EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E214

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A CÚIG - GNÍOMHAÍOCHT SHEACHTRACH AN AONTAIS
TEIDEAL III - COMHAR LE TRÍÚ TÍORTHA AGUS CABHAIR DHAONNÚIL
CAIBIDIL 3 - CABHAIR DHAONNÚIL
Airteagal 214

IO C 202, 7.6.2016, p. 143–143 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/art_214/oj

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/143


Airteagal 214

1.   Seolfar oibríochtaí an Aontais i réimse na cabhrach daonnúla faoi chuimsiú phrionsabail agus chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais. Beidh na hoibríochtaí sin ceaptha chun cúnamh ad hoc, faoiseamh agus cosaint a sholáthar do dhaoine i dtríú tíortha is íospartaigh i dtubaistí nádúrtha nó i dtubaistí de dhéantús an duine d'fhonn freastal ar na riachtanais dhaonnúla a leanann ó na staideanna éagsúla sin. Déanfaidh oibríochtaí an Aontais agus oibríochtaí na mBallstát a chéile a chomhlánú agus a neartú.

2.   Seolfar oibríochtaí cabhrach daonnúla i gcomhréir le prionsabail an dlí idirnáisiúnta agus le prionsabail na neamhchlaontachta, na neodrachta agus an neamh-idirdhealaithe.

3.   Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, bearta a bhunú ina saineofar an creat ina ndéanfar oibríochtaí cabhrach daonnúla an Aontais a chur chun feidhme.

4.   Féadfaidh an tAontas aon chomhaontú a chuideoidh le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear i mír 1 agus in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach a thabhairt i gcrích le tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla.

Beidh an chéad fhomhír gan dochar d'inniúlacht na mBallstát dul i mbun caibidlíochta i gcomhlachtaí idirnáisiúnta agus comhaontuithe a thabhairt i gcrích.

5.   D'fhonn creat a bhunú chun go bhféadfaidh Eorpaigh óga rannchuidiú go comhpháirteach le hoibríochtaí cabhrach daonnúla an Aontais, cuirfear ar bun Cór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil. Cinnfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh trí bhíthin rialachán i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, na rialacha agus na nósanna imeachta d'oibriú an Chóir.

6.   Féadfaidh an Coimisiún gach tionscnamh is fóinteach a ghlacadh chun an comhordú idir gníomhaíochtaí an Aontais agus na mBallstát a chur chun cinn d'fhonn éifeachtúlacht agus comhlántacht bhearta cabhrach daonnúla an Aontais agus beart cabhrach daonnúla náisiúnta a fheabhsú.

7.   Áiritheoidh an tAontas go mbeidh a oibríochtaí cabhrach daonnúla comhordaithe agus comhchuí le hoibríochtaí eagraíochtaí idirnáisiúnta agus comhlachtaí idirnáisiúnta, go háirithe leo sin atá ina gcuid de chóras na Náisiún Aontaithe.


Top