EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22020D2249

Cinneadh Uimh. 5/2020 ón gComhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire Agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 17 Nollaig 2020 lena gcinntear an t-uasleibhéal bliantúil foriomlán díolmhaithe tosaigh de thacaíocht agus an céatadán íosta tosaigh dá dtagraítear in Airteagal 10(2) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach [2020/2249]

PUB/2020/1042

IO L 443, 30.12.2020, p. 13–15 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/2249/oj

30.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 443/13


CINNEADH Uimh. 5/2020 ÓN GCOMHCHOISTE A BUNAÍODH LEIS AN GCOMHAONTÚ MAIDIR LE RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN A BHEITH AG TARRAINGT SIAR AS AN AONTAS EORPACH AGUS AS AN GCOMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH

an 17 Nollaig 2020

lena gcinntear an t-uasleibhéal bliantúil foriomlán díolmhaithe tosaigh de thacaíocht agus an céatadán íosta tosaigh dá dtagraítear in Airteagal 10(2) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach [2020/2249]

TÁ AN COMHCHOISTE

Ag féachaint don Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 10(2) de agus Iarscríbhinn 6 a ghabhann leis,

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Leibhéal bliantúil foriomlán de thacaíocht i gcás táirgí talmhaíochta seachas táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe

1.   Is é GBP 382,2 milliún (1) a bheidh san uasleibhéal bliantúil foriomlán díolmhaithe tosaigh de thacaíocht dá dtagraítear in Airteagal 10(2) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcás táirgí talmhaíochta seachas táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe.

2.   Féadfaidh an Ríocht Aontaithe an t-uasleibhéal bliantúil foriomlán díolmhaithe de thacaíocht dá dtagraítear i mír 1 a mhéadú, suas le méid breise GBP 25,03 milliún i mbliain ar leith leis an gcuid den mhéid den uasleibhéal bliantúil foriomlán díolmhaithe de thacaíocht nár caitheadh sa bhliain féilire roimhe sin.

3.   Déanfar an t-uasleibhéal bliantúil foriomlán díolmhaithe de thacaíocht dá dtagraítear i mír 1 a mhéadú GBP 6,8 milliún le haghaidh bliain ar leith:

(a)

i gcás ina bhfuil bearta déanta ag an Aontas Eorpach le linn na bliana sin, lena gcumhdaítear Poblacht na hÉireann, faoi Chuid II, Teideal I, Caibidil I nó Airteagail 219, 220 nó 221 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 (2); nó

(b)

mar gheall ar an méid seo a leanas:

(i)

galar ainmhithe,

(ii)

teagmhas nó cúinse a dhéanann an margadh a shuaitheadh go mór, nó ar baol dó an margadh a shuaitheadh go mór, i gcás inar dóigh go leanfaidh an staid sin, nó éifeachtaí na staide sin ar an margadh, go leanfaidh siad ar aghaidh nó go rachaidh siad in olcas;

(iii)

staid ina bhfuil suaitheadh tromchúiseach ar an margadh is féidir a chur síos go díreach do chailleadh muiníne tomhaltóirí i ngeall ar rioscaí sláinte agus galair don phobal, d'ainmhithe, nó do phlandaí; nó

(iv)

tubaiste nádúrtha a chuireann isteach ar chríoch Thuaisceart Éireann agus nach gcuireann isteach an méid céanna ar oileán uile na hÉireann.

Ní bheidh feidhm ag pointe (b) ach amháin i gcás ina gcuirfidh an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach ar an eolas 10 lá ar a laghad sula mbainfidh sí úsáid as an leibhéal bliantúil foriomlán méadaithe de thacaíocht.

Airteagal 2

Leibhéal bliantúil foriomlán de thacaíocht i gcás táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe

1.   Is é GBP 16,93 milliún a bheidh san uasleibhéal foriomlán díolmhaithe tosaigh de thacaíocht dá dtagraítear in Airteagal 10(2) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcás táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe le linn na chéad chúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo agus le linn aon tréimhse cúig bliana ina dhiaidh sin. Mar sin féin, ní ceadmhach an leibhéal bliantúil foriomlán díolmhaithe de thacaíocht i gcás na dtáirgí sin a bheith níos mó ná GBP 4,01 milliún in aon bhliain ar leith.

2.   Ní bheidh na hoibríochtaí seo a leanas incháilithe le haghaidh cistiú ó na méideanna dá dtagraítear i mír 1:

(a)

oibríochtaí lena méadaítear acmhainn iascaireachta soithigh nó trealamh lena méadaítear cumas an tsoithigh teacht ar éisc;

(b)

tógáil soithí iascaireachta nua nó allmhairiú soithí iascaireachta;

(c)

scor buan de ghníomhaíochtaí iascaireachta;

(d)

scor sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta, ach amháin má bhaineann sin le haon cheann de na nithe seo a leanas:

(i)

bearta éigeandála arna dtabhairt isteach ag údaráis na Ríochta Aontaithe, nó ag an Ríocht Aontaithe i leith Thuaisceart Éireann, ar feadh uastréimhse sé mhí, chun bagairt thromchúiseach ar acmhainní bitheolaíocha muirí nó ar an éiceachóras muirí a mhaolú;

(ii)

neamh-athnuachan ar chomhaontú iascaigh idirnáisiúnta nó ar phrótacail a ghabhann leis;

(iii)

plean bainistíochta iascaigh arna fhoilsiú faoi reachtaíocht sa Ríocht Aontaithe, nó sa Ríocht Aontaithe i leith Thuaisceart Éireann, ina leagtar amach beartais atá ceaptha chun stoc éisc amháin nó níos mó a thabhairt ar ais go leibhéil inbhuanaithe, nó na stoic sin a choinneáil ag leibhéil inbhuanaithe;

(iv)

bearta éigeandála arna dtabhairt isteach ag údaráis na Ríochta Aontaithe, nó ag an Ríocht Aontaithe i leith Thuaisceart Éireann, mar fhreagairt ar éigeandáil sláinte poiblí nó éigeandáil eile ag a bhfuil tionchar mór ar na hearnálacha iascaireachta nó dobharshaothraithe

(e)

iascaireacht thaiscéalaíoch;

(f)

aistriú úinéireachta ar ghnóthas; agus

(g)

athstocáil dhíreach, mura bhfuil foráil déanta maidir leis i mbearta ag údaráis na Ríochta Aontaithe, nó ag an Ríocht Aontaithe i leith Thuaisceart Éireann, chun stoic éisc nó an t-éiceachóras muirí a chaomhnú, nó i gcás athstocáil thurgnamhach.

Tá na heisceachtaí dá bhforáiltear i bpointe (d) faoi réir an choinníll go ndéantar na gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanann an soitheach iascaireachta nó an t-iascaire lena mbaineann a chur ar fionraí go héifeachtach agus go ndeonaítear an cistiú ar feadh uastréimhse sé mhí in aghaidh an tsoithigh.

Airteagal 3

Céatadán íosta

Is é 83 % a bheidh sa chéatadán íosta tosaigh dá dtagraítear in Airteagal 10(2) den Phrótacal agus beidh feidhm aige maidir le méideanna an leibhéil bhliantúil fhoriomláin dhíolmhaithe de thacaíocht dá dtagraítear in Airteagal 1.

Airteagal 4

Athbhreithniú

Déanfaidh an Comhchoiste athbhreithniú tráthrialta ar an gCinneadh seo agus ar a chur chun feidhme.

Airteagal 5

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 1 Eanáir 2021.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Nollaig 2020.

Thar ceann an Chomhchoiste

Na Comhchathaoirligh

Maroš ŠEFČOVIČ

Michael GOVE


(1)  Chun críche na ríomhanna agus na méideanna uile a leagtar amach in GBP sa Chinneadh seo, in EUR, úsáidfear ráta malairte Íocaíochtaí Díreacha 2019 (€1 = £0.89092).

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 922/72, Rialachán (CEE) Uimh. 234/79, Rialachán (CE) Uimh. 1037/2001, agus Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 (IO L 347, an 20.12.2013, lch. 671).


Top