EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E354

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A SEACHT - FORÁLACHA GINEARÁLTA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 354 (sean-Airteagal 309 CCE)

IO C 202, 7.6.2016, p. 197–197 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/art_354/oj

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/197


Airteagal 354

(sean-Airteagal 309 CCE)

Chun críocha Airteagal 7 den Chonradh ar an Aontas Eorpach a bhaineann le cearta áirithe a leanann ó bhallraíocht san Aontas a fhionraí, ní ghlacfaidh an comhalta den Chomhairle Eorpach nó den Chomhairle a ionadaíonn don Bhallstát i dtrácht páirt sa vótáil agus ní chuirfear an Ballstát i dtrácht san áireamh nuair a bheidh trian nó ceithre chúigiú de na Ballstáit dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal sin á ríomh. Ní choiscfidh staonadh ó vótáil ag comhaltaí atá i láthair go pearsanta nó a n-ionadaítear dóibh ar na cinntí dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal thuasluaite a ghlacadh.

D'fhonn na cinntí dá dtagraítear in Airteagal 7(3) agus (4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach a ghlacadh, saineofar tromlach cáilithe i gcomhréir le hAirteagal 238(3)(b) den Chonradh seo.

Nuair a dhéanfaidh an Chomhairle, tar éis cinneadh a ghlacadh cearta vótála a fhionraí i gcomhréir le hAirteagal 7(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, gníomhú trí thromlach cáilithe ar bhonn ceann d'fhorálacha na gConarthaí, saineofar an tromlach cáilithe sin i gcomhréir le hAirteagal 238(3)(b) den Chonradh seo nó, nuair a ghníomhóidh an Chomhairle ar thogra ón gCoimisiún nó ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, i gcomhréir le hAirteagal 238(3)(a).

Chun críocha Airteagal 7 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, gníomhóidh Parlaimint na hEorpa trí thromlach dhá thrian de na vótaí arna gcaitheamh, a bheidh in ionannas le tromlach na gcomhaltaí a chomhdhéanann í.


Top