feidhme. Déanfar imeachtaí den sórt sin a thionscnamh laistigh de dhá mhí ón uair a foilsíodh an cinneadh, nó a cuireadh in iúl don ghearánaí é nó, murar cuireadh, ón lá a fuair sé fios air, de réir mar a bheidh.

14.3. Is cuid dhílis de CEBC na bainc cheannais náisiúnta agus gníomhóidh siad i gcomhréir le treoirlínte agus teagaisc BCE. Glacfaidh an Chomhairle Rialaithe na bearta is gá chun comhlíonadh threoirlínte agus theagaisc BCE a áirithiú agus éileoidh sí gach eolas riachtanach a thabhairt di.

14.4. Féadfaidh bainc cheannais náisiúnta feidhmeanna seachas na feidhmeanna arna sonrú sa Reacht seo a chomhlíonadh mura gcinnfidh an Chomhairle Rialaithe, trí thromlach cáilithe dhá thrian de na vótaí arna gcaitheamh, go gcuireann na feidhmeanna sin isteach ar chuspóirí agus cúraimí CEBC. Comhlíonfar feidhmeanna den sórt sin ar fhreagracht agus dliteanas bainc cheannais náisiúnta agus ní mheasfar gur cuid d'fheidhmeanna CEBC iad.

Airteagal 15

Ceangaltais maidir le tuairisciú

15.1. Tarraingeoidh BCE suas agus foilseoidh sé tuarascálacha ar ghníomhaíochtaí CEBC uair sa ráithe ar a laghad.

15.2. Foilseofar ráiteas comhdhlúite airgeadais CEBC in aghaidh na seachtaine.

15.3. I gcomhréir le hAirteagal 113(3) den Chonradh seo, díreoidh BCE tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí CEBC agus ar bheartas airgeadaíochta na bliana roimhe sin agus na bliana reatha chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún, agus chuig an gComhairle Eorpach freisin.

15.4. Cuirfear na tuarascálacha agus na ráitis dá dtagraítear san Airteagal seo ar fáil saor in aisce do pháirtithe leasmhara.

Airteagal 16

Nótaí bainc

I gcomhréir le hAirteagal 106(1) den Chonradh seo, beidh ag an gComhairle Rialaithe an ceart eisiach chun eisiúint nótaí bainc laistigh den Chomhphobal a údarú. Féadfaidh BCE agus na bainc cheannais náisiúnta nótaí bainc den sórt sin a eisiúint. Is ag na nótaí bainc arna n-eisiúint ag BCE agus ag na bainc cheannais náisiúnta, agus ag nótaí bainc den sórt sin amháin, a bheidh an stádas dlíthairisceana laistigh den Chomhphobal.

Urramóidh BCE a mhéad is féidir cleachtais atá ann cheana maidir le heisiúint agus le dearadh nótaí bainc.

CAIBIDIL IV

FEIDHMEANNA AIRGEADAÍOCHTA AGUS OIBRÍOCHTAÍ CEBC

Airteagal 17

Cuntais le BCE agus leis na bainc cheannais náisiúnta

Chun a n-oibríochtaí a sheoladh, féadfaidh BCE agus na bainc cheannais náisiúnta cuntais a oscailt le haghaidh institiúidí creidmheasa, eagras poiblí agus rannpháirtithe eile sa mhargadh agus sócmhainní, lena n-áirítear urrúis i gcuntais reatha, a ghlacadh mar chomhthaobhacht.

Airteagal 18

Oibríochtaí margaidh oscailte agus creidmheasa

18.1. Chun cuspóirí CEBC a ghnóthú agus a chúraimí a chur i gcrích, féadfaidh BCE agus na bainc cheannais náisiúnta:

- oibriú ar na margaí airgeadais, trí cheannach nó díol thar barr amach (spotbheart agus réamhdhéileáil) nó trí chomhaontú athcheannaigh, trí éilimh agus ionstraimí indíolta a thabhairt agus a fháil ar iasacht, bídís in airgeadraí Comhphobail nó neamhchomhphobail, maille le miotail lómhara;

- oibríochtaí creidmheasa a sheoladh le hinstitiúidí creidmheasa agus le rannpháirtithe eile sa mhargadh, agus na hiasachtaí á mbunú ar bhonn comhthaobhachta leordhóthanaí.

18.2. Bunóidh BCE prionsabail ghinearálta maidir leis na hoibríochtaí margaidh oscailte agus creidmheasa a chuireann sé féin nó na bainc cheannais náisiúnta i gcrích; craolfaidh sé freisin na coinníollacha faoina mbeidh siad ullamh idirbhearta den sórt sin a dhéanamh.

Airteagal 19

Cúlchistí íosta

19.1. Faoi réir Airteagal 2, féadfaidh BCE a cheangal ar institiúidí creidmheasa arna mbunú i mBallstáit cúlchistí íosta a shealbhú ar cuntais le BCE agus le bainc cheannais náisiúnta chun cuspóirí beartas airgeadaíochta a shaothrú. Féadfaidh an Chomhairle Rialaithe rialacháin a bhunú maidir le háireamh agus le cinneadh na gcúlchistí íosta is gá. Mura gcomhlíonfar na rialacháin sin, beidh BCE i dteideal ús pionósach a thobhach agus smachtbhannaí eile a ghlacadh a bhfuil éifeacht inchomórtais leo.

19.2. D'fhonn an tAirteagal seo a chur chun feidhme, saineoidh an Chomhairle, i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 42, an bunús le haghaidh cúlchistí íosta agus na cóimheasa uasta is incheadaithe idir na cúlchistí sin agus an bunús atá leo, mar aon le smachtbhannaí iomchuí i gcás neamhchomhlíonadh.

Airteagal 20

Ionstraimí eile um rialú airgeadaíochta

Féadfaidh an Chomhairle Rialaithe a chinneadh, trí thromlach cáilithe dhá thrian de na vótaí arna gcaitheamh, dul ar iontaoibh pé modhanna oibríochtúla eile um rialú airgeadaíochta is cuí léi, agus Airteagal 2 á urramú aici.

Déanfaidh an Chomhairle, i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 42, raon feidhme modhanna den sórt sin a shainiú má fhorchuireann siad oibleagáidí ar thríú páirtithe.

Airteagal 21

Oibríochtaí le heagrais phoiblí

21.1. I gcomhréir le hAirteagal 101 den Chonradh seo, toirmiscfear ar BCE agus ar bhainc cheannais náisiúnta rótharraingtí nó aon saoráid chreidmheasa de shaghas ar bith eile a thabhairt i bhfabhar institiúidí nó comhlachtaí Comhphobail, Rialtais Láir, údarás réigiúnach nó áitiúil nó údarás poiblí eile, comhlachtaí eile arna rialú faoin dlí poiblí nó gnóthas poiblí sna Ballstáit, agus toirmiscfear freisin ar BCE nó ar bhainc cheannais náisiúnta ionstraimí fiachais a cheannach go díreach uathu.

21.2. Féadfaidh BCE agus bainc cheannais náisiúnta gníomhú amhail gníomhairí cánachais thar ceann na n-eagras dá dtagraítear i mír 1.

21.3. Ní bheidh forálacha an Airteagail seo infheidhme ar institiúidí creidmheasa ar úinéireacht phoiblí ar a gcuirfidh bainc cheannais náisiúnta agus BCE, i gcomhthéacs soláthar cúlchistí ó bhainc cheannais, an chóir chéanna a chuirtear ar institiúidí creidmheasa príobháideacha.

Airteagal 22

Córais imréitigh agus íocaíochta

Féadfaidh BCE agus bainc cheannais náisiúnta saoráidí a chur ar fáil, agus féadfaidh BCE rialacháin a dhéanamh, d'fhonn córais éifeachtúla, fhónta imréitigh agus íocaíochta a áirithiú laistigh den Chomhphobal agus le tíortha eile.

Airteagal 23

Oibríochtaí eachtracha

Féadfaidh BCE agus bainc cheannais náisiúnta:

- caidreamh a bhunú le bainc cheannais agus le hinstitiúidí airgeadais i dtíortha eile agus, más iomchuí, le heagraíochtaí idirnáisiúnta;

- gach saghas sócmhainní airgid eachtraigh agus miotal lómhar a fháil agus a dhíol trí spotbheart agus réamhdhéileáil; cuimseoidh an abairt "sócmhainn airgid eachtraigh" urrúis agus gach sócmhainn eile in airgeadra aon tíre nó in aonaid chuntais, is cuma cén fhoirm ina sealbhaítear iad;

- na sócmhainní dá dtagraítear san Airteagal seo a shealbhú agus a bhainisteoireacht;

- gach saghas idirbheart baincéireachta a sheoladh i ndáil le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta lena n-áirítear oibríochtaí chun iasachtaí a fháil agus a thabhairt.

Airteagal 24

Oibríochtaí eile

I dteannta le hoibríochtaí a eascraíonn óna gcúraimí, féadfaidh BCE agus bainc cheannais naísiúnta oibríochtaí a dhéanamh ar mhaithe lena gcríocha riarthacha nó ar mhaithe lena bhfoireann.

CAIBIDIL V

MAOIRSEACHT STUAMACHTA

Airteagal 25

Maoirseacht stuamachta

25.1. Féadfaidh BCE comhairle a thabhairt don Chomhairle, don Choimisiún agus d'údaráis inniúla na mBallstát agus féadfaidh siad dul i gcomhairle leis maidir le raon feidhme agus le cur chun feidhme reachtaíocht Chomhphobail a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus le cobhsaíocht an chórais airgeadais.

25.2. I gcomhréir le haon chinneadh ón gComhairle faoi Airteagal 105(6) den Chonradh seo, féadfaidh BCE cúraimí sonracha a chomhlíonadh i leith beartas a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais eile seachas gnóthais árachais.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA AIRGEADAIS CEBC

Airteagal 26

Cuntais airgeadais

26.1. Tosóidh bliain airgeadais BCE agus bainc cheannais náisiúnta ar an gcéad lá d'Eanáir agus críochnóidh sí ar an lá deiridh de Nollaig.

26.2. Tarraingeoidh an Bord Feidhmiúcháin suas cuntais bhliantúla BCE i gcomhréir leis na prionsabail arna mbunú ag an gComhairle Rialaithe. Formheasfaidh an Chomhairle Rialaithe na cuntais agus foilseofar dá éis sin iad.

26.3. Ar mhaithe le cuspóirí anailíseacha agus oibríochtúla, tarraingeoidh an Bord Feidhmiúcháin suas clár comhardaithe comhdhlúite CEBC a chuimseoidh sócmhainní agus dliteanais sin na mbanc ceannais náisiúnta a thig faoi CEBC.

26.4. Chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme, glacfaidh an Chomhairle Rialaithe na rialacha is gá chun cuntasaíocht agus tuairisciú oibríochtaí a bheidh gafa ar láimh ag na bainc cheannais náisiúnta a chaighdeánú.

Airteagal 27

Iniúchóireacht

27.1. Déanfaidh iniúchóirí seachtracha neamhspleácha arna moladh ag an gComhairle Rialaithe agus arna gceadú ag an gComhairle cuntais BCE agus cuntais bhainc cheannais náisiúnta a iniúchadh. Beidh lánchumhacht ag na hiniúchóirí leabhair agus cuntais uile BCE agus bainc cheannais náisiúnta a scrúdú agus gach eolas a fháil maidir lena n-idirbhearta.

27.2. Ní bheidh forálacha Airteagal 248 den Chonradh seo infheidhme ach amháin ar scrúdú maidir le héifeachtúlacht oibríochtúil bhainistíocht BCE.

Airteagal 28

Caipiteal BCE

28.1. Ar theacht chun bheith oibríochtúil arna bhunú do BCE, beidh ag BCE caipiteal ECU 5000 milliún. Féadfar an caipiteal a mhéadú pé méid a chinnfidh an Chomhairle Rialaithe ag gníomhú di tríd an tromlach cáilithe dá bhforáiltear in Airteagal 10.3, faoi na teorainneacha agus na coinníollacha arna socrú ag an gComhairle faoin nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 42.

28.2. Is iad na bainc cheannais náisiúnta amháin a shuibscríobhfaidh agus a shealbhóidh caipiteal BCE. Déanfar an caipiteal a shuibscríobh de réir an scála arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 29.

28.3. Cinnfidh an Chomhairle Rialaithe, ag gníomhú di tríd an tromlach cáilithe dá bhforáiltear in Airteagal 10.3, méid an chaipitil is iníoctha agus an fhoirm ina n-íocfar é.

28.4. Faoi réir Airteagal 28.5, ní fhéadfar scaireanna na mbanc ceannais náisiúnta i gcaipiteal suibscríofa BCE a aistriú, a chur i ngeall ná a astú.

28.5. Má choigeartaítear an scála dá dtagraítear in Airteagal 29, aistreoidh na bainc cheannais náisiúnta eatarthu féin scaireanna caipitil a mhéad is gá d'fhonn a áirithiú go bhfuil dáileadh na scaireanna caipitil sin i gcomhréir leis an scála coigeartaithe. Cinnfidh an Chomhairle Rialaithe téarmaí agus coinníollacha na n-aistrithe sin.

Airteagal 29

An scála le haghaidh shuibscríobh an chaipitil

29.1. Déanfar an scála le haghaidh shuibscríobh chaipiteal BCE a chinneadh arna mbunú do CEBC agus BCE i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 123(1) den Chonradh seo. Sannfar do gach banc ceannais náisiúnta ualú sa scála is ionann agus suim:

- 50 % de scair a Bhallstáit faoi seach i ndaonra an Chomhphobail sa bhliain leathdhéanach roimh CEBC a bhunú;

- 50 % de scair a Bhallstáit faoi seach in olltáirgeacht intíre an Chomhphobail de réir margadhphraghsanna mar a bheidh sí arna taifeadadh sna cúig bliana deiridh roimh an mbliain leathdhéanach roimh CEBC a bhunú.

Cothromófar na céatadáin suas don iolraí is gaire de 0.05 pointe céatadáin.

29.2. Déanfaidh an Coimisiún na sonraí staidrimh is gá do chur chun feidhme an Airteagail seo a chur ar fáil i gcomhréir leis na rialacha arna nglacadh ag an gComhairle faoin nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 42.

29.3. Déanfar na hualuithe arna sannadh do na bainc cheannais náisiúnta a choigeartú gach cúig bliana tar éis CEBC a bhunú de réir analaí leis na forálacha atá leagtha síos in Airteagal 29.1. Beidh an scála coigeartaithe infheidhme ón gcéad lá den bhliain ina dhiaidh sin.

29.4. Glacfaidh an Chomhairle Rialaithe gach beart eile is gá chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme.

Airteagal 30

Cúlsócmhainní eachtracha a aistriú chuig BCE

30.1. Gan dochar d'fhorálacha Airteagal 28, cuirfidh na bainc cheannais náisiúnta ar fáil do BCE cúlsócmhainní eachtracha seachas airgeadraí Ballstát, ECUanna, riochtaí chúlchistí an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) nó cearta speisialta tarraingthe (CST), go feadh suim is ionann agus ECU 50000 milliún. Cinnfidh an Chomhairle Rialaithe ar an gcionúireacht a bheidh le glaoch ag BCE ar mbunú dó ar chur chun feidhme an Reachta seo agus na suimeanna a ghlaofar níos déanaí. Beidh láncheart ag BCE na cúlchistí eachtracha a aistreofar chuige a shealbhú agus a bhainisteoireacht, agus iad a úsáid chun na gcríoch atá leagtha amach sa Reacht seo.

30.2. Socrófar ranníocaíochtaí gach banc ceannais náisiúnta i gcomhréir lena scair i gcaipiteal suibscríofa BCE.

30.3. Cuirfidh BCE chun sochair gach banc ceannais náisiúnta éileamh is ionann agus a ranníocaíocht. Cinnfidh an Chomhairle Rialaithe ainmníocht éileamh den sórt sin agus an íocaíocht ina leith.

30.4. Féadfaidh BCE cúlsócmhainní eachtracha breise a ghlaoch thar an teorainn atá socraithe in Airteagal 30.1, i gcomhréir le hAirteagal 30.2, faoi na teorainneacha agus na coinníollacha arna socrú ag an gComhairle i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 42.

30.5. Féadfaidh BCE suímh chúlchistí CAI agus CST a shealbhú agus a bhainisteoireacht agus socrú a dhéanamh le sócmhainní den sórt sin a chomhthiomsú.

30.6. Glacfaidh an Chomhairle Rialaithe gach beart eile is gá chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme.

Airteagal 31

Cúlsócmhainní eachtracha arna sealbhú ag bainc cheannais náisiúnta

31.1. Ceadófar do na bainc cheannais náisiúnta idirbhearta a chur i gcrích ar mhaithe lena n-oibleagáidí i leith eagraíochtaí idirnáisiúnta a chomhall i gcomhréir le hAirteagal 23.

31.2. Gach oibríocht eile maidir leis na cúlsócmhainní eachtracha a bheidh fós sna bainc cheannais náisiúnta tar éis na n-aistrithe dá dtagraítear in Airteagal 30, agus idirbhearta Ballstát lena sócmhainní eachtracha de chuid iarmhéideanna oibre malairte eachtraí, beidh siad, os cionn teorann a bhunófar faoi chuimsiú Airteagal 31.3, faoi réir cheadú BCE d'fhonn a áirithiú go mbeidh siad comhchuí le beartais ráta malairte agus airgeadaíochta an Chomhphobail.

31.3. Leagfaidh an Chomhairle Rialaithe síos treoirlínte chun oibríochtaí den sórt sin a éascú.

Airteagal 32

Cionroinnt ioncam airgeadaíochta bainc cheannais náisiúnta

32.1. Déanfar an t-ioncam a fhaibhreoidh do na bainc cheannais náisiúnta i gcomhlíonadh fheidhm bheartas airgeadaíochta CEBC (dá ngairtear "ioncam airgeadaíochta" anseo feasta) a chionroinnt ag deireadh gach bliain airgeadais i gcomhréir le forálacha an Airteagail seo.

32.2. Faoi réir Airteagal 32.3, is ionann méid ioncam airgeadaíochta gach banc ceannais náisiúnta agus an t-ioncam bliantúil a dhíorthóidh ó na sócmhainní arna sealbhú in aghaidh nótaí bainc i gcúrsaíocht agus dliteanais taisce i leith institiúidí creidmheasa. Cuirfidh bainc cheannais náisiúnta na sócmhainní sin in áirithe i gcomhréir le treoirlínte a ghlacfaidh an Chomhairle Rialaithe.

32.3. Más dóigh leis an gComhairle Rialaithe, tar éis thús an tríú céim, nach féidir Airteagal 32.2 a chur chun feidhme toisc struchtúir chlár comhardaithe na mbanc ceannais náisiúnta, féadfaidh an Chomhairle Rialaithe, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, a chinneadh go ndéanfar, de mhaolú ar Airteagal 32.2, an t-ioncam airgeadaíochta a áireamh de réir modha mhalartaigh go ceann tréimhse nach mó ná cúig bliana.

32.4. Laghdófar méid ioncam airgeadaíochta gach banc ceannais náisiúnta méid is ionann agus pé ús a bheidh íoctha ag an mbanc ceannais sin ar a chuid dliteanas taisce d'institiúidí creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 19.

Féadfaidh an Chomhairle Rialaithe a chinneadh go slánófar bainc cheannais náisiúnta in aghaidh costas a bheidh tabhaithe acu i ndáil le heisiúint nótaí bainc nó, in imthosca eisceachtúla, ar chaillteanais shonracha a eascraíonn ó oibríochtaí beartais airgeadaíochta a bheidh gafa ar láimh thar ceann CEBC. Beidh an slánú i bhfoirm a mheasfar is iomchuí de réir na Comhairle Rialaithe; féadfar na méideanna sin a fhritháireamh in aghaidh ioncam airgeadaíochta na mbanc ceannais náisiúnta.

32.5. Cionroinnfear suim ioncam airgeadaíochta na mbanc ceannais náisiúnta ar na bainc cheannais náisiúnta i gcoibhneas lena scaireanna íoctha i gcaipiteal BCE, faoi réir aon chinneadh arna ghlacadh ag an gComhairle Rialaithe de bhun Airteagal 33.2.

32.6. Cuirfidh BCE i gcrích imréiteach agus socrú na n-iarmhéideanna a thig as cionroinnt an ioncaim airgeadaíochta i gcomhréir leis na treoirlínte arna nglacadh ag an gComhairle Rialaithe.

32.7. Glacfaidh an Chomhairle Rialaithe gach beart eile is gá chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme.

Airteagal 33

Brabúis ghlana agus caillteanais ghlana BCE a chionroinnt

33.1. Aistreofar brabús glan BCE san ord seo a leanas:

(a) déanfar méid a chinnfidh an Chomhairle Rialaithe nach bhféadfaidh bheith níos mó ná 20 % den bhrabús glan a aistriú chuig an gcúlchiste ginearálta faoi réir teorann is ionann agus 100 % den chaipiteal;

(b) déanfar fuíoll an bhrabúis ghlain a dháileadh ar scairshealbhóirí BCE i gcoibhneas lena scaireanna íoctha.

33.2. I gcás BCE caillteanas a thabhú, féadfar an gannchion a fhritháireamh in aghaidh chúlchiste ginearálta BCE agus, más gá, tar éis cinneadh ón gComhairle Rialaithe, in aghaidh ioncam airgeadaíochta na bliana airgeadais ábhartha i gcoibhneas leis na méideanna arna gcionroinnt ar na bainc cheannais náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 32.5 agus gona bhfeadh.

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 34

Gníomhartha dlíthiúla

34.1. I gcomhréir le hAirteagal 110 den Chonradh seo, déanfaidh BCE:

- rialacháin a dhéanamh a mhéad is gá chun na cúraimí atá sainithe sa chéad fhleasc d'Airteagal 3.1, in Airteagail 19.1, 22 nó 25.2 a chur chun feidhme agus i gcásanna a leagfar síos i ngníomhartha na Comhairle dá dtagraítear in Airteagal 42;

- cinntí a ghlacadh is gá chun na cúraimí a chuirtear de chúram ar CEBC faoin gConradh seo agus faoin Reacht seo a chomhlíonadh;

- moltaí agus tuairimí a thabhairt.

34.2. Beidh feidhm ghinearálta ag rialachán. Beidh sé ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Ní bheidh aon bhrí cheangailteach le moltaí ná le tuairimí.

Beidh cinneadh ina cheangal go huile agus go hiomlán orthu siúd a ndíreofar chucu é.

Beidh Airteagail 253, 254 agus 256 den Chonradh seo infheidhme ar rialacháin agus ar chinntí arna nglacadh ag BCE.

Féadfaidh BCE a chinneadh a chinntí, a mholtaí agus a thuairimí a fhoilsiú.

34.3. Faoi na teorainneacha agus faoi na coinníollacha arna nglacadh ag an gComhairle faoin nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 42, beidh BCE i dteideal fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearradh ar ghnóthais mura gcomhlíonfar na hoibleagáidí faoina rialacháin agus faoina chinntí.

Airteagal 35

Léirmheas breithiúnach agus ábhair ghaolmhara

35.1. Féadfar gníomhartha nó neamhghníomhartha BCE a athbhreithniú agus a léiriú ag an gCúirt Bhreithiúnais sna cásanna agus faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa Chonradh seo. Féadfaidh BCE imeachtaí a thionscnamh sna cásanna agus faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa Chonradh seo.

35.2. Is iad na cúirteanna náisiúnta inniúla a chinnfidh díospóidí idir BCE, ar thaobh amháin, agus a chreidiúnaithe, a fhiachóirí nó aon duine eile, ar an taobh eile, ach amháin nuair atá dlínse tugtha don Chúirt Bhreithiúnais.

35.3. Beidh BCE faoi réir an chórais dliteanais dá bhforáiltear in Airteagal 288 den Chonradh seo. Beidh na bainc cheannais náisiúnta faoi dhliteanas de réir a ndlíthe náisiúnta faoi seach.

35.4. Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais chun breithiúnas a thabhairt de bhun aon chlásal eadrána atá in aon chonradh arna rialú ag an dlí poiblí nó ag an dlí príobháideach a thugann BCE i gcrích nó a thugtar i gcrích thar a cheann.

35.5. Is í an Chomhairle Rialaithe a ghlacfaidh cinneadh ó BCE maidir le caingean a thionscnamh os comhair na Cúirte Breithiúnais.

35.6. Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais i ndíospóidí a bhaineann le banc ceannais náisiúnta a chuid oibleagáidí a chomhall faoin Reacht seo. Má mheasann BCE go bhfuil mainnithe ag banc ceannais náisiúnta oibleagáid a chomhall faoin Reacht seo, tabharfaidh sé tuairim réasúnaithe ar an ábhar tar éis deis a thabhairt don bhanc ceannais náisiúnta i dtrácht a chuid barúlacha a thíolacadh. Mura ngéillfidh an banc ceannais náisiúnta don tuairim laistigh den tréimhse atá leagtha síos ag BCE, féadfaidh BCE an t-ábhar a thabhairt os comhair na Cúirte Breithiúnais.

Airteagal 36

Foireann

36.1. Leagfaidh an Chomhairle Rialaithe síos, ar thogra ón mBord Feidhmiúcháin, coinníollacha fostaíochta fhoireann BCE.

36.2. Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais in aon díospóid idir BCE agus a sheirbhísigh faoi na teorainneacha agus na coinníollacha atá leagtha síos sna coinníollacha fostaíochta.

Airteagal 37

Suíomh

Roimh dheireadh 1992, glacfaidh Rialtais na mBallstát de thoil a chéile ar leibhéal na gCeannairí Stáit nó Rialtais an cinneadh faoin áit ina lonnófar suíomh BCE.

Airteagal 38

Rúndacht ghairmiúil

38.1. Beidh de cheangal ar chomhaltaí chomhlachtaí rialaithe BCE agus ar fhoireann BCE agus na mbanc ceannais náisiúnta, fiú tar éis deireadh a theacht lena ndualgais, gan aon fhaisnéis a nochtadh is de shaghas atá faoi chumhdach oibleagáid na rúndachta gairmiúla.

38.2. Beidh daoine a mbeidh teacht acu ar shonraí atá faoi chumhdach reachtaíocht Chomhphobail a fhorchuireann oibleagáid rúndachta faoi réir reachtaíocht den sórt sin.

Airteagal 39

Sínitheoirí

Cuirfear BCE faoi dhliteanas dlíthiúil i leith tríú páirtithe ag an Uachtarán nó ag dhá chomhalta den Bhord Feidhmiúcháin nó ag síniú dhá chomhalta d'fhoireann BCE arna n-údarú go cuí ag an Uachtarán chun síniú thar ceann BCE.

Airteagal 40

Pribhléidí agus díolúintí

Beidh ag BCE ar chríocha na mBallstát na pribhléidí agus na díolúintí is gá chun a chúraimí a chomhlíonadh, faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa Phrótacal ar phribhléidí agus díolúintí na gComhphobal Eorpach.

CAIBIDIL VIII

LEASÚ AN REACHTA AGUS REACHTAÍOCHT FHORLÍONTACH

Airteagal 41

Nós imeachta leasaithe simplithe

41.1. I gcomhréir le hAirteagal 107(5) den Chonradh seo, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar mholadh ó BCE agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún nó ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le BCE, Airteagail 5.1, 5.2, 5.3, 17, 18, 19.1, 22, 23, 24, 26, 32.2, 32.3, 32.4, 32.6, 33.1(a) agus 36 den Reacht seo a leasú. I gceachtar den dá chás, is gá do Pharlaimint na hEorpa aontú.

41.2. Is gá cinneadh d'aon toil ón gComhairle Rialaithe chun BCE a dhéanamh moladh faoin Airteagal seo.

Airteagal 42

Reachtaíocht fhorlíontach

I gcomhréir le hAirteagal 107(6) den Chonradh seo, déanfaidh an Chomhairle, láithreach bonn tar éis cinneadh a ghlacadh ar dháta thús an tríú céim, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus le BCE nó ar mholadh ó BCE agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoimisiún, na forálacha dá dtagraítear in Airteagail 4, 5.4, 19.2, 20, 28.1, 29.2, 30.4 agus 34.3 den Reacht seo a ghlacadh.

CAIBIDIL IX

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS EILE DO CEBC

Airteagal 43

Forálacha ginearálta

43.1. Béarfaidh maolú dá dtagraítear in Airteagal 122(1) den Chonradh seo nach dtabharfaidh na hAirteagail seo a leanas den Reacht seo aon chearta don Bhallstát i dtrácht ná nach bhforchuirfidh siad aon oibleagáidí air: 3, 6, 9.2, 12.1, 14.3, 16, 18, 19, 20, 22, 23, 26.2, 27, 30, 31, 32, 33, 34, 50 agus 52.

43.2. Coinneoidh bainc cheannais Bhallstát go maolú mar atá sonraithe in Airteagal 122(1) den Chonradh seo a gcuid cumhachtaí i réimse an bheartais airgeadaíochta de réir an dlí náisiúnta.

43.3. I gcomhréir le hAirteagal 122(4) den Chonradh seo, tuigfear gur "Ballstáit gan mhaolú""Ballstáit" sna hAirteagail seo a leanas den Reacht seo: 3, 11.2, 19, 34.2 agus 50.

43.4. Tuigfear gur "bainc cheannais na mBallstát gan mhaolú""bainc cheannais náisiúnta" sna hAirteagail seo a leanas den Reacht seo: 9.2, 10.1, 10.3, 12.1, 16, 17, 18, 22, 23, 27, 30, 31, 32, 33.2 agus 52.

43.5. Tuigfear gur "bainc cheannais na mBallstát gan mhaolú""scairshealbhóirí" in Airteagail 10.3 agus 33.1.

43.6. Tuigfear gur "caipiteal BCE arna shuibscríobh ag bainc cheannais na mBallstát gan mhaolú""caipiteal suibscríofa BCE" in Airteagail 10.3 agus 30.2.

Airteagal 44

Cúraimí idirthréimhseacha BCE

Gabhfaidh BCE chuige na cúraimí sin de IEA nach foláir, de bhun maoluithe Ballstáit amháin nó níos mó, a chomhlíonadh fós sa tríú céim.

Tabharfaidh BCE comhairle in ullmhúcháin aisghairm na maoluithe atá sonraithe in Airteagal 122 den Chonradh seo.

Airteagal 45

Comhairle Ghinearálta BCE

45.1. Gan dochar d'Airteagal 107(3) den Chonradh seo, tionscnófar an Chomhairle Ghinearálta mar thríú comhlacht cinnteoireachta BCE.

45.2. Beidh ar an gComhairle Ghinearálta Uachtarán agus Leasuachtarán BCE agus Gobharnóirí na mbanc ceannais náisiúnta. Féadfaidh comhaltaí eile an Bhord Feidhmiúcháin bheith rannpháirteach i gcruinnithe na Comhairle Ginearálta, ach ní bheidh ceart vótála acu.

45.3. Tá freagrachtaí na Comhairle Ginearálta ina n-iomláine liostaithe in Airteagal 47.

Airteagal 46

Rialacha nós imeachta na Comhairle Ginearálta

46.1. An tUachtarán nó, mura féidir dó bheith i láthair, an Leasuachtarán a bheidh i gceannas ar Chomhairle Ghinearálta BCE.

46.2. Féadfaidh Uachtarán na Comhairle agus comhalta de chuid an Choimisiúin a bheith rannpháirteach i gcruinnithe na Comhairle Ginearálta, ach ní bheidh ceart vótála acu.

46.3. Ullmhóidh an tUachtarán cruinnithe na Comhairle Ginearálta.

46.4. De mhaolú ar Airteagal 12.3, glacfaidh an Chomhairle Ghinearálta a rialacha nós imeachta.

46.5. Soláthróidh BCE rúnaíocht na Comhairle Ginearálta.

Airteagal 47

Freagrachtaí na Comhairle Ginearálta

47.1. Déanfaidh an Chomhairle Ghinearálta:

- na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 44 a chomhlíonadh;

- rannchuidiú leis na feidhmeanna comhairleacha dá dtagraítear in Airteagal 4 agus 25.1.

47.2. Rannchuideoidh an Chomhairle Ghinearálta le:

- bailiú na faisnéise staidrimh dá dtagraítear in Airteagal 5;

- gníomhaíochtaí BCE maidir le tuairisciú dá dtagraítear in Airteagal 15;

- bunú na rialacha is gá chun Airteagal 26 a chur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 26.4;

- glacadh gach beart eile is gá chun Airteagal 29 a chur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 29.4;

- leagan síos choinníollacha fostaíochta fhoireann BCE dá dtagraítear in Airteagal 36.

47.3. Rannchuideoidh an Chomhairle Ghinearálta leis na hullmhúcháin is gá chun rátaí malairte airgeadraí na mBallstát go maolú a shocrú go neamh-inchúlghairthe in aghaidh airgeadraí, nó airgeadra aonair, na mBallstát gan mhaolú, dá dtagraítear in Airteagal 123(5) den Chonradh seo.

47.4. Cuirfidh Uachtarán BCE an Chomhairle Ghinearálta ar an eolas faoi chinntí na Comhairle Rialaithe.

Airteagal 48

Forálacha idirthréimhseacha maidir le caipiteal BCE

I gcomhréir le hAirteagal 29.1, sannfar ualú sa scála le haghaidh shuibscríobh chaipiteal BCE do gach banc ceannais náisiúnta. De mhaolú ar Airteagal 28.3, ní íocfaidh bainc cheannais Bhallstát go maolú a gcaipiteal suibscríofa mura gcinneann an Chomhairle Ghinearálta, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe a ionadaíonn do dhá thrian ar a laghad de chaipiteal suibscríofa BCE agus leath na scairshealbhóirí ar a laghad, go gcaithfear céatadán íosta a íoc mar ranníocaíocht le haghaidh chostais oibríochtúla BCE.

Airteagal 49

Íocaíocht iarchurtha chaipiteal, chúlchistí agus sholáthairtí BCE

49.1. Déanfaidh an banc ceannais Ballstáit a bhfuil a mhaolú aisghairthe a scair shuibscríofa de chaipiteal BCE a íoc go feadh an méid a bheidh íoctha ag bainc cheannais eile na mBallstát gan mhaolú, agus aistreoidh sé chuig BCE sócmhainní cúlchistí eachtracha i gcomhréir le hAirteagal 30.1. Cinnfear an tsuim atá le haistriú tríd an ECU-luach ag rátaí reatha malairte shócmhainní na gcúlchistí eachtracha a aistríodh cheana chuig BCE i gcomhréir le hAirteagal 30.1 a iolrú ar an gcóimheas idir líon na scaireanna arna suibscríobh ag an mbanc ceannais náisiúnta i dtrácht agus líon na scaireanna atá íoctha cheana ag na bainc cheannais náisiúnta eile.

49.2. I dteannta na híocaíochta a bheidh le déanamh i gcomhréir le 49.1, rannchuideoidh an banc ceannais i dtrácht le cúlchistí BCE, leis na soláthairtí sin is comhionann le cúlchistí, agus leis an méid a bheidh fós le leithghabháil leis na cúlchistí agus na soláthairtí i gcomhréir leis an gcomhardú sa chuntas brábúis agus caillteanais amhail ar an 31 Nollaig den bhliain roimh an maolú a aisghairm. Cinnfear an tsuim atá le rannchuidiú trí mhéid na gcúlchistí, mar atá sé sainithe thuas agus mar atá sé luaite i gclár comhardaithe formheasta BCE, a iolrú leis an gcóimheas idir líon na scaireanna arna suibscríobh ag an mbanc ceannais i dtrácht agus líon na scaireanna atá íoctha cheana ag na bainc cheannais eile.

49.3 [1]. Tráth tír amháin nó níos mó a theacht chun bheith ina mBallstáit agus a mbainc cheannais náisiúnta faoi seach a theacht chun bheith ina gcuid de CEBC, méadófar go huathoibríoch caipiteal suibscríofa BCE agus an teorainn ar mhéid na sócmhainní cúlchistí eachtracha is féidir a aistriú chuig BCE. Cinnfear an méadú trí na méideanna faoi seach atá ann an tráth sin a iolrú ar an gcóimheas, laistigh den scála caipitil arna fhairsingiú, idir ualú na mbanc ceannais náisiúnta i dtrácht atá ag teacht isteach agus ualú na mbanc ceannais náisiúnta is comhaltaí de CEBC cheana. Déanfar ualú gach banc ceannais náisiúnta sa scála caipitil a ríomh de réir analaí le hAirteagal 29.1 agus i gcomhlíonadh Airteagal 29.2. Beidh na tréimhsí tagartha a úsáidfear do na sonraí staidrimh comhionann leis na tréimhsí tagartha arna gcur i bhfeidhm don choigeartú cúigbhliantúil is déanaí ar na hualuithe faoi Airteagal 29.3.

Airteagal 50

Céadcheapachán chomhaltaí an Bhord Feidhmiúcháin

Nuair a bheifear ag bunú Bhord Feidhmiúcháin BCE, déanfaidh Rialtais na mBallstát, de thoil a chéile ar leibhéal na gCeannairí Stáit nó Rialtais, Uachtarán, Leasuachtarán agus comhaltaí eile an Bhord Feidhmiúcháin a cheapadh, ar mholadh ón gComhairle agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus le Comhairle IEA. Ceapfar Uachtarán an Bhord Feidhmiúcháin go ceann ocht mbliana. De mhaolú ar Airteagal 11.2, ceapfar an Leasuachtarán go ceann ceithre bliana agus comhaltaí eile an Bhord Feidhmiúcháin do théarmaí oifige idir cúig bliana agus ocht mbliana. Ní fhéadfar aon téarma oifige a athnuachan. Féadfar gur lú líon chomhaltaí an Bhord Feidhmiúcháin ná mar a fhoráiltear in Airteagal 11.1, ach gan bheith níos lú ná ceathrar in imthosca ar bith.

Airteagal 51

Maolú ar Airteagal 32

51.1. Má chinneann an Chomhairle Rialaithe, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, tar éis thús an tríú céim, go leanann athruithe sonraíocha ar riochtaí coibhneasta ioncaim bhainc cheannais náisiúnta as cur chun feidhme Airteagal 32, déanfar méid an ioncaim a bheidh le cionroinnt de bhun Airteagal 32 a laghdú céatadán comhionann nach mbeidh níos mó ná 60 % sa chéad bhliain airgeadais tar éis thús an tríú céim den aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta agus a laghdófar dhá phointe dhéag céatadáin ar a laghad gach bliain airgeadais ina dhiaidh sin.

51.2. Beidh Airteagal 51.1 infheidhme ar feadh cúig bliana iomlána airgeadais ar a mhéad tar éis thús an tríú céim.

Airteagal 52

Malartú nótaí bainc in airgeadraí an Chomhphobail

Tar éis na rátaí malairte a shocrú go neamh-inchúlghairthe, glacfaidh an Chomhairle Rialaithe na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfaidh na bainc cheannais náisiúnta nótaí bainc arna n-ainmniú in airgeadraí le rátaí malairte atá socraithe go neamh-inchúlghairthe a mhalartú ar a luachanna pair faoi seach.

Airteagal 53

Infheidhmeacht na bhforálacha idirthréimhseacha

Má tá agus fad atá Ballstáit go maolú ann, beidh Airteagail 43 go 48 go huile infheidhme.

[1] Mír arna cur isteach le Prótacal Uimh. 1 a ghabhann le hIonstraim Aontachais 2003.

--------------------------------------------------

Prótacal (Uimh. 19)

maidir le Reacht na hInstitiúide Eorpaí Airgeadaíochta (1992)

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

ÓS MIAN LEO Reacht na hInstitiúide Eorpaí Airgeadaíochta a chinneadh,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear i gceangal leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh.

Airteagal 1

Bunú agus ainm

1.1. Bunófar an Institiúid Eorpach Airgeadaíochta (IEA) i gcomhréir le hAirteagal 117 den Chonradh seo; comhlíonfaidh sí a feidhmeanna agus cuirfidh sí i gcrích a gníomhaíochtaí i gcomhréir le forálacha an Chonartha seo agus an Reachta seo.

1.2. Is iad bainc cheannais na mBallstát ("bainc cheannais náisiúnta") comhaltaí IEA. Chun críocha an Reachta seo, measfar gur banc ceannais Lucsamburg an Institut Monétaire Luxembourgeois.

1.3. De bhun Airteagal 117 den Chonradh seo, díscaoilfear an Coiste Gobharnóirí agus an Ciste Eorpach um Chomhar Airgeadaíochta (CECA). Rachaidh sócmhainní agus dliteanais CECA ar aghaidh go huathoibríoch agus ina n-iomláine chuig IEA.

Airteagal 2

Cuspóirí

Rannchuideoidh IEA le gnóthú na gcoinníollacha is gá chun trasdul chuig an tríú céim den Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta, go háirithe:

- trí chomhordú na mbeartas airgeadaíochta a neartú d'fhonn cobhsaíocht phraghsanna a áirithiú;

- trí na hullmhúcháin is gá chun Córas Eorpach Bainc Cheannais (CEBC) a bhunú, agus chun beartas aonair airgeadaíochta a sheoladh maille le hairgeadra aonair a chruthú sa tríú céim;

- trí fhorbairt an ECU a mhaoirsiú.

Airteagal 3

Prionsabail ghinearálta

3.1. Comhlíonfaidh IEA na dualgais agus na feidhmeanna a thugtar di sa Chonradh seo agus sa Reacht seo gan dochar d'fhreagracht na n-údarás inniúil as seoladh an bheartais airgeadaíochta laistigh de na Ballstáit faoi seach.

3.2. Gníomhóidh IEA i gcomhréir leis na cuspóirí agus na prionsabail atá sonraithe in Airteagal 2 de Reacht CEBC.

Airteagal 4

Cúraimí príomhúla

4.1. I gcomhréir le hAirteagal 117(2) den Chonradh seo, déanfaidh IEA:

- an comhar idir na bainc cheannais náisiúnta a neartú;

- comhordú bheartais airgeadaíochta na mBallstát a neartú ar mhaithe le cobhsaíocht phraghsanna a áirithiú;

- faireachán a dhéanamh ar oibriú an Chórais Eorpaigh Airgeadaíochta (CEA);

- comhairliúcháin a chur ar siúl maidir le saincheisteanna a thig faoi inniúlacht na mbanc ceannais náisiúnta agus a dhéanann difear do chobhsaíocht institiúidí agus margaí airgeadais;

- cúraimí CECA a ghabháil chuici féin; comhlíonfaidh sí go háirithe na feidhmeanna dá dtagraítear in Airteagail 6.1, 6.2 agus 6.3;

- úsáid an ECU a éascú, agus a fhorbairt a mhaoirsiú, lena n-áirítear oibriú rianúil chóras imréitigh an ECU.

I dtaca le IEA freisin:

- cuirfidh sí comhairliúcháin thráthrialta ar siúl maidir le cúrsa beartais airgeadaíochta agus le húsáid ionstraimí beartas airgeadaíochta;

- rachaidh na húdaráis airgeadaíochta náisiúnta i gcomhairle léi de ghnáth sula nglacfaidh siad cinntí ar chúrsa an bheartais airgeadaíochta i gcomhthéacs an chreata choitinn do chomhordú ex ante.

4.2. Ar an 31 Nollaig 1996 ar a dhéanaí, sonróidh IEA an creat rialúcháin, eagrúcháin agus loighistiúil is gá do CEBC chun a chúraimí sa tríú céim a chomhlíonadh i gcomhréir le prionsabal geilleagar margaidh oscailte le saoriomaíocht. Cuirfidh Comhairle IEA an creat sin faoi bhráid chinneadh BCE ar dháta a bhunaithe.

I gcomhréir le hAirteagal 117(3) den Chonradh seo, déanfaidh IEA go háirithe:

- na hionstraimí agus na nósanna imeachta a ullmhú is gá do bheartas aonair airgeadaíochta a chur i gcrích sa tríú céim;

- comhchuibhiú a chur ar aghaidh, más gá, ar na rialacha agus ar na cleachtais a rialaíonn bailiú, tiomsú agus dáileadh staidrimh sna raonta a thig faoina réimse inniúlachta;

- na rialacha a ullmhú le haghaidh oibríochtaí atá le gabháil ar láimh ag na bainc cheannais náisiúnta faoi chuimsiú CEBC;

- éifeachtúlacht íocaíochtaí trasteorann a chur ar aghaidh;

- ullmhúchán teicniúil nótaí bainc ECU a mhaoirsiú.

Airteagal 5

Feidhmeanna comhairleacha

5.1. I gcomhréir le hAirteagal 117(4) den Chonradh seo, féadfaidh Comhairle IEA tuairimí agus moltaí a fhoirmiú ar threoshuíomh foriomlán beartas airgeadaíochta agus beartas um rátaí malairte maille le bearta gaolmhara a thugtar isteach i ngach Ballstát. Féadfaidh IEA tuairimí nó moltaí a chur faoi bhráid Rialtas agus na Comhairle ar bheartais ar dóigh dóibh difear a dhéanamh do chor airgeadaíochta inmheánach nó seachtrach an Chomhphobail agus go háirithe d'oibriú CEA.

5.2. Féadfaidh Comhairle IEA moltaí a dhéanamh freisin d'údaráis airgeadaíochta na mBallstát maidir le seoladh a mbeartais airgeadaíochta.

5.3. I gcomhréir le hAirteagal 117(6) den Chonradh seo, rachfar i gcomhairle le IEA maidir le haon ghníomh Comhphobail arna bheartú laistigh dá réimse inniúlachta.

Faoi na teorainneacha agus na coinníollacha arna leagan amach ag an gComhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus le IEA, rachaidh údaráis na mBallstát i gcomhairle le IEA ar aon dréachtfhoráil reachtaíochta laistigh dá réimse inniúlachta, go háirithe i leith Airteagal 4.2.

5.4. I gcomhréir le hAirteagal 117(5) den Chonradh seo, féadfaidh IEA a chinneadh a tuairimí agus a moltaí a fhoilsiú.

Airteagal 6

Feidhmeanna oibríochtúla agus teicniúla

6.1. Déanfaidh IEA:

- foráil d'iltaobhú riochtaí a thig ó idirghabhálacha bainc cheannais náisiúnta in airgeadraí Comhphobail agus d'iltaobhú socraíochtaí laistigh den Chomhphobal;

- an mheicníocht um maoiniú fíor-ghearrthéarmach dá bhforáiltear le Comhaontú an 13 Márta 1979 idir bainc cheannais Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa a leagann síos na nósanna imeachta oibríochtúla le haghaidh an Chórais Eorpaigh Airgeadaíochta (Comhaontú CEA) agus an mheicníocht um thacaíocht ghearrthéarmach airgeadaíochta dá bhforáiltear sa Chomhaontú idir Bainc Cheannais an Chomhphobail an 9 Feabhra 1970, arna leasú, a riaradh;

- na feidhmeanna a chomhlíonadh dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán (CEE) Uimh. 1969/88 an 24 Meitheamh 1988 ón gComhairle ag bunú saoráid aonair ag soláthar cabhair mheántéarmach airgeadais do chomharduithe íocaíochtaí na mBallstát.

6.2. D'fhonn Comhaontú CEA a chur chun feidhme, féadfaidh IEA cúlchistí airgeadaíochta a fháil ó na bainc cheannais náisiúnta agus ECUanna a eisiúint in aghaidh sócmhainní den sórt sin. Féadfaidh IEA agus na bainc cheannais náisiúnta na hECUanna sin a úsáid mar mheáin socraíochta agus le haghaidh idirbheart idir iad agus IEA. Glacfaidh IEA na bearta riarthacha is gá chun an mhír seo a chur chun feidhme.

6.3. Féadfaidh IEA stádas "sealbhóirí eile" ECUanna a dheonú d'údaráis airgeadaíochta tríú tíortha agus d'institiúidí idirnáisiúnta airgeadaíochta agus na téarmaí agus na coinníollacha a shocrú faoina bhféadfaidh sealbhóirí eile ECUanna den sórt sin a fháil, a shealbhú nó a úsáid.

6.4. Beidh IEA i dteideal cúlchistí malairte eachtraí a shealbhú agus a bhainisteoireacht ina gníomhaire di thar ceann bainc cheannais náisiúnta agus arna iarraidh sin dóibh. Beidh brabúis agus caillteanais a bhaineann leis na cúlchistí sin do chuntas an bhainc cheannais náisiúnta a thaisceann na cúlchistí. Comhlíonfaidh IEA an fheidhm seo ar bhonn conarthaí déthaobhacha i gcomhréir le rialacha arna leagan síos i gcinneadh IEA. Áiritheoidh na rialacha sin nach mbacfaidh idirbhearta leis na cúlchistí sin ar bheartas airgeadaíochta agus ar bheartas ráta malairte údarás inniúil airgeadaíochta aon Bhallstáit agus go mbeidh siad comhchuí le cuspóirí IEA agus le hoibriú rianúil Mheicníocht Rátaí Malairte CEA.

Airteagal 7

Cúraimí eile

7.1. Uair sa bhliain, díreoidh IEA tuarascáil chuig an gComhairle ar staid an ullmhúcháin don tríú céim. Beidh sna tuarascálacha sin measúnú ar an dul chun cinn ionsar chóineasú sa Chomhphobal agus folóidh siad go háirithe oiriúnú na n-ionstraimí beartas airgeadaíochta agus ullmhú na nósanna imeachta is gá chun beartas airgeadaíochta aonair a chur i gcrích sa tríú céim maille leis na ceanglais reachtúla a bheidh le comhall chun go mbeidh bainc cheannais náisiúnta ina gcuid dhílis de CEBC.

7.2. I gcomhréir leis na cinntí ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 117(7) den Chonradh seo, féadfaidh IEA cúraimí eile a chomhlíonadh d'fhonn an tríú céim a ullmhú.

Airteagal 8

Neamhspleáchas

Gníomhóidh comhaltaí Chomhairle IEA is ionadaithe dá n-institiúidí i leith a gcuid gníomhaíochtaí i gcomhréir lena gcuid freagrachtaí. I bhfeidhmiú na gcumhachtaí agus i gcomhlíonadh na gcúraimí agus na ndualgas a chuirtear orthu sa Chonradh seo agus sa Reacht seo, ní fhéadfaidh Comhairle IEA aon teagaisc a iarraidh ná a ghlacadh ó institiúidí ná comhlachtaí Comhphobail ná ó Rialtais na mBallstát. Gabhann institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail maille le Rialtais na mBallstát orthu féin an prionsabal sin a urramú agus gan a iarraidh tionchar a oibriú ar Chomhairle IEA i gcomhlíonadh a cúraimí.

Airteagal 9

Riarachán

9.1. I gcomhréir le hAirteagal 117(1) den Chonradh seo, is é Comhairle IEA a dhéanfaidh IEA a stiúradh agus a bhainisteoireacht.

9.2. Beidh ar Chomhairle IEA Uachtarán, Leasuachtarán agus Gobharnóirí na mbanc ceannais náisiúnta, arb é duine amháin acu sin an Leasuachtarán. Mura féidir do Ghobharnóir freastal ar chruinniú, féadfaidh sé ionadaí eile dá institiúid a ainmniú.

9.3. Déanfaidh Rialtais na mBallstát de thoil a chéile ar leibhéal na gCeannairí Stáit nó Rialtais ar mholadh, de réir mar a bheidh, ón gCoiste Gobharnóirí nó ó Chomhairle IEA agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle, an tUachtarán a cheapadh go ceann tréimhse trí bliana. Roghnófar an tUachtarán as measc daoine a bhfuil gradam agus taithí ghairmiúil aitheanta acu i réimsí airgeadaíochta nó baincéireachta. Ní féidir a bheith ina Uachtarán ar IEA ach amháin náisiúnach de chuid Ballstáit. Ceapfaidh Comhairle IEA an Leasuachtarán. Ceapfar an tUachtarán agus an Leasuachtarán go ceann tréimhse trí bliana.

9.4. Comhlíonfaidh an tUachtarán a chuid dualgas go lánaimseartha. Ní ghabhfaidh sé le haon slí bheatha, sochrach ná neamhshochrach, mura ndeonóidh Comhairle IEA díolúine go heisceachtúil dó.

9.5. I dtaca leis an Uachtarán:

- ullmhóidh sé cruinnithe Chomhairle IEA agus beidh sé i gceannas orthu;

- cuirfidh sé friotal ar sheasamh IEA don saol mór gan dochar d'Airteagal 22;

- beidh sé freagrach as bainisteoireacht IEA ó lá go lá.

Nuair a bheidh an tUachtarán as láthair, comhlíonfaidh an Leasuachtarán a chuid dualgas.

9.6. Leagfar síos téarmaí agus coinníollacha fostaíochta an Uachtaráin, go háirithe a thuarastal, a phinsean agus a shochair slándála sóisialta eile, i gconarthaí le IEA agus socróidh Comhairle IEA iad ar thogra ó choiste ar a mbeidh trí chomhalta arna gceapadh ag Coiste na nGobharnóirí nó, de réir mar a bheidh, ag Comhairle IEA agus trí chomhalta arna gceapadh ag an gComhairle. Ní bheidh ceart vótála ag an Uachtarán ar ábhair dá dtagraítear sa mhír seo.

9.7. Mura gcomhallfaidh an tUachtarán a thuilleadh na coinníollacha is gá chun a chuid dualgas a chomhlíonadh nó má bhí sé ciontach i mí-iompar tromchúiseach, féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais, ar iarratas ó Chomhairle IEA, é a scor go héigeantach.

9.8. Déanfaidh Comhairle IEA rialacha nós imeachta IEA a ghlacadh.

Airteagal 10

Cruinnithe Chomhairle IEA agus nósanna imeachta vótála

10.1. Tiocfaidh Comhairle IEA le chéile ar a laghad deich n-uaire sa bhliain. Beidh imeachtaí chruinnithe na Comhairle faoi rún. Féadfaidh Comhairle IEA a chinneadh, ag gníomhú di d'aon toil, toradh a pléití a phoibliú.

10.2. Beidh vóta amháin ag gach comhalta de Chomhairle IEA nó ag a ainmnitheach.

10.3. Mura bhforáiltear a mhalairt sa Reacht seo, gníomhóidh Comhairle IEA trí thromlach simplí dá comhaltaí.

10.4. Is gá aontoilíocht chomhaltaí Chomhairle IEA do chinntí a ghlacfar faoi chuimsiú Airteagail 4.2, 5.4, 6.2 agus 6.3.

Is gá tromlach cáilithe de dhá thrian de chomhaltaí Chomhairle IEA do thuairimí agus do mholtaí arna nglacadh faoi Airteagail 5.1 agus 5.2, do ghlacadh cinntí faoi Airteagail 6.4, 16 agus 23.6 agus do ghlacadh treoirlínte faoi Airteagal 15.3.

Airteagal 11

Comhar idirinstitiúideach agus ceanglais maidir le tuairisciú

11.1. Féadfaidh Uachtarán na Comhairle agus comhalta den Choimisiún a bheith rannpháirteach in imeachtaí Chomhairle IEA ach ní bheidh ceart vótála acu.

11.2. Iarrfar ar Uachtarán IEA a bheith rannpháirteach i gcruinnithe na Comhairle nuair a bhíonn ábhair a bhaineann le cuspóirí agus le cúraimí IEA á bplé aici.

11.3. Ar dháta a shocrófar sna rialacha nós imeachta, ullmhóidh IEA tuarascáil bhliantúil ar a gníomhaíochtaí agus ar dhálaí airgeadaíochta agus airgeadais an Chomhphobail. Díreofar an tuarascáil bhliantúil maille le cuntais bhliantúla IEA chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún agus chuig an gComhairle Eorpach freisin.

Féadfaidh coistí inniúla de chuid Pharlaimint na hEorpa Uachtarán IEA a éisteacht arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa nó ar a thionscnamh féin.

11.4. Cuirfear tuarascálacha arna bhfoilsiú ag IEA ar fáil saor in aisce do pháirtithe leasmhara.

Airteagal 12

Ainmníocht airgeadra

Sonrófar oibríochtaí IEA in ECUanna.

Airteagal 13

Suíomh

Roimh dheireadh 1992, glacfaidh Rialtais na mBallstát de thoil a chéile ar leibhéal na gCeannairí Stáit nó Rialtais an cinneadh faoin áit ina lonnófar suíomh IEA.

Airteagal 14

Inniúlacht dhlíthiúil

Beidh ag IEA, ag a mbeidh pearsantacht dhlítheanach i gcomhréir le hAirteagal 117(1) den Chonradh seo, i ngach Ballstát an inniúlacht dhlíthiúil is fairsinge atá ar fáil ag daoine dlítheanacha faoina dhlíthe. Féadfaidh sí go háirithe maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt agus bheith ina páirtí in imeachtaí dlí.

Airteagal 15

Gníomhartha dlíthiúla

15.1. I gcomhlíonadh a cúraimí di, agus faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa Reacht seo, déanfaidh IEA:

- tuairimí a chraoladh;

- moltaí a dhéanamh;

- treoirlínte agus cinntí a ghlacadh a dhíreofar chuig na bainc cheannais náisiúnta.

15.2. Ní bheidh aon bhrí cheangailteach le tuairimí ná moltaí IEA.

15.3. Féadfaidh Comhairle IEA treoirlínte a ghlacadh a leagfaidh síos modhanna maidir le cur chun feidhme na gcoinníollacha is gá chun go gcomhlíonfaidh CEBC a fheidhmeanna sa tríú céim. Ní bheidh aon bhrí cheangailteach le treoirlínte IEA; cuirfear iad faoi bhráid BCE le haghaidh cinnidh.

15.4. Gan dochar d'Airteagal 3.1, beidh cinneadh IEA ina cheangal go huile agus go hiomlán orthu siúd a ndíreofar chucu é. Beidh Airteagail 253 agus 254 den Chonradh seo infheidhme ar na cinntí sin.

Airteagal 16

Acmhainní airgeadais

16.1. Beidh a cuid acmhainní féin ag IEA. Déanfaidh Comhairle IEA méid na n-acmhainní a chinneadh ar mhaithe leis an ioncam a áirithiú a mheastar is gá chun an caiteachas riaracháin arna thabhú i gcomhlíonadh chúraimí agus fheidhmeanna IEA a chlúdach.

16.2. Soláthrófar acmhainní IEA arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 16.1 as ranníocaíochtaí ó na bainc cheannais náisiúnta i gcomhréir leis an scála dá dtagraítear in Airteagal 29.1 de Reacht CEBC agus arna n-íoc tráth IEA a bhunú. Chun na críche sin, cuirfidh an Coimisiún ar fáil na sonraí staidrimh a úsáidfear chun an scála a chinneadh, i gcomhréir leis na rialacha arna nglacadh ag an gComhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, leis an gCoiste Gobharnóirí agus leis an gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 114.

16.3. Cinnfidh Comhairle IEA an fhoirm ina n-íocfar na ranníocaíochtaí.

Airteagal 17

Cuntais bhliantúla agus iniúchóireacht

17.1. Tosóidh bliain airgeadais IEA ar an gcéad lá d'Eanáir agus críochnóidh sí ar an lá deiridh de Nollaig.

17.2. Glacfaidh Comhairle IEA buiséad bliantúil roimh thús gach bliain airgeadais.

17.3. Tarraingeofar suas na cuntais bhliantúla i gcomhréir leis na prionsabail arna mbunú ag Comhairle IEA. Formheasfaidh Comhairle IEA na cuntais bhliantúla, agus foilseofar dá éis sin iad.

17.4. Déanfaidh iniúchóirí seachtracha neamhspleácha arna gceadú ag Comhairle IEA na cuntais bhliantúla a iniúchadh. Beidh lánchumhacht ag na hiniúchóirí leabhair agus cuntais uile IEA a scrúdú agus gach eolas a fháil maidir lena hidirbhearta.

Ní bheidh forálacha Airteagal 248 den Chonradh seo infheidhme ach amháin ar scrúdú maidir le héifeachtúlacht oibríochtúil bhainistíocht IEA.

17.5. Aistreofar aon bharrachas IEA san ord seo a leanas:

(a) déanfar méid a chinnfidh Comhairle IEA a aistriú chuig cúlchiste ginearálta IEA;

(b) déanfar fuíoll aon bharrachais a dháileadh ar na bainc cheannais náisiúnta, i gcomhréir leis an scála dá dtagraítear in Airteagal 16.2.

17.6. I gcás IEA caillteanas a thabhú, déanfar an gannchion a fhritháireamh in aghaidh chúlchiste ginearálta IEA. Slánófar fuíoll aon ghannchion trí ranníocaíochtaí ó na bainc cheannais náisiúnta, i gcomhréir leis an scála dá dtagraítear in Airteagal 16.2.

Airteagal 18

Foireann

18.1. Leagfaidh Comhairle IEA síos coinníollacha fostaíochta fhoireann IEA.

18.2. Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais in aon díospóid idir IEA agus a seirbhísigh faoi na teorainneacha agus na coinníollacha arna leagan síos sna coinníollacha fostaíochta.

Airteagal 19

Léirmheas breithiúnach agus ábhair ghaolmhara

19.1. Féadfar gníomhartha nó neamhghníomhartha IEA a athbhreithniú agus a léiriú ag an gCúirt Bhreithiúnais sna cásanna agus faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa Chonradh seo. Féadfaidh IEA imeachtaí a thionscnamh sna cásanna agus faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa Chonradh seo.

19.2. Is iad na cúirteanna náisiúnta inniúla a chinnfidh díospóidí idir IEA, ar thaobh amháin, agus a creidiúnaithe, a fiachóirí nó aon duine eile, ar an taobh eile, ach amháin nuair atá dlínse tugtha don Chúirt Bhreithiúnais.

19.3. Beidh IEA faoi réir an chórais dliteanais dá bhforáiltear in Airteagal 288 den Chonradh seo.

19.4. Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais chun breithiúnas a thabhairt de bhun aon chlásal eadrána atá in aon chonradh arna rialú ag an dlí poiblí nó ag an dlí príobháideach a thugann IEA i gcrích nó a thugtar i gcrích thar a ceann.

19.5. Is í Comhairle IEA a ghlacfaidh cinneadh maidir le caingean a thionscnamh os comhair na Cúirte Breithiúnais.

Airteagal 20

Rúndacht ghairmiúil

20.1. Beidh de cheangal ar chomhaltaí Chomhairle IEA agus ar fhoireann IEA, fiú tar éis deireadh a theacht lena ndualgais, gan aon fhaisnéis a nochtadh is de shaghas atá faoi chumhdach oibleagáid na rúndachta gairmiúla.

20.2. Beidh daoine a mbeidh teacht acu ar shonraí atá faoi chumhdach reachtaíocht Chomhphobail a fhorchuireann oibleagáid rúndachta faoi réir reachtaíocht den sórt sin.

Airteagal 21

Pribhléidí agus díolúintí

Beidh ag IEA ar chríocha na mBallstát na pribhléidí agus na díolúintí is gá chun a cúraimí a chomhlíonadh, faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa Phrótacal ar phribhléidí agus díolúintí na gComhphobal Eorpach.

Airteagal 22

Sínitheoirí

Cuirfear IEA faoi dhliteanas dlíthiúil i leith tríú páirtithe ag an Uachtarán nó ag an Leasuachtarán nó ag síniú dhá chomhalta d'fhoireann IEA arna n-údarú go cuí ag an Uachtarán chun síniú thar ceann IEA.

Airteagal 23

Leachtú IEA

23.1. I gcomhréir le hAirteagal 123 den Chonradh seo, scaoilfear IEA chun leachtú ar BCE a bhunú. Gabhfaidh sócmhainní uile agus dliteanais uile IEA go huathoibríoch chuig BCE. Déanfaidh BCE IEA a scaoileadh chun leachtú i gcomhréir le forálacha an Airteagail seo. Críochnófar an leachtú ag tús an tríú céim.

23.2. Aisghairfear an mheicníocht um chruthú ECUanna in aghaidh óir agus dhollair SA mar a fhoráiltear in Airteagal 17 de Chomhaontú CEA roimh an gcéad lá den tríú céim i gcomhréir le forálacha Airteagal 20 den Chomhaontú sin.

23.3. Déanfar gach éileamh agus dliteanas a thig ón meicníocht um maoiniú fíor-ghearrthéarmach agus ón meicníocht um thacaíocht ghearrthéarmach airgeadaíochta, dá bhforáiltear sna Comhaontuithe dá dtagraítear in Airteagal 6.1, a shocrú roimh an gcéad lá den tríú céim.

23.4. Diúscrófar fuíoll shócmhainní uile IEA agus socrófar fuíoll dhliteanas uile IEA.

23.5. Dáilfear fáltais an leachtaithe atá tuairiscithe in Airteagal 23.4 ar na bainc cheannais náisiúnta i gcomhréir leis an scála dá dtagraítear in Airteagal 16.2.

23.6. Féadfaidh Comhairle IEA na bearta is gá do chur chun feidhme Airteagail 23.4 agus 23.5 a ghlacadh.

23.7. Ar BCE a bhunú, scairfidh Uachtarán IEA lena oifig.

--------------------------------------------------

Prótacal (Uimh. 20)

maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach (1992)

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

ÓS MIAN LEO sonraí an nós imeachta um easnamh iomarcach dá dtagraítear in Airteagal 104 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh a chinneadh,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear i gceangal leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh.

Airteagal 1

Is iad na luachanna tagartha dá dtagraítear in Airteagal 104(2) den Chonradh seo:

- 3 % don chóimheas idir an t-easnamh rialtais, pleanáilte nó iarbhír, agus an olltáirgeacht intíre ag praghsanna margaidh;

- 60 % don chóimheas idir an fiachas rialtais agus an olltáirgeacht intíre ag praghsanna margaidh.

Airteagal 2

In Airteagal 104 den Chonradh seo agus sa Phrótacal seo:

- ciallaíonn "Rialtas" Rialtas Ginearálta, is é sin, Rialtas Láir, rialtas réigiúnach nó áitiúil agus cistí slándála sóisialta, seachas oibríochtaí tráchtála mar atá siad sainithe i gCóras Eorpach na gCuntas Eacnamaíoch Suimeáilte;

- ciallaíonn "easnamh" an ghlanfháil ar iasacht mar atá sí sainithe i gCóras Eorpach na gCuntas Eacnamaíoch Suimeáilte;

- ciallaíonn "infheistíocht" ollfhoirmiú caipitil sheasta mar atá sé sainithe i gCóras Eorpach na gCuntas Eacnamaíoch Suimeáilte;

- ciallaíonn "fiachas" ollfhiachas iomlán ar luach ainmniúil atá amuigh ag deireadh na bliana agus arna chomhdhlúthú idir earnálacha rialtais ghinearálta agus laistigh díobh mar atá sé sainithe sa chéad fhleasc.

Airteagal 3

Chun éifeachtúlacht an nós imeachta um easnamh iomarcach a áirithiú, beidh Rialtais na mBallstát freagrach faoin nós imeachta sin as easnaimh Rialtais Ghinearálta mar atá sé sainithe sa chéad fhleasc d'Airteagal 2. Áiritheoidh na Ballstáit go gcumasóidh nósanna imeachta náisiúnta sa réimse buiséadach dóibh a n-oibleagáidí sa réimse sin a chineann ón gConradh seo a chomhlíonadh. Déanfaidh na Ballstáit tuarascáil don Choimisiún go pras, tráthrialta ar a n-easnaimh phleanáilte agus iarbhír agus ar leibhéil a bhfiachais.

Airteagal 4

Soláthróidh an Coimisiún na sonraí staidrimh a úsáidfear chun an Prótacal seo a chur chun feidhme.

--------------------------------------------------

Prótacal (Uimh. 21)

maidir leis na critéir um chóineasú dá dtagraítear in Airteagal 121 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (1992)

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

ÓS MIAN LEO sonraí na gcritéar um chóineasú a threoróidh an Comhphobal sa chinnteoireacht maidir leis an trasdul chuig an tríú céim den Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta, dá dtagraítear in Airteagal 121(1) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear i gceangal leis an gConradh seo.

Airteagal 1

Ciallóidh an critéar um chobhsaíocht phraghsanna dá dtagraítear sa chéad fhleasc d'Airteagal 121(1) den Chonradh seo go mbeidh ag Ballstát feidhmiú praghsanna atá inbhuanaithe agus meánráta boilscithe, arna bhreathnú thar thréimhse bliana roimh an scrúdú, nach dtéann níos mó ná 1.5 pointe céatadáin os cionn ráta boilscithe na dtrí Bhallstát, ar a mhéad, is feidhmiúla maidir le cobhsaíocht phraghsanna. Déanfar an boilsciú a thomhas trí bhíthin innéacs praghsanna do thomhaltóirí (IPT) ar bhonn inchomórtais, agus difríochtaí i sainmhínithe náisiúnta á gcur san áireamh.

Airteagal 2

Ciallóidh an critéar um an riocht buiséadach rialtais dá dtagraítear sa dara fleasc d'Airteagal 121(1) den Chonradh seo nach mbeidh an Ballstát, tráth an scrúdaithe, faoi réir cinneadh ón gComhairle faoi Airteagal 104(6) den Chonradh seo go bhfuil easnamh iomarcach ann i gcás an Bhallstáit i dtrácht.

Airteagal 3

Ciallóidh an critéar um rannpháirtíocht i Meicníocht Rátaí Malairte an Chórais Eorpaigh Airgeadaíochta dá dtagraítear sa tríú fleasc d'Airteagal 121(1) den Chonradh seo go bhfuil Ballstát tar éis na gnáthlamhálacha luaineachta dá bhforáiltear i Meicníocht Rátaí Malairte an Chórais Eorpaigh Airgeadaíochta a urramú gan ghéartheannais i rith an dá bhliain deiridh ar a laghad roimh an scrúdú. Go háirithe, ní bheidh an Ballstát tar éis ráta lárnach déthaobhach airgeadra a thíre a dhíluacháil in aghaidh airgeadra Ballstáit eile ar a thogra féin ar feadh na tréimhse céanna.

Airteagal 4

Ciallóidh an critéar um chóineasú rátaí úis dá dtagraítear sa cheathrú fleasc d'Airteagal 121(1) den Chonradh seo go raibh ag Ballstát, arna bhreathnú thar thréimhse bliana roimh an scrúdú, meánráta ainmniúil fadtéarmach úis nach dtéann níos mó ná 2 pointe céatadáin os cionn ráta na dtrí Bhallstát, ar a mhéad, is feidhmiúla maidir le cobhsaíocht phraghsanna. Déanfar rátaí úis a thomhas ar bhonn bannaí fadtéarmacha rialtais nó urrúis inchomórtais, agus difríochtaí i sainmhínithe náisiúnta á gcur san áireamh.

Airteagal 5

Soláthróidh an Coimisiún na sonraí staidrimh a úsáidfear chun an Prótacal seo a chur chun feidhme.

Airteagal 6

Glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, le IEA nó le BCE de réir mar a bheidh, agus leis an gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 114 den Chonradh seo, na forálacha iomchuí chun sonraí na gcritéar um chóineasú dá dtagraítear in Airteagal 121 den Chonradh seo a leagan síos agus cuirfear na forálacha sin in ionad an Phrótacail seo.

--------------------------------------------------

Prótacal (Uimh. 22)

maidir leis an Danmhairg (1992)

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

ÓS MIAN LEO fadhbanna speisialta áirithe a bhaineann leis an Danmhairg a réiteach,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear i gceangal leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh:

Ní dhéanfaidh forálacha Airteagal 14 den Phrótacal maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Bhainc Cheannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh difear do cheart Bhanc Ceannais na Danmhairge a chúraimí láithreacha a bhaineann leis na codanna sin de Ríocht na Danmhairge nach cuid den Chomhphobal iad a chomhlíonadh.

--------------------------------------------------

Prótacal (Uimh. 23)

maidir leis an bPortaingéil (1992)

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

ÓS MIAN LEO fadhbanna speisialta áirithe a bhaineann leis an bPortaingéil a réiteach,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear i gceangal leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh:

1. Údaraítear leis seo don Phortaingéil an tsaoráid a choimeád ar bun a tugadh do Réigiúin Fhéinrialaithe Oileáin Asóir agus Mhaidéara tairbhiú do shaoráid chreidmheasa saor ó ús ó Banco de Portugal faoi na téarmaí arna mbunú faoi dhlí na Portaingéile atá ann cheana.

2. Gabhann an Phortaingéil uirthi féin a seandícheall a dhéanamh chun deireadh a chur leis an tsaoráid thuasluaite a luaithe is féidir.

--------------------------------------------------

Prótacal (Uimh. 24)

maidir leis an trasdul chuig an tríú céim den Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (1992)

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

Ag dearbhú airí do-athraithe ghluaiseacht an Chomhphobail chuig an tríú céim den Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta trí fhorálacha nua an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh a bhaineann leis an Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a shíniú.

Dá bhrí sin, urramóidh na Ballstáit uile, má chomhallann nó mura gcomhallann siad na coinníollacha is gá chun airgeadra aonair a ghlacadh, toil an Comhphobal trasdul go sciobtha chuig an tríú céim agus dá bhrí sin ní chuirfidh aon Bhallstát cosc le trasdul chuig an tríú céim.

Mura mbeidh dáta an tríú céim socraithe faoi dheireadh 1997, brostóidh na Ballstáit i dtrácht, institiúidí an Chomhphobail agus comhlachtaí leasmhara eile gach obair ullmhúcháin le linn 1998 d'fhonn a chumasú don Chomhphobal trasdul go neamh-inchúlghairthe chuig an tríú céim ar an 1 Eanáir 1999 agus d'fhonn a chumasú do BCE agus do CEBC tosú ar oibriú go hiomlán amhail ón dáta sin.

Cuirfear an Prótacal seo i gceangal leis an gConradh seo.

--------------------------------------------------

Prótacal (Uimh. 25)

maidir le forálacha áirithe a bhaineann le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (1992)

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

AG AITHINT DÓIBH nach gcuirfear de cheangal ar an Ríocht Aontaithe ná nach mbeidh sí faoi ghealltanas gluaiseacht chuig an tríú céim den Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta gan a rialtas agus a Parlaimint cinneadh ar leith chuige sin a ghlacadh,

AG TABHAIRT DÁ nAIRE DÓIBH cleachtas rialtas na Ríochta Aontaithe a riachtanas iasachta a chistiú trí fhiachas a dhíol leis an earnáil phríobháideach,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear i gceangal leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh:

1. Cuirfidh an Ríocht Aontaithe in iúl don Chomhairle cé acu atá sé ar intinn aici gluaiseacht chuig an tríú céim sula ndéanfaidh an Chomhairle a measúnú faoi Airteagal 121(2) den Chonradh seo.

Mura gcuirfidh an Ríocht Aontaithe in iúl don Chomhairle go bhfuil sé ar intinn aici gluaiseacht chuig an tríú céim, ní bheidh aon iallach uirthi gluaiseacht amhlaidh.

Mura mbeidh aon dáta socraithe le haghaidh thús an tríú céim faoi Airteagal 121(3) den Chonradh seo, féadfaidh an Ríocht Aontaithe a hintinn a chur in iúl gluaiseacht chuig an tríú céim roimh an 1 Eanáir 1998.

2. Beidh éifeacht le míreanna 3 go 9 má chuireann an Ríocht Aontaithe in iúl don Chomhairle nach bhfuil sé ar intinn aici gluaiseacht chuig an tríú céim.

3. Ní áireofar an Ríocht Aontaithe ar thromlach na mBallstát a chomhallann na coinníollacha is gá atá luaite sa dara fleasc d'Airteagal 121(2) agus sa chéad fhleasc d'Airteagal 121(3) den Chonradh seo.

4. Coimeádfaidh an Ríocht Aontaithe a cumhachtaí i réimse beartas airgeadaíochta i gcomhréir lena dlí náisiúnta.

5. Ní bheidh Airteagail 4(2), 104(1), (9) agus (11), 105(1) go (5), 106, 108, 109, 110, 111, 112(1) agus (2)(b) agus 123(4) agus (5) den Chonradh seo infheidhme ar an Ríocht Aontaithe. Sna forálacha sin, ní áireofar an Ríocht Aontaithe ar na tagairtí don Chomhphobal ná do na Ballstáit agus ní áireofar Banc Shasana ar na tagairtí do bhainc cheannais náisiúnta.

6. Leanfaidh Airteagail 116(4) agus 119 agus 120 den Chonradh seo de bheith infheidhme ar an Ríocht Aontaithe. Beidh Airteagail 114(4) agus 124 infheidhme ar an Ríocht Aontaithe amhail is dá mbeadh maolú aici.

7. Déanfar cearta vótála na Ríochta Aontaithe a fhionraí i ndáil le gníomhartha na Comhairle dá dtagraítear sna hAirteagail atá liostaithe i mír 5. Chun na críche sin, eisiafar vótaí ualaithe na Ríochta Aontaithe ó aon ríomh i dtaobh tromlaigh cháilithe faoi Airteagal 122(5) den Chonradh seo.

Ní bheidh aon cheart ag an Ríocht Aontaithe ach oiread a bheith rannpháirteach i gceapadh Uachtarán, Leasuachtarán agus chomhaltaí eile Bhord Feidhmiúcháin BCE faoi Airteagail 112(2)(b) agus 123(1) den Chonradh seo.

8. Ní bheidh Airteagail 3, 4, 6, 7, 9.2, 10.1, 10.3, 11.2, 12.1, 14, 16, 18 go 20, 22, 23, 26, 27, 30 go 34, 50 agus 52 den Phrótacal maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Bhainc Cheannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh ("an Reacht") infheidhme ar an Ríocht Aontaithe.

Sna hAirteagail sin, ní áireofar an Ríocht Aontaithe ar na tagairtí don Chomhphobal ná do na Ballstáit agus ní áireofar Banc Shasana ar na tagairtí do bhainc cheannais náisiúnta.

Ní áireofar caipiteal suibscríofa Bhanc Shasana ar na tagairtí do "chaipiteal suibscríofa BCE" in Airteagail 10.3 agus 30.2 den Reacht.

9. Beidh éifeacht ag Airteagal 123(3) den Chonradh seo agus ag Airteagail 44 go 48 den Reacht, bíodh Ballstát go maolú ann nó ná bíodh, faoi réir na leasuithe seo a leanas:

(a) Áireofar na tagairtí in Airteagal 44 do chúraimí BCE agus IEA ar na cúraimí sin nach mór a chomhall fós sa tríú céim de dheasca aon chinnidh ón Ríocht Aontaithe gan gluaiseacht chuig an tríú céim.

(b) I dteannta na gcúraimí dá dtagraítear in Airteagal 47 tabharfaidh BCE comhairle freisin a bhaineann le hullmhú aon chinnidh ón gComhairle maidir leis an Ríocht Aontaithe arna ghlacadh i gcomhréir le míreanna 10(a) agus 10(c), agus rannchuideoidh sé le hullmhú an chinnidh sin.

(c) Íocfaidh Banc Shasana a shuibscríbhinn le caipiteal BCE mar ranníocaíocht chuig a chostais oibríochtúla ar an mbonn céanna le bainc cheannais náisiúnta Bhallstát go maolú.

10. Mura ngluaisfidh an Ríocht Aontaithe chuig an tríú céim, féadfaidh sí a fógra a athrú tráth ar bith tar éis thús na céime sin. Sa chás sin:

(a) Ní bheidh an ceart ag an Ríocht Aontaithe gluaiseacht chuig an tríú céim ach amháin ar an gcoinníoll go gcomhallann sí na coinníollacha is gá. Cinnfidh an Chomhairle, ag gníomhú di arna iarraidh sin don Ríocht Aontaithe agus faoi na coinníollacha agus i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 122(2) den Chonradh seo, an gcomhallann sí fós na coinníollacha is gá.

(b) Íocfaidh Banc Shasana a chaipiteal suibscríofa, aistreoidh sé sócmhainní chuig cúlchistí eachtracha BCE agus ranníocfaidh sé lena chúlchistí ar an mbonn céanna le banc ceannais náisiúnta Ballstáit a bhfuil a mhaolú aisghairthe.

(c) Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di faoi na coinníollacha agus i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 123(5) den Chonradh seo, gach cinneadh eile is gá a ghlacadh chun a chumasú don Ríocht Aontaithe gluaiseacht chuig an tríú céim.

Má ghluaiseann an Ríocht Aontaithe chuig an tríú céim de bhun fhorálacha an Airteagail seo, scoirfidh míreanna 3 go 9 d'éifeacht a bheith leo.

11. D'ainneoin fhorálacha Airteagail 101 agus 116(3) den Chonradh seo agus Airteagal 21.1 den Reacht, féadfaidh Rialtas na Ríochta Aontaithe a shaoráid "ways and means" le Banc Shasana a choimeád ar bun mura ngluaisfidh agus fad nach ngluaisfidh an Ríocht Aontaithe chuig an tríú céim.

--------------------------------------------------

Prótacal (Uimh. 26)

maidir le forálacha áirithe a bhaineann leis an Danmhairg (1992)

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

ÓS MIAN LEO, i gcomhréir le cuspóirí ginearálta an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, fadhbanna speisialta áirithe atá ann i láthair na huaire a réiteach,

AG FÉACHAINT DO Bhunreacht na Danmhairge ina bhfuil forálacha a fhéadfaidh a thabhairt reifreann a bheith intuigthe sa Danmhairg sula bhféadfaidh an Danmhairg bheith rannpháirteach sa tríú céim den Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear i gceangal leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh:

1. Cuirfidh Rialtas na Danmhairge a sheasamh in iúl don Chomhairle maidir lena bheith rannpháirteach sa tríú céim sula ndéanfaidh an Chomhairle a measúnú i gcomhréir le hAirteagal 121(2) den Chonradh seo.

2. I gcás go gcuirfidh an Danmhairg in iúl nach mbeidh sí rannpháirteach sa tríú céim, beidh maolú ag an Danmhairg. Is é éifeacht an mhaolaithe go mbeidh airteagail uile agus forálacha uile an Chonartha seo agus Reacht CEBC a dhéanann tagairt do mhaolú infheidhme ar an Danmhairg.

3. Sa chás sin, ní áireofar an Danmhairg ar thromlach na mBallstát a chomhallann na coinníollacha is gá dá dtagraítear sa dara fleasc d'Airteagal 121(2) agus sa chéad fhleasc d'Airteagal 121(3) den Chonradh seo.

4. Maidir leis an maolú a aisghairm, ní thionscnófar an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 122(2) ach amháin arna iarraidh sin don Danmhairg.

5. I gcás stádas an mhaolaithe a aisghairm, ní bheidh forálacha an Phrótacail seo infheidhme a thuilleadh.

--------------------------------------------------

Prótacal (Uimh. 27)

maidir leis an bhFrainc (1992)

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

ÓS MIAN LEO pointe áirithe a bhaineann leis an bhFrainc a chur san áireamh,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear i gceangal leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh:

Coimeádfaidh an Fhrainc pribhléid na heisiúna airgeadaíochta ina críocha thar lear faoi na téarmaí arna mbunú faoina dlíthe náisiúnta agus is ise amháin a bheidh i dteideal paireacht fhranc CFP a chinneadh.

--------------------------------------------------

Prótacal (Uimh. 28)

maidir le comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta (1992)

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

AG MEABHRÚ DÓIBH go bhfuil an tAontas tar éis a chur de chuspóir roimhe cur chun cinn eacnamaíoch agus sóisialta a chur ar aghaidh, inter alia trí chomhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta a neartú,

AG MEABHRÚ DÓIBH go luann Airteagal 2 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh an cúram comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta agus dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit a chur ar aghaidh agus go bhfuil comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta a neartú ar ghníomhaíochtaí an Chomhphobail atá liostaithe in Airteagal 3,

AG MEABHRÚ DÓIBH go soláthraíonn forálacha Chuid a Trí, Teideal XVII maidir le comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta ina n-iomláine bonn dlíthiúil le gníomhaíocht an Chomhphobail i réimse an chomháthaithe eacnamaíoch agus shóisialta a chomhdhlúthú agus a fhorbairt níos mó, lena n-áirítear cur ar bun ionchasach ciste nua,

AG MEABHRÚ DÓIBH go mbeartaíonn forálacha Chuid a Trí, Teideal XV maidir le gréasáin thraseorpacha agus Teideal XIX maidir leis an gcomhshaol Ciste Comhtháthaithe a chur ar bun roimh an 31 Nollaig 1993,

AG DEARBHÚ a gcreidimh go rannchuideoidh dul chun cinn ionsar an Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta le fás eacnamaíoch na mBallstát uile,

AG TABHAIRT DÁ nAIRE DÓIBH go bhfuil cistí struchtúracha an Chomhphobail á ndúblú i dtéarmaí réadacha idir 1987 agus 1993, a chiallaíonn suimeanna móra a aistriú go háirithe mar chionmhaireacht de OTI na mBallstát is lagrathúla,

AG TABHAIRT DÁ nAIRE DÓIBH go bhfuil suimeanna móra, agus iad ag dul i méid, á dtabhairt ar iasacht ag BEI chun leas na réigiún is boichte,

AG TABHAIRT DÁ nAIRE DÓIBH an dúil i mbreis solúbthachta le haghaidh rialacha mionsonraithe um chionrannta ó na cistí strúchtúracha,

AG TABHAIRT DÁ nAIRE DÓIBH an dúil i leibhéil rannpháirtíocht an Chomhphobail i gcláir agus i dtionscadail i dtíortha áirithe a mhodhnú,

AG TABHAIRT DÁ nAIRE DÓIBH an togra rathúlacht choibhneasta Bhallstát a chur san áireamh níos mó sa chóras acmhainní dílse,

ATHDHAINGNÍONN SIAD go bhfuil cur ar aghaidh an chomhtháthaithe eacnamaíoch agus shóisialta sár-riachtanach do lánfhorbairt agus do rath marthanach an Chomhphobail agus cuireann siad béim ar a thábhachtaí atá comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta a áireamh in Airteagail 2 agus 3 den Chonradh;

ATHDHAINGNÍONN SIAD a n-áitiús gur chóir go leanfadh na cisti struchtúracha de pháirt thábhachtach a imirt i ngnóthú cuspóirí Comhphobail i réimse an chomhtháthaithe;

ATHDHAINGNÍONN SIAD a n-áitiús gur chóir go leanfadh BEI den chuid is mó dá acmhainní a chur i leith comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta a chur ar aghaidh agus dearbhaíonn siad a bhfonnmhaireacht riachtanais chaipitil BEI a athbhreithniú a luaithe a bheidh gá leis sin chun na críche sin;

ATHDHAINGNÍONN SIAD an gá atá le hoibriú agus le héifeachtúlacht na gcistí struchtúracha a mheas go mion i 1992 agus an gá le méid iomchuí na gcistí sin a athbhreithniú ar an ócáid sin i bhfianaise chúraimí an Chomhphobail i réimse an chomhtháthaithe eacnamaíoch agus shóisialta;

COMHAONTAÍONN SIAD go soláthróidh an Ciste Comhtháthaithe a chuirfear ar bun roimh an 31 Nollaig 1993 ranníocaíochtaí airgeadais Comhphobail le haghaidh tionscadal i réimsí an chomhshaoil agus na ngréasán traseorpach i mBallstáit ag a bhfuil OTI in aghaidh an duine níos lú ná 90 % den mheán Comhphobail agus ag a bhfuil clár chun na coinníollacha do chóineasú eacnamaíoch mar atá siad leagtha amach in Airteagal 104 den Chonradh seo a chomhall;

DEARBHAÍONN SIAD a n-intinn lamháil níos mó solúbthachta a cheadú chun airgeadas ó na cistí struchtúracha a chionroinnt ar riachtanais shonracha nach bhfolaítear faoi rialacháin láithreacha na gcistí struchtúracha;

DEARBHAÍONN SIAD a bhfonnmhaireacht leibhéil rannpháirtíocht an Chomhphobail a mhodhnú i gcomhthéacs chláir agus thionscadail na gcistí struchtúracha d'fhonn méaduithe iomarcacha i gcaiteachas bhuiséad na mBallstát is lagrathúla a sheachaint;

COMHAONTAÍONN SIAD gur gá faireachán a dhéanamh go tráthrialta ar an dul chun cinn ionsar chomhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta a ghnóthú agus dearbhaíonn siad a bhfonnmhaireacht staidéar a dhéanamh ar gach beart is gá ina leith sin;

DEARBHAÍONN SIAD a rún aird níos mó a thabhairt ar chumas ranníocaíochta na mBallstát leithleach sa chóras acmhainní dílse agus modhanna a scrúdú a chearthódh i gcás na mBallstát is lagrathúla eilimintí cúlchéimnitheacha atá sa chóras láithreach acmhainní dílse;

COMHAONTAÍONN SIAD go gcuirfear an Prótacal seo i gceangal leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaígh.

--------------------------------------------------

Prótacal (Uimh. 29)

maidir le tearmann do náisiúnaigh de chuid Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (1997)

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

DE BHRÍ, de bhun fhorálacha Airteagal 6(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, go n-urramóidh an tAontas na cearta bunúsacha mar atá siad áirithithe ag an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint arna shíniú sa Róimh ar an 4 Samhain 1950,

DE BHRÍ go bhfuil dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach chun a áirithiú go ndéanfaidh an Comhphobal Eorpach an dlí a urramú, agus Airteagal 6(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach á léiriú agus á chur i bhfeidhm aige,

DE BHRÍ, de bhun Airteagal 49 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, nach foláir d'aon Stát Eorpach, agus iarratas á dhéanamh aige chun bheith ina chomhalta den Aontas, na prionsabail atá leagtha amach in Airteagal 6(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach a urramú,

AG COIMEÁD I gCUIMHNE DÓIBH go mbunaíonn Airteagal 309 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh sásra chun cearta áirithe a fhionraí i gcás go ndéannan Ballstát na prionsabail sin a shárú go tromchúiseach leanúnach,

AG MEABHRÚ DÓIBH go bhfuil ag gach náisiúnach de chuid Ballstáit, mar shaoránach den Aontas, stádas agus cosaint speisialta a dhéanfaidh na Ballstáit a ráthú i gcomhréir le forálacha Chuid a Dó den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh,

AG COIMEÁD I gCUIMHNE DÓIBH go mbunaíonn an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh limistéar gan teorainneacha inmheánacha agus go dtugann sé do gach saoránach an ceart chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát,

AG MEABHRÚ DÓIBH go dtugtar aghaidh ar an gceist maidir le náisiúnaigh de chuid Bhallstáit an Aontais a eiseachadadh i gCoinbhinsiún Eorpach um Eiseachadadh an 13 Nollaig 1957 agus i gCoinbhinsiún an 27 Meán Fómhair 1996, arna dhréachtú ar bhonn Airteagal 31 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, a bhaineann leis an eiseachadadh idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh,

ÓS MAIN LEO a chinntiú nach mbainfear leas as an tearmann chun críoch atá bunoscionn leis na críocha ar ceapadh chucu é,

DE BHRÍ go n-urramaíonn an Prótacal seo críochnaitheacht agus cuspóirí Choinbhinsiún na Ginéive an 28 Iúil 1951 maidir le stádas dídeanaithe,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear i gceangal leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh:

Airteagal Aonair

Ag féachaint do leibhéal na cosanta maidir le cearta agus saoirsí bunúsacha a thugann Ballstáit an Aontais Eorpaigh, measfar gur tíortha sábháilte tionscnaimh iad na Ballstáit i leith a chéile fad a bhaineann le críocha dlí agus críocha praiticiúla i ndáil le hábhair thearmainn. Dá réir sin, ní fhéadfar aon iarratas ar thearmann arna dhéanamh ag náisiúnach de chuid Ballstáit a chur san áireamh ná ní fhéadfar a dhearbhú go bhfuil sé inghlactha lena phróiseáil ag Ballstát eile, ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a) má dhéanann an Ballstát ar náisiúnach de an t-iarratasóir, agus leas á bhaint aige as forálacha Airteagal 15 den Choinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, bearta a ghlacadh, tar éis do Chonradh Amstardam teacht i bhfeidhm, chun a oibleagáidí faoin gCoinbhinsiún sin a mhaolú ar a chríoch;

(b) má tá tús curtha leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 7(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus go dtí go nglacfaidh an Chomhairle cinneadh ina leith sin;

(c) má tá an Chomhairle, ag gníomhú di ar bhonn Airteagal 7(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, tar éis a shuíomh i ndáil leis an mBallstát ar náisiúnach de an t-iarratasóir, go bhfuil sárú tromchúiseach leanúnach á dhéanamh ag an mBallstát sin ar phrionsabail atá luaite in Airteagal 6(1);

(d) dá gcinnfeadh Ballstát amhlaidh go haontaobhach maidir leis an iarratas ó náisiúnach de chuid Ballstáit eile; sa chás sin, cuirfear an Chomhairle ar an eolas láithreach; déileálfar leis an iarratas ar bhonn na toimhdean go bhfuil sé go follasach gan bhunús, gan difear a dhéanamh ar dhóigh ar bith, gan spleáchas do na cásanna, do chumhacht chinnteoireachta an Bhallstáit.

--------------------------------------------------

Prótacal (Uimh. 30)

maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm (1997)

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

AR A BHEITH DE RÚN DAINGEAN ACU na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta atá cumhdaithe in Airteagal 5 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh a leagan síos d'fhonn na critéir dá gcur i bhfeidhm a shainiú ar dhóigh nios sonraí agus d'fhonn a áirithiú go n-urramóidh na hinstitiúidí uile iad go docht agus go gcuirfidh siad chun feidhme iad go comhchuí,

ÓS MIAN LEO a áirithiú go nglactar cinntí ar leibhéal chomh gar agus is féidir do shaoránaigh an Aontais,

AG CUR SAN ÁIREAMH Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Deireadh Fómhair 1993 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis na nósanna imeachta chun prionsabal na coimhdeachta a chur chun feidhme,

TAR ÉIS A DHAINGNIÚ go leanfaidh conclúidí na Comhairle Eorpaí in Birmingham ar an 16 Deireadh Fómhair 1992 agus an cur chuige ginearálta maidir le prionsabal na coimhdeachta a chur i bhfeidhm arna chomhaontú ag an gComhairle Eorpach ag a cruinniú i nDún Éideann ar an 11 agus an 12 Nollaig 1992 de bheith ina dtreoir do ghníomhaíocht institiúidí an Aontais agus d'fhorbairt a dhéanamh ar chur i bhfeidhm phrionsabal na coimhdeachta agus, chun na críche sin,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear i gceangal leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh:

1. I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar di, áiritheoidh gach institiúid go gcomhlíonfar prionsabal na coimhdeachta. Áiritheoidh sí freisin go gcomhlíonfar prionsabal na comhréireachta ar dá réir nach rachaidh aon ghníomhaíocht de chuid an Chomhphobail thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí an Chonartha a bhaint amach.

2. Urramóidh cur i bhfeidhm phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta forálacha ginearálta agus cuspóirí an Chonartha, go háirithe a mhéad a bhaineann leis an acquis communautaire agus an chothromaíocht institiúideach a choimeád ar bun go hiomlán; ní dhéanfaidh sé difear do na prionsabail arna bhforbairt ag an gCúirt Bhreithiúnais maidir leis an ngaol idir an dlí náisiúnta agus dlí an Chomhphobail agus is cóir dó Airteagal 6(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, lena bhforáiltear go mbeidh "ag an Aontas na hacmhainní is gá chun a chuspóirí a bhaint amach agus a chuid beartas a chur i gcrích", a chur san áireamh.

3. Ní dhéanann prionsabal na coimhdeachta na cumhachtaí arna dtabhairt ag an gConradh don Chomhphobal Eorpach, mar atá arna léiriú ag an gCúirt Bhreithiúnais, a thabhairt faoi cheist. Bainfidh na critéir dá dtagraítear sa dara mír d'Airteagal 5 den Chonradh le réimsí nach bhfuil inniúlacht eisiach ag an gComhphobal ina leith. Cuireann prionsabal na coimhdeachta treoir ar fáil maidir le conas a dhéanfar na cumhachtaí sin a fheidhmiú ar leibhéal an Chomhphobail. Is coincheap dinimiciúil an choimhdeacht agus is cóir í a chur i bhfeidhm i bhfianaise na gcuspóirí atá leagtha amach sa Chonradh. Ceadaíonn sí fairsingiú a dhéanamh ar ghníomhaíocht an Chomhphobail faoi theorainn a chumhachtaí nuair is gá sin sna himthosca agus, os a choinne sin, í a shrianadh nó scor di nuair nach bhfuil call léi a thuilleadh.

4. I dtaca le haon reachtaíocht de chuid an Chomhphobail a bheartaítear, sonrófar na cúiseanna ar a bhfuil sí bunaithe d'fhonn a fhírinniú go gcomhlíonann sí prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta; ní foláir táscairí cáilíochtúla, nó, nuair is féidir, táscairí cainníochtúla a thabhairt mar bhunús leis na cúiseanna ar dá mbun a chonclúidítear gur fearr is féidir leis na gComhphobal cuspóir de chuid an Chomhphobail a ghnóthú.

5. Chun go mbeidh call le gníomhaíocht Chomhphobail, ní foláir an dá ghné de phrionsabal na coimhdeachta a chomhlíonadh: nach féidir cuspóirí na gníomhaíochta beartaithe a ghnóthú go leordhóthanach le gníomhaíocht na mBallstát faoi chuimsiú a gcóras bunreachtúil náisiúnta agus gur fearr is féidir, dá bhrí sin, iad a ghnóthú le gníomhaíocht de chuid an Chomhphobail.

Is cóir leas a bhaint as na treoirlínte seo a leanas d'fhonn scrúdú a dhéanamh lena fháil amach an bhfuil an coinníoll thuasluaite comhlíonta:

- go bhfuil gnéithe trasnáisiúnta ag an tsaincheist atá faoi bhreithniú nach féidir a rialú go sásúil le gníomhaíocht de chuid na mBallstát;

- go mbeadh gníomhaíochtaí de chuid na mBallstát amháin nó easpa gníomhaíochta de chuid an Chomhphobail ar neamhréir le ceanglais an Chonartha (mar shampla an riachtanas saobhadh iomaíochta a cheartú nó srianta faoi cheilt ar thrádáil a sheachaint nó comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta a neartú) nó go ndéanfaidís díobháil shuntasach ar dhóigh eile do leasanna na mBallstát;

- go soláthródh gníomhaíocht ar leibhéal an Chomhphobail de bharr a fairsinge nó a hiarmhairtí tairbhí soiléire i gcomparáid le gníomhaíocht ar leibhéal na mBallstát.

6. Beidh foirm ghníomhaíocht an Chomhphobail chomh simplí agus is féidir, a mhéad is comhchuí le gnóthú sásúil chuspóir an bhirt agus leis an ngá le forghníomhú éifeachtúil. Ní reachtóidh an Comhphobal ach a mhéad is gá. Agus nithe eile a bheith mar a chéile, is cóir treoracha a roghnú thar rialacháin agus treoracha réime thar bhearta mionsonraithe. Cé go mbeidh na treoracha dá bhforáiltear in Airteagal 249 den Chonradh ina gceangal, maidir leis an toradh atá le gnóthú, ar gach Ballstát chuig a ndíreofar iad, fágfar faoi na húdaráis náisiúnta foirm agus modhanna a roghnú.

7. Maidir le cineál agus réim ghníomhaíocht an Chomhphobail, is cóir do bhearta Comhphobail an scóip is mó is féidir a fhágail don chinnteoireacht náisiúnta, a mhéad is comhchuí le haidhm an bhirt a áirithiú agus le ceanglais an Chonartha a urramú. Agus dlí an Chomhphobail á urramú, is cóir féachaint chuige go ndéanfaí socruithe náisiúnta seanbhunaithe agus eagrú agus oibriú dhlíchórais na mBallstát a urramú. Nuair is iomchuí agus faoi réir an ghá le forghníomhú cuí, is cóir do bhearta an Chomhphobail malairt modhanna a chur ar fáil do na Ballstáit chun cuspóirí na mbeart a ghnóthú.

8. Nuair is é an toradh atá ar phrionsabal na coimhdeachta a chur i bhfeidhm nach nglacann an Comhphobal aon ghníomhaíocht, ní foláir do Bhallstáit na rialacha ginearálta atá leagtha síos in Airteagal 10 den Chonradh a chomhlíonadh ina ngníomhaíocht trí gach beart iomchuí a ghlacadh chun a áirithiú go gcomhallfar a gcuid oibleagáidí faoin gConradh agus trí staonadh ó aon bheart a d'fhéadfadh gnóthú chuspóirí an Chonartha a chur i gcontúirt.

9. Gan dochar dá cheart tionscnaimh, is cóir don Choimisiún:

- ach amháin i gcásanna práinne nó rúndachta faoi leith, comhairle a ghlacadh go forleathan sula ndéanfaidh sé reachtaíocht a bheartú agus, nuair is iomchuí, doiciméid chomhairliúcháin a fhoilsiú;

- a fhírinniú go mbaineann a thograí le hábhar ag féachaint do phrionsabal na coimhdeachta; nuair is gá, tabharfar mionsonraí ina leith sin sa mheabhrán míniúcháin a ghabhann le togra. Beidh gá le míniú chun gníomhaíocht Chomhphobail a mhaoiniú go hiomlán nó go páirteach as buiséad an Chomhphobail;

- aird chuí a thabhairt ar an ngá atá ann aon ualach, bíodh sé ina ualach airgeadais nó ina ualach riarthach, a bheidh ar an gComhphobal, ar rialtais náisiúnta, ar údaráis áitiúla, ar oibreoirí eacnamaíocha agus ar shaoránaigh, a íosmhéadú agus a bheith ar comhréir leis an gcuspóir a bheidh le gnóthú;

- tuarascáil bhliantúil maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 5 den Chonradh a thíolacadh don Chomhairle Eorpach, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Cuirfear an tuarascáil bhliantúil sin freisin chuig Coiste na Réigiún agus chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

10. Cuirfidh an Chomhairle Eorpach an tuarascáil ón gCoimisiún dá dtagraítear sa cheathrú fleasc de mhír 9 san áireamh sa tuarascáil ar an dul chun cinn atá déanta ag an Aontas nach foláir di a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa i gcomhréir le hAirteagal 4 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

11. Agus na nósanna imeachta is infheidhme á n-urramú go hiomlán acu, déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, mar chuid dhílis den scrúdú ginearálta ar thograí an Choimisiúin, a gcomhchuibheas le hAirteagal 5, den Chonradh a mheas. Bainfidh an fhoráil seo le togra bunaidh an Choimisiúin agus le leasuithe a bheartaíonn Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a dhéanamh ar an togra.

12. I gcúrsa na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagail 251 agus 252 den Chonradh, cuirfear Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi sheasamh na Comhairle ar chur i bhfeidhm Airteagal 5 den Chonradh, trí ráiteas ar na cúiseanna a thug ar an gComhairle a comhsheasamh a ghlacadh. Cuirfidh an Chomhairle in iúl do Pharlaimint na hEorpa na cúiseanna a meastar dá mbun nach bhfuil togra ón gCoimisiún comhchuí go hiomlán nó go páirteach le hAirteagal 5 den Chonradh.

13. Déanfar comhlíonadh phrionsabal na coimhdeachta a athbhreithniú i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha síos sa Chonradh.

--------------------------------------------------

Prótacal (Uimh. 31)

maidir le caidreamh eachtrach na mBallstát i dtaca le teorainneacha seachtracha a thrasnú (1997)

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

AGUS AIRD Á TABHAIRT ACU ar a riachtanaí atá sé do na Ballstáit rialuithe éifeachtúla ag a dteorainneacha seachtracha a áirithiú, i gcomhar le tríú tíortha nuair is iomchuí,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar an bhforáil seo a leanas a chuirfear i gceangal leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh:

Beidh na forálacha ar na bearta maidir le teorainneacha seachtracha a thrasnú atá i bpointe (2)(a) d'Airteagal 62 de Theideal IV den Chonradh gan dochar d'inniúlacht na mBallstát comhaontuithe a chaibidil nó a thabhairt i gcrích le tríú tíortha fad a dhéanfaidh siad dlí an Chomhphobail agus comhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha eile a urramú.

--------------------------------------------------

Prótacal (Uimh. 32)

maidir leis an gcóras craolacháin phoiblí sna Ballstáit (1997)

TÁ NA hARDPHAIRTITHE CONARTHACHA,

DE BHRÍ go bhfuil baint dhíreach ag an gcóras chraolacháin phoiblí sna Ballstáit leis na riachtanais dhaonlathacha, shóisialta agus chultúrtha atá ag gach sochaí agus an riachtanas atá le hiolrachas sna meáin a chaomhnú,

TAR ÉIS COMHAONTU ar na forálacha léiriúcháin seo a leanas a chuirfear i gceangal leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh:

Beidh forálacha an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh gan dochar d'inniúlacht na mBallstát foráil a dhéanamh maidir le craolachán seirbhíse poiblí a mhaoiniú a mhéad a thugtar maoiniú den sórt sin d'eagraíochtaí craolacháin chun cúram na seirbhíse poiblí a chomhall mar atá tugtha, sainithe agus eagraithe ag gach Ballstát, agus a mhéad nach ndéanann an maoiniú sin difear do dhálaí trádála agus iomaíochta sa Chomhphobal go feadh méid a bheadh bunoscionn leis an gcomhleas, agus aird á tabhairt ar réadú chúram na seirbhíse poiblí sin.

--------------------------------------------------

Prótacal (Uimh. 33)

maidir le cosaint agus leas ainmhithe (1997)

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

ÓS MIAN LEO cosaint agus urraim níos fearr do leas ainmhithe mar neacha mothaitheacha a áirithiú,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar an bhforáil seo a leanas a chuirfear i gceangal leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh:

Agus beartais an Chomhphobail maidir leis an talmhaíocht, leis an iompar, leis an margadh inmheánach agus leis an taighde á bhfoirmiú agus á gcur chun feidhme acu, tabharfaidh an Comhphobal agus na Ballstáit lánaird ar na ceanglais maidir le leas ainmhithe agus forálacha reachtaíochta nó riaracháin agus nósanna na mBallstát, go háirithe maidir le deasghnátha reiligiúnacha, traidisiúin chultúrtha agus oidhreacht réigiúnach, á n-urramú acu.

--------------------------------------------------

Prótacal (Uimh. 34)

maidir leis na hiarmhairtí airgeadais toisc Conradh CEGC a dhul in éag agus leis an gCiste Taighde um Ghual agus Cruach (2001)

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

ÓS MIAN LEO ceisteanna áirithe a réiteach maidir leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach (CEGC) a dhul in éag;

ÓS MIAN LEO sealúchas chistí CEGC a bhronnadh ar an Aontas Eorpach;

AG CUR SAN ÁIREAMH DÓIBH gurb inmhianaithe na cistí sin a úsáid le haghaidh taighde i réimsí atá gaolmhar leis an tionscal guail agus cruach agus gur gá dá bharr sin rialacha sonracha áirithe a bhunú i dtaca leis sin,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear i gceangal leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh:

Airteagal 1

1. Déanfar sócmhainní agus dócmhainní uile CEGC, faoi mar atá siad ar an 23 Iúil 2002, a aistriú chuig an gComhphobal Eorpach ar an 24 Iúil 2002.

2. Faoi réir aon mhéadú nó laghdú a fhéadfaidh tarlú de thoradh ar na hoibríochtaí leachtaithe, measfar glanluach na sócmhainní agus na ndócmhainní sin, faoi mar a thaispeántar iad i gclár comhardaithe CEGC an 23 Iúil 2002, mar shócmhainní atá ceaptha le haghaidh taighde sna hearnálacha atá gaolmhar leis an tionscal guail agus cruach, dá dtagraítear mar "CEGC faoi leachtú". Ar an leachtú a bheith críochnaithe, tagrófar dóibh mar "Sócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach".

3. An t-ioncam ó na sócmhainní sin, dá dtagraítear mar "An Ciste Taighde um Ghual agus Cruach", bainfear leas eisiach as le haghaidh taighde, lasmuigh den chlár réime taighde, sna hearnálacha atá gaolmhar leis an tionscal guail agus cruach i gcomhréir le forálacha an Phrótacail seo agus na ngníomhartha arna nglacadh dá bhun.

Airteagal 2

Glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, na forálacha is gá chun an Prótacal seo a chur chun feidhme, lena n-áirítear na prionsabail shár-riachtanacha agus na nósanna imeachta iomchuí cinnteoireachta, go háirithe d'fhonn na treoirlínte ilbhliantúla airgeadais a ghlacadh le haghaidh sócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach a bhainistíocht agus treoirlínte teicniúla a ghlacadh do chlár taighde an Chiste sin.

Airteagal 3

Beidh feidhm ag forálacha an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, mura bhforáiltear a mhalairt sa Phrótacal seo agus sna gníomhartha arna nglacadh dá bhun.

Airteagal 4

Beidh feidhm ag an bPrótacal seo amhail ón 24 Iúil 2002.

--------------------------------------------------

Prótacal (Uimh. 35)

maidir le hAirteagal 67 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (2001)

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar an bhforáil seo a leanas a chuirfear i gceangal leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh:

Airteagal aonair

Amhail ón 1 Bealtaine 2004, gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa chun na bearta dá dtagraítear in Airteagal 66 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh a ghlacadh.

--------------------------------------------------

Prótacal (Uimh. 36)

ar phribhléidí agus díolúintí na gComhphobal Eorpach (1965)

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

DE BHRÍ, de réir Airteagal 28 den Chonradh ag bunú Comhairle Aonair agus Coimisiún Aonair de na Comhphobail Eorpacha, go mbeidh ag na Comhphobail sin agus ag an mBanc Eorpach Infheistíochta, i gcríocha na mBallstát, na pribhléidí agus na díolúintí is gá chun a gcúraimí a chur i gcrích,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh seo.

CAIBIDIL I

MAOIN, CISTÍ, SÓCMHAINNÍ AGUS OIBRÍOCHTAÍ NA gCOMHPHOBAL EORPACH

Airteagal 1

Beidh áitribh agus foirgnimh na gComhphobal dosháraithe. Beidh siad díolmhaithe ó chuardach, fhoréileamh, choigistiú nó dhíshealbhú. Ní bheidh maoin agus sócmhainní na gComhphobal ina n-ábhar d'aon bheart comhéigin, riarthach ná dlíthiúil, gan údarás na Cúirte Breithiúnais.

Airteagal 2

Beidh cartlann na gComhphobal dosháraithe.

Airteagal 3

Beidh na Comhphobail, a sócmhainní, a n-ioncam agus a maoin eile saortha ó gach cáin dhíreach.

Déanfaidh Rialtais na mBallstát, i ngach cás inar féidir é, na bearta is iomchuí chun méid na gcánacha indíreacha nó na gcánacha díolacháin a bheidh ar áireamh i bpraghas maoine sochorraithe nó dochorraithe a mhaitheamh nó a aisíoc nuair a dhéanann na Comhphobail, le haghaidh a n-úsáide oifigiúla, ceannacháin thábhachtacha a bhfuil cánacha den sórt sin ar áireamh ina bpraghas. Ní chuirfear na forálacha sin chun feidhme, áfach, ionas go mbeidh de thoradh orthu iomaíocht laistigh de na Comhphobail a shaobhadh.

Ní dheonófar saoirseacht ar bith i leith muirir, cánacha agus dleachtanna nach bhfuil iontu ach táillí as seirbhísí fóntais phoiblí.

Airteagal 4

Beidh na Comhphobail saortha ó gach dleacht chustaim, ó gach toirmeasc agus ó gach srian ar allmhairí agus onnmhairí maidir le hearraí le haghaidh a núsáide oifigiúla; ní dhéanfar earraí a allmhaireofar amhlaidh a dhiúscairt, ar íocaíocht nó gan íocaíocht, i gcríoch na tíre ar allmhairíodh isteach inti iad, ach amháin faoi choinníollacha arna bhformheas ag Rialtas na tíre sin.

Beidh na Comhphobail saortha freisin ó aon dleachtanna custaim agus ó aon toirmisc agus srianta ar allmhairí agus onnmhairí maidir lena bhfoilseacháin.

Airteagal 5

Féadfaidh an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach airgead reatha de chineál ar bith a shealbhú agus cuntas a bheith aige in airgead reatha de chineál ar bith.

CAIBIDIL II

CUMARSÁIDÍ AGUS LAISSEZ-PASSER

Airteagal 6

Le haghaidh a gcumarsáidí oifigiúla agus do tharchur a ndoiciméad go léir, gheobhaidh institiúidí na gComhphobal i gcríoch gach Ballstáit an chóir a thugann an Stát sin do mhisin taidhleoireachta.

Ní bheidh comhfhreagras oifigiúil ná cumarsáidí oifigiúla eile de chuid institiúidí na gComhphobal inchurtha faoi chinsireacht.

Airteagal 7

1. Féadfaidh Uachtaráin institiúidí na gComhphobal laissez-passer i bhfoirm a ordóidh an Chomhairle, agus a dtabharfaidh údaráis na mBallstát aitheantas dóibh mar dhoiciméid taistil bhailí, a eisiúint chuig comhaltaí agus seirbhísigh na n-institiúidí sin. Eiseofar na laissez-passer sin chuig oifigigh agus seirbhísigh eile faoi choinníollacha arna leagan síos i Rialacháin Foirne oifigeach agus i gCoinníollacha Fostaíochta seirbhíseach eile do na Comhphobail.

Féadfaidh an Coimisiún comhaontuithe a dhéanamh chun na laissez-passer sin a aithint mar dhoiciméid taistil bhailí i gcríocha tríú tíortha.

2. Ar a shon sin, leanfaidh forálacha Airteagal 6 den Phrótacal ar phribhléidí agus díolúintí an Chomhphobail Eorpaigh de Ghual agus Cruach d'fheidhm a bheith acu maidir leis na comhaltaí agus na seirbhísigh de chuid na n-institiúidí atá, ar theacht i bhfeidhm don Chonradh seo, i seilbh na laissez-passer dá bhforáiltear san Airteagal seo, go dtí go gcuirfear forálacha mhír 1 den Airteagal seo chun feidhme.

CAIBIDIL III

COMHALTAÍ PHARLAIMINT NA hEORPA

Airteagal 8

Ní chuirfear aon srian riaracháin ná aon srian eile ar shaorghluaiseacht chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa ag taisteal dóibh go dtí áit chruinnithe Pharlaimint na hEorpa nó uaidh.

Tabharfar do chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa, maidir le custam agus rialú malairte:

(a) óna Rialtas féin, na saoráidí céanna a thugtar d'oifigigh shinsearacha agus iad ag taisteal ar an gcoigcrích ar mhisin oifigiúla shealadacha;

(b) ó Rialtais Bhallstát eile, na saoráidí céanna a thugtar d'ionadaithe Rialtas eachtrach ar mhisin oifigiúla shealadacha.

Airteagal 9

Ní bheidh comhaltaí Pharlaimint na hEorpa inchurtha faoi aon saghas fiosrúcháin, coinneála ná imeachtaí dlíthiúla i leith tuairimí a thug siad nó vótaí a chaith siad ag comhlíonadh a ndualgas dóibh.

Airteagal 10

Le linn seisiúin Pharlaimint na hEorpa, beidh ag a comhaltaí:

(a) i gcríoch a Stáit féin, na díolúintí a thugtar do chomhaltaí a bparlaiminte féin;

(b) i gcríoch aon Bhallstáit eile, díolúine ó aon bheart coinneála agus ó imeachtaí dlíthiúla.

Bainfidh an díolúine mar an gcéanna le comhaltaí ag taisteal dóibh go dtí áit chruinnithe Pharlaimint na hEorpa agus uaidh.

Ní féidir díolúine a éileamh nuair a gheofar comhalta i mbun cion a dhéanamh ná ní choiscfidh sí Parlaimint na hEorpa óna ceart na fheidhmiú chun díolúine dhuine dá comhaltaí a tharscaoileadh.

CAIBIDIL IV

IONADAITHE BALLSTÁT A GHLACANN PÁIRT IN OBAIR INSTITIÚIDÍ NA gCOMHPHOBAL EORPACH

Airteagal 11

Na hionadaithe do Bhallstáit a ghlacann páirt in obair institiúidí na gComhphobal, beidh acu féin agus ag a gcomhairleoirí agus a saineolaithe teicniúla, i gcomhlíonadh a ndualgas agus le linn a dtaistil go dtí áit an chruinnithe agus uaidh, na pribhléidí, na díolúintí agus na saoráidí is gnách.

Bainfidh an tAirteagal seo freisin le comhaltaí de chomhlachtaí comhairleacha na gComhphobal.

CAIBIDIL V

OIFIGIGH AGUS SEIRBHÍSIGH EILE NA gCOMHPHOBAL EORPACH

Airteagal 12

I gcríoch gach Ballstáit agus cibé náisiúntacht atá acu, na hoifigigh agus na seirbhísigh eile do na Comhphobail:

(a) beidh siad díolmhaithe ó imeachtaí dlíthiúla i leith gníomhartha a rinne siad ina gcáil oifigiúil, lena n-áirítear a bhfocail labhartha nó scríofa, faoi réir fhorálacha na gConarthaí a bhaineann, ar thaobh amháin, leis na rialacha i dtaobh freagracht oifigeach agus seirbhíseach eile i leith na gComhphobal, agus ar an taobh eile, le dlínse na Cúirte chun breith a thabhairt ar ábhair atá faoi dhíospóid idir na Comhphobail agus a n-oifigigh agus a seirbhísigh eile. Fanfaidh an díolúine sin acu tar éis scor dá n-oifig;

(b) ní bheidh siad féin ná a gcéilí ná daoine cleithiúnacha dá dteaghlaigh inchurtha faoi shrianta inimirce ná faoi fhoirmiúlachtaí chun eachtrannaigh a chlárú;

(c) tabharfar dóibh, maidir le rialacháin airgid reatha nó mhalairte, na saoráidí céanna is gnách a thabhairt d'oifigigh eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(d) beidh acu an ceart chun a dtroscán agus a n-éifeachtaí a allmhairiú saor ó dhleacht, ag dul i mbun a bpoist i gcéaduair dóibh sa tír áirithe, agus an ceart chun a dtroscán agus a n-éifeachtaí a athonnmhairiú saor ó dhleacht ar chríochnú a ndualgas sa tír sin, ach i gceachtar cás díobh faoi réir na gcoinníollacha is riachtanach le Rialtas na tíre ina bhfeidhmítear an ceart sin;

(e) beidh acu an ceart chun gluaisteán le haghaidh a n-úsáide pearsanta féin a allmhairiú saor ó dhleacht, más gluaisteán é a fuarthas sa tír dheiridh ina raibh cónaí orthu nó sa tír ar náisiúnaigh di iad, ar théarmaí mhargadh baile na tíre sin, agus é a athonnmhairiú saor ó dhleacht, ach i gceachtar cás díobh faoi réir na gcoinníollacha is riachtanach le Rialtas na tíre áirithe.

Airteagal 13

Beidh oifigigh agus seirbhísigh eile na gComhphobal inchurtha faoi cháin, chun tairbhe do na Comhphobail, ar thuarastail, phá agus éadálacha a d'íoc na Comhphobail leo, de réir na gcoinníollacha agus an nós imeachta a leagfaidh an Chomhairle síos, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún.

Beidh siad díolmhaithe ó chánacha náisiúnta ar thuarastail, pá agus éadálacha a íocfaidh na Comhphobail.

Airteagal 14

Maidir le cáin ioncaim, cáin rachmais, agus dleachtanna báis a chur chun feidhme agus maidir le coinbhinsiúin chun cánachas dúbailte a sheachaint, a tugadh i gcrích idir Ballstáit de na Comhphobail, a chur chun feidhme, na hoifigigh agus na seirbhísigh eile do na Comhphobail a dhéanann, d'aon toisc mar gheall ar chomhlíonadh a ndualgas i seirbhís na gComhphobal, áit chónaithe a bhunú i gcríoch Bhallstáit seachas a dtír shainchónaithe chun críocha cánach le linn dóibh dul isteach i seirbhís na gComhphobal, measfar i dtír a gcónaithe iarbhír agus sa tír shainchónaithe chun críocha cánach, gur chothaigh siad a sainchónaí sa tír sin is déanaí atá luaite, ar choinníoll gur comhalta de na Comhphobail í. Bainfidh an fhoráil sin le céile freisin, sa mhéid nach bhfuil an céile sin ag gabháil go leithleach do phost sochair, agus le leanaí atá i gcleithiúnas agus faoi chúram na ndaoine dá dtagraítear san Airteagal seo.

Beidh maoin shochorraithe le daoine dá dtagraítear sa mhír roimhe seo agus atá i gcríoch na tíre ina bhfuil siad ag cur fúthu saortha ó dhleachtanna báis sa tír sin; measfar, chun an dleacht sin a mheasúnú, an mhaoin sin a bheith sa tír shainchónaithe chun críocha cánach, faoi réir cearta tríú tíortha agus ar an gcuntar go bhféadfadh sé go gcuirfí chun feidhme forálacha coinbhinsiún idirnáisiúnta ar chánachas dúbailte.

Ag cur forálacha an Airteagail seo chun feidhme, déanfar neamhshuim d'aon sainchónaí a fuarthas d'aon toisc mar gheall ar dhualgais a chomhlíonadh i seirbhís eagraíochtaí idirnáisiúnta eile.

Airteagal 15

Leagfaidh an Chomhairle síos, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún, scéim na sochar slándála sóisialta d'oifigigh agus do sheirbhísigh eile na gComhphobal.

Airteagal 16

Cinnfidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle leis na hinstitiúidí eile lena mbaineann, na haicmí oifigeach agus seirbhíseach eile do na Comhphobail a mbainfidh forálacha Airteagal 12, an dara mír d'Airteagal 13 agus Airteagal 14 leo, go hiomlán nó go páirteach.

Cuirfear ainmneacha, gráid agus seoltaí na n-oifigeach agus na seirbhíseach eile a áirítear sna haicmí sin in iúl ó am go chéile do Rialtais na mBallstát.

CAIBIDIL VI

PRIBHLÉIDÍ AGUS DÍOLÚINTÍ MISEAN Ó THRÍÚ TÍORTHA A CREIDIÚNAÍODH DO NA COMHPHOBAIL EORPACHA

Airteagal 17

Déanfaidh an Ballstát ar ina chríoch atá a suíomh ag na Comhphobail na díolúintí agus na pribhléidí taidhleoireachta is gnách a thabhairt do mhisin tríú tíortha atá creidiúnaithe do na Comhphobail.

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 18

Is chun leasa na gComhphobal agus chuige sin amháin a thabharfar pribhléidí, díolúintí agus saoráidí d'oifigigh agus do sheirbhísigh eile na gComhphobal.

Beidh de cheangal ar gach institiúid de chuid na gComphobal an díolúine a tugadh d'oifigeach nó do sheirbhíseach eile a tharscaoileadh aon uair a mheasfaidh an institiúid sin nach bhfuil tarscaoileadh na díolúine sin contrártha do leasanna na gComhphobal.

Airteagal 19

D'fhonn an Prótacal seo a chur chun feidhme, comhoibreoidh institiúidí na gComhphobal le húdaráis fhreagracha na mBallstát lena mbaineann.

Airteagal 20

Bainfidh Airteagail 12 go 15 agus Airteagal 18 le comhaltaí an Choimisiúin.

Airteagal 21

Bainfidh Airteagail 12 go 15 agus Airteagal 18 le Breithiúna, Abhcóidí Ginearálta, Cláraitheoir agus Rapóirtéirí Cúnta na Cúirte Breithiúnais agus le comhaltaí agus Cláraitheoir na Cúirte Céadchéime, gan dochar do na forálacha d'Airteagal 3 den Phrótacal ar Reacht na Cúirte Breithiúnais a bhaineann le Breithiúna agus Abhcóidí Ginearálta a bheith díolmhaithe ó imeachtaí dlíthiúla.

Airteagal 22

Bainfidh an Prótacal seo freisin leis an mBanc Eorpach Infheistíochta, le comhaltaí a orgán, lena fhoireann agus le hionadaithe na mBallstát a ghlacann páirt ina ghníomhaíochtaí, gan dochar d'fhorálacha an Phrótacail ar Reacht an Bhainc.

Beidh an Banc Eorpach Infheistíochta saortha ina theannta sin ó aon saghas cánachais nó aon mhuirir dá shamhail ar ócáid aon mhéadaithe ar a chaipiteal agus ó na foirmiúlachtaí éagsúla ab fhéidir a bheith ag baint leis na nithe sin sa Stát ina bhfuil suíomh an Bhainc. Ar an gcuma chéanna, ní thiocfaidh aon mhuirear de dhíscaoileadh ná de leachtú an Bhainc. Ar deireadh thiar, ní bheidh na gníomhaíochtaí de chuid an Bhainc agus a orgán a dhéanfar de réir a Reachta inchurtha faoi aon cháin láimhdeachais.

Airteagal 23

Beidh an Prótacal seo infheidhme freisin ar an mBanc Ceannais Eorpach, ar chomhaltaí a orgán agus ar a fhoireann, gan dochar d'fhorálacha an Phrótacail maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh.

Beidh an Banc Ceannais Eorpach díolmhaithe ina theannta sin ó aon saghas cánachais nó aon mhuirir dá shamhail ar ócáid aon mhéadaithe ar a chaipiteal agus ó na foirmiúlachtaí éagsúla ab fhéidir a bheith ag baint leis na nithe sin sa Stát ina bhfuil suíomh an Bhainc. Ní bheidh na gníomhaíochtaí de chuid an Bhainc agus a orgán a dhéanfar i gcomhréir le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh inchurtha faoi aon cháin láimhdeachais.

Beidh na forálacha thuasluaite infheidhme freisin ar an Institiúid Eorpach Airgeadaíochta. Ní thiocfaidh aon mhuirear dá díscaoileadh ná dá leachtú.

DÁ FHIANÚ SIN, chuir na Lánchumhachtaigh thíos-sínithe a lámh leis an bPrótacal seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an t-ochtú lá d'Aibreán sa bhliain míle naoi gcéad seasca a cúig.

Paul Henri Spaak

Kurt Schmücker

Maurice Couve de Murville

Amintore Fanfani

Pierre Werner

J. M. A. H. Luns

--------------------------------------------------