EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E/PRO/19

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
PRÓTACAL (Uimh. 19) MAIDIR LE ACQUIS SCHENGEN ARNA LÁNPHÁIRTIÚ I gCREAT AN AONTAIS EORPAIGH

IO C 202, 7.6.2016, p. 290–292 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/pro_19/oj

   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/290


PRÓTACAL (Uimh. 19)

MAIDIR LE ACQUIS SCHENGEN ARNA LÁNPHÁIRTIÚ I gCREAT AN AONTAIS EORPAIGH

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

AG TABHAIRT DÁ nAIRE DÓIBH gurb é is aidhm do na Comhaontuithe maidir le seiceálacha ag na comhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile a shínigh roinnt Ballstát den Aontas Eorpach in Schengen ar an 14 Meitheamh 1985 agus an 19 Meitheamh 1990, maille leis na comhaontuithe a bhaineann leo agus na rialacha arna nglacadh ar bhonn na gcomhaontuithe sin, a rinneadh a lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh le Conradh Amstardam an 2 Deireadh Fómhair 1997,

ÓS MIAN LEO acquis Schengen a chaomhnú, forbartha mar atá ó tháinig Conradh Amstardam i bhfeidhm agus é a fhorbairt chun rannchuidiú leis an gcuspóir a ghnóthú limistéar saoirse, slándála agus ceartais gan teorainneacha inmheánacha a chur ar fáil do shaoránaigh an Aontais,

AG TABHAIRT AIRD ar sheasamh speisialta na Danmhairge,

AG CUR SAN ÁIREAMH nach bhfuil Éire agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann rannpháirteach i bhforálacha uile acquis Schengen agus, ar a shon sin, gur cóir a fhoráil go bhféadfaidh na Ballstáit sin glacadh go hiomlán nó go páirteach le forálacha eile an acquis sin,

Á AITHINT DÓIBH gur gá mar sin leas a bhaint as forálacha na gConarthaí maidir le comhar níos dlúithe idir roinnt Ballstát,

AG CUR SAN ÁIREAMH a riachtanaí atá sé caidreamh speisialta a choimeád ar bun le Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua, ar Stáit iad sin araon atá faoi cheangal ag forálacha aontas Nordach na bpasanna, mar aon leis na Stáit Nordacha is Ballstáit den Aontas Eorpach,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:

Airteagal 1

Údarófar do Ríocht na Beilge, do Phoblacht na Bulgáire, do Phoblacht na Seice, do Ríocht na Danmhairge, do Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, do Phoblacht na hEastóine, don Phoblacht Heilléanach, do Ríocht na Spáinne, do Phoblacht na Fraince, do Phoblacht na hIodáile, do Phoblacht na Cipire, do Phoblacht na Laitvia, do Phoblacht na Liotuáine, d'Ard-Diúcacht Lucsamburg, do Phoblacht na hUngáire, do Phoblacht Mhálta, do Ríocht na hÍsiltíre, do Phoblacht na hOstaire, do Phoblacht na Polainne, do Phoblacht na Portaingéile, don Rómáin, do Phoblacht na Slóivéine, do Phoblacht na Slóvaice, do Phoblacht na Fionlainne agus do Ríocht na Sualainne comhar níos dlúithe a bhunú eatarthu féin sna réimsí a thig faoi fhorálacha arna sainiú ag an gComhairle arb éard iad acquis Schengen (1). Seolfar an comhar sin laistigh de chreat institiúideach dlíthiúil an Aontais Eorpaigh agus forálacha ábhartha na gConarthaí á n-urramú.

Airteagal 2

Beidh feidhm ag acquis Schengen maidir leis na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 1, gan dochar d'Airteagal 3 d'Ionstraim Aontachais an 16 Aibreán 2003 ná d'Airteagal 4 d'Ionstraim Aontachais an 25 Aibreán 2005 (2). Gabhfaidh an Chomhairle ionad an Choiste Feidhmiúcháin arna chur ar bun le comhaontuithe Schengen.

Airteagal 3

Beidh rannpháirtíocht na Danmhairge i nglacadh beart arb éard iad forbairt ar acquis Schengen, maille leis na bearta sin a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm sa Danmhairg, faoi rialú ag forálacha ábhartha an Phrótacail maidir le seasamh na Danmhairge.

Airteagal 4

Féadfaidh Éire agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a iarraidh, tráth ar bith, bheith rannpháirteach i bhforálacha uile acquis Schengen nó i roinnt díobh.

Cinnfidh an Chomhairle ar an iarraidh le haontoilíocht na gcomhaltaí sin dá cuid dá dtagraítear in Airteagal 1 agus ionadaí rialtas an Stáit i dtrácht.

Airteagal 5

1.   Beidh tograí agus tionscnaimh chun cur le acquis Schengen faoi réir fhorálacha ábhartha na gConarthaí.

Sa chomhthéacs sin, mura mbeidh fógra i scríbhinn tugtha ag Éirinn nó ag an Ríocht Aontaithe don Chomhairle laistigh de thréimhse réasúnta gur mian léi a bheith rannpháirteach, measfar an t-údarú dá dtagraítear in Airteagal 329 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a bheith deonaithe do na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 1 agus d'Éirinn nó don Ríocht Aontaithe nuair is mian le ceachtar díobh a bheith rannpháirteach sna réimsí comhair atá i gceist.

2.   Má mheastar go bhfuil fógra tugtha ag Éirinn nó ag an Ríocht Aontaithe de bhun cinneadh faoi Airteagal 4, féadfaidh ceachtar acu, mar sin féin, fógra a thabhairt don Chomhairle i scríbhinn, taobh istigh de 3 mhí, nach mian léi a bheith rannpháirteach i dtogra nó i dtionscnamh den sórt sin. Sa chás sin, ní bheidh Éire ná an Ríocht Aontaithe rannpháirteach ina ghlacadh. Ón bhfógra deiridh sin ar aghaidh, déanfar an nós imeachta chun an beart chun cur le acquis Schengen a fhionraí go dtí deireadh an nós imeachta a leagtar amach i mír 3 nó i mír 4 nó go dtí go n-aisghairfear an fógra sin tráth ar bith le linn an nós imeachta sin.

3.   I dtaca le Ballstát a bhfuil an fógra tugtha aige dá dtagraítear i mír 2, ní bheidh feidhm a thuilleadh maidir leis ag aon chinneadh a dhéanfaidh an Chomhairle de bhun Airteagal 4, ón dáta a dtiocfaidh an beart molta i bhfeidhm, a mhéid a mheasfaidh an Chomhairle is gá sin agus faoi na coinníollacha a chinnfear i gcinneadh ón gComhairle a fheidhmeoidh trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún. Déanfar an cinneadh sin i gcomhréir leis na critéir seo a leanas: féachfaidh an Chomhairle lena oiread rannpháirtíochta ón mBallstát lena mbaineann agus is féidir a choinneáil gan dochar tromchúiseach a dhéanamh d'inoibritheacht phraiticiúil na gcodanna éagsúla d'acquis Schengen, agus a gcomhchuibheas á urramú. Cuirfidh an Coimisiún a thogra isteach a luaithe is féidir tar éis an fhógra dá dtagraítear i mír 2. Gníomhóidh an Chomhairle, más gá tar éis dhá chruinniú i ndiaidh a chéile a chomóradh, taobh istigh de cheithre mhí den togra ón gCoimisiún.

4.   Mura mbeidh cinneadh glactha ag an gComhairle faoi dheireadh na tréimhse ceithre mhí, féadfaidh Ballstát a éileamh ar an toirt go gcuirfí an t-ábhar faoi bhráid na Comhairle Eorpaí. Sa chás sin, déanfaidh an Chomhairle Eorpach, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, cinneadh a ghlacadh i gcomhréir leis na critéir dá dtagraítear i mír 3 ag an gcéad chruinniú eile a bheidh aici.

5.   Má tharlaíonn, faoi dheireadh an nós imeachta a leagtar amach i mír 3 nó i mír 4, nach bhfuil a cinneadh glactha ag an gComhairle nó ag an gComhairle Eorpach, de réir mar a bheidh, déanfar fionraí an nós imeachta maidir le beart chun cur le acquis Schengen a ghlacadh a fhoirceannadh. Má ghlactar an beart sin ina dhiaidh sin, ní bheidh feidhm feasta ag aon chinneadh a dhéanfaidh an Chomhairle de bhun Airteagal 4, ón dáta a dtiocfaidh an beart sin i bhfeidhm, maidir leis an mBallstát lena mbaineann a mhéad a chinnfidh an Coimisiún agus faoi na coinníollacha a chinnfidh an Coimisiún, mura mbeidh an fógra dá dtagraítear i mír 2 tarraingthe siar ag an mBallstát sin sula nglacfar an beart. Gníomhóidh an Coimisiún roimh dháta an ghlactha sin. Nuair a bheidh a chinneadh á dhéanamh aige, urramóidh an Coimisiún na critéir dá dtagraítear i mír 3.

Airteagal 6

Beidh Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua bainteach le acquis Schengen a chur chun feidhme agus a fhorbairt tuilleadh. Comhaontófar ar nósanna imeachta iomchuí chuige sin i gComhaontú a dhéanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di le haontoilíocht na gcomhaltaí sin dá cuid atá luaite in Airteagal 1, a thabhairt i gcrích leis na Stáit sin. Cuimseoidh Comhaontú den sórt sin forálacha maidir le rannchuidiú na hÍoslainne agus na hIorua le haon iarmhairtí airgeadais a thig ón bPrótacal seo a chur chun feidhme.

Tabharfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil, Comhaontú ar leith i gcrích leis an Íoslainn agus an Iorua ar mhaithe le cearta agus oibleagáidí a bhunú idir Éire agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann de pháirt amháin, agus an Íoslainn agus an Iorua de pháirt eile, i réimsí de acquis Schengen a bhfuil feidhm acu maidir leis na Stáit sin.

Airteagal 7

Chun críche na caibidlíochta chun Ballstáit nua a ligean isteach san Aontas Eorpach, measfar gur acquis nach foláir do gach Stát is iarrthóir glacadh leis ina iomláine acquis Schengen agus bearta eile arna nglacadh ag na hinstitiúidí laistigh dá raon feidhme.


(1)  I gomhréir le hIonstraim Aontachais an 9 Nollaig 2011, tháinig Poblacht na Cróite chun bheith ina comhalta den Aontas Eorpach ón lá sin i leith.

(2)  Tá feidhm ag an bhforáil seo gan dochar d'Airteagal 4 d'Ionstraim Aontachais an 9 Nollaig 2011 freisin.


Top