EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12006E/APP/01

Leasuithe ar an reachtaíocht phríomha de bharr aontachas phoblacht na Bulgáire agus na Rómáine leis an Aontas Eorpach
I. An conradh ar an Aontas Eorpach

IO C 321E, 29.12.2006, p. 327–327 (ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, SK, SL, FI, SV)

12006E/APP/01

Leasuithe ar an reachtaíocht phríomha de bharr aontachas phoblacht na Bulgáire agus na Rómáine leis an Aontas Eorpach - I. An conradh ar an Aontas Eorpach

Official Journal C 321 E , 29/12/2006 P. 0327 - 0327


LEASUITHE AR AN REACHTAÍOCHT PHRÍOMHA DE BHARR AONTACHAS PHOBLACHT NA BULGÁIRE AGUS NA RÓMÁINE LEIS AN AONTAS EORPACH.

Tar éis an Conradh i dtaobh Aontachas Phoblacht na Bulgáire agus na Rómáine leis an Aontas Eorpach a theacht i bhfeidhm, leasaítear mar a leanas na hAirteagail seo a leanas.

I. AN CONRADH AR AN AONTAS EORPACH

1. In Airteagal 23(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt den tríú fomhír:

"Chun go nglacfar cinntí, is gá cuid nach lú ná 255 vóta ina bhfabhar arna gcaitheamh ag dhá thrian de na comhaltaí ar a laghad."

2. In Airteagal 34(3), léitear mar seo a leanas deireadh na chéad abairte:

"chun go nglacfar gníomhartha na Comhairle, is gá cuid nach lú ná 255 vóta ina bhfabhar arna gcaitheamh ag dhá thrian de na comhaltaí ar a laghad."

3. In Airteagal 53, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

"De bhun na gConarthaí Aontachais, is téacsanna údarásacha iad freisin na leaganacha den Chonradh seo sa Bhulgáiris, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, sa Pholainnis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa tSualainnis, agus san Ungáiris."

--------------------------------------------------

Top